|
|||||
|
ACHT UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAITHE, 1935
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Pinsin (Nea-Shintiusacha) Bhaintreach agus Pinsin (Nea-Shintiusacha) Dilleachtaithe. | |
[EN] |
Daoine marbha go bhfuil feidhm ag Cuid III den Acht so maidir leo. |
15. —Tá feidhm ag an gCuid seo den Acht so maidir leis na daoine marbha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) duine— | |
[EN] | (i) do fuair bás (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) roimh an dara lá ceaptha, agus | |
[EN] | (ii) ba dhuine árachuithe fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta ar an dáta ar a bhfuair bás; | |
[EN] | (b) duine— | |
[EN] | (i) do fuair bás (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) roimh an dara lá ceaptha, agus | |
[EN] | (ii) i gcás gan é no í do bheith os cionn seachtó bliain d'aois ar an dáta ar a bhfuair bás, do bhí i bhfostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so ar an dáta ar a bhfuair bás no, i gcás é no í do bheith os cionn seachtó bliain d'aois ar an dáta ar a bhfuair bás, do bhí i bhfostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so an lá do shlánuigh seachtó bliain; | |
[EN] | (c) duine— | |
[EN] | (i) do fuair bás an dara lá ceaptha no dá éis sin, agus | |
[EN] | (ii) ná raibh os cionn seachtó bliain d'aois ar an dáta ar a bhfuair bás, agus | |
[EN] | (iii) ba dhuine árachuithe fén Acht so ar an dáta ar a bhfuair bás, agus | |
[EN] | (iv) nár cólíonadh na coinníollacha reachtúla ina thaobh; | |
[EN] | (d) duine— | |
[EN] | (i) do fuair bás an dara lá ceaptha no dá éis sin, agus | |
[EN] | (ii) do bhí os cionn seachtó bliain d'aois an dara lá ceaptha, agus | |
[EN] | (iii) ba dhuine árachuithe fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta ar an dáta ar a bhfuair bás no do bhí, an lá do shlánuigh seachtó bliain, i bhfostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so. | |
[EN] |
Acfuinn sheachtainiúil ghlan bhaintreach agus dílleachtaithe. |
16. —Chun crícheanna na Coda so den Acht so isé is acfuinn sheachtainiúil ghlan bhaintrighe no dhílleachtaí ná acfuinn sheachtainiúil ghlan na baintrighe no an dílleachtaí sin mar a déanfar san amach do réir na bhforálacha oiriúnacha den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so. |
[EN] |
Ait chomhnaithe. |
17. —Chun crícheanna na Coda so den Acht so agus an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) d'ainneoin duine do bheith ina chomhnaí i mbailelíomatáiste tuigfear, má bhí sé ina chomhnaí i dtuath líomatáiste díreach roimh dhul chun comhnaithe sa bhaile-líomatáiste sin, é do leanúint de bheith ina chomhnaí sa tuath-líomatáiste sin ar feadh tréimhse bliana tar éis do dul chun comhnaithe amhlaidh; | |
[EN] | (b) d'ainneoin duine do bheith ina chomhnaí i gcontae-bhuirg tuigfear, má bhí sé ina chomhnaí i mbaile-líomatáiste no má bhí sé no má tuigeadh, de bhuadh míre (a) den fho-alt so, go raibh sé ina chomhnaí i dtuath-líomatáiste díreach roimh dhul chun comhnaithe sa chontae-bhuirg sin, é do leanúint de bheith ina chomhnaí sa bhailelíomatáiste no sa tuath-líomatáiste sin (do réir mar bheidh) ar feadh tréimhse bliana tar éis do dul chun comhnaithe amhlaidh. | |
[EN] |
Sealbhóir beag. |
18. —(1) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “sealbhóir beag” duine— |
[EN] | (a) is sealbhaire gabháltais no gabháltaisí de thalamh thalmhaíochta nách mó ná ocht bpúint a luacháil no iomlán a luachálanna, agus | |
[EN] | (b) nách sealbhaire ná únaer aon ionoighreachta no ionoighreachtaí ionrátuithe (seachas talamh talmhaíochta) gur mhó ná ocht bpúint a luacháil no iomlán a luachálanna dá gcuirtí í no iad le luacháil an ghabháltais sin no le hiomlán luachálanna na ngabháltas san. | |
[EN] | (2) San alt so— | |
[EN] | cialluíonn an abairt “talamh talmhaíochta” aon ionoighreacht no cuid d'ionoighreacht— | |
[EN] | (a) atá iontrálta mar thalamh sna liostaí luachála fé sna hAchtanna Luachála, agus | |
