|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Udarais Phleanala agus Liomataisti Pleanala.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Na Nithe Bheidh i Sceim Phleanala.) |
ACHT UM BAILTE AGUS LÍOMATÁISTÍ DO SHÍNEADH AMACH, 1934
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Sceimeanna Pleanala d'Ullamhu. | |
[EN] |
An tAire do dhéanamh Rialachán, etc. |
24. —(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, rialacháin i dtaobh na nithe agus na rudaí uile agus fé seach a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so. |
[EN] | (2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar neambrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san. | |
[EN] |
Fuirmeacha eisiompláireacha de scéimeanna pleanála d'ullamhú agus d'fhoillsiú. |
25. —Chun úsáide agus chun treorach d'údaráis phleanála agus do dhaoine eile le n-a mbainfeadh féadfaidh an tAire, mar is oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leis é, treoracha generálta d'ullamhú agus d'fhoillsiú i dtaobh scéimeanna pleanála d'ullamhú, maraon le fuirmeacha cisiompláireacha de scéimeanna pleanála agus d'fhorálacha agus de chlásanna cuirtear isteach do ghnáth i scéimeanna pleanála. |
[EN] |
Rúin chun scéimeanna pleanála do cheapadh. |
26. —(1) Le rún sa bhfuirm orduithe go ndearnadh ina thaobh fógra míosa ar a laighead, á rá go rabhthas chun a thairgthe, do thabhairt i scríbhinn do gach ball d'údarás phleanála agus fógra sa chéill chéanna d'fhoillsiú uair amháin ar a laighead gach seachtain de dhá sheachtain as a chéile i dtrí páipéirí nuachta (agus ceann amháin ar a laighead acu san ina pháipéar nuachta laethúil) a léightear i réigiún pleanála no i gceanntar pleanála an údaráis sin, agus gur vótáil níos mó ná leath na mball den údarás san go rithfí é, féadfaidh an t-údarás pleanála san cinneadh ar scéim phleanála do cheapadh dá réigiún pleanála no d'aon chuid áirithe dhe no dá gceanntar pleanála no d'aon chuid áirithe dhe (pe'ca aca é). |
[EN] | (2) Ní bheidh rún fén alt so nea-dhleathach de dheascaibh leasú do dhéanamh air tar éis fógra i dtaobh an rúin sin do thabhairt agus d'fhoillsiú do réir an ailt seo agus roimh an rún san do rith marab é éifeacht an leasuithe sin líomatáiste do chur sa líomatáiste le n-a mbaineann an rún san ná raibh ann nuair do rinneadh fógra i dtaobh an rúin sin do thabhairt agus d'fhoillsiú amhlaidh. | |
[EN] | (3) Ní bheidh sé dleathach d'údarás phleanála rún do cheiliúradh do ritheadh go cuibhe fén alt so agus le n-ar cinneadh scéim do cheapadh. | |
[EN] | (4) Má dheineann an t-údarás pleanála do cheap scéim phleanála (dá ngairmtear an tseana-scéim sa bhfo-alt so) rún do rith chun scéime pleanála do cheapadh, ag ceiliúradh, ag leasú, no ag atharú na seana-scéime, féadfaidh an tAire, le hordú, an rún san do cheiliúradh ach amháin sa mhéid go mbaineann an rún san le líomatáiste ná baineann an tseana-scéim leis no ná fuil an tseanascéim i bhfeidhm ann. | |
[EN] | (5) I gcás contae-bhuirge Bhaile Atha Cliath, buirge Dhún Laoghaire agus contae-bhuirge Chorcaighe fé seach is feidhm fhorcoimeádtha údarás áitiúil dá fhéachaint an socróid, agus do shocrú, ar scéim phleanála do cheapadh. | |
[EN] |
Scéimeanna pleanála ag cur isteach ar a chéile. |
27. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo má cheapann údarás pleanála scéim phleanála d'iomlán a réigiúin phleanála no a gceanntair phleanála (pe'ca aca é) no d'aon chuid áirithe dhe ní chuirfidh san cosc— |
