|
|||||
|
ACHT UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAITHE, 1935
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII. Foralacha Ilghneitheacha. | |
[EN] |
Forálacha i dtaobh maraithe. |
53. —Féadfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, ordú do dhéanamh ag atharú, i pé slí is dóich leis is ceart, forálacha an Achta so (ach ní hi slí do mhéadódh rátaí na síntiúisí no do laigheadódh ráta na bpinsean) sa mhéid go mbainid le máistrí agus le maraithe. |
[EN] |
Forálacha maidir le fóirithin allamuich do phinsinéirí. |
54. —Nuair a bheidh údarás conganta phuiblí ag tabhairt fóirithne, ar shlí seachas i bhfundúireacht, do dhuine bheidh ag fáil phinsin no i dteideal pinsean d'fháil ní thabharfaid áird ar aon phinsean den tsórt san ach amháin sa mhéid gur mó ná cúig scillinge sa tseachtain an pinsean san. |
[EN] |
Forálacha i gcás pinsean do dheonadh do dhuine bheidh ag fáil fóirithne allamuich. |
55. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) údarás conganta phuiblí do dheonadh fóirithne, ar shlí seachas i bhfundúireacht, in aghaidh tréimhse ar bith do dhuine no alos duine beidh i dteideal pinsin ach ná beidh ag fáil íocaíochtaí an tráth san alos an phinsin sin, agus | |
[EN] | (b) an fhóirithin sin do bheith níos mó ná an méid do deonfaí don duine sin dá mbeadh sé ag fáil íocaíochta alos pinsin, agus | |
[EN] | (c) aon tsuim (dá ngairmtear an riaráiste sa bhfo-alt so), a bheidh ag fás in aghaidh coda ar bith den tréimhse sin alos pinsin, do theacht ina dhiaidh sin chun bheith iníoctha leis an duine sin, agus | |
[EN] | (d) an t-údarás conganta phuiblí sin dá dheimhniú don Aire, sara n-íoctar an riaráiste leis an duine sin, cadé an méid sa bhreis (dá ngairmtear an bhreis sa bhfo-alt so) d'íoc an t-údarás conganta phuiblí sin amhlaidh in aghaidh na tréimhse gur ina haghaidh d'fhás an riaráiste, | |
[EN] | féadfaidh an tAire an riaráiste do laigheadú méid nách mó ná méid na breise agus, sa chás san, íocfaidh leis an údarás conganta phuiblí sin, amach as Ciste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaithe, suim is có-ionann leis an méid a laigheadófar an riaráiste amhlaidh. | |
(2) Bainfidh an t-alt so le cás ina dtiocfaidh aon tsuim chun bheith iníoctha ina dhiaidh sin mar gheall ar liúntas (síntiúsach) leinbh, liúntas (nea-shíntiúsach) leinbh, pinsean (síntiúsach) dílleachtaí no pinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaí is iníoctha alos leinbh go mbeidh aon fhóirithin den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo deonta mar gheall air fé mar a bhaineann sé le cás ina dtagann suim alos pinsin chun bheith iníoctha ina dhiaidh sin le duine go mbeidh fóirithin den tsórt san roimhráite deonta dho no mar gheall air agus is fé réir na n-atharuithe riachtanacha bheidh feidhm aige maidir le cás den tsórt san. | ||
[EN] |
Forálacha i gcás pinsean do dheonadh do dhuine bheidh ag fáil conganta dhíomhaointis. |
56. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) congnamh díomhaointis d'íoc in aghaidh tréimhse ar bith le duine bheidh i dteideal pinsin ach ná beidh ag fáil íocaíochtaí an tráth san alos an phinsin sin, agus | |
[EN] | (b) ná híocfaí an congnamh díomhaointis sin dá mbeadh an duine sin ag fáil íocaíochta alos pinsin an tráth san, agus | |
[EN] | (c) aon tsuim (dá ngairmtear an riaráiste sa bhfo-alt so) a bheidh ag fás in aghaidh coda ar bith den tréimhse sin alos pinsin do theacht ina dhiaidh sin chun bheith iníoctha leis an duine sin, agus | |
[EN] | (d) an tAire Tionnscail agus Tráchtála dá dheimhniú don Aire, sara n-íoctar an riaráiste leis an duine sin, cadé an méid (dá ngairmtear an bhreis sa bhfo-alt so) d'íoc an tAire Tionnscail agus Tráchtála amhlaidh in aghaidh na tréimhse gur ina haghaidh d'fhás an riaráiste, | |
[EN] | féadfaidh an tAire an riaráiste do laigheadú méid nách mó ná méid na breise agus, sa chás san, íocfaidh leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, amach as Ciste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaithe, suim is có-ionann leis an méid a laigheadófar an riaráiste amhlaidh. | |