[EN] | (b) nách chun crícheanna seachas talmhaíocht no tógaint eallaigh stuic is mó a húsáidtear é; | |
[EN] | cialluíonn an focal “luacháil” luacháil fé sna hAchtanna Luachála; | |
[EN] | tá an brí céanna leis an abairt “ionoighreacht ionrátuithe” atá leis an abairt “rateable hereditament” sna hAchtanna Luachála. | |
[EN] |
Pinsin (neashíntiúsacha) bhaintreach. |
19. —Fé réir forálacha an Achta so beidh pinsean (dá ngairmtear pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe san Acht so) iníoctha— |
[EN] | (a) le baintrigh aon fhir mhairbh go mbeidh feidhm ag an gCuid seo den Acht so maidir leis, no | |
[EN] | (b) le baintrigh aon fhir ba shealbhóir beag ar dháta a bháis, pe'ca roimh an dara lá ceaptha no an lá san no dá éis sin d'éag sé, má bhíonn agus faid a bheidh an bhaintreach san ina comhnaí ar an ngabháltas gur de bhuadh é bheith ar seilbh aige ba shealbhóir beag an fear san. | |
[EN] |
Có-dhéanamh agus rátaí pinsean (nea-shíntiúsach) baintreach. |
20. —(1) Fé réir forálacha na Coda so den Acht so is mar leanas a bheidh pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe is iníoctha le baintrigh a chomhnuíonn i gcontae-bhuirg, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) má bhíonn agus faid a bheidh beirt leanbh no níos mó leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin ina mbeathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha, isé bheidh sa phinsean san ná— | |
[EN] | (i) liúntas, alos na baintrighe sin, do réir seacht scillinge agus reul sa tseachtain, agus | |
[EN] | (ii) liúntas, alos an té is sine de sna leanbhaí sin, do réir trí scillinge agus reul sa tseachtain, agus | |
[EN] | (iii) liúntas, i gcás triúr no níos mó leanbhaí den tsórt san do bheith ann, alos gach leinbh fé leith acu san (seachas an leanbh is sine) no, i gcás gan ach beirt leanbh den tsórt san do bheith ann, alos an té is óige de sna leanbhaí sin, do réir scilling agus reul sa tseachtain; | |
[EN] | (b) mara mbeidh agus faid ná beidh ach aon leanbh amháin leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin ina bheathaid agus fé bhun na haoise ceaptha, isé bheidh sa phinsean san ná— | |
[EN] | (i) liúntas, alos na baintrighe sin, do réir seacht scillinge agus reul sa tseachtain, agus | |
[EN] | (ii) liúntas, alos an leinbh sin, do réir trí scillinge agus reul sa tseachtain; agus | |
[EN] | (c) mara mbeidh aon leanbh leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin ina bheathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha isé bheidh sa phinsean san ná liúntas, alos na baintrighe sin, do réir seach scillinge agus reul sa tseachtain. | |
[EN] | (2) Fé réir forálacha na Coda so den Acht so is mar leanas a bheidh pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe is iníoctha le baintrigh a chomhnuíonn i mbaile-líomatáiste, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) má bhíonn agus faid a bheidh beirt leanbh no níos mó leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin ina mbeathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha, isé bheidh sa phinsean san ná— | |
[EN] | (i) liúntas, alos na baintrighe sin, do réir sé scillinge sa tseachtain, agus | |
[EN] | (ii) liúntas, alos an té is sine de sna leanbhaí sin, do réir dhá scillinge agus reul sa tseachtain, agus | |
[EN] | (iii) liúntas, i gcás triúr no níos mó leanbhaí den tsórt san do bheith ann, alos gach leinbh fé leith acu san (seachas an leanbh is sine) no, i gcás gan ach beirt leanbh den tsórt san do bheith ann, alos an té is óige de sna leanbhaí sin, do réir scilling sa tseachtain; | |
[EN] | (b) mara mbeidh agus faid ná beidh ach aon leanbh amháin leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin ina bheathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha, isé bheidh sa phinsean san ná— | |
[EN] | (i) liúntas, alos na baintrighe sin, do réir sé scillinge sa tseachtain, agus | |
[EN] | (ii) liúntas, alos an leinbh sin, do réir dhá scilling agus reul sa tseachtain; agus | |