[EN] | (a) leis an údarás pleanála san do cheapadh scéime pleanála d'aon líomatáiste (dá bhféadfaid go dleathach scéim phleanála do cheapadh) a bheidh i bpáirt no go hiomlán sa líomatáiste le n-a mbaineann an scéim phleanála san do céad-luadhadh no ina mbeidh an líomatáiste sin i bpáirt no go hiomlán, no | |
[EN] | (b) le haon údarás pleanála eile do cheapadh scéime pleanála d'aon líomatáiste (dá bhféadfaid go dleathach scéim phleanála do cheapadh) a bheidh i bpáirt no go hiomlán sa líomatáiste le n-a mbaineann an scéim phleanála san do céad-luadhadh no ina mbeidh an líomatáiste sin i bpáirt no go hiomlán. | |
[EN] | (2) Má cheapann údarás pleanála scéim phleanála (dá ngairmtear an chéad scéim sa bhfo-alt so) agus má cheapann an t-údarás céanna no údarás pleanála eile scéim phleanála (dá ngairmtear an dara scéim sa bhfo-alt so) ina dhiaidh sin do líomatáiste bheidh, i bpáirt no go hiomlán, sa líomatáiste le n-a mbaineann an chéad scéim, ansan ní bheidh an dara scéim buiniscionn leis an gcéad scéim, ach d'fhonn buiniscionntaíocht den tsórt san do sheachaint féadfar a dhearbhú leis an dara scéim no leis an ordú ón Aire tré n-a n-aontófar léi aon chuid no forálacha áirithe den chéad scéim do bheith buiniscionn leis an dara scéim agus leis sin tiocfaidh an chuid no na forálacha áirithe sin den chéad scéim chun bheith agus beid gan bhrí o theacht i ngníomh don dara scéim ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén gcéad scéim. | |
[EN] | (3) Chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo den alt so tuigfear scéim phleanála do cheapadh an lá is dáta don ordú ón Aire tré n-a n-aontófar léi agus chun na gcrícheanna san is dá réir sin a socrófar ce'ca scéim phleanála is túisce ná a chéile. | |
[EN] |
Comhachta chun scrúduithe agus suirbhéireachta do dhéanamh chun scéime pleanála d'ullamhú. |
28. —(1) Féadfaidh údarás pleanála a chur fé ndeár, tráth ar bith, scrúdú agus suirbhéireacht do dhéanamh ar iomlán a réigiúin phleanála no a gceanntair phleanála (pe'ca aca é) no ar aon chuid de agus cúrsaí agus riachtanaisí an chéanna d'iniúchadh féachaint ce'ca ba cheart no nár cheart scéim phleanála do cheapadh don réigiún phleanála no don cheanntar phleanála san no d'aon chuid de agus d'fhonn an scéim phleanála san do cheapadh má socruítear air sin. |
[EN] | (2) Einne go n-údarás aige chuige sin i scríbhinn o údarás phleanála féadfaidh, chun críche aon scrúduithe no suirbhéireachta no iniúchta go n-údaruítear leis an alt so don údarás phleanála san a chur fé ndeár go ndéanfaí é agus ar thaisbeáint an údaráis sin i scríbhinn, dul isteach idir a naoi a chlog ar maidin agus a sé a chlog tráthnóna ar aon talamh i réigiún pleanála no i gceanntar pleanála an údaráis phleanála san (pe'ca aca é) agus éinní do dhéanamh ansan is dóich leis an duine sin go réasúnta is gá chun na críche sin. | |
[EN] | (3) Gach éinne chuirfidh bac no chuirfidh isteach ar aon duine eile agus an duine eile sin ag feidhmiú aon chomhachta bheidh dílsithe ann de bhuadh an ailt seo, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air. | |
[EN] |
An tAire d'aontú le scéimeanna pleanála. |
29. —(1) Nuair a bheidh cinnte ag údarás pleanála fén alt so ar scéim phleanála do cheapadh déanfaidh an t-údarás san, chó tapaidh agus is féidir é, an cinneadh sin do chur in éifeacht agus scéim phleanála do cheapadh dá réir agus cuirfid an scéim sin fé bhráid an Aire chun aontuithe léi. |
[EN] | (2) Nuair a chuirfidh údarás pleanála scéim phleanála fé bhráid an Aire chun aontuithe léi féadfaidh an tAire, le hordú, aontú leis an scéim sin gan atharú do dhéanamh uirthi, no a cheangal ar an údarás pleanála san an scéim sin d'atharú i pé slí (pe'ca tré chur leis, tré fhágaint ar lár no éinní eile é) a luadhfa sé, no a cheangal ar an údarás pleanála san scéim nua do cheapadh agus do chur fé n-a bhráid (pe'ca aca is oiriúnach leis). | |
