An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGID, 1936) Ar Aghaidh (CUID II. Custuim agus Mal.)

31 1936

ACHT AIRGID, 1936

CUID I.

Cain Ioncuim.

Cáin ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1936-37.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1936, éileofar cáin ioncuim do réir ceithre scillinge agus reul fén bpúnt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1936, éileofar for-cháin ar ioncum aon phearsan gur mó ná míle agus cúig céad púnt iomláine a ioncuim o gach taobh, agus is do réir na rátaí céanna gur dá réir a héilíodh í in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1935, a héileofar amhlaidh í.

(3) Na forálacha reachtúla agus eile bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1935, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na for-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1936.

Cáinmheasa áirithe ar oifigigh d'údaráis áitiúla.

2. —(1) San alt so tá an brí céanna leis an bhfocal “tuarastal” a cuirtear leis, chun crícheanna an Achta Seirbhísí Áitiúla (Fearachas Sealadach), 1934 ( Uimh. 16 de 1934 ), tré fho-alt (1) d'alt 3 den Acht san mar atharuíonn no theorannuíonn na fo-ailt ina dhiaidh sin den alt san é.

(2) Baineann an t-alt so le gach duine do bhí i dteideal, in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1934, fé fho-alt (2) d'alt 3 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), an laigheadú a luaidhtear sa bhfo-alt san d'fháil agus ar ar héilíodh cáin ioncuim in aghaidh na bliana san dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1934, agus na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1935, fé Sceideal E den Income Tax Act, 1918, do réir ioncuim na bliana do tháinig, i gcás gach bliana fé leith acu san, díreach roimh an mbliain sin.

(3) I gcás an méid iomlán (dá ngairmtear an chéad iomlán sa bhfo-alt so) do bhí—

(a) san ioncum mar do háirmheadh é chun críche na gcáinmheas do rinneadh fé Sceideal E den Income Tax Act, 1918, in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1934, ar dhuine le n-a mbaineann an t-alt so maidir le n-a thuarastal, agus

(b) san ioncum mar do háirmheadh é chun críche na gcáinmheas do rinneadh fén Sceideal san E in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1935, ar an duine sin maidir le n-a thuarastal,

do bheith níos mó ná an méid iomlán (dá ngairmtear an dara hiomlán sa bhfo-alt so) do bhí—

(c) sa tuarastal (mar do laigheaduíodh é fén Acht Seirbhísí Áitiúla (Fearachas Sealadach), 1934 ) do thuill an duine sin in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1933, agus

(d) sa tuarastal (mar do laigheaduíodh é fén Acht san adubhradh) do thuill an duine sin in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1934,

féadfar an bhreis a bheidh ag an gcéad iomlán ar an dara hiomlán d'áireamh mar laigheadú le linn bheith ag áireamh an mhéide d'ioncum an duine sin is ioncháinmheasta i leith cánach ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1936, maidir le n-a thuarastal mara mbeidh lomháil in aghaidh cánach ioncuim déanta alos na breise sin ar shlí eile.

(4) I gcás an méid iomlán (dá ngairmtear an chéad iomlán sa bhfo-alt so) do bhí—

(a) sa tuarastal (mar do laigheaduíodh é fén Acht Seirbhísí Áitiúla (Fearachas Sealadach), 1934 ) do thuill duine le n-a mbaineann an t-alt so in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1933, agus

(b) sa tuarastal (mar do laigheaduíodh é fén Acht san adubhradh) do thuill an duine sin in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1934,

do bheith níos mó ná an méid iomlán (dá ngairmtear an dara hiomlán sa bhfo-alt so) do bhí—

(c) san ioncum mar do háirmheadh é chun críche na gcáinmheas do rinneadh fé Sceideal E den Income Tax Act, 1918 (mar do coigeartuíodh san tré aisíoc no ar shlí eile) in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1934, ar an duine sin maidir le n-a thuarastal, agus

(d) san ioncum mar do háirmheadh é chun críche na gcáinmheas do rinneadh fén Sceideal san E (mar do coigeartuíodh san tré aisíoc no ar shlí eile) in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1935, ar an duine sin maidir le n-a thuarastal,

féadfar an bhreis a bheidh ag an gcéad iomlán ar an dara hiomlán d'áireamh mar mhéadú le linn bheith ag áireamh an mhéide d'ioncum an duine sin is ioncháinmheasta i leith cánach ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1936, maidir le n-a thuarastal.

