Ar Aghaidh (SCEIDEAL. ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.)

7 1935


Uimhir 7 de 1935.


ACHT AIRGID (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1935.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE MÁIL D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH, CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH DEOLCHAIRÍ D'ÍOC AR EARRAÍ ÁIRITHE IONMHÁIL D'EASPORTÁIL, AGUS CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ BHAINEAS LE CUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE, MARAON LE MÁL.

[28adh Márta, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Diúité máil ar íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil.

1. —(1) Eileofar agus gearrfar diúité máil do réir sé pingne an galún ar an íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil uile, ar n-a déanamh i Saorstát Éireann, a cuirfear amach an 1adh lá d'Fheabhra, 1935, no dá éis, ar díol no chun a díolta no eile, o áitreabh a déantóra no úsáidfidh a déantóir chun aon chríche ach íle híodrocarbóin mhinearáil do dhéanamh no do tháirgeadh agus íocfaidh a déantóir an diúité máil sin.

(2) Fé réir cólíonadh pé coinníollacha fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncuim ní déanfar an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearradh—

(a) ar aon íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh—

(i) gur cuireadh amach o áitreabh a déantóra í an 1adh lá d'Fheabhra, 1935, no dá éis, agus

(ii) go ndearnadh an diúité forchuirtear leis an alt so d'íoc uirthi nuair do cuireadh amach amhlaidh í, agus

(iii) gur tugadh thar n-ais í dá éis sin chun an áitreibh o n-ar cuireadh amach amhlaidh í no isteach in áitreabh eile do bhí ar seilbh ag an déantóir sin; ná

(b) ar aon íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go bhfuil beartuithe í d'úsáid i Saorstát Éireann in aon phróiseas dathuithe no glanta earraí fighte bheidh ar siúl mar thrádáil; ná

(c) ar aon íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go bhfuil beartuithe í d'úsáid mar tháthchuid chun earraí do dhéanamh nách de chineál íle eadtruime híocrocarbóin minearáil no nách earraí ná fuil ionta ach meascán no cumasc de sna híleacha san i dteanta no d'éamais abhair dhaithte no a leithéid; ná

(d) ar aon íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil a dhéanfaidh duine dheineann agus a dhíolann leis an bpuiblíocht geas chun soillsithe, chun téighte no chun comhachta agus gur mar fho-tháirgeadh i ndéantóireacht an gheasa san a déanfar í.

(3) Déanfar ais-tarrac is có-ionann le méid an diúité forchuirtear leis an alt so agus a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim a híocadh ar na hearraí bheidh i gceist do lomháil ar aon íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil is ionchurtha fén diúité sin d'easportáil o Shaorstát Éireann no do chur ar bord luinge no i dtaisce i mbanna-stóras le húsáid mar stóranna luinge no ar aon íle den tsórt san do chur ar bord aon aer-árthaigh le húsáid ar thurus go háit lasmuich de Shaorstát Éireann.

(4) An 1adh lá d'Fheabhra, 1935, agus dá éis, éileofar, gearrfar agus íocfar diúité máil de phúnt ar cheadúnas a bheidh le tógaint amach in aghaidh na bliana ag gach glantóir íle híodrocarbóin.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh chun an diúité forchuirtear leis an alt so d'áirithiú agus do bhailiú, chun a thoirmeasc ar éinne seachas daoine ag a mbeidh ceadúnas chuige sin agus ag a mbeidh iontráil déanta chun na críche sin íle híodrocarbóin do ghlanadh, chun tabhairt-amach, ré, agus athnuachaint na gceadúnaisí sin do rialáil agus chun déanamh íle éadtruime híodrocarbóin minearáil agus aistriú na híle sin ón monarchain do rialú go generálta, agus aon achtachán a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le haon diúité máil no diúité custum no maidir le daoine bheidh ag gabháil d'aon trádáil a bheidh de thurus na huaire fé réir dhlí an mháil féadfaidh na Coimisnéirí Ioncuim leis na rialacháin sin, feidhm do thabhairt do maidir leis an diúité sin a forchuirtear agus leis an ais-tarrac a húdaruítear leis an alt so no maidir le glantóirí íle híodrocarbóin.