[EN] | (c) mara mbeidh aon leanbh leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin ina bheathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha isé bheidh sa phinsean san ná liúntas, alos na baintrighe sin, do réir sé scillinge sa tseachtain. | |
[EN] | (3) Fé réir forálacha na Coda so den Acht so is mar leanas a bheidh pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe is iníoctha le baintrigh a chomhnuíonn i dtuath-líomatáiste, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) má bhíonn agus faid a bheidh beirt leanbh no níos mó leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin ina mbeathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha, isé bheidh sa phinsean san ná:— | |
[EN] | (i) liúntas, alos na baintrighe sin, do réir cúig scillinge sa tseachtain, agus | |
[EN] | (ii) liúntas, alos an té is sine de sna leanbhaí sin, do réir dhá scilling sa tseachtain, agus | |
[EN] | (iii) liúntas, i gcás triúr no níos mó leanbhaí den tsórt san do bheith ann, alos gach leinbh fé leith acu san (seachas an leanbh is sine) no, i gcás gan ach beirt leanbh den tsórt san do bheith ann, alos an té is óige de sna leanbhaí sin, do réir scilling sa tseachtain; | |
[EN] | (b) mara mbeidh agus faid ná beidh ach aon leanbh amháin leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin ina bheathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha, isé bheidh sa phinsean san ná— | |
[EN] | (i) liúntas, alos na baintrighe sin, do réir cúig scillinge sa tseachtain, agus | |
[EN] | (ii) liúntas, alos an leinbh sin, do réir dhá scilling sa tseachtain; agus | |
[EN] | (c) mara mbeidh aon leanbh leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin ina bheathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha, isé bheidh sa phinsean san ná liúntas, alos na baintrighe sin, do réir cúig scillinge sa tseachtain. | |
[EN] | (4) Déanfar tagairtí san Acht so do liúntas (nea-shíntiúsach) na baintrighe do léiriú mar thagairtí do liúntas alos baintrighe fé fho-ailt (1), (2) no (3) den alt so, agus déanfar tagairtí san Acht so do liúntas (nea-shíntiúsach) leinbh do léiriú mar thagairtí do liúntas alos leinbh fé fho-ailt (1), (2) no (3) den alt so. | |
[EN] |
Cineálacha baintreach dá bhféadfar pinsin (neashíntiúsacha) bhaintreach do dheonadh. |
21. —Ní deonfar pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe do bhaintrigh maran rud é— |
[EN] | (a) go mbeidh a seasca bliain slán aici agus ná bheidh a seachtó bliain slán aici, no | |
[EN] | (b) go mbeidh sí fé bhun seachtó bliain d'aois agus go mbeidh leanbh amháin ar a laighead, leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin, ann agus é de thurus na huaire ina bheathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha. | |
[EN] |
Ré phinsean (neashíntiúsach) baintreach. |
22. —(1) Fé réir forálacha an Achta so leanfaidh pinsean (neashíntiúsach) baintrighe, is iníoctha le baintrigh, de bheith iníoctha go dtí go mbeidh a seachtó bliain slán aici agus scuirfidh ansan, mara n-ath-phósfa sí roimhe sin, agus sa chás san scuirfidh an pinsean san o am an ath-phósta san amach. |
[EN] | (2) I gcás— | |
[EN] | (a) pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe go mbeidh aon liúntas (nea-shíntiúsach) leinbh ina chuid de do scur d'aon liúntas (nea-shíntiúsach) leinbh do bheith ina chuid de, agus | |
[EN] | (b) gan a naoi mbliana caogad agus sé mhí do bheith slán, ar dháta an scuir sin, ag an mbaintrigh dar deonadh an pinsean san, | |
scuirfidh an pinsean san de bheith iníoctha i gcionn sé mhí tar éis dáta an scuir sin ach beidh san gan dochar do phinsean (neashíntiúsach) baintrighe d'ath-dheonadh dhi nuair a bheidh a seasca bliain slán aici. | ||
[EN] |
Pinsean (neashíntiúsach) baintrighe do scur no do laigheadú mar gheall ar acfuinn. |
23. —(1) Ní bheidh teideal ag mnaoi chun pinsin (neashíntiúsach) baintrighe agus beidh sí dí-cháilithe chun an phinsin sin d'íoc léi má bhíonn agus faid a bheidh a hacfuinn sheachtainiúil ghlan có-ionann leis an suim cheaptha no níos mó ná san. |
[EN] | (2) Más lugha acfuinn sheachtainiúil ghlan bhaintrighe ná an tsuim cheaptha déanfar aon phinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe is iníoctha leis an mbaintrigh sin do laigheadú scilling in aghaidh gach scillinge iomláine den acfuinn sheachtainiúil ghlan san. | |
[EN] | (3) San alt so cialluíonn an abairt “an tsuim cheaptha” maidir le baintrigh an tsuim sheachtainiúil do bheadh, dá mbeadh pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe á fháil aici agus gan aon acfuinn sheachtainiúil ghlan aici, iníoctha léi de thurus na huaire mar gheall ar an bpinsean san, ag féachaint do sna forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le có-dhéanamh agus rátaí pinsean (nea-shíntiúsach) baintreach. | |
[EN] |
Pinsin (neashíntiúsacha) dílleachtaithe. |
24. —Fé réir forálacha an Achta so beidh pinsean (dá ngairmtear pinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaí san Acht so) iníoctha alos gach leinbh a bheidh do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) gur leanbh dílleachtach é— | |
[EN] | (i) le duine marbh go mbeidh feidhm ag an gCuid seo den Acht so maidir leis, no | |
[EN] | (ii) le duine ba shealbhóir beag ar an dáta ar a bhfuair bás pe'ca roimh an dara lá ceaptha no an lá san no dá éis sin do fuair bás, agus | |
[EN] | (b) go mbeidh sé fé bhun na haoise ceaptha de thurus na huaire. | |
[EN] |
Rátaí pinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaithe. |
25. —Fé réir forálacha an Achta so is do réir na rátaí seo leanas a bheidh pinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaí is iníoctha alos leinbh, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) i gcás gan an leanbh san do bheith á choinneáil i scoil cheartúcháin no i scoil saothair ná ina chomhnaí i bhfundúireacht ná curtha ar cothú lasmuich ag údarás conganta phuiblí— | |
[EN] | (i) más i gcontae-bhuirg a chomhnuíonn an leanbh san, ceithre scillinge sa tseachtain, | |
[EN] | (ii) más i mbaile-líomatáiste chomhnuíonn an leanbh san, trí scillinge agus reul sa tseachtain, | |
[EN] | (iii) más i dtuath-líomatáiste chomhnuíonn an leanbh san, dhá scilling agus reul sa tseachtain; | |
[EN] | (b) i gcás an leanbh san do bheith á choinneáil i scoil cheartúcháin no i scoil saothair no ina chomhnaí i bhfundúireacht no curtha ar cothú lasmuich ag údarás conganta phuiblí— | |
[EN] | (i) más i gcontae-bhuirg a bheidh an scoil cheartúcháin no an scoil saothair no an fhundúireacht san no bheidh an leanbh san curtha ar cothú lasmuich, trí scillinge sa tseachtain, | |
[EN] | (ii) más i mbaile-líomatáiste no i dtuath-líomatáiste bheidh an scoil cheartúcháin no an scoil saothair no an fhundúireacht san no bheidh an leanbh san curtha ar cothú lasmuich, dhá scilling sa tseachstain. | |
[EN] |
Pinsean (neashíntiúsach) dílleachtaí do scur no do laigheadú mar gheall ar acfuinn. |
26. —(1) Ní bheidh teideal ag dílleachtaí chun pinsin (neashíntiúsach) dílleachtaí agus beidh sé dí-cháilithe chun an phinsin sin d'íoc leis má bhíonn agus faid a bheidh acfuinn sheachtainiúil ghlan an dílleachtaí sin có-ionann leis an suim cheaptha no níos mó ná san. |
[EN] | (2) Más lugha acfuinn sheachtainiúil ghlan dhílleachtaí ná an tsuim cheaptha déanfar aon phinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaí is iníoctha leis an dílleachtaí sin do laigheadú scilling in aghaidh gach scillinge iomláine den acfuinn sheachtainiúil ghlan san. | |
[EN] | (3) San alt so cialluíonn an abairt “an tsuim cheaptha” maidir le dílleachtaí an tsuim sheachtainiúil do bheadh, dá mbeadh pinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaí á íoc alos an dílleachtaí sin agus gan aon acfuinn sheachtainiúl ghlan ag an dílleachtaí sin, iníoctha mar gheall ar an bpinsean san, ag féachaint do sna forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le rátaí pinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaithe. | |
[EN] | (4) Chun crícheanna fo-alt (1) agus (2) den alt so tuigfear pinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaí alos dílleachtaí do bheith iníochta leis an dílleachtaí sin. |