An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Togail Deanmhaisi, etc., do Cheadu agus do Thoirmeasc.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Rialachain on Aire.)

22 1934

ACHT UM BAILTE AGUS LÍOMATÁISTÍ DO SHÍNEADH AMACH, 1934

CUID VIII.

Cuiteamh agus Iocaiocht as Feabhsu alos Sceimeanna Pleanala.

Cúiteamh in ufada/>sáid mhaoine do hrianadh, etc.

61. —(1) Pé uair a dhéanfaidh foráil i scéim phleanála srianadh no rialú ar na crícheanna chun ar féidir aon mhaoin áirithe d'úsáid, no giorrú no teorannú ar na cearta agus na comhachta dlí is infheidhmithe no bheidh ar seilbh ag únaer no ag sealbhaire aon mhaoine áirithe maidir leis an maoin sin, agus a laigheadófar luach na maoine sin tríd an srianadh, tríd an rialú, tríd an ngiorrú, no tríd an teorannú san, ansan, gach duine ag á mbeidh aon estát no leas sa mhaoin sin no aon cheart uirthi no maidir léi, beidh sé, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so agus ar iarratas do dhéanamh fén alt so, i dteideal an t-údarás freagarthach do dhéanamh íoca leis, mar chúiteamh, sa mhéid (más aon mhéid é) do laigheaduíodh amhlaidh luach a estáit no a leasa sa mhaoin sin no luach a chirt uirthi no maidir léi agus, i gcás sealbhaire na maoine sin, sa damáiste (más ann do) do rinneadh dá thrádáil, dá ghnó no dá ghairm tríd an srianadh, tríd an rialú, tríd an ngiorrú, no tríd an teorannú san.

(2) Is chun an údaráis fhreagarthaigh a déanfar gach iarratas ar chúiteamh d'íoc fén alt so agus san laistigh de bhliain (no laistigh de pé tréimhse, níos sia ná san, a luadhfar sa scéim phleanála) tar éis teacht i ngníomh don fhoráil gur mar gheall uirthi bheidh an cúiteamh san á éileamh.

Ioc cúitimh do hur ar athló.

62. —(1) Féadfaidh an t-údarás freagarthach fé scéim phleanála, laistigh de mhí tar éis an dáta ar a molfar cúiteamh d'éinne fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so, fógra (dá ngairmtear fógra fiunraíochta san alt so) do thabhairt don duine sin go bhfuil an t-údarás san chun slí do ghlacadh chun a chur in áirithe no a thabhairt chun críche go gceiliúrfar no go leasófar an fhoráil sa scéim phleanála san gur mar gheall ar í do theacht i ngníomh do moladh an cúiteamh san.

(2) Ní bheidh aon mholadh cúitimh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo ionfhoirfheidhmithe go dtí go dtárlóidh an teagmhas a luaidhtear i pé mír acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) más rud é, laistigh de mhí o dháta an mholta san, go mbeidh fógra fiunraíochta tugtha ag an údarás freagarthach maidir leis an moladh san agus, laistigh de cheithre mhí ón bhfógra san do thabhairt, go mbeidh rún rithte ag an údarás pleanála oiriúnach chun scéime pleanála do cheapadh chun na forála le n-a mbaineann an fógra san do cheiliúradh no do leasú:—scéim phleanála ar n-a déanamh do réir an rúin sin do theacht i ngníomh no an tAire do cheiliúradh an rúin sin, pe'ca aca é;

(b) más rud é, laistigh de mhí o dháta an mholta san, go mbeidh fógra fiunraíochta tugtha ag an údarás freagarthach maidir leis an moladh san agus, laistigh de cheithre mhí tar éis an fhógra san do thabhairt, go mbeidh athchomharc déanta ag an údarás freagarthach chun an Aire i gcoinnibh an údaráis phleanála oiriúnaigh do dhiúltadh d'iarratas ar an bhforáil le n-a mbaineann an fógra san do cheiliúradh no d'atharú:— an tAire do thabhairt bhreithe ar an athchomharc san:

(c) más rud é, sa chás a luaidhtear sa bhfo-mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, go ndéanfaidh an tAire, le linn breithe do thabhairt ar athchomharc, a cheangal ar an údarás pleanála scéim phleanála cheiliúrthach no leasuitheach do cheapadh:—an scéim phleanála cheiliúrthach no leasuitheach san do theacht i ngníomh;

(d) in aon chás eile ina mbeidh fógra fiunraíochta tugtha ag an údarás freagarthach maidir leis an moladh san laistigh de mhí tar éis dáta an mholta san:— ceithre mhí do bheith caithte ón bhfógra san do thabhairt;

(e) in aon chás eile ar bith:—mí do bheith caithte o dháta an mholta san.