(6) Má dheineann duine ar bith éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar choinníoll fhorchuirfidh no ar rialachán a dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós máil de chúig céad púnt do chur air agus geallbhruidfear aon earra gur ina taobh do rinneadh an cionta san.

(7) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an abairt “íle éadtrom híodrocarbóin” íle híodrocarbóin go stillíonn caoga per cent. ar a laighead de do réir toirte fé theas nách mó ná 185 gráid chentigráid no go stillíonn cúig nóchad per cent. ar a laighead de do réir toirte fé theas nách mó ná 240 grád centigráid no go n-eiríonn gal adhantach aisti fé theas is lugha ná 22.8 de ghráid chentigráid nuair a tástáltar í sa tslí foráltar leis na hAchtanna bhaineann le petroleum.

(8) Is do réir mar ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim a bheidh an modh chun íle do thástáil féachaint a bhfuil sí do réir na bhforálacha den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so bhaineann le toirt áirithe dhi do stilleadh fé theas áirithe.

Diúité máil ar cheadúnaisí fén Acht Tobac, 1934 .

2. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar diúité máil de chúig scillinge ar gach ceadúnas a bhéarfar amach fén Acht Tobac, 1934 (Uimh. 37 de 1934) , agus dá ngairmtear ceadúnas fásóra san Acht san, sé sin le rá, ceadúnas chun tobac d'fhás bliain áirithe ar thailte áirithe agus an tobac san do leasú.

(2) Eileofar, gearrfar, agus íocfar diúité máil de dheich scillinge ar gach ceadúnas a bhéarfar amach fén Acht Tobac, 1934 (Uimh. 37 de 1934) , agus dá ngairmtear ceadúnas leasuitheora san Acht san, sé sin le rá, tobac d'fhás aon bhliana áirithe do leasú san áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san.

(3) Eileofar, gearrfar, agus íocfar diúité máil de phúnt ar gach ceadúnas a bhéarfar amach fén Acht Tobac, 1934 (Uimh. 37 de 1934) , agus dá ngairmtear ceadúnas ath-láimhseora san Acht san, sé sin le rá, ceadúnas chun tobac d'fhás aon bhliana áirithe do láimhseáil san áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san.

(4) Eileofar, gearrfar agus íocfar diúité máil de chúig scillinge ar gach ceadúnas a bhéarfar amach fé Chuid IV den Acht Tobac, 1934 (Uimh. 37 de 1934) , agus dá ngairmtear ceadúnas déantóra thrialaigh san Acht san, sé sin le rá, ceadúnas chun tobac d'fhás bliain áirithe ar thalamh áirithe agus an tobac san do leasú agus d'ath-láimhseáil.

(5) An t-achtachán a luaidhtear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear leis seo é o dháta rithte an Achta so sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

An lacáiste sa diúité ar fheithiclí inneall-ghluaiste áirithe do scur.

3. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 11 den Acht Airgid, 1930 ( Uimh. 20 de 1930 ), maidir le diúité fé alt 13 den Acht Airgid, 1920, mar a leasuítear san leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , a híocfar in aghaidh aon bhliana no coda de bhliain tar éis na bliana 1934.

Deimhnithe tionnscnaimh do thaisbeáint.

4. —(1) Ar measc na scríbhinní go bhfuil an bailitheoir nó oifigeach ceart eile i dteideal, fé alt 65 den Customs Consolidation Act, 1876, a cheangal ar an iomportálaí no ar a ghníomhaire iad do thaisbeáint don oifigeach san ar aon earraí d'iontráil beidh, i gcás earraí d'iontráil an 1adh lá d'Abrán, 1935, no dá éis sin, deimhniú i pé fuirm ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim á rá cár tionnscnadh na hearraí sin.

(2) Ar measc na scríbhinní go bhfuil an t-oifigeach ceart Custum agus Máil i dteideal, fé alt 1 den Revenue Act, 1909, a cheangal ar iomportálaí aon earraí no ar a ghníomhaire iad do thaisbeáint beidh, i gcás gach iontrála earraí seachadfar do réir bhrí an ailt sin an 1adh lá d'Abrán, 1935, no dá éis, deimhniú i pé fuirm ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim á rá cár tionnscnadh na hearraí sin.

