An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Sceimeanna Pleanala d'Fheidhmiu.) Ar Aghaidh (CUID VII. Togail Deanmhaisi, etc., do Cheadu agus do Thoirmeasc.)

22 1934

ACHT UM BAILTE AGUS LÍOMATÁISTÍ DO SHÍNEADH AMACH, 1934

CUID VI.

Saru ar Sceimeanna Pleanala.

Pionós mar gheall ar scéim phleanála do shárú.

49. —(1) Gan dochar d'aon leigheas síbhialta bheidh ar fáil sa chás don údarás fhreagarthach no d'éinne eile, beidh gach duine dhéanfaidh (tré ghníomh no tré fhaillí) éinní is sárú ar fhoráil i scéim phleanála beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air agus ina theanta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.

(2) Na comhachta bronntar leis an gCuid seo den Acht so ar an údarás freagarthach chun fógraí do sheirbheáil, chun dul isteach ar thalamh, agus chun nithe áirithe do dhéanamh ar an talamh san féadfar iad d'fheidhmiú pe'ca bheidh imeachta bunuithe fén alt so no ná beidh mar gheall ar an ngníomh no ar an bhfaillí (má rinneadh san) ba bhun leis na comhachta san d'fheidhmiú.

Comhachta chun sárú arscéimeanna pleanála do chosc etc.

50. —Chun sárú ar na forálacha i scéim phleanála do chosc no do leigheas beidh éifeacht ag na forálacha so leanas fé réir na bhforálacha eile den Chuid seo den Acht so, sé sin le rá:—

(a) pé uair a bheidh déanmhas gan bheith do réir forála sa scéim phleanála san féadfaidh an t-údarás freagarthach, fé mar is dóich leo is ceart, dul isteach sa déanmhas san agus, san áit sin, an déanmhas san do leagadh agus (más gá é) é d'aistriú no pé atharú do dhéanamh ar an déanmhas san do bhéarfaidh go mbeidh sé do réir na forála san;

(b) pé uair a leigfidh sealbhaire aon tailimh i bhfaillí no a theipfidh air, contrárdha d'fhoráil sa scéim phleanála san, an talamh san do choimeád san ordú agus sa staid cheart san is oiriúnach do shuidheamh an tailimh sin, féadfaidh an t-údarás freagarthach dul isteach ar an talamh san agus gach ní do dhéanamh ann is gá chun an tailimh sin do chur san ordú agus sa staid cheart san adubhradh;

(c) pé uair a bheidh úsáid déanta no á déanamh d'aon talamh i slí is sárú ar fhoráil sa scéim phleanála san agus a bheidh staid, carachtar no deallramh an tailimh sin atharuithe no á atharú de dhruim na húsáide sin féadfaidh an t-údarás freagarthach dul isteach ar an talamh san agus gach ní do dhéanamh ann is gá chun an tailimh sin do chur sa riocht ina raibh sé maidir le staid, carachtar agus deallramh sarar tosnuíodh ar é d'úsáid amhlaidh.

Fógra go bhfuiltear chun comhachta d'fheidhmiú.

51. —(1) Sara bhfeidhmeoidh an t-údarás freagarthach, maidir le déanmhas no talamh ar bith, comhacht a bronntar ortha leis an alt deiridh sin roimhe seo den Acht so déanfaid fógra ina luadhfar na nithe seo leanas do sheirbheáil ar gach éinne is únaer no is sealbhaire ar an déanmhas no ar an talamh san agus ar gach éinne go mbeidh aige, ar an déanmhas no ar an talamh san no maidir le ceachtar acu, ceart gur dóich leis an údarás freagarthach go mb'fhéidir go ndéanfaidh an feidhmiú san deifir do:—

(a) go bhfuil an t-údarás freagarthach chun na comhachta san d'fheidhmiú, agus

(b) an déanmhas no an talamh gur maidir leis atáthar chun na comhachta san d'fheidhmiú, agus

(c) an fhoráil den scéim phleanála atá i gceist agus an sárú uirthi go bhfuiltear chun na comhachta san d'fheidhmiú mar gheall air, agus

(d) nádúir ghenerálta na hoibre no na nithe atá beartuithe do dhéanamh i bhfeidhmiú na comhachta san, agus

(e) an dáta gur air no dá éis atáthar chun tosnú ar an bhfeidhmiú atá beartuithe do dhéanamh ar an gcomhacht san.

