39 1935


Uimhir 39 de 1935.


ACHT IASACHTA NÁISIÚNTA (ATHARÚCHÁN), 1935.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN SEALBHA DE STOC IASACHTA NÁISIÚNTA 5% SHAORSTÁIT ÉIREANN, 1935-45, D'ATHARÚ INA STOC D'URRÚS NUA BUNÓFAR CHUIGE SIN, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE BHAINEAS LEIS AN ATHARÚ SAN. [7adh Mí na Samhna, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid;

cialluíonn an abairt “an iasacht” Iasacht Náisiúnta 5% Shaorstáit Éireann, 1935-45;

cialluíonn an focal “stoc-shealbhóir” duine no roinnt daoine le chéile i seilbh aon choda de stoc na hiasachta; cialluíonn an abairt “an iasacht nua” an t-urrús san, agus é ina mhuirear ar an bPrímh-Chiste, a bhunóidh an tAire agus a bhéarfa sé amach chun sealbha de stoc na hiasachta d'atharú fén Acht so (pe'ca chuige sin amháin é no chun crícheanna eile chó maith).

Cearta atharúcháin do thairisgint do stoc-shealbhóirí.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a thairisgint mar cheart do gach stoc-shealbhóir, ar dháta nách déanaí ná an 16adh lá de Mhí na Samhna, 1935, a sheilbh, no aon chuid dá sheilbh, de stoc na hiasachta d'atharú ina stoc den iasacht nua ar théarmaí áirithe an 1adh lá de Mhí na Nodlag, 1935.

(2) Má deintear an tairisgint a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so isé slí ina ndéanfar í ná—

(a) tré fhógra i dtaobh na tairisginte sin, maraon le pé eolas uirthi is dóich leis an Aire is ceart, d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil ar dháta nách déanaí ná an 16adh lá de Mhí na Samhna, 1935, agus

(b) tríd an bhfógra san d'fhoillsiú i pé slí bhreise no eile agus pé tráth no tráthanna is dóich leis an Aire is ceart.

(3) I gcás an Aire dá thairisgint mar cheart do stoc-shealbhóirí roimh an Acht so do rith a seilbh de stoc na hiasachta d'atharú i bpáirt no go hiomlán agus san do bheith ina tairisgint do bheadh do réir an Achta so agus dleathach fén Acht so dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm an uair sin tuigfear chun gach críche gur fén alt so do rinneadh an tairisgint sin agus beidh feidhm ag an Acht so maidir léi, agus gach iarratas ar atharú no ar fhuascailt do réir na tairisginte sin do rinneadh do réir na tairisginte sin roimh an Acht so do rith tuigfear chun gach críche gur fén Acht so do rinneadh é.

Iarratisí ar atharú no ar fhuascailt.

3. —(1) Má dheineann an tAire, do réir an ailt deiridh sin roimhe seo den Acht so, an tairisgint sin a luaidhtear san alt san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) gach stoc-shealbhóir iarrfaidh, ar dháta nách déanaí ná an 23adh lá de Mhí na Samhna, 1935, a sheilbh no cuid áirithe dá sheilbh de stoc na hiasachta d'atharú dho do réir na tairisginte sin beidh sé i dteideal a sheilbh no an chuid sin dá sheilbh (pe'ca aca é) den stoc san d'atharú dho, an 1adh lá de Mhí na Nodlag, 1935, ina stoc den iasacht nua de pé méid agus ar pé téarmaí bhainfidh leis an gcás de bhuadh na tairisginte sin;

(b) gach stoc-shealbhóir iarrfaidh, ar dháta nách déanaí ná an 23adh lá de Mhí na Samhna, 1935, a sheilbh no cuid áirithe dá sheilbh de stoc na hiasachta d'fhuascailt do in airgead beidh sé i dteideal na seilbhe sin aige no na coda san di (pe'ca aca é) d'fhuascailt do, an 1adh lá de Mhí na Nodlag, 1935, tré shuim airgid d'íoc is có-ionann le hainm-mhéid na seilbhe sin aige no na coda san di maraon leis an ús a bheidh fásta ar an seilbh sin no ar an gcuid sin di go dtí an dáta san;

(c) i gcás gan stoc-shealbhóir do dhéanamh aon iarratais fé sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so an 23adh lá de Mhí na Samhna, 1935, no roimhe sin, tuigfear gur iarr an stoc-shealbhóir sin fé mhír (a) den fho-alt so iomlán a sheilbhe de stoc na hiasachta d'atharú dho agus beidh feidhm ag an mír sin (a) dá réir sin;

(d) i gcás stoc-shealbhóra do dhéanamh iarratais fé mhír (a) no fé mhír (b) den fho-alt so no do dhéanamh iarratas fé gach mír acu san ar dháta nách déanaí ná an 23adh lá de Mhí na Samhna, 1935, agus gan an t-iarratas san no na hiarrataisí sin (pe'ca aca é) do bhaint le hiomlán a sheilbhe de stoc na hiasachta, tuigfear gur iarr an stoc-shealbhóir sin fén mír sin (a) an chuid sin den tseilbh sin aige ná baineann an t-iarratas no na hiarrataisí sin léi d'atharú dho agus bainfidh an mhír sin (a) leis an gcuid sin den tseilbh sin aige dá réir sin;

(e) i gcás iarratais fé mhír (b) den fho-alt so do dhéanamh tar éis an 23adh lá de Mhí na Samhna, 1935, agus roimh an 1adh lá d'Eanar, 1936, agus gur deimhin leis an Aire nárbh fhéidir an t-iarratas san do dhéanamh an 23adh lá san de Mhí na Samhna no roimhe sin toise an duine no duine de sna daoine do rinne an t-iarratas san do bheith as láthair o Shaorstát Éireann, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú go nglacfar an t-iarratas san agus go ndéanfar pé nithe luadhfa sé chun éifeachta do thabhairt don iarratas san fé is dá mb'ar an 23adh lá san de Mhí na Samhna a déanfaí é agus leis sin déanfaidh Banc na hÉireann agus gach n-aon eile le n-a mbaineann an t-ordú san do chólíonadh agus beidh slánú agus glanadh acu ina thaobh fé mar a bheadh an t-ordú san san Acht so.

(2) Beidh gach iarratas fé mhír (a) no fé mhír (b) den fho-alt san roimhe seo den alt so neamh-incheiliúrtha agus beidh ina cheangal ar an stoc-shealbhóir a dhéanfaidh é agus ar a chomharbaí i dteideal, ach más rud é go ndéanfaidh stoc-shealbhóir iarratas fén mír sin (b) agus go ndéanfaidh iarratas fén mír sin (a) ina dhiaidh sin ar dháta nách déanaí ná an 23adh lá de Mhí na Samhna, 1935, tuigfear (mara n-orduighidh an tAire a mhalairt in aon chás áirithe) an t-iarratas san fén mír sin (a) do cheiliúradh an iarratais sin fén mír sin (b) agus do bheith ina ionad pe'ca le hiomlán seilbhe an stoc-shealbhóra san no le cuid di bhaineann an dá iarratas san no aon cheann acu.

(3) Is chun pé duine agus i pé slí bheidh forálta i dtéarmaí foillsithe na tairisginte luaidhtear san alt deiridh sin roimhe seo den Acht so no bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so a déanfar gach iarratas fén alt so.

Forálacha chun iontaobhaithe do chosaint.

4. —(1) Udaruítear leis seo d'iontaobhaithe agus do dhaoine eile ag á bhfuil aon stoc den iasacht i gcáil iontaobhaithe agus do dhaoine go bhfuil bainistí no urlámh aon stuic den iasacht acu a iarraidh fén Acht so iomlán an stuic sin no aon chuid de d'atharú dhóibh no a iarraidh fén Acht so iomlán an stuic sin no aon chuid de d'fhuascailt dóibh no staonadh o aon iarratas den tsórt san do dhéanamh, fé mar is rogha leo féin, agus ní bheidh aon duine den tsórt san freagarthach in aon chaillteanas a thiocfaidh de dhruim aon iarratas den tsórt san do dhéanamh no staonadh o n-a dhéanamh (pe'ca aca é).

