An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach.) Ar Aghaidh (CUID III. Iascach na Sionainne do Bhainisti.)

4 1935

ACHT IASCAIGH NA SIONAINNE, 1935

CUID II.

Cuiteamh i nDiobhail d'Iascach.

Cúiteamh i ndíobháil d'iascach.

4. —(1) Gach duine dar thárla caillteanas no damáiste (roimh an Acht so do rith no dá éis) de dheascaibh díobhála d'iasach no do cheart iascaireachta do bhí ar únaeracht no ar seilbh aige no dílsithe ann agus suidhte in uiscí no in aon chuid d'uiscí na Sionainne no infheidhmithe ortha beidh sé i dteideal an Bhúird d'íoc cúitimh leis, ar n-a mheas fén Acht so agus dá réir, sa chaillteanas no sa damáiste sin, másé agus amháin másé oibriú oibreacha hídro-leictreacha na Sionainne ba thrúig leis an díobháil sin, pe'ca tré oibriú ghenerálta na n-oibreacha san é no tré aon cheann áirithe de mhodhanna no de chúrsaí oibrithe na n-oibreacha san no tré aon fhaillí áirithe le linn a n-oibrithe.

(2) Gach iarratas ar chúiteamh fén alt so déanfar é i scríbhinn chun an Bhúird agus i gcás díobhála adeirtear do thárla no do thosnuigh roimh an Acht so do rith déanfar é fé cheann bliana tar éis an Achta so do rith agus i ngach cás eile déanfar é fé cheann trí mblian tar éis an dáta ar a ndeirtear do thárla no do thosnuigh an díobháil.

(3) Ní bheidh aon chúiteamh iníoctha fén alt so i ndíobháil d'iascach no do cheart iascaireachta thógfaidh an Bord chúcha fén Acht so ná i ndíobháil ná déanfar cúiteamh inti d'iarraidh go cuibhe fén alt so agus dá réir agus fé cheann na haimsire ceaptar leis an alt so.

(4) Ní luighfidh aon aicsean ná ní tuigfear aon aicsean do luighe riamh i gcoinnibh duine ar bith agus ní bheidh ná ní tuigfear go raibh riamh aon chúiteamh fé Acht 1925 iníoctha maidir le haon chaillteanas no damáiste no díobháil ina mbeidh cúiteamh iníoctha fén alt so no go ndearbhuítear go soiléir leis an alt so gan cúiteamh do bheith iníoctha ann fén alt so.

Comhacht chun ceannach do dhéanamh in ionad cúiteamh d'íoc.

5. —(1) Pé uair a déanfar iarratas chun an Bhúird ar chúiteamh fén gCuid seo den Acht so i ndíobháil d'iascach no do cheart iascaireachta féadfaidh an Bord, aon uair roimh an gcúiteamh san do mheas, fógra i scríbhinn do thabhairt do neach déanta an iarratais sin agus do gach duine eile (más éinne é) go bhfeictear don Bhord leas do bheith aige san iascach no sa cheart iascaireachta san no in aon talamh, cead slí no ceart eile den tsórt a luaidhtear anso ina dhiaidh seo á dhearbhú go bhfuil an Bord chun an iascaigh no an chirt iascaireachta san do thógaint chúcha maraon le haon talamh, cead slí, no ceart eile is dóich leis an mBord a ghabhann leis an iascach no leis an gceart iascaireachta san no is gá chun a úsáidthe.

(2) I ngach fógra do bhéarfaidh an Bord uatha fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so luadhfar, chó hiomlán agus is féidir é do réir réasúin, an t-iascach no an ceart iascaireachta, an talamh, na ceada slí, agus na cearta eile le n-a mbaineann an fógra san.

(3) Pé uair a bheidh fógra tugtha uatha ag an mBord fé sna forálacha san roimhe seo den alt so beidh an Bord i dteideal, agus déanfaid, an t-iascach no an ceart iascaireachta agus aon talamh, cead slí no ceart eile bheidh luaidhte sa bhfógra san do cheannach agus déanfaidh gach únaer, léasaí agus duine eile go leas aige sa chéanna é do dhíol leis an mBord.

An tAire d'aistriú iascaigh.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon iascach no ceart iascaireachta, in uiscí Abhann na Sionainne no aon choda dhi, do thóg sé chuige (roimh an Acht so do rith no dá éis) fé Acht 1925 d'aistriú chun an Bhúird agus fós aon talamh, éasáid, cead slí, cead uisce, no ceart eile do thóg sé chuige amhlaidh agus a ghabhann le haon iascach no ceart iascaireachta den tsórt san a haistreofar amhlaidh.

(2) Aon ordú déanfar fén alt so dílseoidh sé sa Bhord, gan aon leithliú eile, gach iascach agus ceart iascaireachta agus gach talamh, éasáid, cead slí, ceart uisce agus ceart eile adéarfaidh an t-ordú san do bheith á aistriú chun an Bhúird leis an ordú san.

Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí d'aistriú iascaigh.

7. —(1) Féadfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn, le hordú fé n-a séala, ar pé téarmaí agus coinníollacha ar a gcó-aontóidh na Coimisinéirí sin agus an Bord le toiliú an Aire Airgid, estát agus leas uile na gCoimisinéirí sin in aon iascach no ceart iascaireachta in uiscí Abhann na Sionainne no aon choda dhi atá ar seilbh ag na Coimisinéirí sin le linn an Achta so do rith d'aistriú chun an Bhúird agus fós aon talamh, éasáid, cead slí, cead uisce no ceart eile atá ar seilbh ag na Coimisinéirí sin amhlaidh agus a ghabhann le haon iascach no ceart iascaireachta a haistreofar amhlaidh.

(2) Aon ordú déanfar fén alt so dílseoidh sé sa Bhord, gan aon leithliú eile, gach iascach agus ceart iascaireachta agus gach talamh, éasáid, cead slí, ceart uisce agus ceart eile adéarfaidh an t-ordú san do bheith á aistriú chun an Bhúird leis an ordú san.