An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGID, 1934) Ar Aghaidh (CUID II. Custuim agus Mal.)

31 1934

ACHT AIRGID, 1934

CUID I.

Cain Ioncuim agus For-chain.

Cáin ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1934-35.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1934, éilcofar cáin ioncuim do réir ceithre scillinge agus reul fén bpúnt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1934, éileofar for-cháin ar ioncum aon duine aonair gur mó ná míle agus cúig céad púnt iomláine a ioncuim o gach taobh, agus is do réir na rátaí céanna gur dá réir a héilíodh í in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1933, a héileofar amhlaidh í.

(3) Na forálacha reachtúla agus eile bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1933, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na for-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1934.

Deire le lomhála áirithe in aghaidh deisiúcháin.

2. —(1) Scuirfidh Rialacha 7 agus 8 (a bhaineann le lomhála áirithe in aghaidh deisiúcháin agus cothabhála) d'Uimh. V (Rialacha i dtaobh laigheaduithe agus liúntaisí) de Sceideal A den Income Tax Act, 1918, fé mar atá san leasuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin, scuirfid d'éifeacht do bheith acu maidir le haon cháinmheas seachas cáinmheas ar aon tailte no ar aon tigh feirme no foirgintí feirme ar seilbh i dteanta aon tailte chun na dtailte sin d'oibriú mar fheirm no ar aon áitreibh is muilte, monarchain, no áitreibh eile den tsórt san.

(2) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon tigh no foirgint nách mó a luach bliantúil, ar n-a fháil amach do réir ailt 187 den Income Tax Act, 1918, ná cúig púint—

(a) go bhfuil an tigh no an fhoirgint sin curtha ar cíos bona fide chun tionónta, agus

(b) gurb é an tiarna tighe no an gar-léasóir íocann costas deisiúcháin, cothabhála agus árachais an tighe no na foirginte sin, agus

(c) go bhfuil an t-ioncum bliantúil a gheibheann an tiarna tighe no an gar-léasóir sin as an tigh no as an bhfoirgint sin, níos lugha, ar na blianta do thógaint le chéile agus tar éis lomhálacha do thabhairt in aghaidh ar chosain an deisiúchán agus an chothabháil agus an t-árachas san air, ná luach bliantúil an tighe no na foirginte sin ar n-a fháil amach mar adubhradh,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim pé faoiseamh do dheonadh, tré aisíoc no ar shlí eile, is cóir.

Cáinmheasa áirithe fé Sceideal E.

3. —(1) Cáinmheasa fé Sceideal E den Income Tax Act, 1918, ar dhaoine le n-ar bhain an tAcht Seirbhísí Puiblí (Fearachas Sealadach), 1933 (Uimh. 37 de 1933) , déanfar amach iad fé is ná hachtófaí an tAcht deiridh sin a luaidhtear.

(2) Chun cáinmheasa fé Sceideal E den Income Tax Act, 1918, ar dhuine is oifigeach do réir bhrí an Achta Seirbhísí Áitiúla (Fearachas Sealadach), 1934 ( Uimh. 16 de 1934 ), do dhéanamh amach in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1934, lomhálfar laigheadú is có-ionann le méid a baineadh no atá le baint alos na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1934, fén Acht Seirbhísí Áitiúla (Fearachas Sealadach), 1934 , adubhradh, de thuarastal (do réir bhrí an Achta san) an duine sin.

(3) Chun cáinmheas fé Sceideal E den Income Tax Act, 1918, ar mhúinteoirí scoile náisiúnta alos tuarastail is ionfhálta acu mar mhúinteoirí den tsórt san do dhéanamh amach in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1934, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas (gan dochar d'fheidhm agus d'oibriú fo-ailt (1) den alt so), sé sin le rá:—

(a) na scálaí ath-scrúduithe tuarastail agus deontas eile do cheaduigh an tAire Oideachais le haontú an Aire Airgid agus gur socruíodh iad do bheith i ngníomh an 1adh lá d'Abrán, 1934, agus as san amach, tuigfear iad do bheith i ngníomh alos na bliana dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1933, agus

(b) aon laigheaduithe do rinneadh ar thuarastal no ar dheontaisí eile mar gheall ar phrémiumacha dob iníoctha fén National School Teachers (Ireland) Act, 1879, alos na bliana airgeadais sin dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1933, tuigfear ná dearnadh iad.

Cáinmheas ar rí-chíosanna áirithe agus ar íocaíochtaí áirithe eile.