(3) An ceart a bheidh ag éinne chun an méid do bhaint amach a molfar mar chiteamh fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so mar gheall ar fhoráil i scéim phleanála do theacht i ngníomh scuirfe sé de bheith aige, d'ainneoin éinní sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, ar theacht i ngníomh do scéim phleanála ceapfar níos déanaí agus le n-a gceiliúrfar no le n-a leasófar an fhoráil sin ach ní dhéanfaidh an scur san dochar ná deifir don cheart a bheidh (má bhíonn) ag an duine sin chun cúitimh do bhaint amach fén alt deiridh sin roimhe seo mar gheall ar theacht i ngníomh d'fhoráil sa scéim phleanála san is déanaí.

Cúiteamh i comhachta fé huid VI den cht so d'fheidhmiú.

63. —(1) Einne dá ndéanfar damáiste de bhíthin aon ghnímh no ruda dhéanfaidh an t-údarás freagarthach agus iad ag feidhmiú comhachta bronntar ortha le Cuid VI den Acht so beidh sé, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, i dteideal, ar iarratas do dhéanamh fén alt so, an t-údarás freagarthach d'íoc méide an damáiste sin leis mar chúiteamh.

(2) Is chun an údaráis fhreagarthaigh a déanfar gach iarratas ar chúiteamh d'íoc fén alt so agus san laistigh de bhliain (no laistigh de pé tréimhse, níos sia ná san, a luadhfar sa scéim phleanála oiriúnach) tar éis an ghnímh no an ruda do chríochnú gur mar gheall ar an údarás freagarthach dá dhéanamh a déanfar an t-iarratas san.

Cúiteamh i cead do hiúltadh no i dtoirmeasc do dhéanamh go nea-riachtanach.

64. —(1) Einne staonfaidh, tar éis an dáta oiriúnaigh agus roimh theacht i ngníomh do scéim phleanála, o aon obair áirithe do dhéanamh gur hiarradh agus gur diúltadh cead speisialta ina cóir maidir leis an scéim phleanála san no staonfaidh, do réir thoirmisc speisialta do rinneadh maidir leis an scéim phleanála san, o aon obair áirithe do dhéanamh agus a chaillfidh de dheascaibh staonadh amhlaidh beidh sé, ar iarratas do dhéanamh fén alt so, i dteideal an t-údarás freagarthach d'íoc méide na cailliúna san leis mar chúiteamh maran dóich leis an eadrascánaí go ndéanfadh sé dochar don scéim phleanála san do chur i bhfeidhm go héifeachtúil agus go heacnamúil an obair áirithe sin do dhéanamh.

(2) Einne dhéanfaidh, le linn aon oibre áirithe do dhéanamh tar éis an dáta oiriúnaigh agus roimh theacht i ngníomh do scéim phleanála, coinníoll do chólíonadh a bheidh ag gabháil le cead speisialta no a bheidh i dtoirmeasc speisialta do deonadh no do rinneadh maidir leis an scéim phleanála san agus ar a mbeidh cailliúint (seachas cailliúint a thiocfaidh as luach aon mhaoine do laigheadú) de dheascaibh an chólíonta san, beidh sé, ar theacht i ngníomh don scéim phleanála san, i dteideal an t-údarás áitiúil d'íoc méide na cailliúna san leis mar chúiteamh maran dóich leis an eadrascánaí go ndéanfadh sé dochar don scéim phleanála san do chur i bhfeidhm go héifeachtúil agus go heacnamúil an obair áirithe sin do dhéanamh gan an coinníoll san do chólíonadh.

(3) Isé am a déanfar gach iarratas ar chúiteamh d'íoc fén alt so ná laistigh de bhliain tar éis teacht i ngníomh don scéim phleanála gur ar theacht i ngníomh di thiocfaidh an t-iarratasóir i dteideal an cúiteamh san d'íoc leis.

Cúiteamh i gcásanna áirithe ina gceiliúrfar rún.

65. —(1) Pé uair—

(a) a rithfidh údarás pleanála rún chun scéime pleanála (dá ngairmtear an scéim bheartuithe san alt so) do cheapadh do dhéanfadh, dá gceaptaí í, seana-scéim phleanála do cheiliúradh no do leasú, agus

(b) a cheiliúrfaidh an tAire an rún san, agus

(c) a staonfaidh éinne, tar éis an rúin sin do rith agus roimh an gceiliúradh san, o aon obair do dhéanamh i líomatáiste le n-ar bhain an tseana-scéim phleanála san agus le n-a mbainfeadh an scéim bheartuithe dá gceaptaí í, agus

(d) a dhéanfaidh an duine sin, tar éis an rúin sin do rith agus roimh an gceiliúradh san, cead speisialta d'iarraidh ar an údarás pleanála san i gcóir na hoibre sin agus a diúltófar an cead speisialta san do, no a staonfaidh an duine sin amhlaidh do réir thoirmisc speisialta déanfar tar éis an rúin sin do rith agus roimh an gceiliúradh san, agus

(e) a bheidh cailliúint ar an duine sin de dheascaibh staonadh ón obair sin do dhéanamh,

beidh an duine sin, ar iarratas do dhéanamh fén alt so, i dteideal an t-údarás pleanála san d'íoc méide na cailliúna san leis mar chúiteamh.