[EN] | (2) Aon airgead a híocfar leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála fén alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid. | |
[EN] |
Pinsin a bheidh íoctha thar an gceart d'aisíoc. |
57. —(1) Má gheibhtear amach tráth ar bith go raibh duine ag fáil pinsin ar feadh aon tréimhse ná raibh an duine sin ina theideal ar a feadh, no go raibh sé ag fáil pinsin do réir ráta is aoirde ná an ráta bhaineann leis an gcás, ansan, dlighfidh an duine sin no, i gcás an duine sin do bheith marbh, ionadaí pearsanta an duine sin íoc do dhéanamh leis an Aire, ar n-a éileamh san air, in aon tsuimeanna do híocadh leis an duine sin alos an phinsin ar feadh na tréimhse sin no i suim is có-ionann leis an deifríocht idir pinsean do réir an ráta gur dá réir do híocadh é agus pinsean do réir an ráta bhaineann leis an gcás, do réir mar bheidh. |
[EN] | (2) Aon tsuim is iníoctha ag duine leis an Aire fén alt so beidh sí ina fiacha ag an Aire ar an duine sin agus féadfaidh an tAire í do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla no tré n-a baint as aon íocaíocht no íocaíochtaí alos pinsin go dtiocfaidh an duine sin ina theideal ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (3) Íocfar isteach i gCiste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaithe gach suim a haisíocfar no bhainfidh an tAire amach fén alt so. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo gus na hatharuithe riachtanacha ortha i gcás duine le n-a n-íoctar pinsean no liúntas leinbh fé aon fhoráil d'fhorálacha an Achta so thar ceann no chun tairbhe duine ar bith. | |
[EN] |
Pionós mar gheall ar ráitisí bréagacha. |
58. —(1) Gach duine— |
[EN] | (a) dhéanfaidh go feasach aon ráiteas no plé cúise (pe'ca tré scríbhinn no tré bhréithre béil é) is eol dó do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach d'fhonn pinsean d'fháil no do choimeád ar marthain do féin no d'éinne eile no d'fhonn pinsean do réir ráta is aoirde ná an ráta bhaineann leis an gcás d'fháil no do choimeád ar marthain do féin no d'éinne eile, no | |
[EN] | (b) gheobhaidh íoc pinsin no leanfaidh de phinsean do ghlacadh agus a fhios aige é bheith dí-cháilithe maidir leis an bpinsean san d'fháil, no gan é bheith i dteideal é d'fháil, no | |
[EN] | (c) gheobhaidh no ghlacfaidh go feasach aon íocaíocht alos pinsin a bheidh, ar chúis ar bith, gan bheith iníoctha leis, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo gus an atharú riachtanach ortha i gcás duine le n-a n-íoctar pinsean no liúntas leinbh fé aon fhoráil d'fhorálacha an Achta so thar ceann no chun tairbhe duine ar bith. | |
[EN] |
Deimhnithe beireatais, pósta agus báis. |
59. —I gcás in ar gá, chun crícheanna an Achta so, aois, pósadh no bás duine ar bith do chruthú tré dheimhniú beireatais, pósta no báis do thabhairt i láthair beidh duine ar bith, ar iarratas i scríbhinn do thíolacadh sa bhfuirm sin a bheidh orduithe agus ina mbeidh na mion-innste sin a bheidh orduithe agus ar tháille de shé pingne d'íoc i gcás deimhnithe bheireatais, agus de scilling i gcás deimhnithe phósta no bháis, beidh sé i dteideal cóip dheimhnithe d'iontráil bheireatais, phósta, no bháis (pe'ca aca é) an duine sin i gclár na mbeireatas, na bpóstaíocha no na mbásanna (pe'ca aca é) d'fháil agus an chóip sin fé láimh an chlárathóra no fé láimh an cheann-chlárathóra no fé láimh dhuine eile ar a mbeidh cúram an chláir sin, agus déanfaidh gach clárathóir beireatas agus básanna, agus gach ceann-chlárathóir no duine eile ar a mbeidh cúram an chláir, fuirmeacha i gcóir an iarratais sin do chur ar fáil in aisce má hiarrtar iad. |
[EN] |
Gan áird do thabhairt ar phinsin le linn airgead damáiste fé sna Fatal Accidents Acts, agus cúiteamh fé sna hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre do mheas. |
60. —(1) Nuair a bheidh airgead damáiste á mheas in aon aicsean fé sna Fatal Accidents Acts, 1846 to 1908, pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do bunuíodh é, ní tabharfar áird ar aon phinsean ná liúntas leinbh is iníoctha fén Acht so. |
