19 1934


Uimhir 19 de 1934.


ACHT DIÚITÉTHE CUSTUM (RÁTAÍ TOSAIOCHTA), 1934.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN NA hARD-CHOMHAIRLE DO CHEAPADH AGUS D'ATHARÚ NA dTIORTHA GUR MAIDIR LEO BHEIDH FEIDHM AG RÁTAÍ TOSAIOCHTA DE DHIÚITÉTHE CUSTUM ATÁ ANN ANOIS NO BHEIDH ANN INA DHIAIDH SEO. [25adh Bealtaine, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “rata tosaíochta” ráta diúité is lugha ná gnáth-ráta an diúité gur ina thaobh a húsáidtear an abairt;

déanfar tagairtí do thír le n-a mbaineann ráta tosaíochta do léiriú mar thagairtí do thír gur do réir an ráta tosaíochta san atá earraí a hiomportáltar aisti ionchurtha fén diúité bhaineann leo.

Baint na rátaí tosaíochta atá anois ann de dhiúitéthe custum d'atharú.

2. —I gcás diúité custum, ar n-a ghearradh le hAcht no le rún do ritheadh no le hordú do rinneadh roimh an Acht so do rith, do bheith ionchurtha do réir ráta tosaíochta maidir le hearraí ar n-a n-iomportáil o thíortha áirithe, féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh maidir le hearraí is ionchurtha fén diúité sin agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann ar dháta áirithe no dá éis sin agus nách dáta roimh dháta an orduithe sin, sé sin le rá:—

(a) atharú do dhéanamh (tré chur leo, tré fhágaint ar lár, no ar shlí eile) maidir leis na tíortha le n-a mbaineann an ráta tosaíochta san;

(b) srian do chur leis an ráta tosaíochta san i dtreo ná bainfidh ach le hearraí go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur as caiteachas de chineál áirithe fé n-a ndeachthas i dtír le n-a mbaineann an ráta tosaíochta san, maidir le habhair ar n-a dtáirgeadh no le hobair ar n-a déanamh sa tír sin, do tháinig cion áirithe de luach na n-earraí sin, agus, chuige sin, atharú do dhéanamh ar aon tsrian den tsórt san a bheidh ar bith de bhuadh aon Achta no rúin do ritheadh no de bhuadh aon orduithe do rinneadh roimh an Acht so dorith;

(c) srian do chur leis an ráta tosaíochta san i dtreo ná bainfidh ach le hearraí go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur tugadh iad go díreach no bealach áirithe o thír le n-a mbaineann an ráta tosaíochta san.

Baint na rátaí tosaíochta bheidh ann ina dhiaidh seo de dhiúitéthe custum do cheapadh.

3. —Más rud é go ndéanfar diúité custum do ghearradh tar éis an Achta so do rith agus go ndéanfar, leis an Acht no leis an rún no leis an ordú tré n-a ngearrfar an diúité sin, ráta áirithe den diúité sin do cheapadh mar an ráta tosaíochta den diúité sin chun crícheanna an Achta so, féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh maidir le hearraí is ionchurtha fén diúité sin agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann ar dháta áirithe no dá éis sin agus nách dáta roimh dháta an orduithe sin, sé sin le rá:—

(a) na tíortha do cheapadh le n-a mbainfidh an ráta tosaíochta san;

(b) atharú do dhéanamh (tré chur leo, tré fhágaint ar lár, no ar shlí eile) maidir leis na tíortha le n-a mbainfidh an ráta tosaíochta san de thurus na huaire;

(c) srian do chur leis an ráta tosaíochta san i dtreo ná bainfidh ach le hearraí go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur as caiteachas de chineál áirithe fé n-a ndeachthas i dtír le n-a mbaineann an ráta tosaíochta san, maidir le habhair ar n-a dtáirgeadh no le hobair ar n-a déanamh sa tír sin, do tháinig cion áirithe de luach na n-earraí sin;

(d) srian do chur leis an ráta tosaíochta san i dtreo ná bainfidh ach le hearraí go gcuirfear in luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur tugadh iad go díreach no bealach áirithe o thír le n-a mbaineann an ráta tosaíochta san.

Orduithe ar n-a ndéanamh fén Acht so do leasú agus do cheiliúradh.

4. —Féadfaidh an Ard-Chomhairle tráth ar bith, le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh, maidir le hearraí a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann ar dháta áirithe no dá éis sin agus nách dáta roimh dháta an orduithe sin, ar ordú bheidh déanta roimhe sin fén Acht so, agus le n-a n-áirmhítear ordú ar n-a dhéanamh fén alt so ag leasú orduithe roimhe sin.

Eifeacht agus ré ordú déanfar fén Acht so.

5. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, beidh éifeacht reachtúil ag gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so.

(2) Gach ordú (nách ordú ná beidh ach ag ceiliúradh orduithe bheidh déanta roimhe sin fén Acht so) scuirfidh d'éifeacht do bheith aige i gceann trí mhí tar éis a dhéanta mara n-aontuighidh Dáil Éireann leis an ordú san tré rún do rith sara mbeidh an trí mhí sin caithte.

(3) I gcás orduithe ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén Acht so do cheiliúradh le hordú ar n-a dhéanamh sa tslí chéanna, no do scur de bhuadh an ailt seo d'éifeacht do bheith aige, sara mbeidh aontuithe ag Dáil Éireann leis ní thiocfaidh aon ordú a dhéanfaidh an Ard-Chomhairle ina dhiaidh sin agus ag á mbeidh an bhrí chéanna no an bhrí chéanna nách mór do bhí ag an ordú san do ceiliúradh no do scuir d'éifeacht do bheith aige amhlaidh, ní thiocfaidh san i bhfeidhm ná ní raghaidh in éifeacht go n-aontuighidh Dáil Éireann leis tré rún.

Gearr-theideal.

6. —Féadfar an tAcht Diúitéthe Custum (Rátaí Tosaíochta), 1934 , do ghairm den Acht so.