33 1934


Uimhir 33 de 1934.


ACHT NA nUACHTARLANN (LEASÚ), 1934.


ACHT CHUN ACHTA NA nUACHTARLANN, 1928 , DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [6adh Meán Fhómhair, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na nUachtarlann, 1928 (Uimh. 26 de 1928) , agus déanfar, ach amháin i gcás ina n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, gach tagairt don Acht san no d'aon alt de do léiriú mar thagairt don Acht no don alt san mar a leasuítear san leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

tá leis an bhfocal “uachtarlann” an bhrí do bheirtear do le halt 1 den Phríomh-Acht ach san gus an leathnú ar an mbrí sin a luaidhtear sa chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so.

(2) Folóidh an focal “uachtarlann,” sa Phríomh-Acht agus san Acht so, aon áitreabh no áit eile ina bhfuil gléasradh no fearas, chun aon tortha no fo-thortha bhainne do dhéanamh, ar fáil chun a úsáidthe (pe'ca ar tháille áirithe no ar chomaoine ar bith eile no in aisce é) ag na daoine uile no ag daoine áirithe thaithíonn an áit sin pe'ca go generálta no chun críche áirithe é.

Uachtarlanna taistil.

2. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith uachtarlann taistil do choimeád ná d'oibriú ná do bheith ar seilbh aige ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais chuige sin ar n-a dheonadh don duine sin ag an Aire fén alt so.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas do dheonadh do dhuine ar bith chun uachtarlann taistil no líon áirithe uachtarlann taistil do bheith aige agus d'oibriú, agus féadfaidh an tAire pé coinníollacha agus sriantachtaí do chur ag gabháil le haon cheadúnas den tsórt san is ceart dar leis agus a luadhfaidh sa cheadúnas san.

(3) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith agus fé mar is rogha leis féin é, ceadúnas a bheidh deonta fén alt so do cheiliúradh.

(4) Má bhíonn uachtarlann taistil á coimeád no á hoibriú no ar seilbh ag duine ar bith contrárdha don alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air agus fós, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

(5) San alt so cialluíonn an abairt “uachtarlann taistil” gléasradh agus meaisínteacht i gcóir uachtarlainne agus iad feistithe (pe'ca go buan no go sealadach é) ar fheithicil bhóthair i slí gur féidir an gléasradh agus an mheaisínteacht san d'oibriú le linn dóibh bheith ar an bhfeithicil sin.

Toirmeasc ar bhainne do sheachadadh, etc., d'uachtarlainn nea-dhleathaigh.

3. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon bhainne ná uachtar do thairisgint ná do sheachadadh d'aon uachtarlainn a bunuíodh no bheidh á coimeád ar siúl contrárdha d'alt 13 den Phríomh-Acht, agus gach duine dhéanfaidh aon bhainne no uachtar do thairisgint no do sheachadadh contrárdha don fho-alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so.

(2) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon bhainne ná uachtar d'úsáid in uachtarlainn a bunuíodh no bheidh á coimeád ar siúl contrárdha d'alt 13 den Phríomh-Acht ná aon bhainne ná uachtar do ghlacadh chun a úsáidthe in aon uachtarlainn den tsórt san, agus gach duine úsáidfidh no ghlacfaidh aon bhainne no uachtar contrárdha don fho-alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so.

(3) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fé cheachtar den dá fho-alt roimhe seo den alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air má sé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, má sé an dara cionta den tsórt san no aon chionta den tsórt san ina dhiaidh sin aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint.

Alt 13 den Phríomh-Acht do leasú.

4. —(1) Más rud é go bhfaghfar duine ciontach i gcionta fé alt 13 den Phríomh-Acht, féadfaidh an Chúirt, í dteanta no in ionad fíneála do ghearradh, a ordú gabháil agus geallbhruideadh do dhéanamh ar an meaisínteacht, an gléasradh, na hárthaí agus an feisteas uile (pe'ca is daingneáin an céanna no nách eadh) is oiriúnach chun a n-úsáidthe in uachtarlainn agus a gheobhfar san áitreabh ina ndearnadh an cionta san.

