12 1934


Uimhir 12 de 1934.


ACHT CHUN IOMPORTÁLANNA DO RIALÚ, 1934.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN IOMPORTÁLANNA DO RIALÚ AGUS CHUIGE SIN A ÚDARÚ GO LEAGFAR AMACH AGUS A SHOCRÚ GO gCUIRFEAR I bhFEIDHM QUOTANNA IOMPORTALA, AGUS GO GENERÁLTA CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [24adh Márta, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;

cialluíonn an abairt “roimh-thréimhse” an tréimhse dar tús tosach feidhme an orduithe quota gur maidir leis a húsáidtear an abairt agus dar críoch tosach na céad tréimhse quota fén ordú quota san.

Iol-chúrasi léirithe.

2. —(1) San Acht so déanfar an focal “iomportáil” agus focail atá gaolmhar do san do léiriú mar fhocail ná foluíonn iomportáil, ná ná baineann le hiomportáil, ná bíonn ann ach iomportáil earraí chun crícheanna iompair agus easportála dá dhruim sin.

(2) Chun crícheanna an Achta so, tuigfear iomportáil do dhéanamh ar ghléas na hiomportála do thuairisciú fé sna hAchtanna Custum.

(3) Chun crícheanna an Achta so, ní tuigfear carraí do dhéanamh i dtír áirithe mara dtagann an cion orduithe dá luach as caiteachas de chineál orduithe fé n-a ndeachthas sa tír sin alos abhar ar n-a dtáirgeadh no alos oibre ar n-a déanamh sa tír sin.

(4) Chun crícheanna an Achta so is náisiúnach de Shaorstát Éireann gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) duine do rugadh i Saorstát Éireann no sa líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é;

(b) duine do rugadh lasmuich de Shaorstát Éireann no den líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é agus gur i Saorstát Éireann no sa líomatáiste sin a bhí gnáthchomhnaí ar a mháthair nuair a rugadh é;

(c) duine bheidh ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann le linn an ama bhaineann leis an gcás agus a bheidh tar éis bheith ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann ar feadh cúig mblian ar a laighead as a chéile díreach roimh an am san.

Orduithe quota.

3. —(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle tráth ar bith, le hordú (dá ngairmtear ordú quota san Acht so), toirmeasc do chur, fé réir forálacha an Achta so, le haon tsaghas no saghsanna áirithe carraí d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann lá áirithe no dá éis (dá ngairmtear san Acht so tosach feidhme an orduithe sin) nách luaithe ná dáta an orduithe sin.

(2) Ceapfaidh an Ard-Chomhairle, i ngach ordú quota agus leis, an lá (ná beidh níos déanaí ná sé seachtaine tar éis tosach feidhme an orduithe sin) a thosnóidh an chéad tréimhse quota fén ordú quota san.

(3) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, in ordú quota ar bith agus leis, earraí a hiomportálfar ina gcaindíochta ná beidh thar méid áirithe chun a n-úsáidthe go pearsanta ag an iomportálaí no ag baill dá líntighe do shaoradh ón toirmeasc ar iomportáil a deintear leis an ordú san.

(4) Ní bhainfidh aon ordú quota le hearraí, ná ní dhéanfaidh deifir d'earraí, d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann is earraí do rinneadh no do táirgeadh i Saorstát Éireann agus do heasportáladh amach as Saorstát Éireann (roimh dháta an orduithe sin no dá éis).

(5) Ní déanfar ordú quota maidir le haon tsaghas earraí go mbeidh a n-iomportáil isteach i Saorstát Éireann toirmiscthe de thurus na huaire do réir dlí ar shlí seachas fén Acht so.

Eifeacht agus ré ordú quota.

4. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo beidh éifeacht reachtúil ag gach ordú quota dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so agus fós ag gach ordú dhéanfaid sa tslí chéanna ag leasú no ag ceiliúradh orduithe quota.

(2) Gach ordú quota dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so agus fós gach ordú dhéanfaid sa tslí chéanna ag leasú orduithe quota scuirfidh d'éifeacht do bheith aige i gcionn sé mhí tar éis a dhéanta mara n-aontuighidh gach Tigh den Oireachtas leis tré rún do rith sara mbeidh an sé mhí sin caithte.

(3) Pé uair a beifear tar éis ordú quota do cheiliúradh le hordú ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén Acht so sara mbeidh aontuithe ag gach Tigh den Oireachtas leis an ordú quota san no bheidh ordú quota tar éis scurtha, de bhuadh an ailt seo, d'éifeacht do bheith aige, ní bheidh éifeacht ag aon ordú quota dhéanfaidh an Ard-Chomhairle ina dhiaidh sin alos earraí de sna saghsanna céanna no nách mór de sna saghsanna céanna leo san le n-ar bhain an t-ordú quota san a bheidh ceiliúrtha amhlaidh no tar éis scurtha amhlaidh d'éifeacht do bheith aige, ní bheidh éifeacht aige go dtí go n-aontóidh gach Tigh den Oireachtas leis tré rún, agus tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gach ordú den tsórt san do dhéanamh ar aontú leis amhlaidh.

Toirmeasc ar iomportáil do dhéanamh contrárdha d'ordu quota.

5. —(1) Pé uair agus faid a bheidh ordú quota i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith iomportáil do dhéanamh isteach i Saorstát Éireann, ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a thabhairt amach chuige sin fén Acht so, ar earraí ar bith go dtoirmisctear leis an ordú quota san iad d'iomportáil.

(2) Tuigfear earraí go mbeidh a n-iomportáil nea-dhleathach de thurus na huaire de bhuadh an ailt seo do bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear ar Chlár na dToirmeasc agus na Srian, maidir le hEarraí do Theacht Isteach, atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus na forálacha den Acht san (mar atá san leasuithe no leathnuithe le hAchtanna ina dhiaidh sin) a bhaineann le hearraí d'iomportáil a toirmisctear no sriantar beidh baint acu dá réir sin.

Tréimhsí quota agus quotanna do cheapadh.

6. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chomhairle ordú quota, déanfaidh an Ard-Chomhairle le hordú ar n-a dhéanamh i rith na roimh-thréimhse alos an orduithe quota san agus chó luath agus is féidir é tar éis an orduithe quota san do dhéanamh—

(a) tréimhse (dar tús an lá ceapfar leis an ordú quota san chun na céad tréimhse quota fén ordú quota san do thosnú) do cheapadh chun bheith mar chéad tréimhse quota fén ordú quota san, agus

(b) caindíocht áirithe d'earraí le n-a mbaineann an t-ordú quota san do cheapadh chun bheith mar quota, chun crícheanna an Achta so, in aghaidh na céad tréimhse quota san.

(2) Faid a bheidh aon ordú áirithe quota i bhfeidhm, déanfaidh an Ard-Chomhairle, le linn gach tréimhse quota agus mí ar a laighead roimh dheireadh gach tréimhse quota fén ordú quota san, déanfaid le hordú—

(a) tréimhse (a thosnóidh ar an tréimhse quota san do bheith caithte) do cheapadh chun bheith mar chéad tréimhse quota eile fén ordú quota san, agus

(b) caindíocht áirithe d'earraí le n-a mbaineann an t-ordú quota san do cheapadh chun bheith mar quota, chun crícheanna an Achta so, in aghaidh na céad tréimhse quota eile sin.

(3) Pé uair a cheapfaidh an Ard-Chomhairle quota le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so, féadfaidh an Ard-Chomhairle, más oiriúnach leo é, a ordú leis an ordú céanna gurb é bheidh i gcion áirithe (dá ngairmtear quota speisialta san Acht so) den quota san ná earraí 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh (fé mar a bheidh luaidhte san ordú san)—

(a) gur i dtír áirithe do rinneadh no do táirgeadh iad, no

(b) gur o thír áirithe do consighníodh chun an iomportálaí iad, no

(c) gur i dtír áirithe do rinneadh no do táirgeadh iad agus gur ón tír sin do consighníodh chun an iomportálaí iad.

(4) Pé uair a bheidh an Ard-Chomhairle, le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so, tar éis quota do cheapadh in aghaidh aon tréimhse quota, féadfaidh an Ard-Chomhairle, más oiriúnach leo é, le hordú ar n-a dhéanamh roimh dhul in éag don tréimhse quota san, an quota san do mhéadú pé méid (dá ngairmtear quota breise san Acht so) is dóich leo is ceart.

Cláir d'iomportálaithe.

7. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chomhairle ordú quota, bunóidh an tAire láithreach agus coinneoidh ar siúl, faid a bheidh an t-ordú quota san i bhfeidhm, clár (dá ngairmtear clár d'iomportálaithe san Acht so) de dhaoine ag á mbíonn earraí le n-a mbaineann an t-ordú quota san á n-iomportáil isteach i Saorstát Éireann.