(2) Is chun an údaráis fhreagarthaigh a déanfar gach iarratas ar chúiteamh d'íoc fén alt so agus san laistigh de bhliain tar éis dáta an orduithe le n-a ndéanfar an ceiliúradh a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so.

Cúiteamh, i gcásanna áirithe, in obair no i gcostas in aistear.

66. —(1) Pé uair a dhéanfaidh duine obair no a ragha sé fé chostas, alos no i muinighin forála i scéim phleanála, ar mhaoin no maidir le maoin a bheidh dá chuid féin no ar seilbh aige (pe'ca de shaorthoil no do réir oblagáide a forchuirtear leis an scéim phleanála a déanfar an obair sin no a raghfar fén gcostas san) agus a thiocfaidh an obair no an costas san i bpáirt no go hiomlán chun bheith ina obair no ina chostas in aistear de bhíthin na forála san do cheiliúradh, do leasú, no do chur ar ceal le scéim phleanála nua, beidh an duine sin, ar iarratas do dhéanamh fén alt so, i dteideal cúiteamh do bhaint den údarás fhreagarthach san obair no sa chostas san sa mhéid go dtiocfa sé chun bheith ina obair no ina chostas in aistear.

(2) Pé uair a raghaidh duine fé chostaisí agus fé chaiteachaisí, ag déanamh éilimh ar chúiteamh do no ag cur i gcoinnibh éilimh ar íocaíocht as feabhsú mar gheall ar fhoráil i scéim phleanála, agus a déanfar an fhoráil sin do cheiliúradh no do leasú no do chur ar ceal le scéim phleanála nua i slí go dtiocfaidh na costaisí agus na caiteachaisí sin chun bheith, i bpáirt no go hiomlán, ina gcostaisí agus ina gcaiteachaisí in aistear, ansan, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so beidh an duine sin, ar iarratas do dhéanamh fén alt so, i dteideal cúiteamh do bhaint den údarás fhreagarthach sna costaisí agus sna caiteachaisí sin sa mhéid go dtiocfaid chun bheith ina gcostaisí agus ina gcaiteachaisí in aistear amhlaidh.

(3) Is chun an údaráis fhreagarthaigh a déanfar gach iarratas ar chúiteamh d'íoc fén alt so agus san laistigh de bhliain tar éis teacht i ngníomh don scéim phleanála le n-a ndéarfar an ceiliúradh no an leasú tré n-a dtiocfaidh an cúiteamh san chun bheith iníoctha.

Cúiteamh i gcás le n-a mbaineann achtachán eile no le n-a bhféadfaí é do chur i mbaint.

67. —(1) Baineann an t-alt so le gach foráil i scéim phleanála is có-ionann ar fad no nách mór ar fad no is có-ionann ina brí le haon achtachán acu so leanas (dá ngairmtear achtacháin chóionanna san alt so), sé sin le rá:—

(a) achtachán i reacht (pe'ca reacht puiblí generálta, puiblí, áitiúil no príobháideach é) a bheidh, ar dháta na forála san do theacht i ngníomh, i bhfeidhm sa líomatáiste le n-a mbaineann an fhoráil sin, no

(b) achtachán in ordú, i bhfo-dhlí, no i rialachán a bheidh i bhfeidhm ar an dáta agus sa líomatáiste luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so agus do rinneadh fé aon reacht den tsórt a luaidhtear sa mhír sin, no

(c) achtachán d'fhéadfadh go dleathach, ar dháta na forála san do theacht i ngníomh, bheith i n-ordú, i bhfodhlí, no i rialachán do dhéanfadh údarás áitiúil (gan an tOireachtas dá dhaingniú ná do dhéanamh éinní eile ina thaobh) maidir leis an líomatáiste le n-a mbaineann an fhoráil sin fé aon reacht den tsórt a luaidhtear sa chéad mhír den fho-alt so, no