(2) Má deirtear go bhfuil uachtarlann á coimeád ar siúl contrárdha d'alt 13 den Phríomh-Acht agus más rud é nách fios no nách féidir a fháil amach go caothúil cé hé an duine ag á bhfuil an uachtarlann san á coimeád ar siúl amhlaidh, féadfar cúiseamh, alos an chionta fén alt san 13 i dtaobh na huachtarlainne sin do bheith á coimeád ar siúl amhlaidh, do bhunú, in aghaidh an duine ag á mbeidh an uachtarlann san á coimeád ar siúl amhlaidh, fén tuairisc “an duine ag á bhfuil uachtarlann á coimeád ar siúl i (áit ainmnithe)” gan an duine sin d'ainmniú ná a thuilleadh comharthaí aitheantais air do thabhairt, agus pé uair a bunófar aon chúiseamh den tsórt san amhlaidh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfar an ghairm no an scríbhinn eile ag tionnscnamh an chúisimh sin, féadfar, d'ainneoin éinní atá in aon riail chúirte, í do sheirbheáil tré chóip di do ghreamú in áit so-fheicse ar an taobh amuich den áitreabh ina n-abartar an uachtarlann san do bheith á coimeád ar siúl, agus beidh an tseirbheáil sin ina seirbheáil mhaith dhóthanach chun gach críche;

(b) más rud é le linn éisteachta na cúise go dtiocfaidh duine ar bith i láthair (pe'ca i bpearsain no tré atúrnae no abhcóide é) agus go gcruthófar, no go n-admhóidh an duine sin, gurb eisean an duine ag á bhfuil an uachtarlann adeirtear do bheith ann á coimeád ar siúl, féadfaidh an Chúirt an ghairm no an scríbhinn eile roimhráite do leasú tré ainm an duine sin do chur isteach inti mar fhreagróir agus féadfaidh pé ordú do dhéanamh ar an scríbhinn sin agus í leasuithe amhlaidh is gá do réir chirt;

(c) más rud é le linn éisteachta na cúise gur deimhin leis an gCúirt an ní adeirtear is cionta ann do bheith déanta no á dhéanamh ach ná tiocfaidh duine ar bith i láthair (pe'ca i bpearsain no tré atúrnae no abhcóide é) go gcruthófar no admhóidh gurb eisean an duine do rinne an cionta san no ag á bhfuil an cionta san á dhéanamh, féadfaidh an Chúirt a ordú gabháil agus geallbhruideadh do dhéanamh ar an meaisínteacht, an gléasradh, na hárthaí agus an feisteas uile (pe'ca is daingneáin an céanna no nách eadh) is oiriúnach chun a n-úsáidthe in uachtarlainn agus a gheobhfar san áitreabh ina ndearnadh an cionta san no ina bhfuil an cionta san á dhéanamh.

(3) Isiad a dhéanfaidh gach gabháil agus geallbhruideadh earraí fé ordú fén alt so ná oifigigh chearta na Cúirte agus chuige sin féadfaidh na hoifigigh sin briseadh isteach agus dul isteach san áitreabh a bheidh luaidhte san ordú san agus pé fórsa d'úsáid is gá chun na críche sin.

(4) Déanfar na hearraí uile gabhfar agus a geallbhruidfear fén alt so do sheachadadh don Aire agus féadfaidh seisean na hearraí sin do dhíol, no iad do chur de láimh ar shlí eile fé mar is dóich leis is ceart, chun tairbhe don Stát-Chiste.

Usáid torthaí agus fo-thorthaí bainne do rialú

5. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú a dhearbhú go mbainfidh an t-alt so le haon tsaghas áirithe gnótha gurb é atá ann ar fad no gurb é atá i gcuid mhóir de ná aon toradh no fo-thoradh áirithe bainne d'oibriú, do chríochnú, no do chur ar fáil ar shlí eile chun a dhíolta, no aon tsaghas áirithe earra, 'nar táthchuid di toradh no fo-thoradh áirithe bainne, do dhéanamh chun a díolta, agus pé uair a dhéanfaidh an tAire aon ordú den tsórt san, beidh gach gnó den tsaghas a bheidh luaidhte san ordú san, beidh san, faid a leanfaidh an t-ordú san i bhfeidhm, ina ghnó le n-a mbaineann an t-alt so.

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith le hordú leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta aige fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so no ar aon ordú leasúcháin a bheidh déanta aige fén bhfo-alt so.

(3) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon ghnó le n-a mbaineann an t-alt so do bheith ar siúl aige ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais chuige sin ar n-a thabhairt amach ag an Aire fén alt so.

(4) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leis é, ceadúnas do thabhairt amach do dhuine ar bith á údarú don duine sin, no d'éinne bheidh ag éileamh tríd an duine sin no fé, gnó áirithe le n-a mbaineann an t-alt so do bheith ar siúl aige, agus féadfaidh an tAire pé coinníollacha do chur ag gabháil le haon cheadúnas den tsórt san is ceart dar leis agus a luadhfaidh sa cheadúnas san.

(5) Gach duine go mbeidh gnó le n-a mbaineann an t-alt so ar siúl aige contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air agus fós, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

Gearr-theideal agus luadh.

6. —(1) Féadfar Acht na nUachtarlann (Leasú), 1934 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na nUachtarlann, 1928 agus 1934, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile,