33 1935


Uimhir 33 de 1935.


ACHT IASCAIGH (UISCÍ TAOIDE) (LEASÚ), 1935.


ACHT CHUN AILT 14 DEN ACHT IASCAIGH (UISCÍ TAOIDE), 1934 , DO LEASÚ AGUS CHUN NA RÉ LEANFAIDH AN tACHT SAN I bhFEIDHM, AGUS É LEASUITHE AMHLAIDH, D'FHAIDIÚ GO CEANN TRÉIMHSE TEORANTA. [2adh Lúnasa, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934) .

Alt 14 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —Chun crícheanna fo-alt (1) agus (2) d'alt 14 den Phríomh-Acht is bliain iascaigh gach tréimhse acu so leanas, i dteanta na dtréimhsí luaidhtear i bhfo-alt (3) den alt san, sé sin le rá:—

(a) an tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1936, agus

(b) an tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1937.

Buanú an Phríomh-Achta.

3. —Leanfaidh an Príomh-Acht, mar a leasuítear é leis an alt deiridh sin roimhe seo, i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1937, agus raghaidh in éag ansan.

Gearr-theideal agus luadh.

4. —Féadfar an tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide) (Leasú), 1935 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 agus 1935, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.