Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

47 1934


Uimhir 47 de 1934.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH (ORDUITHE DO DHAINGNIÚ) (Uimh. 2), 1934.


ACHT CHUN DAINGNITHE DO DHÉANAMH AR ORDUITHE ÁIRITHE DO RINNE AN ARD-CHOMHAIRLE FÉN ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH GO PRÁINNEACH, 1932 . [21adh Mí na Nodlag, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Orduithe do dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo na horduithe uile agus fé seach a hainmnítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do rinne an Ard-Chomhairle fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Prainneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht chun Diúitéthe do Ghearradh (Orduithe do Dhaingniú) (Uimh. 2), 1934 , do ghairm den Acht so.