(2) An dáta luadhfar i bhfógra seirbheálfar fén Acht so mar dháta gur air no dá éis atáthar chun tosnú ar an bhfeidhmiú atá beartuithe do dhéanamh ar an gcomhacht a luaidhtear ann ní bheidh sé níos luaithe ná mí tar éis an fhógra san do sheirbheáil agus ní dhéanfaidh an t-údarás freagarthach roimh an dáta san aon ghníomh ná rud i bhfeidhmiú na comhachta san maidir leis an déanmhas ná leis an talamh a luadhfar so bhfógra san.

(3) San alt so cialluíonn an focal “únaer,” maidir le haon talamh no le haon déanmhas, duine ar bith (seachas morgáistí ná beidh i seilbh) a bheidh i dteideal de thurus na huaire bithdhílse an tailimh no an déanmhais sin, no aon téarma de bhlianta bheidh ar marthain de thurus na huaire maidir leis an talamh no leis an déanmhas san agus gur sia ná trí bliana a iarsma neachaithte, do dhíol no do chur dá láimh.

A iarraidh ar an gCúirt Dúithche fógra do chur ar neamhní.

52. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an t-údarás freagarthach fógra do sheirbheáil fén gCuid seo den Acht so ar dhuine ar bith go bhfuilid chun comhachta a bronntar leis an gCuid seo den Acht so d'fheidhmiú maidir le haon déanmhas no talamh féadfaidh an duine sin, ar fhógra do thabhairt don údarás fhreagarthach, agus roimh an dáta luaidhtear sa chéad fhógra san chun tosnú ar an gcomhacht san d'fheidhmiú amhlaidh, a iarraidh ar an mBreitheamh den Chúirt Dúithche go ndlighinse sa cheanntar ina mbeidh an déanmhas no an talamh san suidhte ordú do dhéanamh ag cur an chéad fhógra san ar neamhní agus leis sin féadfaidh an Breitheamh ordú do dhéanamh ag cur an chéad fhógra san ar neamhní maran deimhin leis go bhfuil cúrsaí ag baint leis an scéal a chuireann an t-údarás freagarthach i dteideal an chomhacht san d'fheidhmiú maidir leis an déanmhas no leis an talamh san sa tslí luaidhtear sa chéad fhógra san.

(2) Nuair a bheidh iarratas déanta chun na Cúirte Dúithche fén alt so ní dhéanfaidh an t-údarás freagarthach an chomhacht a luaidhtear sa bhfógra san d'fheidhmiú, maidir leis an déanmhas no leis an talamh a luaidhtear sa bhfógra san, sa tslí luaidhtear sa bhfógra san ná ar aon chor mara ndiúltuítear ná go dtí go ndiúltófar ar fad don iarratas san.

Údarás freagarthach do bhaint chostaisí amach.

53. —(1) Pé uair a bheidh aon obair no rud déanta ag an údarás freagarthach, i bhfeidhmiú comhachta bronntar leis an gCuid seo den Acht so, ar aon déanmhas no ar aon talamh no maidir leis agus gur ghá an obair no an rud san do dhéanamh amhlaidh de bhíthin aon oibre, gnímh no ruda do rinne duine ar bith no d'fhág sé gan déanamh (agus dá ngairmtear an trúig-ní san alt so) ar an déanmhas no ar an talamh san (pe'ca aca é) no maidir leis tar éis an dáta oiriúnaigh, beidh an t-údarás freagarthach, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, i dteideal an duine no ionadaí pearsanta no comharba teidil an duine ba shiocair leis an trúig-ní d'íoc gach costais leo fé n-a ndeachaidh an t-údarás freagarthach go réasúnta chun na hoibre no an ruda san do dhéanamh do rinneadar amhlaidh mar adubhradh agus an costas san do bhaint de (mar fhiacha síbhialta in aon chúirt dlighinse inniúla).

