An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Sceimeanna Pleanala d'Ullamhu.)

22 1934

ACHT UM BAILTE AGUS LÍOMATÁISTÍ DO SHÍNEADH AMACH, 1934

CUID II.

Udarais Phleanala agus Liomataisti Pleanala.

Ceanntair phleanála agus údaráis phleanála cheanntair.

17. —(1) Beidh gach contae-bhuirg, gach buirg, gach bailecheanntar agus gach ceanntar sláinte contae ina cheanntar phleanála chun crícheanna an Achta so.

(2) An chomhairle is comhairle chontae-bhuirge, bhuirge, no bhailecheanntair isí is údarás pleanála ceanntair, chun crícheanna an Achta so, don cheanntar phleanála is ionann agus an chontaebhuirg, an bhuirg, no an bailecheanntar san, pe'cá aca é.

(3) An chomhairle is comhairle chontae isí is údarás pleanála ceanntair, chun crícheanna an Achta so, do gach ceanntar pleanála is ionann agus ceanntar sláinte contae sa chontae sin.

Réigiúin phleanála do bhunú.

18. —(1) Féadfaidh na húdaráis phleanála cheanntair fé seach d'aon dá cheanntar phleanála chó-theoranta no d'aon trí cinn no níos mó de cheanntair phleanála go dteorainn ag gach ceann acu le ceann no le cinn eile acu a shocrú, le rún fén alt so ar n-a rith ag gach údarás acu san, go dtiocfaidh na ceanntair phleanála san uile no coda áirithe dhíobh chun bheith, agus go mbeid, ina réigiún pleanála chun crícheanna an Achta so.

(2) I rún ar bith fén alt so leagfar amach achar agus teoranta an réigiúin phleanála bheidh le bunú thríd agus an ainn a bheidh le tabhairt ar an réigiún pleanála san agus féadfar leis an rún san teora do chur leis na nithe bheidh, no le n-a ndeighleálfar, i scéim phleanála réigiúin don réigiún phleanála san no d'aon chuid de, chun a chur in áirithe ná deighleálfaidh aon scéim áirithe den tsórt san ach le nithe do dhéanfadh deifir do chó-leas iomláin an réigiúin phleanála san no chun aon chríche eile.

(3) Ní dhéanfaidh údarás pleanála ceanntair rún fén alt so do rith mara dtugaid ná go dtí go dtabharfaid an fógra orduithe á rá go bhfuiltear chun an rúin sin do thairisgint.

(4) Ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht ag rún fén alt so mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh na húdaráis phleanála cheanntair uile le n-a mbaineann an scéal rúin den tsaghas chéanna do rith go cuibhe ná mara n-aontuighidh ná go dtí go n-aontóidh an tAire leis na rúin sin uile.

(5) Nuair a bheidh rúin fén alt so rithte go cuibhe ag na húdaráis phleanála cheanntair uile le n-a mbaineann an scéal agus a bheidh aontuithe leo ag an Aire tiocfaidh an líomatáiste bheidh luaidhte agus leagtha amach chuige sin sna rúin sin chun bheith, agus beidh sé, ina réigiún phleanála chun críche an Achta so agus isiad a bheidh ina n-údarás pleanála réigiúin don réigiún phleanála san ná có-choiste de sna húdaráis phleanála réigiúin sin ar a mbeidh daoine (pe'ca baill d'aon údarás aca san iad no nách eadh) a cheapfaidh na húdaráis sin, pé méid acu agus iad i pé cionúireachtaí ar a gcó-aontóidh na húdaráis sin no, cheal có-aontuithe den tsórt san, ar a gcinnfidh an tAire.

(6) Féadfaidh an tAire, le hordú, am a gceaptha (agus an chéad cheapadh d'áireamh) do cheapadh do bhaill chó-choiste is údarás pleanála réigiúin do réigiún phleanála bunófar fén alt so agus fós an tréimhse bheidh na baill sin i seilbh oifige, an tslí ina líonfar foth-fholúntaisí i mballraíocht an choiste sin, dí-cháiliú ball den choiste sin a scuirfidh de bheith, no thiocfaidh chun bheith dí-cháilithe chun bheith, ina mbaill den údarás phleanála cheanntair do cheap iad, agus modh stiúrtha gnótha an choiste sin.