(d) achtachán i reacht puiblí generálta no puiblí ná beidh, ar dháta na forála san do theacht i ngníomh, i bhfeidhm sa líomatáiste le n-a mbaineann an fhoráil sin ach 'na bhféadfadh údarás áitiúil go dleathach ar an dáta san glacadh léi no í do chur i bhfeidhm ar shlí eile sa líomatáiste sin (gan an tOireachtas dá dhaingniú ná do dhéanamh éinní eile ina thaobh), no

(e) achtachán d'fhéadfadh go dleathach, ar dháta na forála san do theacht i ngníomh, bheith i n-ordú, i bhfo-dhlí, no i rialachán do dhéanfadh údarás áitiúil (gan an tOireachtas dá dhaingniú ná do dhéanamh éinní eile ina thaobh) maidir leis an líomatáiste le n-a mbaineann an fhoráil sin fé aon reacht den tsórt a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so dá mbeadh an reacht san i bhfeidhm sa líomatáiste sin ar an dáta san.

(2) Más rud é, i gcás forála i scéim phleanála le n-a mbaineann an t-alt so, ná beidh aon chúiteamh iníoctha fén achtachán cóionann, no ná beadh sé iníoctha fé dá mbeadh sé i bhfeidhm, alos díobhála de dheascaibh an t-achtachán có-ionann san do theacht i ngníomh no éinní áirithe do dhéanamh fén achtachán có-ionann san, ansan ní bheidh aon chúiteamh iníoctha fén Acht so mar gheall ar an bhforáil sin do theacht i ngníomh no an ní áirithe sin do dhéanamh fén bhforáil sin, pe'ca aca é.

(3) Más rud é, i gcás forála i scéim phleanála le n-a mbaineann an t-alt so, go mbeidh cúiteamh iníoctha fén achtachán có-ionann, no go mbeadh sé iníoctha fé dá mbeadh sé i bhfeidhm, alos díobhála de dheascaibh an t-achtachán có-ionann san do theacht i ngníomh no éinní áirithe do dhéanamh fén achtachán có-ionann san, ansan ní bheidh aon mhéid cúitimh iníoctha fén Acht so mar gheall ar an bhforáil sin do theacht i ngníomh no an ní áirithe sin do dhéanamh fén bhforáil sin (pe'ca aca é) thar mar a bheidh no do bheadh iníoctha sa chás chéanna fén achtachán có-ionann san.

Cúiteamh i gcás ina bhféadfaí an obair do dhéanamh fé Acht eile.

68. —Má deintear le foráil i scéim phleanála a cheangal ar an údarás freagarthach obair phuiblí do dhéanamh d'fhéadfadh an t-údarás freagarthach san do dhéanamh go dleathach fé aon achtachán seachas an tAcht so ní bheidh aon chúiteamh iníoctha fén Acht so mar gheall ar an údarás freagarthach san do dhéanamh na hoibre sin agus, chun breith do thabhairt ar an gceart (más ann do) chun cúitimh mar gheall ar an obair sin do dhéanamh agus chun an chúitimh sin (más ann do) do mheas agus d'íoc, tuigfear gur fén achtachán eile sin do rinneadh an obair sin.

Toirmeasc ar chúiteamh má dearbhuítear le scéim phleanála gan aon chúiteamh do bheith iníoctha.

69. —Ní bheidh éinne i dteideal, fén gCuid seo den Acht so, an t-údarás freagarthach d'íoc aon chúitimh leis i gcás an fhoráil sa scéim phleanála go mbeadh an cúiteamh san iníoctha mar gheall uirthi mara mbeadh an t-alt so do bheith ina foráil go ndearbhuítear leis an scéim sin ina taobh ná beidh aon chúiteamh iníoctha fén Acht so alos no de dhruim an fhoráil sin d'fheidhmiú.

Toirmeasc ar chúiteamh i gcásanna áirithe.

70. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gcúiteamh a bheidh, no do bheadh mara mbeadh an t-alt so, iníoctha le héinne fén Acht so no fé aon Acht eile alos no de bhíthin éinní bheidh i scéim phleanála no déanfar fúithi, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh aon chúiteamh den tsórt san iníoctha alos aon déanmhais gur tosnuíodh ar é do chur suas tar éis an dáta oiriúnaigh maran fé chead speisialta agus dá réir no fé chead ghenerálta agus dá réir do tosnuíodh ar é do chur suas;

(b) nuair a beifear ag meas aon chúitimh den tsórt san alos aon deánmhais ní háirmheofar aon obair ar an déanmhas san no maidir léi do tosnuíodh tar éis an dáta oiriúnaigh ná ní lomhálfar cúiteamh alos na hoibre sin maran fé chead speisialta agus dá réir no fé chead ghenerálta agus dá réir do tosnuíodh an obair sin;

(c) nuair a beifear ag meas cúitimh den tsórt san alos aon déanmhais ní háirmheofar aon chuid áirithe, d'aon obair ar an déanmhas san no maidir léi, do rinneadh contrárdha do thoirmeasc speisialta ná ní lomhálfar aon chúiteamh alos na coda san.