[EN] | (3) Nuair a cheanglóidh an tAire ar údarás phleanála fén alt so scéim phleanála do cuireadh fé n-a bhráid d'atharú beidh sé de dhualgas ar an údarás pleanála san an scéim sin d'atharú dá réir sin agus an scéim sin agus í atharuithe amhlaidh do chur fé bhráid an Aire arís, agus leis sin beidh feidhm ag fo-alt (2) den alt so fé is dá mb' ansan do bheadh an scéim sin á cur fé bhráid an Aire den chéad uair. | |
[EN] | (4) Nuair a cheanglóidh an tAire ar údarás phleanála fén alt so scéim phleanála nua do cheapadh agus do chur fé n-a bhráid beidh sé de dhualgas ar an údarás pleanála san scéim phleanála nua do cheapadh dá réir sin chó luath agus is féidir é agus an scéim sin do chur fé bhráid an Aire chun aontuithe léi, agus leis sin beidh feidhm ag fo-alt (2) den alt so fé is dá mba bhun-scéim do chur fé n-a bhráid den chéad uair an scéim sin do chur fé n-a bhráid amhlaidh. | |
[EN] | (5) Nuair a dhiúltóidh údarás pleanála no leigid i bhfaillí scéim phleanála d'atharú no scéim phleanála nua do cheapadh agus do chur isteach do réir iarratais chuige sin ón Aire fén alt so agus nuair is deimhin leis an Aire, tar éis fiosrúcháin phuiblí do dhéanamh, go raibh an diúltadh no an fhaillí sin mí-réasúnta, féadfaidh an tAire féin an scéim phleanála d'atharú no an scéim phleanála nua san do cheapadh do réir an iarratais sin agus féadfaidh, le hordú, aontú leis an scéim sin agus í atharuithe no ceaptha amhlaidh, agus leis sin íocfaidh an t-údarás pleanála san leis an Aire, ar n-a éileamh san ortha, pé suim a dheimhneoidh an tAire do bheith có-ionann le méid na gcostaisí fé n-a ndeachaidh sé de dheascaibh an diúltuithe no na faillí sin. | |
[EN] | (6) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so ag aontú le scéim phleanála déanfaidh an t-údarás pleanála do cheap an scéim sin a chur fé ndeár cóipeanna den ordú san agus den scéim phleanála san do chur ar fáil chun a n-iniúchta ag an bpuiblíocht ar na tráthanna agus sna háiteanna orduithe agus déanfaid, laistigh den am orduithe, a chur fé ndeár go bhfoillseofar, san Iris Oifigiúil agus i pé slí eile a hordófar, fógra á rá go ndearnadh an t-ordú san agus cadiad na tráthanna bheidh agus na háiteanna ina mbeidh cóipeanna den ordú san agus den scéim phleanála san ar fáil chun a n-iniúchta ag an bpuiblíocht. | |
[EN] | (7) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so ag aontú le scéim phleanála leagfar é (maraon leis an scéim phleanála san) fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den trí seachtaine shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin (ach gan aon tseachtain d'áireamh ná suidhfidh an Tigh sin in aon chor) tar éis na seachtaine do leagadh an t-ordú san fé bhráid an Tighe sin no do foillsíodh fógra san Iris Oifigiúil a rá go ndearnadh an t-ordú san, pé'ca aca san is déanaí, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san. | |
[EN] | (8) Pé uair a déanfar ordú ag aontú le scéim phleanála do chur ar nea-mbrí fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so tuigfear go ndearnadh, an lá do thárla an cur ar nea-mbrí sin, an scéim phleanála san do chur fé bhráid an Aire athuair sa bhfuirm inar haontuíodh leis an scéim sin tríd an ordú san, agus leis sin beidh feidhm ag an gCuid seo den Acht so maidir leis an scéim phleanála san fé is dá mb'é rud é an t-ath-chur fé bhráid sin ná an t-údarás pleanála do cheap an scéim sin do chur na scéime sin fé bhráid an Aire fén alt so chun aontuithe léi agus fé is dá mb'í uair a curtha fé n-a bhráid amhlaidh an chéad uair do cuirfí an scéim phleanála san fé n-a bhráid amhlaidh. | |