(2) I gcás aon stuic den iasacht do bheith ar seilbh ag iontaobhaithe no ag daoine eile i gcáil iontaobhaithe ní bheidh iarratas fén Acht so á iarraidh an stoc san no aon chuid de d'atharú no d'fhuascailt, ná staonadh o aon iarratas den tsórt san do dhéanamh, ní bheidh san ina atharú ar shúncáil na gcistí iontaobhais do réir bhrí aon fhorála, in ionstruim bhunuithe no rialála an iontaobhais, le n-a gceangailtear toiliú aon duine do bheith le haon atharú den tsórt san no le n-a ndeintear atharú den tsórt san do shrianadh no do rialú ar aon tslí eile.

Na comhachta súncála, etc., atá ann fé láthair do bhuan-choimeád.

5. —(1) Déanfar comhacht no ordú (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do bunuíodh no do tugadh é) chun airgid do shúncáil san iasacht do léiriú agus beidh éifeacht aige mar ní fholuíonn comhacht no ordú (pe'ca aca é) chun airgid do chur san iasacht nua agus ní raghaidh aon chomhacht ná ordú den tsórt san ar ceal de dhruim na hiasachta d'atharú agus d'fhuascailt agus dá dhruim sin amháin.

(2) Déanfar comhacht atúrnae, a údaruíonn don atúrnae stoc áirithe den iasacht d'aistriú, déanfar í do léiriú agus beidh éifeacht aici mar chomhacht údaruíonn don atúrnac a iarraidh fén Acht so, más rogha leis é, iomlán an stuic d'atharú no d'fhuascailt dó agus, má hiarrtar amhlaidh an t-atharú san do dhéanamh no má deintear an t-atharú san gan an t-iarratas san, aistriú do dhéanamh do réir na comhachta san ar an stoc den iasacht nua ina n-atharófar amhlaidh an stoc a luaidhtear sa chomhacht san.

Banc na hÉireann do chosaint.

6. —Beidh an tAcht so agus na rialacháin a déanfar fé ina leor-shlánú agus ina leor-ghlanadh iomlán do Bhanc na hÉireann agus dá oifigigh i dtaobh gach ní dhéanfaidh an Banc san do réir an Achta so no do réir aon rialachán a déanfar fén Acht so.

Rialacháin.

7. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh chun gach críche no chun aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) á ordú cadé an tslí ina ndéanfar agus cé hiad na daoine chun a ndéanfar iarrataisí fén Acht so á iarraidh go n-atharófaí no go bhfuasclófaí stoc den iasacht, agus á ordú cadé an fhianaise fhéadfaidh na daoine sin do ghlacadh i dtaobh nithe ar a mbeidh dleathacht na n-iarratas san ag brath;

(b) ag luadh na ndaoine fhéadfaidh aon iarratas den tsórt san do dhéanamh i gcás stoc-shealbhóra do bheith tar éis bháis no do bheith lasmuich de Shaorstát Éireann no do bheith gan meabhair shlán no do bheith ina mhion-aoiseach no do bheith fé mhí-chumas eile, no i gcás fógra in ionad distringas do bheith i bhfeidhm maidir leis an seilbh;

(c) á chur ar chumas móráirimh de sna stoc-shealbhóirt aon iarratas den tsórt san do dhéanamh i gcás stuic den iasacht do bheith ar có-sheilbh ag níos mó ná beirt daoine, pe'ca chun tairbhe dhóibh féin é no i gcáil iontaobhaithe;

(d) á ordú cadé an tslí ina ndeighleálfar le deimhnithe agus le scríbhinní eile bhaineann le stoc den iasacht agus á shocrú cadé méid a bheidh na deimhnithe agus na scríbhinní eile sin dleathach tar éis an 1adh lá de Mhí na Nodlag, 1935;

(e) ag tabhairt chomhachta chun na leabhar agus an chláir d'aistrithe-tré-dhintiúir, a bhaineann leis an iasacht agus atá á gcoimeád ag Banc na hÉireann, do dhúnadh ar feadh tréimhse díreach roimh an 1adh lá de Mhí na Nodlag, 1935.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus a bheidh san caothúil tar éis a dhéanta.

Costaisí.

8. —Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc na gcostas uile fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur in éifeacht.

Gearr-theideal.

9. —Féadfar an tAcht Iasachta Náisiúnta (Atharúchán), 1935 , do ghairm den Acht so.