(7) Na costaisí fé n-a raghaidh údarás pleanála réigiúin a bunófar fén alt so agus iad ag feidhmiú a gcomhacht agus ag cóilíonadh a ndualgas mar údarás den tsórt san déanfaidh na húdaráis phleanála cheanntair uile agus fé seach a cheapfaidh an t-údarás pleanála réigiúin sin iad d'íoc i pé cionúireachtaí ar a gcó-aontóidh na húdaráis sin no, cheal có-aontuithe den tsórt san, ar a gcinnfidh an tAire.

(8) Féadfaidh an tAire, le hordú, más dóich leis agus pé uair is dóich leis gur ceart san do dhéanamh, a ordú go ndéanfaidh údarás áirithe pleanála réigiúin a bunófar fén alt so síntiúisí d'íoc mar chabhair chun íoctha na gcostaisí taistil fé n-a raghaidh baill den údarás san agus iad ag freastal chruinnithe an údaráis sin agus, leis sin, o theacht i ngníomh don ordú san, bainfidh alt 63 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), agus an Cúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht san, leis an údarás pleanála réigiúin sin fé is dá mb'údarás contae do réir bhrí an ailt sin 63 an t-údarás san.

(9) I gcás contae-bhuirge Bhaile Atha Cliath, buirge Dhún Laoghaire agus contae-bhuirge Chorcaighe fé seach is feidhm fhorcoimeádtha rún do rith fén alt so chun réigiúin phleanála do bhunú.

Cuntaisí údarás pleanála réigiúin d'iniúchadh.

19. —(1) Déanfar, agus is iniúchóir a cheapfaidh an tAire dhéanfaidh, cuntaisí gach údaráis phleanála réigiúin (seachas na húdaráis phleanála réigiúin fé seach do réigiún phleanála Bhaile Atha Cliath agus do réigiún phleanála Chorcaighe) d'iniúchadh, agus na hachtacháin seo leanas, sé sin le rá, ailt 12 go 15 den Local Government (Ireland) Act, 1871, fo-alt (2) d'alt 63 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus ailt 20 agus 21 den Local Government (Ireland) Act, 1902, agus iad leasuithe no oiriúnuithe le haon achtachán ina dhiaidh sin no fé, bainfid le hiniúchadh agus le hiniúchóir cuntaisí na n-údarás san fé mar a bhaineann na hachtacháin sin agus iad leasuithe no oiriúnuithe amhlaidh le hiniúchadh agus le hinúchóir cuntaisí na gcólucht puiblí atá luaidhte ionta.

(2) Déanfaidh an tAire o am go ham fé mar is gá é a fháil amach agus a shocrú cadé an cion den tuarastal a híocfar le hiniúchóir a ceapfar fén alt so chun cuntaisí údaráis phleanála réigiúin d'iniúchadh ba cheart d'éileamh alos an iniúchta san agus íocfaidh an t-údarás pleanála réigiúin sin leis an Aire sin méid an cheana san den tuarastal san.

Réigiúin phleanála Bhaile Atha Cliath agus Chorcaighe.

20. —(1) Chun crícheanna an Achta so beidh contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus contaethe Bhaile Atha Cliath, Chill Dara, na Midhe agus Chill Mantán le chéile ina réigiún pleanála ar a dtabharfar agus dá ngairmtear san Acht so réigiún pleanála Bhaile Atha Cliath.

(2) Chun crícheanna an Achta so beidh contae-bhuirg Chorcaighe agus contae Chorcaighe le chéile ina réigiún pleanála ar a dtabharfar agus dá ngairmtear san Acht so réigiún pleanála Chorcaighe.

