46 1936


Uimhir 46 de 1936.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE SPEISIALTA DO DHÉANAMH MAIDIR LE hAOIS-LIÚNTAS OIFIGEACH ÁIRITHE (AR A nÁIRMHÍTEAR DAOINE DOB' OIFIGIGH TRÁTH) AGUS SEIRBHÍSEACH ÁIRITHE D'ÚDARÁIS ÁITIÚLA AGUS CHUN AN ACHTA RIALTAIS ÁITIÚLA, 1933 , DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ CHUN NA CRÍCHE SIN AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE. [23adh Mí na Samhna, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “Acht 1933” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1933 (Uimh. 5 de 1933) ;

tá leis an abairt “an tAire” an bhrí atá léi in Acht 1933.

(2) Beidh gach cólucht is údarás áitiúil chun crícheanna Achta 1933, agus ní bheidh aon chólucht eile, ina údarás áitiúil chun crícheanna an Achta so.

Alt 7 den Acht Rialtais Áitiúla, 1933 . do leasú.

2. —(1) Má bheartuigh údarás áitiúil le rún, roimh an Acht so do rith, suim airgid d'íoc, fé alt 7 d'Acht 1933, le duine ar bith no le hionadaí pearsanta dhuine ar bith ach nár híocadh an t-airgead san amhlaidh toisc an tréimhse de shé mhí luaidhtear san alt san 7 do dhul in éag tar éis an rúin sin do rith agus roimh an airgead san d'íoc no toisc an tréimhse sin de shé mhí do dhul in éag roimh an rún san do rith, ansan agus i ngach cás den tsórt san beidh sé dleathach don údarás áitiúil sin íoc do dhéanamh, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an Achta so do rith agus le ceadú an Aire, san airgead san leis an duine sin no leis an ionadaí pearsanta san (pe'ca aca é) do réir an rúin sin.

(2) Má rinne duine, ar a shon féin no mar ionadaí pearsanta do dhuine eile, a iarraidh ar údarás áitiúil roimh an Acht so do rith (pe'ca roimh an tréimhse de shé mhí luaidhtear in alt 7 d'Acht 1933 do dhul in éag no dá éis sin é) suim airgid d'íoc fén alt san 7 agus ná dearna an t-údarás áitiúil sin aon rún do rith chun an airgid sin d'íoc amhlaidh, ansan agus i ngach cás den tsórt san, beidh sé dleathach don údarás áitiúil sin a bheartú le rún, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an Achta so do rith agus le ceadú an Aire, go ndéanfaid íoc, agus íoc do dhéanamh, laistigh den tréimhse sin agus leis an gceadú san, leis an duine sin (no le n-a ionadaí pearsanta) no leis an ionadaí pearsanta san in aon tsuim airgid d'fhéadfadh an t-údarás áitiúil sin go dleathach a íoc leis fén alt san 7 laistigh den tréimhse de shé mhí luaidhtear san alt san 7.

(3) Má dheineann duine, ar a shon féin no mar ionadaí pearsanta do dhuine eile, a iarraidh ar údarás áitiúil laistigh de shé mhí tar éis an Achta so do rith suim airgid d'íoc fé alt 7 d'Acht 1933. beidh sé dleathach don údarás áitiúil sin a bheartú le rún, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an Achta so do rith agus le ceadú an Aire, go ndéanfaid íoc, agus íoc do dhéanamh, laistigh den tréimhse sin agus leis an gceadú san, leis an duine sin no leis an ionadaí pearsanta san (pe'ca aca é) in aon tsuim airgid d'fhéadfadh an t-údarás áitiúil sin go dleathach a íoc leis fén alt san 7 laistigh den tréimhse de shé mhí luaidhtear san alt san 7.

(4) Na forálacha atá leagtha amach i bhfo-alt (2) d'alt 7 d'Acht 1933, beidh éifeacht acu i dtaobh no chun crícheanna na bhfo-alt san roimhe seo den alt so ach san gus an atharú go ndéanfar an abairt “an t-alt so” do léiriú, i ngach áit ina bhfuil sí sna forálacha san, mar abairt a chialluíonn an t-alt láithreach so.

(5) Deintear leis seo alt 7 d'Acht 1933 do leasú go bhfeidhm o dháta an Achta san do rith tríd an dáta “an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1924” do chur i bhfo-alt (1) den alt san in ionad an dáta “an 30adh lá d'Abrán, 1923,” agus déanfar na tagairtí uile don alt san 7 atá sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so do léiriú agus beidh éifeacht acu mar thagairtí don alt san mar a leasuítear é leis an bhfo-alt so.

Seirbhís inphinsin seirbhíseach áirithe d'údaráis áitiúla.

