An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Sceimeanna Pleanala d'Ullamhu.) Ar Aghaidh (CUID V. Sceimeanna Pleanala d'Fheidhmiu.)

22 1934

ACHT UM BAILTE AGUS LÍOMATÁISTÍ DO SHÍNEADH AMACH, 1934

CUID IV.

Na Nithe Bheidh i Sceim Phleanala.

Ráiteas i scéimeanna pleanála i dtaobh an líomatáiste le n-a mbainid.

37. —Luadhfar agus leagfar amach go soiléir i ngach scéim phleanála an líomatáiste le n-a mbaineann sí agus ní bheidh feidhm lasmuich den líomatáiste sin ag aon fhoráil sa scéim sin ná ní thabharfaidh le tuisgint go bhfuil.

An t-údarás freagarthach d'ainmniú.

38. —(1) Le gach scéim phleanála—

(a) ainmneofar údarás áitiúil amháin chun bheith ina n-aonúdarás freagarthach chun crícheanna na scéime sin no dhá údarás áitiúla no níos mó chun bheith ina n-údaráis fhreagarthacha iomdha chun crícheanna na scéime sin, agus

(b) féadfar dualgaisí agus feidhmeanna do cheapadh, d'údarás áitiúil a hainmneofar amhlaidh sa scéim sin maidir le feidhmiú agus foirfheidhmiú na scéime sin agus go sonnrách (fé réir forálacha an ailt seo) maidir le gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh chun crícheanna na scéime sin, sé sin le rá, aon obair phuiblí do dhéanamh no aon tseirbhís phuiblí do ghabháil de láimh no aon talamh do thógaint.

(2) Má deintear le scéim phleanála dhá údarás áitiúla no níos mó d'ainmniú chun bheith ina n-údaráis fhreagarthacha iomdha chun crícheanna na scéime sin luadhfar sa scéim sin an líomatáiste dá mbeidh agus na crícheanna chun a mbeidh gach údarás áitiúil fé leith acu san ina n-údarás freagarthach.

(3) Ní déanfar le scéim phleanála a cheapadh mar dhualgas d'údarás áitiúil a bheidh ainmnithe inti mar údarás fhreagarthach aon obair phuiblí do dhéanamh ná aon tseirbhís phuiblí do ghabháil de láimh ná aon talamh do thógaint chun críche ar bith mara mbeidh comhacht do réir dlí ag an údarás san an obair sin do dhéanamh, an tseirbhis sin do ghabháil de láimh no an talamh san do thógaint chun na críche sin fé reacht seachas an tAcht so, no fé fhoráil den Acht so le n-a mbronntar an chomhacht san go soiléir, no fé reacht go ndearbhófar le scéim phleanála, de bhuadh an Achta so, é bheith i bhfeidhm sa líomatáiste ina mbeidh an obair sin le déanamh no an tseirbhís sin le gabháil de láimh no an talamh san le tógaint, pe'ca aca é.

(4) San Acht so (lasmuich den alt so) léireofar an abairt “an t-údarás freagarthach” mar thagairt don údarás áitiúil is údarás freagarthach fén scéim phleanála sa líomatáiste, agus chun na críche, gur maidir leo a húsáidtear an abairt.

An clár do bhunú agus do choinneáil ar siúl.

39. —Déanfar le gach scéim phleanála socrú chun aon údarás freagarthach amháin áirithe do bhunú cláir (dá ngairmtear an clár san Acht so) sa bhfuirm orduithe agus dá choinneáil ar siúl, eadhon, clár de sna nithe sin uile is gá do réir an Achta so d'iontráil sa chlár maidir leis an scéim sin no chun crícheanna na scéime sin agus déanfar léi freisin socrú chun go bhféadfaidh an phuiblíocht an clár san d'iniúchadh in aisce in áit chaothúil gach tráth réasúnta agus i gcás ina n-oirfidh san, chun údaráis fhreagarthacha, seachas an t-údarás freagarthach dar dualgas an clár san do choinneáil ar siúl, do dhéanamh iontrálanna sa chlár san.

Forálacha áirithe fhéadfaidh bheith i scéimeanna pleanála.