[EN] | (9) I gcás contae-bhuirge Bhaile Atha Cliath, buirge Dhún Laoghaire, agus contae-bhuirge Chorcaighe fé seach is feidhm fhorcoimeádtha scéim phleanála do cheapadh agus do chur fé bhráid an Aire fén alt so. | |
[EN] |
Dearbhú i scéim phleanála ag toirmeasc cúitimh. |
30. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh dearbhú bheith i scéim phleanála á rá ná beidh aon chúiteamh iníoctha fén Acht so toisc no de dhruim foráil áirithe sa scéim phleanála san do theacht i ngníomh, eadhon, foráil a bhaineann le ní luaidhtear i gCuid II (ach amháin mír 5 di) no i gCuid III (ach amháin mír 1 di) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, no chuireann teora leis an méid bóthar nua no orduíonn cá ndéanfar bóithre nua raghaidh isteach ar sheana-bhóthar no ar bhóthar nua, no a cuirfear isteach sa scéim phleanála san chun aon fhorála bhaineann no chuireann teora no orduíonn amhlaidh mar adubhradh do dhéanamh éifeachtúil. |
[EN] | (2) Ní aontóidh an tAire le scéim phleanála ina mbeidh aon dearbhú den tsórt a húdaruítear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so maran deimhin leis— | |
[EN] | (a) gur ceart agus gur réasúnta, ag féachaint do chúrsaí áitiúla, an fhoráil gur ina taobh do rinneadh an dearbhú san d'fhoirfheidhmiú gan cúiteamh d'íoc, agus | |
[EN] | (b) ná coisceann an scéim phleanála cúiteamh d'íoc i gcaillteanas no i ndíobháil a thiocfaidh— | |
[EN] | (i) de dheascaibh oibriú na scéime pleanála do chur coisc le cothabháil fhoirginte no dhéanmhais eile do bhí ann ar an dáta oiriúnach no le leanúint d'aon fhoirgint no déanmhas eile den tsórt san d'úsáid chun na críche chun a raibh sé á úsáid ar an dáta oiriúnach no le hatharuithe réasúnta agus (i gcásanna oiriúnacha) breisiúcháin réasúnta do dhéanamh ar aon fhoirgint no déanmhas eile den tsórt san, no | |
[EN] | (ii) i gcás foirgint no déanmhas eile do bhí ann aon uair laistigh de dhá bhliain roimh an dáta oiriúnach do leagadh no do dhíthiú tré theine no ar shlí eile, de dheascaibh oibriú na scéime pleanála do chur coisc le foirgint nua do thógaint, laistigh de dhá bhliain tar éis an leagtha no an dithithe sin, ar láithreán na foirginte no an déanmhais eile sin do leagadh no do díthíodh agus an fhoirgint no an déanmhas san ina mhalairt shubstainteach ar an bhfoirgint no ar an déanmhas leagtha no díthithe sin no leis an bhfoirgint no an déanmhas nua san d'úsáid chun na críche is déanaí chun ar húsáideadh an fhoirgint no an déanmhas eile sin do leagadh no do díthíodh. | |
[EN] | (3) Isé an tAire do bhéarfaidh breith ar gach aighneas agus ceist i dtaobh ce'ca tá no ná fuil foirgint no déanmhas nua eile ina mhalairt shubstainteach do réir bhrí an ailt seo ar fhoirgint no ar dhéanmhas eile do leagadh no do díthíodh ach ní thabharfaidh an tAire de bhreith amhlaidh go bhfuil foirgint nua ina malairt shubstainteach ar fhoirgint leagtha no dhíthithe maran deimhin leis go bhfuil luchtmhaireacht chúbach na coda san den fhoirgint nua san atá os cionn leibhéil na talmhan có-ionann ar a laighead le n-a raibh os cionn leibhéil na talmhan den fhoirgint leagtha no dhíthithe sin agus go bhfuil tonn-achar urláir thalmhan na foirginte nua san có-ionann ar a laighead le tonn-achar urláir thalmhan na foirginte leagtha no díthithe sin. | |
[EN] |
An Ard-Chúirt do chur scéime pleanála ar nea-mbrí. |
31. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú ag aontú le scéim phleanála féadfaidh éinne go ndéanfadh an scéim phleanála san deifir dá mhaoin a iarraidh ar an Ard-Chúirt, laistigh de mhí tar éis fógra á rá go ndearnadh an t-ordú san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, an scéim sin no aon chuid áirithe dhi do chur ar nea-mbrí agus ar dhéanamh an iarratais sin— |
[EN] | (a) más dóich leis an Ard-Chúirt an scéim phleanála san do bheith ar fad no nách mór ar fad contrárdha don Acht so no gan bheith údaruithe leis no gan bheith ceaptha dá réir féadfaidh an Ard-Chúirt an scéim phleanála san do chur ar nea-mbrí, agus | |
[EN] | (b) más dóich leis an Ard-Chúirt ná fuil ach cuid den scéim phleanála san contrárdha don Acht so no gan bheith údaruithe leis no gan bheith ceaptha dá réir féadfaidh an Ard-Chúirt an chuid sin den scéim phleanála san do chur ar nea-mbrí no iomlán na scéime pleanála san do chur ar nea-mbrí, pé'ca aca do chífear don Ard-Chúirt is oiriúnaí do sna páirtithe uile. | |
[EN] | (2) Má dheineann an Ard-Chúirt cuid de scéim phleanála do chur ar nea-mbrí fén alt so ní choiscfidh san ar an Aire an t-ordú tré n-ar haontuíodh leis an scéim phleanála san do cheiliúradh ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (3) Má dheineann an Ard-Chúirt iomlán scéime pleanála do chur ar nea-mbrí fén alt so beidh feidhm agus éifeacht ag an gCuid seo den Acht so maidir leis an scéim phleanála san fé is dá ndeineadh an tAire, an lá cuirfear an scéim phleanála san ar nea-mbrí amhlaidh, ordú á cheangal ar an údarás pleanála do cheap an scéim phleanála san scéim phleanála nua do cheapadh agus do chur fé n-a bhráid. | |
[EN] | (4) Beidh an tAire i dteideal teacht i láthair agus éisteacht d'fháil agus fianaise do thabhairt uaidh agus iarratas á éisteacht fén alt so agus pé uair a thiocfaidh an tAire i láthair le linn aon iarratais den tsórt san déanfaidh an t-údarás pleanála do cheap an scéim phleanála is abhar don iarratas san na costaisí agus na caiteachaisí fé n-a raghaidh an tAire agus a bhainfidh agus a gheobhaidh leis an iarratas san d'íoc, nuair a bheid measta agus faighte amach, ach amháin sa chás agus sa mhéid go n-ordóidh an Ard-Chúirt d'aon duine eile na costaisí agus na caiteachaisí sin d'íoc agus go mbainfear den duine sin iad. | |
[EN] | (5) Ar éisteacht iarratais fén alt so féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú gurb é íocfaidh na costaisí agus na caiteachaisí bhainfidh no gheobhaidh leis an iarratas san agus fé n-a raghaidh aon pháirtí (agus an t-iarratasóir agus an tAire d'áireamh) a bheidh i láthair le linn éisteachta an iarratais sin ná aon pháirtí eile den tsórt san (agus iad san adubhradh thuas d'áireamh). | |
[EN] | (6) Más dóich leis an Ard-Chúirt iarratas fén alt so do bheith suaibhreosach no ciapthach féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú do neach déanta an iarratais sin pé suim a cheapfaidh an Ard-Chúirt d'íoc leis an údarás pleanála do cheap an scéim phleanála dob abhar don iarratas san mar airgead damáiste (de bhreis ar aon chostaisí agus caiteachaisí deonfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so) mar gheall ar chaillteanas, ar mhoill, ar cheataí no ar dhíobháil eile do tháinig as an iarratas san. | |
[EN] |
Scéim phleanála do theacht i ngníomh. |
32. —(1) Pé uair a bheidh ordú déanta ag an Aire ag aontú le scéim phleanála féadfaidh an tAire, maran rud é go mbeidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí le rún do rith ceachtar Tigh den Oireachtas no go mbeidh iomlán na scéime pleanála san curtha ar nea-mbrí ag an Ard-Chúirt, ordú do dhéanamh, más rogha leis é, ag ceapadh an lae thiocfaidh an scéim phleanála san i ngníomh no pé cuid di ná beidh curtha ar nea-mbrí ag an Ard-Chúirt. |