3. —Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 5 d'Acht 1933 maidir le seirbhísigh d'údaráis áitiúla i bhfostaíocht inphinsin fé mar atá feidhm aige maidir le hoifigigh d'údaráis áitiúla ach san gus na hatharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) cuirfear an abairt “seirbhíseach i bhfostaíocht inphinsin” in ionad an fhocail “oifigeach” i ngach áit ina bhfuil an focal san san alt san, agus

(b) cuirfear an abairt “fostaíocht inphinsin” in ionad na habairte “oifig inphinsin” i ngach áit ina bhfuil an abairt dheiridh sin san alt san, agus

(c) déanfar an abairt “tar éis an Achta so do rith” atá i bhfo-alt (1) den alt san do léiriú mar abairt a chialluíonn tar éis an Achta láithrigh seo do rith.

Alt 5 den Acht Rialtais Áitiúla, 1933 , do leasú.

4. —(1) Féadfar deimhniú fé láimh an Aire, fé fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1933, do thabhairt, d'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san, tráth ar bith laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an cheapacháin a luaidhtear sa bhfo-alt san no tar éis an Achta láithrigh seo do rith, pé tráth acu san is déanaí.

(2) Pé uair is deimhin leis an Aire deimhniú do tugadh no gur tugadh le tuisgint é thabhairt (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) fé fho-alt (1) d'Acht 1933 do bheith lochtach de bhíthin mí-ráitis fíora no mion-earráide eile sa deimhniú san féadfaidh an tAire, tráth ar bith laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an Achta so do rith agus más ceart san dar leis, an deimhniú san do chealú agus deimhniú nua do thabhairt amach ina ionad fén alt san 5 mar a leasuítear san leis an Acht so.

Aois-liúntas oifigeach áirithe d'údaráis áitiúla chuaidh no raghaidh isteach sa Stát-Sheirbhís.

5. —(1) San alt so—

tá leis an abairt “oifigeach inphinsin” an bhrí atá léi i míreanna (a) agus (b) d'alt 42 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), ach foluíonn sí oifigeach a thug a chuid aimsire go léir do sheirbhís cheann amháin no níos mó de choistí no de chó-choistí a ceapadh chun gach críche no aon chríche den Agriculture and Technical Instruction (Ireland) Act, 1899, d'ainneoin ceapachán an oifigigh sin no gach ceann no aon cheann dá cheapacháin do bheith ion-athnuaidhte go tréimhsiúil;

cialluíonn an abairt “seirbhís inphinsin” seirbhís mar oifigeach inphinsin;

cialluíonn an abairt “an Stát-Sheirbhís” Stát-Sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann;

déanfar tagairtí do dhuine d'eirghe as seirbhís do léiriú mar thagairtí fholuíonn duine d'fhágaint na seirbhíse sin ar shlí seachas tré n-a bhriseadh.

(2) I gcás oifigigh inphinsin d'údarás áitiúil d'eirigh no do briseadh as seirbhís an údaráis áitiúla san tar éis an 1adh lá d'Eanar, 1922, agus roimh an 9adh lá de Mhárta, 1932, do cheapadh, pe'ca roimh dháta an Achta so do rith no laistigh de bhliain tar éis an dáta san é, chun puist bhunuithe sa Stát-Sheirbhís agus an Aire do dheimhniú i scríbhinn fé n-a láimh, laistigh de bhliain tar éis dáta an Achta so do rith, gur cúiseanna poilitíochta fé ndeár an t-oifigeach san d'eirighe as amhlaidh no do bhriseadh amhlaidh, tuigfear an t-oifigeach san do chur as oifig i seirbhís an údaráis áitiúla san toisc cúise seachas mí-iompar no mí-ábaltacht an lá a chuaidh a eirghe as no a bhriseadh amhlaidh in éifeacht, agus beidh sé i dteideal cúiteamh d'fháil ón údarás áitiúil sin i gcailliúint oifige fé sna hachtacháin a bhaineann le hoifigigh don údarás áitiúil sin do chur ar aois-liúntas agus beidh feidhm dá réir sin ag na hachtacháin sin gus na hatharuithe is gá.

(3) Nuair a bheidh seirbhís inphinsin oifigigh á háireamh chun crícheanna an ailt seo tuigfear an tréimhse dar thosach an dáta ar a ndeachaidh a eirghe as no a bhriseadh, a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, in éifeacht agus dar chríoch dáta a cheaptha, a luaidhtear sa bhfo-alt san, chun puist bhunuithe sa Stát-Sheirbhís, do bheith ina seirbhís inphinsin fén údarás áitiúil sin gur as a sheirbhís d'eirigh no briseadh an t-oifigeach san amhlaidh agus déanfar an tréimhse sin agus tréimhse sheirbhíse inphinsin an oifigigh sin fén údarás áitiúil sin roimh é d'eirghe as no do bhriseadh amhlaidh d'áireamh mar aon tréimhse leanúnaigh amháin de sheirbhís inphinsin fén údarás áitiúil sin.

(4) Nuair a bheidh méid an chúitimh a fhéadfaidh údarás áitiúil do dheonadh d'oifigeach á dhéanamh amach chun crícheanna an ailt seo, tuigfear gurb é méid a thuarastail bhliantúla agus a shochair oifige bhliantúla ná an méid dar leis an Aire a bheadh mar thuarastal bhliantúil agus mar shochar oifige bhliantúil aige dá leanadh sé i seirbhís an údaráis áitiúla san go dtí na trí bliana díreach roimh é cheapadh chun puist bhunuithe sa Stát-Sheirbhís agus ar feadh iomlán na dtrí mblian san.