Toirmeasc ar chúiteamh dhúbalta.

71. —I gcás ina mbeadh duine, mara mbeadh an t-alt so, i dteideal cúitimh fén Acht so alos éinní no aon ruda agus fós i dteideal cúitimh fé aon achtachán eile alos an ní no an ruda chéanna ní bheidh sé i dteideal cúitimh alos an ní no an ruda san fén Acht so agus fén achtachán eile sin agus ní bheidh sé i dteideal aon mhéid cúitimh fén Acht so alos an ní no an ruda san is mó ná méid an chúitimh go mbeadh sé ina theideal fén achtachán eile sin alos an ní no an ruda san.

Iocaíocht as feabhsú.

72. —(1) Pé uair a méadófar luach aon mhaoine tré aon fhoráil i scéim phleanála do theacht i ngníomh no tré n-a foirfheidhmiú no tríd an údarás áitiúil do dhéanamh aon oibre do réir aon fhorála den tsórt san dlighfidh gach éinne go n-estát no go leas aige sa mhaoin sin suim (dá ngairmtear íocaíocht as feabhsú san Acht so) is có-ionann le trí cheathrú den mhéid (más aon mhéid é) do meáduíodh amhlaidh luach estáit no leasa an duine sin sa mhaoin sin d'íoc leis an údarás freagarthach ar n-a iarraidh sin air don údarás fhreagarthach.

(2) Isé am a déanfar gach iarratas o údarás fhreagarthach ar so ar íocaíocht as feabhsú déanfaidh an t-údarás san, laistigh de phleanála do theacht i ngníomh no d'fhoirfheidhmiú, laistigh de bhliain (no laistigh de pé tréimhse, níos sia ná san, a socrófar leis an scéim phleanála san) tar éis na forála san do theacht i ngníomh no d'fhoirfheidhmiú (pe'ca aca é) no, i gcás éilimh alos oibre do dhéanamh, laistigh de bhliain (no de pé tréimhse, níos sia ná san, a socrófar leis an scéim phleanála san) tar éis na hoibre sin do chríochnú.

(3) Pé uair a dhéanfaidh údarás freagarthach iarratas fén alt so ar íocaíocht as feabhsú déanfaidh an t-údarás san, laistigh de sheachtain tar éis an iarratais sin do dhéanamh, na mion-innste orduithe i dtaobh an iarratais sin d'iontráil sa chlár agus, mara ndeinidh an t-údarás freagarthach san na mion-innste sin d'iontráil amhlaidh, beidh an t-iarratas san i gceann na seachtaine sin gan brí gan éifeacht agus tuigfear é do bheith amhlaidh riamh.

Méid na híocaíochta as feabhsú d'áireamh.

73. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo isé slí ina n-áirmheofar méid íocaíochta as feabhsú ná do réir an méid is fiú an mhaoin, gur maidir léi bheidh an íocaíocht san á héileamh, an tráth iarrfaidh an t-údarás freagarthach an íocaíocht san.

(2) Einne ar a n-iarrfaidh údarás freagarthach íocaíocht as feabhsú (ar aon tslí seachas de bhuadh na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so) féadfa sé, tré fhógra do sheirbheáil ar an údarás freagarthach san laistigh d'ocht lá fichead tar éis an iarratais sin de dhéanamh, a chur mar cheangal go n-áirmheofar méid na híocaíochta san as feabhsú ar an bhforas go bhfuil cosc buan éifeachtúil ann i gcaoi ná féadfar go dleathach an mhaoin, gur maidir léi bheidh an iocaíocht san as feabhsú á hiarraidh amhlaidh, d'úsáid ach chun na gcrícheanna chun a raibh agus sa tslí ina raibh an mhaoin sin dá húsáid ar dháta an iarratais sin ar íocaíocht as feabhsú.

(3) Nuair a bheidh ceangal den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so déanta go cuibhe áirmheofar do réir an cheangail sin méid na híocaíochta as feabhsú le n-a mbaineann an ceangal san.