[EN] | (2) Nuair a bheidh ordú déanta ag an Aire fén alt so ag ceapadh an lae thiocfaidh scéim phleanála i ngníomh tiocfaidh an scéim phleanála san i ngníomh (ach amháin an chuid sin di, más aon chuid é, a bheidh curtha ar nea-mbrí ag an Ard-Chúirt), agus beidh feidhm agus éifeacht reachtúil aici, an lá agus ón lá bheidh ceaptha amhlaidh. | |
[EN] |
An tAire do dhéanamh ceiliúrtha ar aontú le scéim phleanála. |
33. —(1) Pé uair a bheidh ordú déanta ag an Aire ag aontú le scéim phleanála féadfa sé, aon uair sara dtiocfaidh an scéim sin i ngníomh ach ní tar éis an orduithe sin do chur ar nea-mbrí le rún o cheachtar Tigh den Oireachtas ná tar éis don Ard-Chúirt an scéim sin do chur ar nea-mbrí go hiomlán, an t-ordú san uaidh ag aontú leis an scéim phleanála san do cheiliúradh le hordú. |
[EN] | (2) Nuair a déanfar ceiliúradh fén alt so ar ordú ag aontú le scéim phleanála tuigfear go ndearna an t-údarás do cheap an scéim phleanála san an scéim sin do chur fé bhráid an Aire an lá ba dháta don ordú cheiliúrtha san, chun go n-aontódh sé léi agus san sa bhfuirm inar haontuíodh léi tríd an ordú san do ceiliúradh amhlaidh, agus leis sin beidh feidhm ag an gCuid seo den Acht so maidir leis an scéim sin fé is dá mb' í uair a curtha fé bhráid an Aire amhlaidh an chéad uair a cuirfí an scéim sin fé n-a bhráid fén gCuid seo den Acht so. | |
[EN] |
Scéim phleanála do cheiliúradh, etc., le scéim phleanála ceapfar ina dhiaidh sin. |
34. —Aon tráth tar éis teacht i ngníomh do scéim phleanála le n-ar haontuíodh tré ordú ón Aire féadfar í do cheiliúradh i bpáirt no go hiomlán no í do leasú no d'atharú le scéim phleanála ceapfar ina dhiaidh sin, ag an údarás áitiúil do cheap an scéim sin do céad-luadhadh, agus le n-a n-aontófar go cuibhe agus a cuirfear i ngníomh fén Acht so. |
[EN] |
Scéim phleanála do cheiliúradh no do leasú ar n-a iarraidh sin d'údarás fhreagarthach. |
35. —(1) Féadfaidh údarás freagarthach fé scéim phleanála a iarraidh aon uair ar an údarás pleanála do cheap an scéim phleanála san ceiliúradh no atharú do dhéanamh ar an scéim phleanála san ar gach scór no aon scór acu so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) mar gheall ar mhéid an chúitimh do deonadh no is cósúil a deonfar fén Acht so no neachtar acu alos forálacha sa scéim phleanála san; | |
[EN] | (b) mar gheall ar dheacrachtaí praiticiúla a bhaineann leis an scéim phleanála san d'fheidhmiú no d'fhoirfheidhmiú; | |
[EN] | (c) mar gheall ar nithe do thárla o ceapadh an scéim phleanála san. | |
[EN] | (2) Pé uair do gheobhaidh údarás pleanála iarratas fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so bhéarfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin an údaráis phleanála san láithreach do gach ball den údarás phleanála san agus foillseoidh láithreach i dtaobh an iarratais sin fógraí den tsórt is gá do réir an Achta so do thabhairt agus d'fhoillsiú á rá é bheith beartuithe rún do thairisgint go gceapfaí scéim phleanála. | |
[EN] | (3) Déanfaidh údarás pleanála chun a ndéanfar iarratas fén alt so an t-iarratas san do bhreithniú tar éis fógra do thabhairt agus d'fhoillsiú do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so agus féadfaid pé ní acu so leanas is oiriúnach leo do dhéanamh:— | |
[EN] | (a) cinneadh ar an scéim phleanála san do cheiliúradh le scéim phleanála cheiliúrthach agus rún do rith chun na scéime pleanála ceiliúrthaighe sin do cheapadh dá réir sin, no | |
[EN] | (b) cinneadh ar an scéim phleanála san d'atharú le scéim phleanála leasuitheach agus rún do rith chun na scéime pleanála leasuithighe sin do cheapadh dá réir sin, no | |
[EN] | (c) diúltú don iarratas san. | |