(2) Pé uair agus faid a bheidh aon chlár áirithe d'iomportálaithe á choinneáil ar siúl do réir an ailt seo clárófar agus, fé réir forálacha an Achta so, coimeádfar ar clárú sa chlár san gach duine iarrfaidh sa tslí orduithe ar an Aire é do chlárú amhlaidh agus a chuirfidh ina luighe ar an Aire sa tslí orduithe—

(a) gur duine é is náisiúnach de Shaorstát Éireann agus ag á bhfuil áit ghnótha i Saorstát Éireann, no

(b) gur páirtnéireacht é ag á bhfuil gnó ar siúl go bhfuil níos mó ná leath an chaipitail ann ar únaeracht chun tairbhe ag duine is náisiúnach de Shaorstát Éireann no ag beirt daoine no níos mó gur náisiúnach de Shaorstát Éireann gach duine fé leith acu agus ag á bhfuil áit ghnótha i Saorstát Éireann, no

(c) gur cuideachta é atá cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, no

(d) gur duine é ag á bhfuil gnó déantóireachta ar siúl i Saorstát Éireann, no

(e) gur cuideachta é, agus gan í cláruithe ná ionchorpruithe fé dhlithe Shaorstáit Éireann, ag á bhfuil áit ghnótha i Saorstát Éireann, agus ag á raibh, ar feadh na gcúig mblian i ndiaidh a chéile díreach roimh an clár san do bhunú an chuid is lugha dhe, earraí le n-a mbaineann an t-ordú quota oiriúnach á n-iomportáil isteach i Saorstát Éireann.

(3) Féadfaidh an tAire, más dóich leis san do bheith ceart—

(a) duine ar bith a ciontófar i gcionta fé aon alt den Acht so, agus

(b) duine ar bith, agus é tar éis ceadúnaisí fén Acht so d'fháil chun earraí d'iomportáil i rith dhá thréimhse quota as a chéile fén ordú quota céanna, ná beidh tar éis iomportáil do dhéanamh fé sna ceadúnaisí sin ar chaindíocht d'earraí is mó san iomlán ná cúig fichead per cent. d'iomlán na gcaindíocht d'earraí bheidh údaruithe leis na ceadúnaisí sin fé seach d'iomportáil,

féadfaidh iad do scriosadh as aon chlár d'iomportálaithe bheidh á choinneáil ar siúl do réir an ailt seo.

Ceadúnaisí chun iomportála do dhéanamh i rith na roimhthréimhse.

8. —(1) Pé uair a bheidh an Ard-Chomhairle tar éis orduithe quota do dhéanamh féadfaidh an tAire, tráth ar bith roimh dhul in éag don roimh-thréimhse alos an orduithe quota san, ceadúnas do thabhairt amach do dhuine ar bith a iarrfaidh san sa tslí orduithe, ceadúnas á rá go n-údaruíonn don duine sin caindíocht áirithe d'earraí, le n-a mbaineann an t-ordú quota san, d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann i rith na roimh-thréimhse sin.

(2) Más rud é go mbainfidh agus sa mhéid go mbainfidh iarratas ar cheadúnas fén alt so le hearraí do bhí consighnithe agus ar a dturus chun an iarratasóra i dtosach na roimh-thréimhse, bhéarfaidh an tAire ceadúnas amach fén alt so ach ní bhainfidh an ceadúnas san ach leis an méid sin de sna hearraí sin is leor, dar leis an Aire, do riachtanaisí réasúnta an iarratasóra.

(3) Gach ceadúnas a bhéarfar amach fén alt so oibreoidh chun a údarú don duine bheidh luaidhte ann earraí den tsaghas a bheidh luaidhte sa cheadúnas san agus nách mó a gcaindíocht ná mar a bheidh luaidhte ann d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann i rith na roimh-thréimhse bheidh luaidhte sa cheadúnas san, ach san fé réir an duine sin do dhéanamh go cuibhe do réir na dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le hearraí den tsórt san d'iomportáil agus go sonnrách fé réir íoca na ndiúitéthe custum (más ann dóibh) a bheidh inéilithe ar an iomportáil sin.

Ceadúnaisí chun iomportála do dhéanamh i rith tréimhsí quota.

9. —(1) Pé uair agus faid a bheidh ordú quota ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén Acht so i bhfeidhm, féadfaidh duine ar bith a bheidh cláruithe de thurus na huaire sa chlár d'iomportálaithe bheidh á choinneáil ar siúl do réir an Achta so chun crícheanna an orduithe quota san, féadfaidh, ceithre lá déag glan ar a laighead roimh thosach aon tréimhse quota fén ordú quota san no, i gcás iarratais maidir le quota breise, laistigh de cheithre lá déag tar éis an quota breise sin do cheapadh, ceadúnas d'iarraidh sa tslí orduithe ar an Aire chun caindíochta áirithe d'earraí le n-a mbaineann an t-ordú quota san d'iomportáil i rith na tréimhse quota san.