40. —(1) Féadfaidh socruithe bheith i scéim phleanála chun gach críche no aon chríche acu so leanas maidir leis an líomatáiste le n-a mbaineann an scéim agus féadfaidh socruithe deifriúla den tsórt san bheith inti maidir le coda deifriúla den líomatáiste sin, sé sin le rá:—

(a) chun rialáil do dhéanamh maidir le bóithre agus bealaighe do dhéanamh. do leathnú, do chlaonadh, d'atharú agus do dhúnadh agus go sonnrách chun gach críche no aon chríce dá luaidhtear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

(b) chun rialáil agus stiúradh do dhéanamh maidir le déanmhais, agus na rudaí féadfar do cheangal de dhéanmhais, do dhéanamh, d'atharú agus d'úsáid, agus go sonnrách chun gach críche no aon chríche dá luaidhtear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

(c) chun taithneamhachtaí an líomatáiste le n-a mbaineann an scéim do bhuanchoimeád, d'fheabhsú, agus do leathnú, agus go sonnrách chun gach críche no aon chríche dá luaidhtear i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

(d) chun gach críche no aon chríche maidir le seirbhísí puiblí, dá luaidhtear i gCuid IV den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

(e) chun gach críche no aon chríche, maidir le hiompar agus le conbharsáid, dá luaidhtear i gCuid V den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

(f) chun gach críche no aon chríche de sna crícheanna ilghnéitheacha luaidhtear i gCuid VI den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Aon tsocrú chabhruíonn no bhaineann le haon tsocrú no leanann as aon tsocrú a húdaruítear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, féadfaidh san, leis, bheith i scéim phleanála.

(3) Chun éifeachta do thabhairt d'aon fhoráil den tsórt a húdaruítear leis an gcéad fho-alt den alt so féadfaidh socruithe bheith i scéim phleanála—

(a) chun rialú, srianadh no toirmeasc do dhéanamh, go generálta no i gcúrsaí no i gcásanna áirithe, maidir le cearta slí, cearta soluis, agus éasáidí eile d'fheidhmiú no do thógaint laistigh den líomatáiste no d'aon chuid áirithe den líomatáiste le n-a mbaineann an scéim, no

(b) chun rialú agus teorannú do dhéanamh ar na crícheanna chun a bhféadfar agus ar an slí ina bhféadfar aon talamh áirithe no an talamh go léir in aon chuid áirithe den líomatáiste le n-a mbaineann an scéim d'úsáid agus fós chun a thoirmeasc an talamh san d'úsáid chun aon chríche lasmuich de chríche áirithe no de shaghsanna áirithe crícheanna ná in aon tslí lasmuich de shlí áirithe.

(4) Féadfar le scéim phleanála cinneadh ar an slí ina ndéanfar agus ar an líomatáiste óna ndéanfar gach costas no aon chostas d'íoc agus do chruinniú de sna costaisí fé n-a raghaidh údarás áitiúil chun na scéime pleanála san do cheapadh agus do chur in éifeacht agus d'fhoirfheidhmiú maidir leis na nithe sin (seachas costaisí fé n-a raghfar chun aon ghnímh no ruda do dhéanamh de bhuadh comhachta no údaráis a bronntar le hachtachán seachas an tAcht so) agus pé uair a bheidh aon chinneadh den tsórt san i scéim phleanála déanfar, d'ainneoin éinní atá san Acht so, na costaisí le n-a mbaineann an cinneadh sin d'íoc agus do chruinniú do réir an chinnte sin.

(5) Féadfar le scéim phleanála, maidir le reacht áirithe ná beidh i bhfeidhm sa líomatáiste no i gcuid áirithe den líomatáiste le n-a mbaineann an scéim sin ach go bhféadfadh aon duine no údarás no go bhféadfaí ar aon tslí seachas le hAcht den Oireachtas glacadh leis no é do chur i bhfeidhm ar shlí eile sa líomatáiste sin no sa chuid áirithe sin de, a shocrú go dtuigfear chun crícheanna na scéime sin é bheith curtha i bhfeidhm amhlaidh agus gach toiliú agus ceadú (más aon cheann é) do bheith tugtha ba ghá chun an cur-i-bhfeidhm sin do dhéanamh agus go mbeidh an reacht san i bhfeidhm dá réir sin chun na gcrícheanna san.

Cosaint do shéadchomharthaí náisiúnta.

41. —Ní bheidh i scéim phleanála aon fhoráil do chuirfeadh srian le comhachta no le dualgaisí no do dhéanfadh dochar no deifir do chomhachta no do dhualgaisí an Aire Airgid, Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn, no aon údaráis áitiúla fé Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 (Uimh. 2 de 1930) , maidir le séadchomharthaí náisiúnta mar a mínítear san leis an Acht san no maidir le haon tséadchomhartha áirithe den tsórt san.

Comhacht d'údarás fhreagarthach chun tailimh do thógaint.