[EN] | (2) Nuair a bheidh méid an chúitimh á áireamh fé fho-chlás (ii) de chlás (a) de mhír (1) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Workmen's Compensation Act, 1906, no fé Rialacha 2 no 4 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 (Uimh. 9 de 1934) , pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do bunuíodh imeachta chun an chúitimh sin do bhaint amach, ní tabharfar áird ar aon phinsean ná liúntas leinbh is iníoctha fén Acht so. | |
[EN] |
Comhar-shocrú le tíortha eile. |
61. —(1) Má deintear socrú tré achtachán reachtúcháin in aon tír eile chun aon scéim phinsean do bhunú inti a bheidh go substainteach ar aon dul leis an scéim phinsean a bunuítear leis an Acht so féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, comhar-shocrú do dhéanamh le húdarás riartha na scéime sin sa tír sin, tré n-a ndéanfar tréimhsí árachais, síntiúisí bheidh íoctha agus comhnaí sa tír sin fén scéim sin d'áireamh, chun crícheanna cáilíocht i gcóir pinsean fén Acht so, mar thréimhsí árachais, síntiúisí bheidh íoctha agus comhnaí i Saorstát Éireann agus tré n-a mbeidh pinsin is iníoctha fén scéim sin iníoctha le daoine le linn iad do bheith i Saorstát Éireann, agus tré n-a ndéanfar tréimhsí árachais, síntiúisí bheidh íoctha agus comhnaí i Saorstát Éireann, chun crícheanna cáiliocht i gcóir pinsean fén Acht so, d'áireamh, chun crícheanna na scéime sin, mar thréimhsí árachais, síntiúisí bheidh íoctha agus comhnaí sa tír sin, agus tré n-a mbeidh pinsin is iníoctha fén Acht so iníoctha le daoine le linn iad do bheith sa tír sin. |
[EN] | (2) Féadfar, le toiliú an Aire Airgid, socrú do dhéanamh le rialacháin fén Acht so chun a ordú go mbeidh feidhm ag an Acht so, fé réir pé atharuithe agus oiriúnuithe a hordófar, maidir le daoine no mar gheall ar dhaoine ar bith go ndéanfaidh aon tsocrú déanfar fén alt so deifir dóibh, agus féadfar leis na rialacháin sin socrú do dhéanamh chun aon choigeartuithe airgeadais do dhéanamh is gá. | |
[EN] |
Pinsin do bheith neamhionaistrithe. |
62. —(1) Gach sannadh dá ndéanfar agus gach muirear dá gcuirfear, agus gach có-aontú chun sannadh do dhéanamh no muirear do chur, ar phinsean beidh sé gan bhrí agus ar éinne do ghnó-bhriseadh bheidh i dteideal pinsin ní raghaidh an pinsean chun aon iontaobhaí ná duine eile bheidh ag gníomhú thar ceann na bhfiach-éilitheoirí. |
[EN] | (3) Ní déanfar aon tsuimeanna bheidh á bhfáil ag duine ar bith i bhfuirm pinsin do chur san áireamh nuair a bheidh a hacfuinn á háireamh chun crícheanna ailt 6 den Debtors Act (Ireland), 1872. | |
[EN] |
Feidhm do bheith ag Acht na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932 . |
63. —Gach leabhar, cárta, ordú, cruthúnacht no scríbhinn eile do bhéarfar amach d'aon duine agus 'na mbeidh aon phinsean fén Acht so iníoctha leis an duine sin ar é do sheachadadh no do thaisbeáint na scríbhinne sin no i dtaobh na scríbhinne sin do bheith ina sheilbh aige ar dháta no tar éis dáta bheidh luaidhte go soiléir sa scríbhinn sin no le tuisgint uaithi agus a bheidh i ndiaidh lae na scríbhinne sin do thabhairt amach tuigfear, chun crícheanna Achta na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932 (Uimh. 1 de 1932) , gur scríbhinn é le n-a mbaineann an tAcht deiridh sin a luaidhtear agus déanfar an tAcht deiridh sin a luaidhtear do léiriú agus beidh éifeacht aige dá réir sin. |
[EN] |
Comhacht chun deacrachtaí do chur as an slí. |
64. —(1) Má eiríonn, ar shlí ar bith, aon deacracht maidir leis an Acht so do chur i ngníomh féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, éinní do dhéanamh, le hordú a chífear is gá no is oiriúnach chun an Achta so do chur i ngníomh agus féadfar le haon ordú den tsórt san forálacha an Achta so d'atharú sa mhéid a chífear is gá no is oiriúnach chun an orduithe do chur in éifeacht. |
[EN] | (2) Ní féadfar aon ordú do dhéanamh fén alt so tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1936. | |
[EN] |
Rialacháin. |
65. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh go generálta chun an Achta so do chur in éifeacht agus, gan dochar do gheneráltacht an mhéide sin roimhe seo, go sonnrách— |