4. —Pé áit ina bhfuil an focal “rents” sna hAchtanna Cánach Ioncuim mar chuid den abairt “stocks, shares, and rents” maidir le hioncum ón taobh amuich de Shaorstát Éireann, folóidh an focal san agus tuigfear gur fholuigh sé riamh aon íocaíocht i bhfuirm rí-chíosa agus aon íocaíocht, bliantúil no tréimhsiúil, i bhfuirm cíosa as aon tailte, tionóntacháin, ionoighreachtaí, no oighreachtaí, ar a n-áirmhítear tailte, tionóntacháin, ionoighreachtaí no oighreachtaí le n-a mbainfeadh na Rialacha d'Uimh. III de Sceideal A den Income Tax Act, 1918, no de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929) , dá mba i Saorstát Éireann do bheadh na tailte, na tionóntacháin na hionoighreachtaí no na hoighreachtaí sin.

Comhacht chun faoisimh do dheonadh i gcásanna áirithe.

5. —Más rud é, i gcás ioncuim do gheibhtear as fostaíocht a bhíonn ar siúl ar fad lasmuich de Shaorstát Éireann, gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim go dtiocfadh cruatan de dhruim forálacha Coda II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929) , d'fheidhmiú féadfaidh pé faoiseamh do dheonadh is dóich leo is cóir.

Duine amháin de sna Coimisinéirí Speisialta d'fheidhmiú comhachta.

6. —D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in Acht ar bith—

(a) féadfaidh Coimisinéir Speisialta amháin préceapt ar bith fé alt 139 den Income Tax Act, 1918, do thabhairt amach, agus

(b) féadfaidh Coimisinéir Speisialta amháin aon iarratas o dhuine ar bith ar a fhiachas do choigeartú agus aon éileamh o dhuine ar bith ar shaoirse, ar lascaine, ar fhaoiseamh o cháin no ar aisíoc cánach d'éisteacht agus breith do thabhairt ortha.

Barántaisí do thabhairt amach agus dúbláidí do sheachadadh.

7. —(1) Déanfaidh na Coimisinéirí Speisialta, o am go ham agus chó minic agus a chífear dóibh gá do bheith leis, barántaisí do thabhairt amach agus iad sighnithe (pe'ca séaluithe dhóibh no nách cadh) ag beirt de sna Coimisinéirí sin, ag ceapadh na ndaoine bheidh ainmnithe sna barántaisí sin chun na cánach agus na suimeanna airgid (ar a n-áirmhítear aon riaráiste) a bheidh á meas agus á n-éileamh i ndúbláidí na gcáinmheas do bhailiú agus á cheangal ar na daoine sin agus ag tabhairt comhachta dhóibh an cháin sin agus na suimeanna airgid sin (ar a n-áirmhítear aon riaráiste) d'éileamh, do bhailiú, do bhaint amach, agus do ghearradh.

(2) Gach barántas do thug na Coimisinéirí Speisialta amach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so beidh sé agus tuigfear go raibh sé riamh chó dleathach agus chó héifeachtúil agus a bheadh sé dá mbeadh an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so i bhfeidhm nuair do tugadh amach an barántas san.

(3) Ar bheith caithte do sna hamanna fé seach chun athchomharc d'éisteacht (ar a n-áirmhítear athchomhairc maidir le cáin is inéilithe in aghaidh bliana cáinmheasa do thosnuigh roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so) cuirfidh an cigire cánach fé ndeár dúbláidí de sna cáinmheasa go léir do sheachadadh do sna daoine bheidh ceaptha ag na Coimisinéirí Speisialta chun bheith ina mbailitheoirí.

(4) Má deintear, pe'ca roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so no dá éis sin é, barántas agus é sighnithe (pe'ca séaluithe dho no nách eadh) ag beirt Choimisinéirí Speisialta do thabhairt amach beidh san agus tuigfear go raibh san riamh ina leor-údarás chun a thabhairt mar chomhacht do sna daoine bheidh ainmnithe sa bharántas san an cháin agus na suimeanna airgid (ar a n-áirmhítear riaráiste) a bheidh á meas agus á n-éileamh i ndúblaidí na gcáinmheas d'éileamh, do bhailiú, do bhaint amach, agus do ghearradh do réir an bharántais sin.

(5) Athghairmtear leis seo alt 197 den Income Tax Act, 1918, agus dearbhuítear leis seo go mbeidh éifeacht ag na fo-ailt sin roimhe seo den alt so d'ainneoin éinní contrárdha dho san atá san Income Tax Act, 1918, no in achtachán ar bith eile.