(3) Is iad Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí, agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath is údarás pleanála réigiúin do réigiún phleanála Bhaile Atha Cliath agus isiad Ard-Mhéara, Seanóirí, agus Buirgéisigh Chorcaighe is údarás pleanála réigiúin do réigiún phleanála Chorcaighe.

(4) Sa mhéid gur féidir é do réir réasúin, déanfaidh na húdaráis phleanála réigiúin fé seach do réigiún phleanála Bhaile Atha Cliath agus do réigiún phleanála Chorcaighe a gcomhachta mar údaráis den tsórt san d'fheidhmiú i dtaobh cúrsaí ná baineann ach le contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath no le contaebhuirg Chorcaighe (pe'ca aca é) agus ina dtaobh san amháin ach má bheartuíonn aon údarás acu san aon chomhacht acu san d'fheidhmiú maidir le haon chuid de réigiún phleanála Bhaile Atha Cliath no de réigiún phleanála Chorcaighe (pe'ca aca é) lasmuich den chontae-bhuirg sin gheobhaidh an t-údarás san amach barúla agus riachtanaisí an údaráis phleanála cheanntair do gach ceanntar pleanála go ndéanfadh an feidhmiú san na gcomhacht san deifir do no d'aon chuid de agus ag feidhmiú na gcomhacht san dóibh amhlaidh féachfaid do sna barúla agus do sna riachtanaisí do fuarthas amach amhlaidh.

(5) Isé an tAire do bhéarfaidh breith ar gach amhras, ceist, no aighneas i dtaobh ce'ca sárú ar an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so no nách eadh éinní do rinne an t-údarás pleanála réigiúin do réigiún phleanála Bhaile Atha Cliath no do réigiún phleanála Chorcaighe (tré ghníomh no tré fhaillí) agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean air.

(6) Isé slí ina n-íocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an t-údarás pleanála réigiúin do réigiún phleanála Bhaile Átha Cliath no an t-údarás pleanála réigiúin do réigiún phleanála Chorcaighe agus iad ag feidhmiú a gcomhacht agus ag cólíonadh a ndualgas fén Acht so mar údarás den tsórt san ná fé mar ba ghá na costaisí sin d'íoc fén Acht so dá mba chostaisí iad fé n-a raghadh an t-údarás pleanála ceanntair do chontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath no do chontae-bhuirg Chorcaighe, pe'ca aca é.

Comhacht chun ceanntracha pleanála áirithe do leathnú.

21. —(1) Féadfaidh an tAire a dhearbhú le hordú, ar iarratas comhairle contae-bhuirge, buirge, no bailecheanntair agus tar éis fógra agus breithnithe agus bheith deimhnitheach mar a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, cuid áirithe (dá ngairmtear líomatáiste teorannach san Acht so) de cheanntar shláinte chontae ar theorainn na contae-bhuirge, na buirge, no an bhailecheanntair sin do bheith, o dháta áirithe nách túisce ná dáta an orduithe sin agus chun críchcanna uile an Achta so (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so), curtha leis an gceanntar pleanála agus ina cuid den cheanntar phleanála is ionann agus an chontaebhuirg, an bhuirg, no an bailecheanntar san no ina bhfuil an céanna.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so ach amháin tar éis fógra míosa do thabhairt do chomhairle na contae ina mbeidh suidheamh ar an líomatáiste teorannach a bheidh beartuithe mar abhar don ordú san, á rá go bhfuil sé chun an orduithe sin do dhéanamh agus go mbreithneoidh aon chúis a phléifidh an chomhairle sin leis ina thaobh laistigh den mhí sin.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so maran deimhin leis gur cheart forbairt an líomatáiste theorannaigh a bheidh beartuithe mar abhar don ordú san do dhéanamh i gcó-réir le forbairt an cheanntair phleanála go mbeidh sé beartuithe an líomatáiste teorannach san do chur leis.