[EN] | (4) Pé uair a chinnfidh údarás pleanála fén alt so ar scéim phleanála cheiliúrthach no leasuitheach do cheapadh beidh feidhm ag forálacha na Coda so den Acht so maidir leis an scéim phleanála cheiliúrthach no leasuitheach san fé mar atá acu maidir leis na scéimeanna pleanála luaidhtear sa Chuid sin. | |
[EN] | (5) Na forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le rúin do rith chun scéime pleanála do cheapadh agus leis na rúin sin ar bheith rithte dhóibh beidh feidhm acu maidir le rún a bheidh fé bhreithniú no rithte ag údarás pleanála fén alt so chun scéime pleanála ceiliúrthaighe no leasuithighe do cheapadh fé is dá mb'fhógra i dtaobh é bheith beartuithe rún do thairisgint i dtéarmaí an iarratais sin an fógra ceangailtear leis an alt so ar phríomh-oifigeach fheidhmiúcháin an údaráis phleanála san do thabhairt agus d'fhoillsiú. | |
[EN] | (6) Pé uair a dhéanfaidh údarás freagarthach iarartas fén alt so chun údaráis phleanála agus a theipfidh ar an údarás pleanála san an t-iarratas san do bhreithniú agus an deighleáil deiridh do dhéanamh leis laistigh de ráithe tar éis an iarratais sin do dhéanamh tuigfear gur dhiúltuigh an t-údarás pleanála san don iarratas san agus, chun aon tréimhse aimsire d'áireamh, tuigfear gur ar an lá deiridh den tréimhse ráithe sin do tugadh an diúltú san. | |
[EN] | (7) I gcás contae-bhuirge Bhaile Atha Cliath, buirge Dhún Laoghaire, agus contae-bhuirge Chorcaighe is feidhmeanna forcoimeádtha iarratas do dhéanamh fé fho-alt (1) den alt so agus iarratas do bhreithniú agus deighleáil leis fén bhfo-alt san (1). | |
[EN] |
Athchomharc maidir le scéim phleanála do cheiliúradh no d'atharú. |
36. —(1) Má iarrann údarás freagarthach ar údarás phleanála fén gCuid seo den Acht so scéim phleanála do cheiliúradh no d'atharú agus go ngoillfidh ortha an ní dhéanfaidh an t-údarás pleanála san maidir leis an iarratas san féadfaidh an t-údarás freagarthach san athchomharc do dhéanamh chun an Aire laistigh de mhí tar éis don údarás phleanála san an deighleáil deiridh do dhéanamh leis an iarratas san no tar éis é bheith tuigthe gur dhiúltadar don iarratas san agus leis sin féadfaidh an tAire pé ní acu so is dóich leis is ceart do dhéanamh, eadhon, an ní do rinne an t-údarás pleanála san do dhaingniú no a cheangal ar an údarás pleanála san scéim phleanála cheiliúrthach no leasuitheach do cheapadh. |
[EN] | (2) Má dheineann an tAire, ar athchomharc do dhéanamh chuige fén alt so, a cheangal ar údarás phleanála scéim phleanála cheiliúrthach no leasuitheach do cheapadh beidh sé de dhualgas ar an údarás pleanála san an scéim phleanála cheiliúrthach no leasuitheach san do cheapadh agus do chur fé bhráid an Aire dá réir sin chun go n-aontódh sé léi. | |
[EN] | (3) Má dhiúltann údarás pleanála do scéim phleanála cheiliúrthach no leasuitheach do cheapadh, no go leigfid i bhfaillí í do cheapadh, do réir éilimh chuige sin a bheidh déanta ag an Aire fén alt so, féadfaidh an tAire féin an scéim phleanála cheiliúrthach no leasuitheach san do cheapadh agus, le hordú, aontú leis an scéim sin mar a bheidh sí ceaptha amhlaidh, agus leis sin íocfaidh an t-údarás pleanála san leis an Aire, ar n-a éileamh san ortha, pé suim a dheimhneoidh an tAire do bheith có-ionann le méid na gcostaisí fé n-a ndeachaidh sé de dheascaibh an diúltuithe no na faillí sin. | |
[EN] | (4) I gcás contae-bhuirge Bhaile Atha Cliath, buirge Dhún Laoghaire, agus contae-bhuirge Chorcaighe is feidhmeanna forcoimeádtha athchomharc chun an Aire do bhunú fén alt so agus fós scéim phleanála cheiliúrthach no leasuitheach do cheapadh do réir an ailt seo. |