(4) Nuair a déanfar méid íocaíochta as feabhsú d'áireamh do réir cheangail fé sna forálacha san roimhe seo den alt so agus a déanfar, laistigh de cheithre bliana déag tar éis dáta iarrtha na híocaíochta san as feabhsú, an mhaoin dob abhar don iarratas san no aon chuid den mhaoin sin do dhíol no do léasú no do chur ar cíos fé aon tsaghas tionóntachta ar feadh aon téarma nách giorra ná dhá bhliain no í d'úsáid chun críche no i slí go mbeidh deifríocht mhaith mhór idir í agus an chríoch chun a raibh no an tslí ina raibh sí á húsáid ar dháta an iarratais sin, beidh an t-údarás freagarthach i dteideal íocaíocht as feabhsú d'iarraidh fén Acht so ar an té do rinne an ceangal san no ar éinne eile chun ar thuit an mhaoin sin no an chuid sin di (pe'ca aca é) tré oibriú dlí, no í d'fháil uaidh no do bhaint de fén Acht so, agus an íocaíocht san ar n-a háireamh do réir an méid is fiú an mhaoin sin no an chuid sin di ar dháta an iarratais deiridh sin a luaidhtear agus ar an bhforas ná fuil aon chosc speisialta den tsórt a luaidhtear sa cheangal san ar an maoin no ar an gcuid sin di d'úsáid ach go lomháil chuibhe (fé mar is gá sa chás) in aghaidh na híocaíochta as feabhsú (más aon cheann é) a bheidh déanta cheana maidir leis an maoin sin no in aghaidh ceart-chionúireachta den íocaíocht san as feabhsú (más ann cheann é).

(5) Isé am a dhéanfaidh an t-údarás freagarthach gach iarratas fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so ar íocaíocht as feabhsú ar n-a háireamh do réir an fho-ailt sin ná laistigh de bhliain (no laistigh de pé tréimhse, níos sia ná san, a ceadófar leis an scéim phleanála) tar éis na maoine no na coda dhi gur maidir léi bheidh an t-iarratas san á dhéanamh do dhíol no do léasú no do chur ar cíos no tar éis tosnú ar í d'úsáid i slí go mbeidh an t-údarás freagarthach i dteideal an t-iarratas san do dhéanamh.

(6) I gcás gnóthaire reachtúil do dhéanamh ceangail fé sna forálacha san roimhe seo den alt so maidir le maoin a bheidh ar seilbh aige, ansan faid a leanfaidh an mhaoin sin de bheith ar seilbh ag an ngnóthaire reachtúil sin agus a bheidh sí á húsáid aige chun crícheanna ghnótha no chun aon chríche acu ní tuigfear an mhaoin sin do bheith á húsáid chun críche ná i slí go bhfuil deifríocht mhaith mhór do réir bhrí an ailt seo idir í agus an chríoch chun a raibh sí no an tslí ina raibh sí á húsáid ar dháta an iarratais ar íocaíocht as feabhsú gur maidir léi do rinneadh an ceangal san amhlaidh.

(7) Déanfaidh gach údarás freagarthach na mion-innste orduithe i dtaobh gach ceangail den tsórt san d'iontráil sa chlár agus ní bheid i dteideal aon íocaíochta eile as feabhsú fé fho-alt (4) den alt so maidir le haon mhaoin mara ndeintear na mioninnste sin i dtaobh an cheangail sin maidir leis an maoin sin d'iontráil amhlaidh sa chlár laistigh de sheachtain tar éis an cheangail sin do sheirbheáil.

(8) Pé uair a déanfar aon mhaoin is abhar do cheangal a bheidh iontráltha go cuibhe sa chlár do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so no aon chuid den mhaoin sin do dhíol no do léasú ar feadh aon téarma no do chur ar cíos fé aon tsaghas tionóntachta no í d'úsáid chun críche no i slí go mbeidh deifríocht mhaith mhór idir í agus an chríoch chun a raibh sí no an tslí ina raibh sí á húsáid ar dháta an iarratais ba thrúig le seirbheáil an cheangail sin, agus san laistigh de cheithre bliana déag tar éis dáta an iarratais sin, beidh sé de dhualgas ar neach déanta an iarratais sin, no ar éinne eile chun ar thuit an mhaoin sin no an chuid sin di tré oibriú dlí, fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar an údarás freagarthach ag á mbeidh an ceangal san iontrálta sa chlár san amhlaidh i dtaobh an díola, an léasuithe, an churtha-ar-cíos, no an aithearraigh úsáide sin (pe'ca aca é) laistigh de cheithre lá déag tar éis é do thárlachtaint, agus má theipeann air san do dhéanamh amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air maraon le fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfaidh an teip sin.

Airgead a híocfar, mar íocaíocht as feabhsú, do chur chun críche.

