|
|||||
|
ACHT UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAITHE, 1935
[EN] | ||
[EN] |
CUID VIII. Leasuithe ar na hAchtanna um Arachas Slainte Naisiunta agus ar Achtanna na bPinsean Sean-Aoise. | |
[EN] |
Léiriú agus luadh Coda VIII. |
66. —(1) Sa mhéid go leasuíonn an Chuid seo den Acht so na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1934, léighfear í mar éinní amháin leis na hAchtanna san agus tuigfear gur cuid díobh í. |
[EN] | (2) Sa mhéid go leasuíonn an Chuid seo den Acht so Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1932, léighfear í mar éinní amháin leis na hAchtanna san agus tuigfear gur cuid díobh í. | |
[EN] |
Alt 13 den National Health Insurance Act, 1918, do leasú. |
67. —(1) Deintear leis seo alt 13 den National Health Insurance Act, 1918, do leasú tré sna focail “or any period after a person has attained the age of seventy years” do chur isteach i ndeireadh fo-ailt (4) de, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin. |
[EN] | (2) Beidh an t-alt so fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear go raith éifeacht aige o theacht i bhfeidhm d'alt 13 den National Health Insurance Act, 1918. | |
[EN] |
Leasú teoranta ar alt 13 den National Health Insurance Act, 1918. |
68. —Chun crícheanna an Achta so ach ní chun críche eile ar bith bainfidh forálacha fo-ailt (1) d'alt 13 den National Health Insurance Act, 1918, mar a leasuítear san leis an Acht so, agus tuigfear gur bhaineadar riamh le duine árachuithe fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta nár bhall de chumann cheaduithe ná den Chumann Aontuithe an dáta ar ar scuir de bheith ar fostú. |
[EN] |
Alt 13 den National Health Insurance Act, 1918, do leasú tuilleadh. |
69. —Chun crícheanna na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta bainfidh forálacha fo-ailt (1) d'alt 13 den National Health Insurance Act, 1918, mar a leasuítear san leis an Acht so, agus tuigfear gur bhaineadar riamh le duine árachuithe, do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, nár bhall de chumann cheaduithe ná den Chumann Aontuithe agus a chuirfidh ina luighe ar an gCumann Aontuithe, le linn do ceangal leis an gCumann Aontuithe, gur fostaíocht do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta a ghnáth-shlí bheatha. |
[EN] |
Rogha do dhaoine is saor-shíntiúsairí fé láthair. |
70. —(1) Einne atá, ar dháta an Achta so do rith, árachuithe fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta mar shaor-shíntiúsaire scuirfe sé ón dara lá ceaptha de bheith i dteideal síntiúisí d'íoc fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta mar shaorshíntiúsaire, agus tuigfear ón dara lá ceaptha nách duine árachuithe é chun crícheanna an Achta so, mara dtugaidh fógra don Aire, roimh an dara lá ceaptha agus sa tslí orduithe, gur rogha leis teacht chun bheith ina dhuine árachuithe fén Acht so. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag fo-ailt (3) agus (4) d'alt 13 den National Health Insurance Act, 1918, maidir le héinne scuirfidh, de bhuadh fo-ailt (1) den alt so, de bheith i dteideal síntiúisí d'íoc fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta mar shaor-shíntiúsaire, fé is dá gcuirtí tagairtí do cheithre mhí fichead in ionad na dtagairtí do dhá mhí dhéag atá ionta. | |
[EN] |
Daoine eile fhéadfaidh teacht chun beith ina saor-shíntiúsairí. |
71. —(1) I gcás éinne (nách bean phósta) do bhí ar fostú i bhfostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so do scur tar éis dáta an Achta so do rith de bheith ar fostú amhlaidh féadfaidh an duine sin, fé réir na gcoinníollacha orduithe, teacht chun bheith ina shaor-shíntiúsaire fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta. |
[EN] | (2) I gcás fear nách duine árachuithe do phósadh mná is duine árachuithe go mbeidh céad agus ceithre síntiúisí íoctha aici no ina taobh fén Acht so féadfaidh, má thugann fógra uaidh fé cheann na haimsire orduithe tar éis an phósta agus sa tslí orduithe, teacht chun bheith ina shaor-shíntiúsaire fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta. | |
[EN] |
Duine do scur de cheart do bheith aige síntiúisí d'íoc mar shaorshíntiúsaire. |
72. —I gcás an méid síntiúisí, ar n-a áireamh sa tslí orduithe, a bheidh íoctha no tuigfear, do réir rialachán ar n-a ndéanamh fén Acht so, do bheith íoctha in aghaidh aon bhliana áirithe síntiúis (pe'ca sa bhliain sin do híocadh iad no fé cheann pé tréimhse tar éis deireadh na bliana san a hordófar) ag duine fé árachas mar shaor-shíntiúsaire fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta do bheith níos lugha ná naoi gcinn tríochad no i gcás an méid síntiúisí bheidh no tuigfear do bheith íoctha amhlaidh in aghaidh aon dá bhlian síntiúis as a chéile do bheith níos lugha do réir mheánachta ná cúig síntiúisí ceathrachad in aghaidh gach bliana acu san scuirfidh an duine sin, o dheireadh na tréimhse orduithe, de bheith i dteideal síntiúisí d'íoc mar shaor-shíntiúsaire agus tuigfear ón dáta san nách duine árachuithe é chun crícheanna an Achta so. |
[EN] |
Tuairisceáin ón gCumann Aontuithe. |
73. —Ar na tuairisceáin a féadfar a cheangal ar an gCumann Aontuithe do thabhairt uatha fé fho-alt (1) d'alt 35 den National Insurance Act, 1911, beidh na mion-innste sin, i dtaobh árachais aon duine áirithe fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta ba bhall de chumann cheaduithe no is ball no ba bhall den Chumann Aontuithe, éileoidh an tAire chun crícheanna an Achta so agus beidh feidhm ag forálacha an ailt sin dá réir sin agus íocfar leis an gCumann Aontuithe pé suimeanna a hordófar fé réir toiliú an Aire Airgid agus áirmheofar mar chuid de chostaisí riartha an Achta so na suimeanna a híocfar amhlaidh. |
[EN] |
Baint an Probation of Offenders Act, 1907. |
74. —I gcás— |
[EN] | (a) cionta do chur i leith fostóra dhuine árachuithe, do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta no an Achta so, maidir le síntiúisí do bhí dlite air fé sna hAchtanna san no fén Acht so d'íoc, agus | |
[EN] | (b) an Chúirt do bheith chun ordú do dhéanamh fé fho-alt (1) d'alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907, | |
[EN] | ní dhéanfaidh an Chúirt an t-ordú san go dtí gur deimhin léi gach riaráiste alos na síntiúisí sin do bheith íoctha ag an bhfostóir sin. | |
[EN] |
Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1932, do leasú maidir le baintreacha áirithe. |
75. —I gcás— |
[EN] | (a) bean do bheith ag fáil pinsin (shíntiúsaigh) bhaintrighe an dáta bheidh a seachtó bliain slán aici, no | |
[EN] | (b) bean a bheidh os cionn seachtó bliain d'aois ar dháta bháis a céile do theacht i dteideal pinsin (shíntiúsaigh) bhaintrighe dá mbeadh sí fé bhun na haoise sin ar an dáta san, | |
[EN] | beidh an bhean san i dteideal pinsin sean-aoise fé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1932, do réir deich scllinge sa tseachtain d'ainneoin gur mó a hacfuinn bhliantúil ná an méid do chuirfeadh i dteideal pinsin do réir an ráta san í. |