(2) Déanfaidh an tAire, roimh thosach gach tréimhse quota fé aon ordú quota, ceadúnas do thabhairt amach do gach duine bheidh tar éis san d'iarraidh go cuibhe fén alt so, ceadúnas chun iomportála do dhéanamh i rith na tréimhse quota san ar chaindíocht d'earraí le n-a mbaineann an t-ordú quota san agus a cinnfear do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás gan an chaindíocht iomlán d'earraí gur ina gcóir a hiarrfar na ceadúnaisí sin amhlaidh do bheith níos mó ná cúig seachtód per cent. den quota in aghaidh na tréimhse quota san, isé bheidh i ngach ceadúnas den tsórt san ná ceadúnas chun iomportála do dhéanamh ar an gcaindíocht iomláin d'earraí bheidh luaidhte san iarratas ar an gceadúnas san;

(b) i gcás an chaindíocht iomlán d'earraí gur ina gcóir a hiarrfar na ceadúnaisí sin amhlaidh do bheith níos mó ná cúig seachtód per cent. den quota san ach gan í bheith níos mó ná an quota san, ansan (do réir mar a chinnfidh an tAire maidir le gach tréimhse quota fé leith) isé bheidh i ngach ceadúnas den tsórt san ná ceadúnas chun iomportála do dhéanamh ar an gcaindíocht iomláin d'earraí bheidh luaidhte san iarratas ar an gceadúnas san no isé bheidh i ngach ceadúnas den tsórt san ná ceadúnas chun iomportála do dhéanamh ar chion ion-rátuithe den chaindíocht iomláin sin agus déanfar amach an cion ion-rátuithe sin i slí go mbeidh an chaindíocht iomlán d'earraí, gur chun iad d'iomportáil a bhéarfar amach na ceadúnaisí sin, có-ionann le cúig seachtód per cent. den quota san;

(c) i gcás an chaindíocht iomlán d'earraí gur ina gcóir a hiarrfar na ceadúnaisí sin amhlaidh do bheith níos mó ná an quota san, isé bheidh i ngach ceadúnas den tsórt san ná ceadúnas chun iomportála do dhéanamh ar pé caindíocht d'earraí (nách mó ná an chaindíocht a bheidh luaidhte san iarratas ar an gceadúnas san) a chinnfidh an tAire, i dtaobh gach ceadúnais fé leith, ag féachaint do leasanna daoine do bhí de ghnáth, roimh an ordú quota san do dhéanamh, ag iomportáil earraí le n-a mbaineann an t-ordú quota san, i slí, ámh, nách lugha ná cúig seachtód per cent. den quota san an chaindíocht iomlán d'earraí gur chun iad d'iomportáil a bhéarfar amach na ceadúnaisí sin;

(d) má bítear tar éis quota speisialta no quotanna speisialta do shocrú in aghaidh aon tréimhse quota, tuigfear gach quota speisialta fé leith den tsórt san, agus fós an iarmhéid den quota bheidh fágtha tar éis an quota speisialta no na quotanna spesialta san do bhaint den quota, do bheith ina quota ar leithligh chun crícheanna an fho-ailt seo, agus beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha an fho-ailt seo dá réir sin;

(e) má bítear tar éis quota breise do shocrú in aghaidh aon tréimhse quota, tuigfear an quota breise sin do bheith ina quota ar leithligh chun crícheanna an fho-ailt seo, agus beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha an fho-ailt seo dá réir sin (ach amháin ag an méid sin díobh gur gá dá réir an ceadúnas do thabhairt amach roimh thosach na tréimhse quota).

(3) Féadfaidh an tAire, i rith aon tréimhse quota fé aon ordú quota, féadfaidh, fé mar is rogha leis féin, ceadúnas do thabhairt amach do dhuine ar bith bheidh cláruithe de thurus na huaire sa chlár d'iomportálaithe bheidh á choinneáil ar siúl do réir an Achta so chun crícheanna an orduithe quota san, ceadúnas chun iomportála do dhéanamh i rith na tréimhse quota san ar chaindíocht áirithe d'earraí le n-a mbaineann an t-ordú quota san, agus féadfaidh, más oiriúnach leis é, coinníollacha do chur le haon cheadúnas den tsórt san maidir leis an tír ina mbeifear tar éis earraí a hiomportálfar fén gceadúnas san do dhéanamh no do tháirgeadh agus maidir leis an tír o n-a mbeifear tar éis na n-earraí sin do chonsighniú chun an iomportálaí no maidir le ceachtar ní acu san, ach ní raghaidh an chaindíocht iomlán d'earraí gur chun iad d'iomportáil a bhéarfar amach ceadúnaisí fén bhfo-alt so in aghaidh aon tréimhse quota maraon leis an gcaindíocht iomláin d'earraí gur chun iad d'iomportáil sa tréimhse quota san a bheidh ceadúnaisí tugtha amach fén alt so i dtosach na tréimhse quota san no roimhe sin, ní raghaidh san thar an quota in aghaidh na tréimhse quota san.