Faidiú ar aimseara ceaptha áirithe chun cáinmheasa do dhéanamh.

3. —(1) Déanfar agus deintear leis seo alt 8 (alt a bhaineann le haimseara ceaptha chun cáinmheasa do dhéanamh) den Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , do leasú—

(a) tré sna focail “nách déanaí ná sé bliana tar éis deire na bliana cáinmheasa” do scriosadh amach as fo-alt (1), agus

(b) tré sna focail “nách déanaí ná sé bliana tar éis deire na bliana gur ina haghaidh ba cheart éileamh do dhéanamh ar an té a cuirfear fé fhormhuirear” do scriosadh amach as fo-alt (2), agus

(c) tré sna focail “nách déanaí ná sé bliana tar éis deire na bliana cáinmheasa” do scriosadh amach as fo-alt (3).

(2) Déanfar agus deintear leis seo Riail 18 (mar a leasuítear í le halt 5 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 )) de sna Rialacha Generálta bhaineann le Sceidil A, B, C, D, agus E den Income Tax Act, 1918, do leasú—

(a) tré sna focail “bhliana no blianta de sna sé bliana díreach roimh an mbliain sin” do scriosadh amach as mír (1) agus na focail “bhliana roimhe sin nach luatha ná an bhliain dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1922” do chur isteach sa mhír sin in ionad na bhfocal san a scriostar amach amhlaidh, agus

(b) tré sna focail “níos déanaí ná sé bliana tar éis don bhliain cháinmheasa do bheith caithte ná, in aon chás” do scriosadh amach as mír (2).

(3) Beidh ag fo-alt (3) d'alt 8 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), maidir le n-a bhaint le for-cháin de bhuadh fo-ailt (3) d'alt 3 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), éifeacht gus an leasú air a deintear le fo-alt (1) den alt so agus fé réir an leasuithe sin.

Atharú ar liúntaisí alos leanbhaí.

4. —Athghairmtear leis seo fo-alt (3) (fo-alt a leasuíonn an chéad fho-alt a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) d'alt 3 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndéanfar fo-alt (1) (fo-alt a bhaineann le liúntaisí alos leanbhaí) d'alt 21 den Finance Act, 1920, do léiriú agus go mbeidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “each such child to a deduction of sixty pounds” do chur ann in ionad na bhfocal “one child to a deduction of thirty-six pounds and in respect of each subsequent child to a deduction of twenty-seven pounds.”

Leathnú ar an lomháil in aghaidh caitheamh meaisínteachta.

5. —Gach tagairt a deintear do bhrabús no do shochar céirde i Rialacha 6 agus 7 (rialacha bhaineann le hasbhaintí do lomháil alos caitheamh meaisínteachta agus gléasra agus alos meaisínteacht agus gléasra nua do chur in ionad meaisínteachta agus gléasra do bheadh as dáta) de sna Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, léireofar í mar thagairt fholuíonn brabús no sochar as gairm is ionchurtha fé cháin ioncuim fén Sceideal san D, agus beidh feidhm agus éifeacht ag na Rialacha san 6 agus 7 dá réir sin.

Faoiseamh o cháin ioncuim dhúbalta ar bhrabús as gnó an aer-iompair.

6. —Beidh feidhm ag alt 4 (alt a bhaineann le faoiseamh o cháin ioncuim dhúbalta ar bhrabús as gnó na loingseoireachta) den Acht Airgid, 1927 (Uimh. 18 de 1927) , maidir le brabús no sochar a thagann as gnó an aer-iompair díreach fé mar atá feidhm aige maidir le brabús no sochar a thagann as gnó na loingseoireachta, agus, chun éifeacht do thabhairt don fheidhm sin, leasuítear leis seo an t-alt san 4 mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “no as gnó an aer-iompair” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “gnó na loingseoireachta” i bhfo-alt (1), agus

(b) tré sna focail “cialluíonn an abairt ‘gnó an aer-iompair’ an gnó bhíonn ar siúl ag únaer aer-árthaigh” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “únaer long” i bhfo-alt (6), agus

(c) tríd an bhfocal “mhínithe” do scriosadh amach san áit ina bhfuil sé sa bhfo-alt san (6) agus tríd an bhfocal “fho-ailt” do chur isteach sa bhfo-alt san in ionad an fhocail a scriostar amach amhlaidh.