50 1933


Uimhir 50 de 1933.


ACHT AN OIREACHTAIS (BAILL D'ÍOC), 1933.


ACHT CHUN LEASUITHE DO DHÉANAMH, DE DHRUIM AIRTIOGAIL 17 DEN BHUNREACHT DO SCRIOSADH AMACH, AR AN DLÍ BHAINEAS LE LIÚNTAISÍ D'ÍOC LE BAILL DEN OIREACHTAS AGUS LE SAORÁIDÍ DO CHUR AR FÁIL DÓIBH CHUN TAISTIL DO DHÉANAMH GAN ÍOC AS. [15adh Mí na Nodlag, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Achtanna an Oireachtais (Baill d'Ioc).

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “Achtanna an Oireachtais (Baill d'Ioc)” Acht an Oireachtais (Baill d'Ioc), 1923 (Uimh. 18 de 1923) , Acht an Oireachtais (Baill d'Ioc) (Leasú), 1925 (Uimh. 29 de 1925) , agus Acht an Oireachtais (Baill d'Ioc), 1928 (Uimh. 17 de 1928) .

Cathain a thosnóidh liúntaisí agus saoráidí taistil.

2. —An liúntas agus na saoráidí taistil atá le n'íoc le ball den Oireachtas agus le fáil aige fé Achtanna an Oireachtais (Baill d'Ioc) tosnóid agus beid iníoctha (fé réir na bhforálacha de sna hAchtanna san maidir le baill i seilbh oifigí áirithe agus fé réir forálacha an Achta so)—

(a) i gcás baill de Dháil Éireann a toghfar mar bhall den tsórt san ag toghachán generálta, an lá agus ón lá gairmfear an tOireachtas chun teacht le chéile tar éis an toghacháin ghenerálta san no, más rud é fé Bhuan-Orduithe Dháil Éireann go mbeidh an ball san, toisc é do theip air na Buan-Orduithe sin do chólíonadh, gan bheith i dteideal suidhe i nDáil Éireann mar bhall di an lá san, an chéad lá agus ón gcéad lá ina dhiaidh sin ’na dtiocfaidh, tré sna Buan-Orduithe sin do chólíonadh, chun bheith i dteideal fútha san suidhe i nDáil Éireann mar bhall di, agus

(b) i ngach cás eile, an lá agus ón lá ’na dtiocfaidh an ball san den chéad uair, tré Bhuan-Orduithe an Tighe dar ball é do chólíonadh, chun bheith i dteideal fé sna Buan-Orduithe sin suidhe sa Tigh sin mar bhall de.

Socrú i gcóir cásanna speisialta áirithe.

3. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfar ball den Oireachtas do chose, tré bhreoiteacht no tré chúis éigin eile nách é a thoil ná a ghníomh féin ba bhun léi, ar Bhuan-Orduithe an Tighe dar ball é do chólíonadh i slí go dtiocfadh chun bheith i dteideal fé sna Buan-Orduithe sin suidhe mar bhall den Tigh sin an chéad lá shuidhfidh an Tigh sin tar éis é do thoghadh chun an Tighe sin den uair is uair dheiridh aige an tráth san, agus

(b) go ndéanfaidh an ball san na Buan-Orduithe sin do chólíonadh i slí go mbeidh sé i dteideal fútha san suidhe mar bhall den Tigh sin an chéad lá shuidhfidh an Tigh sin tar éis deire do bheith leis an mbreoiteacht san no leis an gcúis eile sin,

ansan agus sa chás san tuigfear, chun crícheanna Achtanna an Oireachtais (Baill d'Ioc) mar a leasuítear iad leis an Acht so, an ball san do bheith tar éis na mBuan-Orduithe sin do chólíonadh i slí go raibh sé i dteideal fútha san suidhe sa Tigh sin mar bhall de an chéad lá do shuidh an Tigh sin tar éis é do thoghadh chuige den uair is uair dheiridh aige an tráth san.

(2) D'ainneoin éinní atá in Achtanna an Oireachtais (Baill d'Ioc) mar a leasuítear iad leis an Acht so beidh ball den Oireachtas i dteideal saoráidí taistil d'fháil agus d'íoc leis fé sna hAchtanna san mar a leasuítear amhlaidh iad alos taistil aon uair amháin go Baile Atha Cliath chun Buan-Orduithe an Tighe dar ball é do chólíonadh i slí go dtiocfaidh chun bheith i dteideal fé sna Buan-Orduithe sin suidhe mar bhall den Tigh sin, agus beidh sé i dteideal na saoráidí taistil sin d'fháil agus d'íoc leis amhlaidh i ngach slí fé is dá mba tar éis tosnú dá cheart chun saoráidí taistil d'fháil agus d'íoc leis fé sna hAchtanna san mar a leasuítear amhlaidh iad do thárla an taisteal san.

(3) Má eiríonn aon cheist no aighneas i dtaobh ce'ca tá no ná fuil ball den Oireachtas, no i dtaobh an mhéid atá ball den Oireachtas, i dteideal tairbhe ceachtar de sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so isé bhéarfaidh breith ar an gceist no ar an aighneas san ná—

(a) an Ceann Comhairle, i gcás baill de Dháil Éireann, agus

(b) an Cathaoirleach, i gcás baill de Sheanad Éireann,

agus i ngach cás den tsórt san is breith dheiridh breith an Chinn Chomhairle no an Chathaoirligh (pe'ca aca é).

Athghairm.

4. —Deintear ailt 4 agus 5 d'Acht an Oireachtais (Baill d'Ioc), 1923 (Uimh. 18 de 1923) , agus an méid sin d'fho-alt (1) d'alt 6 den Acht san ina mínítear an abairt “an mhóid” agus an abairt “an mhóid do thabhairt” agus abairtí eile den tsaghas san, deintear, leis seo, san d'athghairm.

Tosach feidhme an Achta so.

5. —Tuigfear an tAcht so do theacht i bhfeidhm ar an Acht Bunreachta (Móid do Chur ar Ceal), 1933 (Uimh. 6 de 1933), do rith agus beidh sé fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige ar dháta agus o dháta an Achta san do rith.

Gearr-theideal agus luadh.

6. —(1) Féadfar Acht an Oireachtais (Baill d'Ioc), 1933 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna an Oireachtais (Baill d'Ioc), 1923 go 1933, do ghairm d'Achtanna an Oireachtais (Baill d'Ioc) agus den Acht so le chéile.