74. —Airgead do gheobhaidh údarás freagarthach mar íocaíocht as feabhsú cuirfidh an t-údarás freagarthach san chun críche é do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) sa mhéid gur íocaíocht as feabhsú, alos an t-údarás freagarthach san do dhéanamh oibre, an t-airgead san cuirfear an t-airgead san chun no mar chabhair chun íoctha na gcostaísí fé n-a ndeachaidh an t-údarás freagarthach san chun na hoibre sin do dhéanamh, agus an t-iarmhéid (más ann do) a bheidh fanta den airgead san tar éis no gcostaisí sin do ghlanadh cuirfear é chun glanta na gcostaisí fé n-a ndeachaidh an t-údarás freagarthach san chun na scéime pleanála go ndearnadh an obair sin dá réir do chur in éifeacht;

(b) sa mhéid gur íocaíocht as feabhsú, alos forála i scéim phleanála do theacht i ngníomh no d'fhoirfeidhmiú, an t-airgead san, cuirfear an t-airgead san chun no mar chabhair chun íoctha cúitimh is iníoctha ag an údarás freagarthach san alos na forála san do theacht i ngníomh do d'fhoirfheidhmiú, agus an t-iarrmhéid (más ann do) a bheidh fanta den airgead san tar éis an chúitimh sin d'íoc cuirfear é chun glanta na gcostaisí fé n-a ndeachaidh an t-údarás freagarthach san chun na scéime pleanála san do chur in éifeacht.

Eadrascán maidir le hiarrataisí ar chúiteamh no ar íocaíocht as feabhsú.

75. —(1) Gach iarratas a dhéanfaidh éinne á iarraidh go n-íocfadh an t-údarás cúiteamh fén gCuid seo den Acht so agus gach iarratas a dhéanfaidh an t-údarás freagarthach á iarraidh go n-íocfadh éinne íocaíocht as feabhsú déanfar, cheal có-aontuithe, breith do thabhairt air tré eadrascán fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus do réir an Achta san, fé mar tá san leasuithe leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925) , ar gach slí díreach fé is dá mba maidir le talamh do thógaint go héigeanta déanfaí an t-iarratas san agus fé is dá mba phraghas tailimh do tógfaí go héigeanta an cúiteamh san no an íocaíocht san as feabhsú agus beidh feidhm ag na hAchtanna san dá réir sin ach san fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so.

(2) Le linn aon eadrascáin fén alt so beidh dlighinse ag an eadrascánaí a chinneadh an bhfuil cúiteamh no íocaíocht as feabhsú iníoctha chor ar bith do réir chúrsaí an cháis a bheidh fé eadrascán agus má gheibheann an t-eadrascánaí sin go bhfuil an cúiteamh san no an íocaíocht san as feabhsú iníoctha beidh dlighinse aige a chinneadh cadé a mhéid agus (i gcás cúitimh) cé leis go bhfuil sé iníoctha agus (i gcás íocaíochta as feabhsú) cé aige go bhfuil sé iníoctha agus (in aon chás) cadé an tráth no cadiad na tráthanna a híocfar an cúiteamh no an íocaíocht san as feabhsú agus go sonnrách ce'ca in aon tsuim amháin no ina thráthchoda a híocfar é agus, más ina thráthchoda é, cad is líon, méid agus tráthanna íoctha do sna tráthchoda san agus cadé an socrú déanfar chun úis d'íoc ar an méid a bheidh de thurus na huaire gan glanadh gan íoc.

(3) Nuair a bheidh méid aon chúitimh no íocaíochta as feabhsú á chinneadh le linn eadrascáin fén alt so féachfaidh an t-eadrascánaí, i gcás cúitimh, d'aon ghealltanas do thug an t-údaras pleanála no an t-údarás freagarthach uatha agus, i gcás íocaíochta as feabhsú, d'aon ghealltanas do thug an duine ar a mbeidh an íocaíocht san as feabhsú á éileamh.

Cúiteamh is iníoctha ag an údarás freagarthach do bhaint amach.

76. —(1) Gach cúiteamh is iníoctha ag an údarás freagarthach fén gCuid seo den Acht so féadfar é do bhaint den údarás san mar fhiacha síbhialta in aon Chúirt dlighinse inniúla nuair a bheidh a mhéid socair tré chó-aontú no tré eadrascán do réir an Achta so agus gach costas agus caiteachas a bheidh ar pháirtithe in eadrascán chun méid aon chúitimh den tsórt san do shocrú féadfar, sa mhéid go mbeidh na costaisí agus na caiteachaisí sin iníoctha ag an údarás freagarthach, iad do bhaint den údarás san mar an gcéanna mar fhiacha síbhialta in aon Chúirt dlighinse inniúla.

(2) Ailt 69 go 79 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, mar atá san leasuithe no oiriúnuithe leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, no fé, no le haon Acht eile no fé, beidh feidhm acu maidir le hairgead a foráltar leis an alt so do bheith ionbhainte amach mar fhiacha síbhialta fé is dá mba phraghas no cúiteamh fén Acht san, mar atá san leasuithe no oiriúnaithe amhlaidh, an t-airgead san.