(4) Aon cheadúnas a bhéarfar amach fén alt so féadfaidh an tAire coinníoll do chur ann i dtaobh an bhealaigh a déanfar earraí bheidh á n-iomportáil fén gceadúnas san do thabhairt go Saorstát Éireann ón tír o n-a mbeid á gconsighniú chun an iomportálaí.

(5) Gach ceadúnas a bhéarfar amach fén alt so déarfaidh go n-údaruíonn do dhuine áirithe caindíocht áirithe d'earraí, de shaghas áirithe, d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann i rith tréimhse áirithe quota agus oibreoidh chun a údarú don duine sin na hearraí sin d'iomportáil dá reir sin, ach san fé réir an duine sin do dhéanamh go cuibhe do réir na dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le hearraí den tsórt san d'iomportáil agus go sonnrách fé réir íoca na ndiúitéthe custum (más ann dóibh) a bheidh inéilithe ar an iomportáil sin.

Tuilleadh ceadúnaisí chun iomportála do dhéanamh do thabhairt amach i gcásanna speisialta.

10. —(1) I gcás ceadúnais do thabhairt amach fén Acht so agus é do theip ar an duine dá dtabharfar amach an ceadúnas san iomportáil do dhéanamh, i rith na roimh-thréimhse no na tréimhse quota le n-a mbaineann an ceadúnas san, ar an gcaindíocht d'earraí go mbeidh a n-iomportáil údaruithe leis an gceadúnas san agus go bhfeictear don Aire gur cúiseanna ná raibh aon neart ag an duine sin ortha fé ndeár an teip sin, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas do thabhairt amach don duine sin chun iomportáil do dhéanamh, i rith tréimhse áirithe i ndiaidh na roimh-thréimhse sin no na tréimhse quota san (do réir mar bheidh) agus fé réir pé coinníollacha is dóich leis an Aire is ceart do chur leis an gceadúnas san, ar chaindíocht d'earraí den tsaghas le n-ar bhain an ceadúnas san a céad-luaidhtear ach nách mó ná an chaindíocht d'earraí bheidh luaidhte sa cheadúnas san a céad-luaidhtear.

(2) Gach ceadúnas a bhéarfar amach fén alt so oibreoidh chun a údarú don duine bheidh ainmnithe ann earraí d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann do réir téarmaí an cheadúnais sin, ach san fé réir déanamh go cuibhe do réir na dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le hearraí den tsórt san d'iomportáil agus go sonnrách fé réir íoca na ndiúitéthe custum (más ann dóibh) a bheidh inéilithe ar an iomportáil sin.

(3) Ní háirmheofar mar chuid de quota ar bith a socrófar fén Acht so earraí go ndéanfar ceadúnas do thabhairt amach fén alt so chun iad d'iomportáil.

Orduithe quota agus orduithe eile do leasú agus do cheiliúradh.

11. —Féadfaidh an Ard-Chomhairle tráth ar bith, le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú quota no ordú eile bheidh déanta roimhe sin fén Acht so, agus le n-a n-áirmhítear ordú ar n-a dhéanamh fén alt so ag leasú orduithe roimhe sin.

Ciontaí agus pionós.

12. —Gach duine dhéanfaidh, d'fhonn go ndéanfaí é féin no duine ar bith eile do chlárú i gclár d'iomportálaithe bheidh á choinneáil ar siúl do réir an Achta so no d'fhonn ceadúnais fén Acht so chun iomportála do dhéanamh ar earraí d'fháil do féin no do dhuine ar bith eile, éinní do rá no aon chúis do phlé, i scríbhinn, is eol do do bheith bréagach no mí-threorach i bponc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

Rialacháin.

13. —Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Costaisí.

14. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Gearr-theideal.

15. —Féadfar an tAcht chun Iomportálanna do Rialú, 1934 , do ghairm den Acht so.