Na Coimisinéirí Ioncuim d'íoc deolchairí áirithe.

5. —(1) Pé uair a híocfar ais-tarrac ar thobac do rinneadh i Saorstát Éireann o dhuille-thobac do fásadh i Saorstát Éireann íocfaidh na Coimisinéirí Ioncuim amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, ar gach púnt den tobac san, leis an té le n-a mbeidh an t-ais-tarrac san iníoctha, deolchaire de mhéid is có-ionann leis an deifríocht an púnt a bheidh idir an diúité máil do híocadh ar an tobac san agus an diúité custum dob inéilithe, an tráth do híocadh an diúité máil sin, ar thobac den tsamhail chéanna nách i Saorstát Éireann do rinneadh no do fásadh é.

(2) Pé uair a híocfar ais-tarrac alos siúicre do rinneadh i Saorstát Éireann o bhiatas do fásadh i Saorstát Éireann íocfaidh na Coimisinéirí Ioncuim amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, ar gach céad meáchaint den tsiúicre sin, leis an té le n-a mbeidh an t-ais-tarrac san iníoctha, deolchaire de mhéid is cóionann leis an deifríocht an céad meáchaint a bheidh idir an diúité máil do híocadh alos an tsiúicre sin agus an diúité custum dob inéilithe, an tráth do híocadh an diúité máil sin, ar shiúicre den tsamhail chéanna nách i Saorstát Éireann ná o bhiatas d'fhás i Saorstát Éireann do rinneadh é.

(3) Pé uair a híocfar ais-tarrac ar íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil do rinneadh i Saorstát Éireann íocfaidh na Coimisinéirí Ioncuim amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, ar gach galún den íle sin, leis an té le n-a mbeidh an t-ais-tarrac san iníoctha, deolchaire de mhéid is có-ionann leis an deifríocht an galún a bheidh idir an diúité máil do híocadh ar an íle sin agus an diúité custum dob inéilithe, an tráth do híocadh an diúité máil sin, ar íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil den tsamhail chéanna nách i Saorstát Éireann do rinneadh í.

(4) Is ar na Coimisinéirí Ioncuim agus i pé slí ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim a déanfar gach éileamh ar dheolchaire d'íoc fén alt so agus isiad na Coimisinéirí Ioncuim a bhéarfaidh breith ar gach éileamh den tsórt san agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

Deireadh do chur le saoirsí áirithe o dhiúité stampa.

6. —(1) Na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht so athgairmtear leis seo iad ón 1adh lá d'Abrán, 1935, sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

(2) Gach saoirse o dhiúité stampa eiríonn fé aon achtachán (puiblí, generálta, áitiúil nó príobháideach) de bhuadh an achtacháin sin d'ionchorparú no do leathnú aon achtacháin dá n-athghairmtear leis an alt so no do thabhairt feidhme dho scuirfidh d'éifeacht do bheith aici an 1adh lá d'Abrán, 1935, agus ón dáta san amach.

(3) Gach ionstruim no scríbhinn dar dáta an 1adh lá d'Abrán, 1935, no dáta dá éis sin, do bheadh, mara mbeadh an t-alt so, saor o dhiúité stampa de bhuadh achtacháin a hathghairmtear no saoirse a cuirtear ar ceal leis an alt so beidh sé ionchurtha fé dhiúité stampa fén bhforáil oiriúnach den Stamp Act, 1891.

Cúram agus bainistí diúitéthe.

7. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo gach diúité forchuirtear leis an alt so ach amháin an diúité máil ar fheithiclí inneall-ghluaiste.

Gearr-theideal agus léiriú.

8. —(1) Féadfar an tAcht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935 , do ghairm den Acht so.

(2) Déanfar an méid den Acht so bhaineann le diúitéthe custum do léiriú i dteanta na nAchtanna Custum agus déanfar pé méid den Acht so bhaineann le diúitéthe máil do léiriú i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann le diúitéthe máil agus bainistí na ndiúitéthe sin.