(3) Má dheineann an t-údarás freagarthach airgead d'íoc isteach san Ard-Chúirt fé alt 69 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, mar a cuirtear i mbaint tríd an alt so é, ní bheidh aon chostaisí iníoctha ag an údarás freagarthach san le héinne alos aon imeachta chun an airgid sin do shuncáil, chun ioncuim d'íoc as, no chun a chaipitail d'íoc.

An t-údarás freagarthach do bhaint amach íocaíochta as feabhsú.

77. —Gach suim airgid is iníoctha leis an údarás freagarthach fén Acht so mar íocaíocht as feabhsú féadfaidh an t-údarás san í do bhaint amach mar fhiacha síbhialta in aon Chúirt dlighinse inniúla nuair a bheidh a méid socair tré chó-aontú no tré eadrascán do réir an Achta so agus fós tiocfa sí chun bheith agus beidh sí, ar dháta socruithe a méide amhlaidh agus as san amach, ina muirear ar an estát i maoin no ar an leas i maoin gur maidir leis a bheidh sí iníoctha.

Muirir ar mhaoin do chlárú agus d'fhoirfheidhmiú.

78. —(1) Pé uair a thiocfaidh aon tsuim airgid, de bhuadh an Achta so, chun bheith ina muirear ar aon talamh, déanmhas no maoin eile no ar aon estát no leas sa chéanna déanfaidh an t-údarás freagarthach na mion-innste orduithe i dtaobh an mhuirir sin d'iontráil sa chlár laistigh de mhí tar éis an dáta ar a dtiocfaidh an tsuim sin chun bheith ina muirear amhlaidh agus mara ndeinidh an t-údarás freagarthach san na mion-innste sin d'iontráil beidh an muirear san, i gcionn an mhí sin, agus tuigfear í do bheith riamh neamh-ionfhoirfheidhmithe ach beidh san gan dochar d'imeachta, i bhfuirm aicsin um fhiacha, chun na suime airgid sin do bhaint amach.

(2) Pé uair is deimhin leis an Aire, ar iarratas d'fháil ón údarás freagarthach, nách féidir aon mhuirear áirithe chuireann an tAcht so ar aon talamh, déanmhas no maoin eile no ar aon estát no leas sa chéanna d'fhoirfheidhmiú le himeachta dlí de bhíthin nea-chinnteachta maidir le húnaeracht na maoine sin no an estáit no an leasa san féadfaidh an tAire, le hordú, comhacht do thabhairt don údarás fhreagarthach san an mhaoin no an t-estát inti no an leas inti dá ndeineann an muirear san deifir do dhíol.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire aon ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar fógra, i dtaobh é bheith beartuithe an t-ordú san do dhéanamh, d'fhoillsiú tré fhógrán aon uair amháin ar a laighead i ngach páipéar de dhá pháipéar nuachta léightear sa cheanntar ina mbeidh an mhaoin go mbeidh sé beartuithe baint do bheith ag an bhfógra san léi.

(4) Nuair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so ag tabhairt comhachta don údarás fhreagarthach aon mhaoin no aon estát i maoin no leas i maoin do dhíol beidh sé dleathach don údarás san an mhaoin no an t-estát no an leas san do dhíol tré cheant phuiblí, tairisgint agus ceannach do dhéanamh ar an gceant sin, an t-airgead ceannaigh do ghlacadh agus an mhaoin no an t-estát no an leas san do leithliú go héifeachtúil chun an té cheannóidh é.

(5) Nuair a dhíolfaidh an t-údarás freagarthach aon mhaoin no aon estát i maoin no leas i maoin fén alt so coinneoidh an t-údarás san as an airgead ceannaigh, costaisí an díola san agus (chó fada is raghaidh an t-airgead ceannaigh sin) an t-airgead gur chun é do bhaint amach do rinneadh an díol san agus déanfaid an t-iarmhéid (más ann do) a bheidh fanta den airgead san d'íoc isteach san Ard-Chúirt fé alt 69 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, mar a bheidh san leasuithe no oiriúnaithe le haon achtachán ina dhiaidh sin no fé, amhail is dá mba phraghas no cúiteamh den tsórt a luaidhtear san alt san an t-iarmhéid sin agus leis sin beidh feidhm ag an alt san agus ag alt 70 den Acht san, mar a bheidh san leasuithe no oiriúnuithe amhlaidh, maidir leis an iarmhéid sin ach ní bheidh aon chostaisí iníoctha ag an údarás san le héinne alos aon imeachta chun an iarmhéide sin do shúncáil, chun ioncuim d'íoc as, no chun a chaipitail d'íoc.