(4) Pé uair a déanfar ordú fén alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas an lá thiocfaidh an t-ordú san in éifeacht agus ón lá san amach, sé sin le rá:—

(a) scuirfidh an líomatáiste teorannach is abhar don ordú san de bheith ina chuid den cheanntar phleanála ina raibh sé díreach roimh an ordú san do theacht i ngníomh;

(b) chun crícheanna uile an Achta so (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) tiocfaidh an líomatáiste teorannach san chun bheith agus beidh sé ina chuid den cheanntar le n-a gcuirfear é tríd an ordú san;

(c) scuirfidh comhairle na contae ina mbeidh an líomatáiste teorannach san suidhte de bheith ina údarás phleanála cheanntair maidir leis an líomatáiste teorannach san;

(d) an chomhairle do bhí, díreach roimh theacht i ngníomh don ordú san, ina n-údarás pleanála ceanntair don cheanntar phleanála san le n-a gcuirtear an líomatáiste teorannach san tríd an ordú san leanfaid de bheith ina n-údarás pleanála ceanntair don cheanntar phleanála san agus é méaduithe tríd an líomatáiste teorannach san do chur leis;

(e) má bhíonn an líomatáiste teorannach san, le linn teacht i ngníomh don ordú san, ina chuid de réigiún phleanála (seachas réigiún pleanála Bhaile Atha Cliath no réigiún pleanála Chorcaighe) nách cuid de an ceanntar pleanála san le n-a gcuirtear an líomatáiste teorannach san tríd an ordú san, leanfaidh an líomatáiste teorannach san de bheith ina chuid den réigiún phleanála san agus déanfar an t-údarás pleanála réigiúin don réigiún phleanála san do mhéadú leis an ordú san tré dhaoine cheapfaidh an t-údarás pleanála ceanntair don cheanntar phleanála san do chur leis an údarás san (pe'ca baill den údarás a cheapfaidh iad na daoine sin no nách eadh), pé méid acu socrófar leis an ordú san.

(5) I gcás ordú (dá ngairmtear an príomh-ordú san alt so) do dhéanamh fén alt so féadfaidh an tAire, le hordú, an príomhordú do cheiliúradh aon uair sara ndéanfaidh an t-údarás pleanála ceanntair don cheanntar phleanála do méaduíodh leis an bpríomh-ordú rún do rith chun scéime pleanála do cheapadh don líomatáiste theorannach no do líomatáiste gur cuid de an líomatáiste teorannach is abhar don phríomh-ordú ach ní ina dhiaidh sin.

(6) I gcás contae-bhuirge Bhaile Atha Cliath, buirge Dhún Laoghaire, agus contae-bhuirge Chorcaighe fé seach, is feidhm fhorcoimeádtha ordú fén alt so d'iarraidh.

Réigiúin phleanála ag cur isteach ar a chéile.

22. —Réigiún pleanála bunófar fén Acht so de bhíthin rún a rithfidh dhá údarás phleanála cheanntair no níos mó chuige sin ní bheidh sé suidhte, i bpáirt ná go hiomlán, laistigh de réigiún phleanála eile bunófar sa tslí chéanna ach féadfa sé bheith suidhte, i bpáirt no go hiomlán, laistigh de réigiún phleanála Bhaile Atha Cliath no de réigiún phleanála Chorcaighe.

Ceanntair phleanála agus réigiúin phleanála ag cur isteach ar a chéile.

23. —(1) Má bhíonn ceanntar pleanála suidhte, i bpáirt no go hiomlán, laistigh de réigiún phleanála ní choiscfidh san an ceanntar pleanála san do leathnú fén Acht so tré líomatáiste theorannach do chur isteach ann a bheidh laistigh no lasmuich no go leathrannach laistigh agus go leathrannach lasmuich den réigiún phleanála san no bheidh i bpáirt no go hiomlán laistigh de réigiún phleanála eile.

(2) Má bhíonn ceanntar pleanála gan bheith suidhte i bpáirt ná go hiomlán laistigh d'aon réigiún pleanála ní choiscfidh san an ceanntar pleanála san do leathnú fén Acht so tré líomatáiste theorannach do chur isteach ann a bheidh i bpáirt no go hiomlán laistigh de réigiún phleanála.