(2) Ní bheidh an t-údarás freagarthach i dteideal fén alt so costaisí fé n-a ndeachadar do bhaint amach más fé chead speisialta agus dá réir do rinneadh an trúig-ní no do fágadh gan déanamh é no má ba ghníomh an trúig-ní ná raibh ann ach obair do chríochnú do tosnuíodh roimh an dáta oiriúnach agus do bhí ar siúl ar an dáta san no do tosnuíodh fé chead ghenerálta agus dá réir agus ná dearnadh i gceachtar cás acu contrárdha do thoirmeasc speisialta.

(3) Gach airgead is ionbhainte amach fén alt so ag an údarás freagarthach alos costaisí fé n-a ndeachaidh an t-údarás freagarthach san tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, díreach ar chríochnú na hoibre no an ruda gur chun a dhéanta do chuathas fé sna costaisí sin amhlaidh, ina mhuirear ar an talamh ar a ndearnadh an obair no an rud san no, más aon obair no rud é do rinneadh ar dhéanmhas no do rinneadh leis, ar an déanmhas san (má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh sé fós ann) agus ar an ionoighreacht no an tionóntachán ionrátuithe is ionann agus an talamh no an déanmhas san no ina mbeidh an céanna.

(4) Einní no aon rud ar a bhféadfaí ordú ón gCúirt Dúithche ag cur fógra ar neamhní fén gCuid seo den Acht so do bhunú ní déanfar é do tharrac anuas ná é do cheadú mar chosaint ar imeachta chun costaisí fé n-a ndeachaidh an t-údarás freagarthach agus iad ag déanamh aon oibre no ruda le n-ar bhain an fógra san do bhaint amach fén alt so (pe'ca tré aicsean um fhiacha é no tré fhoirfheidhmiú an mhuirir a bunuítear leis an alt so).

An t-únaer no an sealbhaire do dhéanamh oibre.

54. —(1) Pé uair d'fhéadfadh an t-údarás freagarthach, tré fheidhmiú cheart do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so agus dá réir ar chomhacht a bronntar ortha leis an gCuid seo den Acht so, aon obair no rud do dhéanamh ar aon déanmhas no ar aon talamh, no maidir leis, féadfaidh an t-údarás freagarthach, más oiriúnach leo é, a shocrú le húnaer no le sealbhaire an déanmhais sin no an tailimh sin (pe'ca aca é) go ndéanfa sé féin an obair no an rud san chun sástachta an údaráis fhreagarthaigh.

(2) Más rud é, do réir socruithe déanfar fén alt so, go ndéanfaidh únaer no sealbhaire aon déanmhais no aon tailimh aon obair no rud chun sástachta an údaráis fhreagarthaigh agus, toisc an chuma ina mbeidh an scéal, ná beadh an t-údarás áitiúil, dá mb'iad féin do dhéanfadh an obair no an rud san, i dteideal na costaisí fé n-a raghaidís chun a dhéanta do bhaint amach fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an t-údarás freagarthach suim réasúnta d'íoc leis an únaer sin no leis an sealbhaire sin (pe'ca aca é) alos na gcostaisí fé n-a ndeachaidh sé chun na hoibre no an ruda san do dhéanamh.

Feidhm forálacha bhaineann le cúiteamh.

55. —Aon obair no rud a dhéanfaidh an t-údarás freagarthach i bhfeidhmiú comhachta bronntar ortha leis an Acht so agus gur chuige déanfar amhlaidh é toisc foráil i scéim phleanála do shárú no chun cosc do chur le sárú forála den tsórt san tuigfear chun crícheanna na bhforálacha den Acht so bhaineann le cúiteamh is iníoctha ag an údarás freagarthach gur fén bhforáil sin no dá réir do rinne an t-údarás freagarthach é.

Pionós mar gheall ar fheidhmiú comhachta fen uid seo den cht so do bhac.

56. —Gach duine chuirfidh bac no chuirfidh isteach ar an bhfeidhmiú bheidh á dhéanamh ag an údarás freagarthach ar aon chomhacht a bheidh dílsithe ionta fén gCuid seo den Acht so no dá buadh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.