42. —(1) Aon uair tar éis scéime pleanála do theacht i ngníomh beidh ag an údarás freagarthach, i dteanta aon chomhachta agus gan dochar d'aon chomhacht a bronntar le haon Acht eile chun tailimh do thógaint, comhacht chun tailimh do thógaint, sa líomatáiste le n-a mbaineann an scéim sin, in aon chás acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás inar gá an talamh chun taobh aon bhóthair d'fheabhsú do réir na scéime sin no chun forbairte taobh aon bhóthair do rialú do réir na scéime sin, no

(b) i gcás an talamh do bheith ar seilbh ina phaistí ar leithligh agus, de bhíthin eagair no crotha nea-chaothúla na bpaistí sin no iomadúlachta na leasanna sa talamh san, go mbeadh sé ró-dheacair an talamh san d'fhorbairt do réir na scéime sin mara dtógaidh an t-údarás freagarthach an talamh san, no

(c) i gcás an talamh do bheith ina chuid de láithreán bóthair do dúnadh do réir forála sa scéim sin.

(2) Chun údaráis fhreagarthaigh do thógaint tailimh fén alt so, beidh feidhm ag ailt 203, 214, agus 215 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar atáid leasuithe le halt 8 den Public Health (Ireland) Act, 1896, agus le halt 68 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 den 1925), fé is dá ndeintí na hailt sin mar atáid leasuithe amhlaidh d'ath-achtú san Acht so agus do chur i mbaint leis an údarás freagarthach san i dteanta agus fé réir na n-atharuithe deintear leis an Acht so ar an nós imeachta fé sna hailt sin.

(3) Féadfaidh údarás freagarthach aon uair, le toiliú an Aire, aon talamh a thógfaidh an t-údarás san fén alt so do dhíol no do chur ar cíos, tré cheant phuiblí no tré chonnradh phríobháideach, ina ranna oiriúnacha.

Atharú ar an nós imeachta chun tailimh do thógaint.

43. —(1) Má bheartuíonn údarás freagarthach talamh do thógaint (ar shlí eile seachas tré chó-aontú) chun crícheanna scéime pleanála pe'ca i bhfeidhmiú comhachta bronntar le reacht seachas an tAcht so é no i bhfeidhmiú comhachta bronntar go soiléir leis an Acht so, féadfar na fógráin a luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 230 den Public Health (Ireland) Act, 1878, d'fhoillsiú i mí ar bith, agus sa chás san déanfar na fógráin a luaidhtear sa bhfo-alt san do sheirbheáil sa mhí díreach tar éis an mhí ina bhfoillseofar na fógráin sin.

(2) Aon achtachán le n-a gceangailtear ar údarás áitiúil a thógann talamh fé Achtanna na gClásanna Talmhan ordú sealadach d'fháil no aon roimh-chúrsa eile do leanúint sara gcuirid i bhfeidhm, maidir leis an talamh san, na comhachta bronntar leis na hAchtanna san chun tailimh do thógaint ar shlí eile seachas tré chó-aontú, ní bheidh éifeacht aige maidir le húdarás áitiúil do thógaint aon tailimh áirithe do réir forála i scéim phleanála le n-a gceangailtear go soiléir ar an údarás áitiúil sin an talamh san do thógaint chun crícheanna na scéime sin.

Achtanna, orduithe, etc., do chur ar fiunraoi le scéimeanna pleanála.

44. —(1) Má bhíonn forálacha i scéim phleanála maidir le hiomlán an líomatáiste le n-a mbaineann an scéim sin no le haon chuid áirithe dhe agus iad cosúil ina n-éifeacht no bunoscionn le haon achtachán in Acht a bheidh i bhfeidhm in iomlán an líomatáiste sin no sa chuid áirithe sin de (pe'ca aca é) no le haon achtachán in aon ordú, fo-dhlí, no rialachán do rinne údarás áitiúil fé aon Acht den tsórt san agus a bheidh i bhfeidhm amhlaidh féadfaidh aon fhorálacha (dá ngairmtear le chéile forálacha fiunraíochta san alt so) den tsórt a luaidhtear i pé mír acu so leanas a bhaineann leis an gcás bheith sa scéim phleanála san fé réir forálacha an ailt seo, sé sin le rá:—

(a) i gcás achtacháin i reacht Briotáineach generálta puiblí no in Acht puiblí den Oireachtas, forálacha le n-a gcuirfear oibriú an achtacháin sin ar fiunraoi in iomlán an líomatáiste sin no sa chuid áirithe sin de (pe'ca aca é);

(b) i gcás achtacháin i reacht Briotáineach áitiúil no in Acht príobháideach den Oireachtas, forálacha le n-a ndéanfar oibriú an achtacháin sin do chur ar fiunraoi no a fhorálacha do leasú, d'oiriúnú no d'atharú maidir le hiomlán an líomatáiste sin no leis an gcuid áirithe sin de (pe'ca aca é);

(c) i gcás achtacháin in aon ordú, fo-dhlí no rialachán den tsórt san roimhráite, forálacha le n-a ndéanfar oibriú an achtacháin sin do chur ar fiunraoi no a fhorálacha do leasú, d'oiriúnú no d'atharú maidir le hiomlán an líomatáiste sin no leis an gcuid áirithe sin de (pe'ca aca é).