(5) I gcás an údaráis áitiúla gur as a sheirbhís d'eirigh no do briseadh oifigeach do réir bhrí fo-ailt (1) den alt so do scur de bheith ann tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, an t-oifigeach san do bheith ina oifigeach don údarás áitiúil (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an t-údarás áitiúil is déanaí luaidhtear) chun ar haistríodh fiacha agus fiachaisí an údaráis áitiúla san do scuir de bheith ann agus tuigfear, chun na gcrícheanna roimhráite, an t-oifigeach san d'eirghe no do bhriseadh amhlaidh as seirbhís an údaráis áitiúla san is déanaí luaidhtear agus tuigfear, chun na gcrícheanna céanna, a thréimhse de sheirbhís inphinsin ar n-a háireamh do réir an ailt seo do bheith ina seirbhís inphinsin fén údarás áitiúil sin is déanaí luaidhtear.

(6) Nuair a bheidh seirbhís inphinsin dhuine dob' oifigeach do choiste no do chó-choiste ceapadh chun crícheanna an Agriculture and Technical Instruction (Ireland) Act, 1899, á háireamh chun crícheanna an ailt seo, ní tabharfar áird ar aon bhriseadh sa tseirbhís sin do thárla de dhruim an choiste no an chó-choiste sin do scur, aon tráth tar éis an 1adh lá d'Eanar, 1919, agus roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, den Acht san do riaradh ar feadh tréimhse nár shia ná sé mhí agus áirmheofar an tseirbhís inphinsin sin fé is dá mba ná tárlódh an briseadh sin.

(7) Ní thiocfaidh cúiteamh i gcailliúint oifige molfar do dhuine ar bith fén alt so chun bheith iníoctha mara scuirfidh ná go dtí go scuirfidh an duine sin de bheith ag fónamh sa Stát-Sheirbhís i slí go bhféadfaí aois-liúntas no aisce do dheonadh dhó fé sna hAchtanna Aois-liúntas, 1834 go 1936, ar scur dó amhlaidh.

(8) Má thagann cúiteamh i gcailliúint oifige chun bheith iníoctha fén alt so ag údarás áitiúil agus go n-íocfaidh an t-údarás áitiúil sin é aisíocfaidh an tAire, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leis an údarás áitiúil sin an chionúireacht san den chúiteamh san a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, do bheith ceart agus cothrom.

(9) Bainfidh an t-alt so le hoifigeach inphinsin d'údarás áitiúil go bhfuil a líomatáiste feidhmiúcháin anois sa chuid sin d'Éirinn ná fuil i Saorstát Éireann ach san fé réir na n-atharuithe agus gus na hatharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ciallóidh an abairt “údarás áitiúil” cólucht do bheadh ina údarás áitiúil chun crícheanna an Achta so dá mbeadh a líomatáiste feidhmiúcháin i Saorstát Éireann, agus

(b) ciallóidh an abairt “oifigeach inphinsin” oifigeach d'aon údarás áitiúil den tsórt san roimhráite do bheadh ina oifigeach inphinsin do réir bhrí míreanna (a) agus (b) d'alt 42 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), dá mbeadh líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san i Saorstát Éireann, agus

(c) íocfaidh an tAire, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, an cúiteamh uile i gcailliúint oifige do bheadh iníoctha fén alt so ag aon údarás áitiúil den tsórt san dá mbeadh líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san i Saorstát Éireann.

(10) D'ainneoin éinní atá in aon achtachán eile isé an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí bhéarfaidh breith ar gach amhras, ceist no aighneas, maidir le ceart chun cúitimh i gcailliúint oifige fén alt so no maidir le méid an chúitimh sin, agus beidh a bhreith-sean ina breith dheiridh.

Comhacht chun aiscí d'íoc le daoine áirithe dob' oifigigh d'údaráis áitiúla tráth.

6. —Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, más ceart san dar leis agus le ceadú an Aire Airgid, aisce de pé méid (ná raghaidh thar céad agus caoga púnt) is dóich leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí do bheith ceart i ngach cás áirithe, d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an Achta so do rith, le duine ar bith gur deimhin leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí ina thaobh go raibh an duine sin i seilbh oifige fé údarás áitiúil no ar fostú ag údarás áitiúil tráth agus gur scuir sé, toisc cúiseanna poilitíochta, den oifig sin do shealbhú no de bheith ar fostú amhlaidh agus go bhfuil cosc air, mar gheall ar aois no droch-shláinte, bheith ar fostú i seirbhís údaráis áitiúla no i Stát-Sheirbhís Shaorstáit Éireann.

Costaisí.

7. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh aon Aire, gurb é an tAire é do réir bhrí an Achta so chun críche ar bith, chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Gearr-theideal agus luadh.

8. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla, 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 go 1936, do ghairm de sna hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 go 1933, agus den Acht so le chéile.