[EN] | (a) chun a ordú cadé an tslí ina ndéanfar éilithe ar phinsin agus cadé an tslí ina n-íocfar pinsin; | |
[EN] | (b) chun a ordú cadé an nós imeachta leanfar ar cheist do chur fé bhráid réiteora no réiteoirí fén Acht so, agus chun feidhm do thabhairt d'aon chinn áirithe d'fhorálacha an Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1856, chun crícheanna aon churtha-fé-bhráid den tsórt san, agus chun feidhm aon cheann áirithe d'fhorálacha eile an Achta san do dhúnadh amach; | |
[EN] | (c) chun a údarú, sna cásanna san a hordófar, aon tsuim d'íoc i bhfuirm pinsin i rith aon tréimhse idir tráth aon éilimh do dhéanamh no aon cheiste do chur fé bhráid réiteora no réiteoirí agus tráth na breithe deiridh do thabhairt ar an éileamh no ar an gceist; | |
[EN] | (d) chun socrú do dhéanamh chun suimeanna gheobhfar mar gheall ar shíntiúisí do chion-roinnt idir an Ciste Arachais Sláinte Náisiúnta agus Ciste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaithe; | |
[EN] | (e) chun comhacht do thabhairt, sna cásanna san a hordófar, chun deighleáil, chun crícheanna pinsean fén Acht so, le síntiúisí alos daoine fostuithe nár híocadh ar na dátaí cearta mar shíntiúisí do híocadh amhlaidh; | |
[EN] | (f) chun go bhféadfar duine do cheapadh chun feidhmiú do dheanamh, thar ceann aon éilitheora no duine bheidh i dteideal no ag fáil pinsin agus a bheidh gan bheith ábalta ar ghníomhú de bhíthin aon mhí-chumais aigne no eile, ar aon cheart chun a mbeidh teideal ag an éilitheoir no ag an duine sin fén Acht so, agus chun a údarú do dhuine ar bith a ceapfar amhlaidh pinsean ar bith d'fháil thar ceann agus chun tairbhe an éilitheora no an duine sin; | |
[EN] | (g) chun a shocrú go bhféadfar, d'ainneoin éinní atá i bhforálacha Coda IV den Acht so i dtaobh teora aimsire chun íocaíochtaí d'fháil alos pinsean, ach fé réir na rialachán— | |
[EN] | (i) íoc do dhéanamh, i gcás duine do bhí ag fáil pinsin d'fháil bháis, in aon tsuim do tháinig chun bheith iníoctha alos pinsin laistigh de thrí mhí roimh dháta a bháis ach nár híocadh; agus | |
[EN] | (ii) íoc do dhéanamh, i gcás duine d'fháil bháis do bhí i dteideal pinsin agus do rinne éileamh á lorg, in aon tsuim do thiocfadh chun bheith iníoctha alos an phinsin go dtí dáta a bháis dá ngéilltí dá éileamh díreach sara bhfuair sé bás; agus | |
[EN] | (iii) íoc do dhéanamh, i gcás aon duine d'fháil bháis do bhí i dteideal pinsin shíntiúsaigh ach ná dearna éileamh á lorg, in aon tsuim do thiocfadh chun bheith iníoctha alos an phinsin go dtí dáta a bháis dá ndeintí éileamh díreach sara bhfuair sé bás; | |
[EN] | (h) chun a shocrú go bhféadfar, fé réir na rialachán, déanamh in éamais promháide no cruthúnais eile ar theideal ionadaithe pearsanta an duine mhairbh i gcás aon tsuime den tsórt a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo, agus go bhféadfar aon tsuim den tsórt san d'íoc leis na daoine no do roinnt ar na daoine dheallróidh, sa tslí foráltar leis na rialacháin, bheith i dteideal na suime sin no aon choda dhi d'fháil, mar dhaoine bheidh i dteideal an chéanna chun tairbhe dhóibh fé aon ionstruim thiomantach no mar neasacháin ghaoil no mar fhiachéilitheoirí don duine mharbh no í d'íoc le duine no daoine áirithe no do roinnt ar dhuine no daoine áirithe acu san, gan an chuid eile do bhac, no, i gcás aon neadhlisteanas do bhaint leis an duine marbh no le haon duine clainne leis, í d'íoc leis an duine no na daoine sin no í do roinnt ar an duine no na daoine sin a hordófar leis na rialacháin; | |
[EN] | (i) chun éinní no aon rud d'ordú da dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú. | |
[EN] | (2) Is le toiliú an Aire Puist agus Telegrafa déanfar rialacháin fén alt so chun a ordú cadé an tslí ina n-íocfar pinsin. | |
[EN] | (3) Is le toiliú an Aire Airgid a déanfar rialacháin fén alt so chun socrú do dhéanamh chun suimeanna gheobhfar mar gheall ar shíntiúisí do chion-roinnt idir an Ciste Arachais Sláinte Náisiúnta agus Ciste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaithe. |