(2) Fé réir forálacha na céad fho-mhíre ina dhiaidh seo den alt so ní thiocfaidh aon fhoráil fhiunraíochta i scéim phleanála i ngníomh ná ní bheidh éifeacht aici mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar an fhoráil fhiunraíochta san do dhaingniú le rún a rithfidh gach Tigh den Oireachtas.

(3) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so maidir le haon fhoráil fhiunraíochta—

(a) ná baineann ach le hachtachán d'fhéadfaí do dhéanamh fé aon Acht (seachas an tAcht so), maidir leis an líomatáiste le n-a mbaineann an fhoráil fhiunraíochta san, le hordú, fo-dhlí, no rialachán nár ghá a dhaingniú ag an Oireachtas, no

(b) ná baineann ach le hachtachán dob abhar roimhe sin d'fhoráil fhiunraíochta do bhí i scéim phleanála eile agus do daingníodh fén alt so le rún do rith gach Tigh den Oireachtas no ná baineann ach le hachtachán is có-ionann nách mór ina éifeacht le hachtachán dob abhar roimhe sin d'fhoráil fhiunraíochta do bhí i scéim phleanála eile agus do daingníodh amhlaidh mar adubhradh.

Athchomharc in aghaidh patrún, etc., déanmhaisí do rialú.

45. —(1) Má bhíonn i scéim phleanála foráil le n-a mbronntar comhacht ar an údarás freagarthach chun rialáil agus stiúradh do dhéanamh (go generálta no i líomatáistí áirithe) maidir le patrún, dath no abhair dhéanmhaisí, féadfaidh éinne ar a ngoillfidh breith do bhéarfaidh an t-údarás freagarthach uatha i bhfeidhmiú na comhachta san athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh na breithe sin chun an Bhreithimh den Chúirt Dúithche go ndlighinse sa cheanntar ina mbeidh an déanmhas le n-a mbaineann an bhreith sin agus ar an athchomharc san do dhéanamh féadfaidh an Breitheamh san an bhreith sin do dhaingniú, d'atharú, do chlaochlódh no do chur ar nea-mbrí, do réir mar is dóich leis is ceart.

(2) Scéim phleanála ina mbeidh aon fhoráil den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so féadfaidh foráil bheith inti gur chun binse speisialta, de dhaoine go n-eolas speisialta no go dtaithí phraiticiúil, a bunófar i pé slí a luadhfar sa bhforáil sin, a luighfidh an t-athchomharc fén bhfo-alt san in ionad é luighe chun an Bhreithimh den Chúirt Dúithche, ach sa chás san luighfidh athchomharc i gcoinnibh gach breithe ón mbinse speisialta san chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda go ndlighinse sa Chuaird ina mbeidh an déanmhas le n-a mbaineann an bhreith sin agus ní bheidh dul thar breith an Bhreithimh sin.

(3) Airmheofar mar scór de sna scóranna ar a bhféadfar athchomharc do dhéanamh fén alt so go mbeadh an costas do thiocfadh as éifeacht do thabhairt don bhreith dob abhar don athchomharc san mí-réasúnta ag féachaint do shaghas na háite ina bhfuil an déanmhas le n-a mbaineann an bhreith sin agus do shaghas na ndéanmhas ina chomharsanacht.

Údarás áitiúil d'íoc coda de sna costaisí fé n-a raghaidh údarás áitiúil eile.

46. —Féadfar le scéim phleanála socrú do dhéanamh chun údaráis áitiúla (dá ngairmtear an t-údarás rann-íocach san alt so) d'íoc rann-íoca le húdarás áitiúil eile mar chabhair chun íoctha gach costais no aon chostais fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil deiridh sin a luaidhtear chun na scéime pleanála san do cheapadh, d'fhoirfheidhmiú agus do chur in éifeacht no maidir leis na nithe sin, agus pé uair a bheidh aon tsocrú den tsórt san i scéim phleanála íocfaidh an t-údarás rann-íocach an rann-íoc san dá réir sin.