An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Na Nithe Bheidh i Sceim Phleanala.) Ar Aghaidh (CUID VI. Saru ar Sceimeanna Pleanala.)

22 1934

ACHT UM BAILTE AGUS LÍOMATÁISTÍ DO SHÍNEADH AMACH, 1934

CUID V.

Sceimeanna Pleanala d'Fheidhmiu.

Dualgas generálta údaráis fhreagarthaigh.

47. —(1) Nuair a thiocfaidh scéim phleanála i ngníomh ná luaidhtear inti ach aon údarás freagarthach amháin beidh sé de dhualgas ar an údarás freagarthach san an scéim sin do chur in éifeacht agus d'fhoirfheidhmiú go generálta agus, go sonnrách, gach feidhm agus dualgas do chólíonadh agus gach ní do dhéanamh a ceaptar don údarás san leis an scéim sin.

(2) Nuair a thiocfaidh scéim phleanála i ngníomh ina luaidhtear dhá údarás fhreagarthacha no níos mó beidh sé de dhualgas ar gach údarás freagarthach fé leith acu san an scéim sin do chur in éifeacht agus d'fhoirfheidhmiú go generálta i pé líomatáiste no chun pé crícheanna luaidhtear chuige sin sa scéim sin agus, go sonnrách, gach feidhm agus dualgas do chólíonadh agus gach ní do dhéanamh a ceaptar don údarás san leis an scéim sin.

(3) Pé uair a dhéanfaidh údarás freagarthach, do réir scéime pleanála, aon ghníomh no rud de bhuadh comhachta no údaráis a bronntar le hachtachán seachas an tAcht so is sa tslí agus ón líomatáiste foráltar leis an achtachán san a híocfar agus a cruinneofar gach costas fé n-a raghaidh an t-údarás freagarthach san agus iad ag déanamh an ghnímh no an ruda san (agus san d'ainneoin éinní san Acht so ach fé réir chirt agus gan dochar do cheart an údaráis fhreagarthaigh sin chun aon rann-íoca is iníoctha fén scéim sin ag aon údarás áitiúil eile d'fháil mar chabhair chun íoctha na gcostaisí sin).

Comhachta chun dul isteach ar thalamh, etc., chun scéime pleanála do chur in éifeacht.

48. —(1) Féadfaidh éinne go n-údarás chuige sin i scríbhinn ón údarás freagarthach, ar an údarás san i scríbhinn do thaisbeáint, dul isteach idir a naoi a chlog ar maidin agus a sé a chlog um thráthnóna ar aon talamh sa líomatáiste le n-a mbaineann scéim phleanála agus pé iniúchadh, suirbhéireacht, scrúdú agus fiosrú do dhéanamh ann is gá chun na scéime sin d'fhoirfheidhmiú no do chur in éifeacht.

(2) Gach duine chuirfidh bac no cosc le héinne agus aon chomhacht a bronntar leis an alt so á feidhmiú go dleathach aige beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.