51 1936


Uimhir 51 de 1936.


ACHT UM CHLÁRLANN NA gCARA-CHUMANN, 1936.


ACHT CHUN COMHACHTA, DUALGAISÍ, AGUS FEIDHMEANNA REACHTÚLA ÁIRITHE ATÁ ANN FÉ LÁTHAIR AGUS A BHAINEAS NO GHABHAS LE CLÁRLANN NA gCARA-CHUMANN DO DHÍLSIÚ SAN AIRE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA, AGUS CHUN SOILÉIRITHE AGUS LEASUITHE DO DHÉANAMH AR AN DLÍ BHAINEAS LE DUINE DO CHEAPADH AGUS LEIS NA CÁILÍOCHTAÍ IS GÁ BHEITH AG DUINE CHUN A CHEAPTHA MAR CHLÁRATHÓIR NA gCARA-CHUMANN I SAORSTÁT ÉIREANN. [28adh Mí na Samhna, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An tAire.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

Comhachta, etc., áirithe do dhílsiú san Aire.

2. —(1) Fé réir forálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo den Acht so, is san Aire agus ann amháin a bheidh na comhachta, na dualgaisí agus na feidhmeanna so leanas dílsithe agus isé an tAire agus eisean amháin a riarfaidh iad, sé sin le rá:—

(a) na comhachta, na dualgaisí agus na feidhmeanna fé sna Building Societies Acts, 1874 to 1894, a bhí, díreach roimh Shaorstát Éireann do bhunú, dílsithe de bhuadh na nAchtanna san i Rúnaí Stáit, agus

(b) na comhachta, na dualgaisí agus na feidhmeanna fé alt 13 den Trade Union Act, 1871, a bhí, díreach roimh Shaorstát Éireann do bhunú, dílsithe de bhuadh an ailt sin i Rúnaí Stáit, agus

(c) na comhachta, na dualgaisí agus na feidhmeanna fé sna Industrial and Provident Societies Acts, 1893 to 1913 (ach amháin fo-alt (2) d'alt 27 agus alt 71 den Industrial and Provident Societies Act, 1893) agus na Friendly Societies Acts, 1896 and 1908 (ach amháin fo-alt (2) d'alt 58 agus alt 95 den Friendly Societies Act, 1896) fé seach a bhí, díreach roimh Shaorstát Éireann do bhunú, dílsithe de bhuadh na nAchtanna san (ach amháin mar adubhradh) fé seach sa Chisteán.

(2) Chun éifeacht do thabhairt don alt so—

(a) gach luadh no tagairt do Rúnaí Stáit atá sna Building Societies Acts, 1874 to 1894, no in alt 13 den Trade Union Act, 1871, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt don Aire, agus

(b) gach luadh no tagairt don Chisteán atá sna Industrial and Provident Societies Acts, 1893 to 1913 (ach amháin fo-alt (2) d'alt 27 agus alt 71 den Industrial and Provident Societies Act, 1893) no sna Friendly Societies Acts, 1896 and 1908 (ach amháin fo-alt (2) d'alt 58 agus alt 95 den Friendly Societies Act, 1896), léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt don Aire.

Srian leis an Aire d'fheidhmiú comhacht áirithe.

3. —D'ainneoin éinní atá san Acht so, ní dhéanfaidh an tAire, de bhuadh an Achta so, éinní acu so leanas gan toiliú an Aire Airgid, sé sin le rá:—

(a) aon rialachán do dhéanamh ná do cheadú á ordú, á údarú no á fhoráil ar shlí eile go n-íocfar airgead isteach sa Stát-Chiste no amach as;

(b) aon rialachán do dhéanamh ná do cheadú á ordú no á chur mar cheangal aon táillí d'íoc no á ordú cadé méid aon táillí no conus a baileofar no cuirfear de láimh iad;

(c) duine ar bith do cheapadh chun oifige go n-íoctar as cistí puiblí iomlán an luach saothair a ghabhann léi no cuid de.

Clárathóir na gcara-chumann i Saorstát Éireann.

4. —(1) Chun deireadh chur le hamhrais, dearbhuítear leis seo, maidir leis an gceapachán do rinne an tAire Airgid an 1adh lá d'Abrán, 1926, ag ceapadh Henry M. Whitton chun bheith ina chlárathóir chonganta chara-chumann do Shaorstát Éireann, go mbeidh an ceapachán san agus go dtuigfear go raibh sé riamh, an 1adh lá san d'Abrán, 1926, agus ón lá san amach, ina cheapachán dhleathach éifeachtach ag ceapadh Henry M. Whitton san chun bheith ina chlárathóir chara-chumann i Saorstát Éireann fé alt 1 agus chun crícheanna ailt 1 den Friendly Societies Act, 1896, mar a hoiriúnuítear agus a hatharuítear san leis an Ordú um Chlárathóir na gCara-Chumann (Oiriúnú), 1926, do rinne an Ard-Chomhairle fé alt 12 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 ( Uimh. 2 de 1922 ), an 4adh lá de Dheire Fómhair, 1926, agus chun a chur in áirithe Henry M. Whitton san do bheith chun gach críche go héifeachtach ina chlárathóir chara-chumann i Saorstát Éireann an 1adh lá san d'Abrán, 1926, agus ón lá san amach, achtuítear leis seo go mbeidh an tOrdú um Chlárathóir na gCara-Chumann (Oiriúnú), 1926, adubhradh, fé mar a bheadh éifeacht aige agus go dtuigfear go raibh éifeacht riamh aige an 1adh lá san d'Abrán, 1926, agus ón lá san amach.

(2) An méid sin d'alt 1 den Friendly Societies Act, 1896 (mar a hoiriúnuítear agus a hatharuítear san leis an Ordú um Chlárathóir na gCara-Chumann (Oiriúnú), 1926, adubhradh) a chuireann mar cheangal go mbeidh clárathóir na gcara-chumann i Saorstát Éireann ina abhcóide go seasamh dhá bhlian déag, athghairmtear leis seo é, agus ina ionad san achtuítear leis seo go mbeidh clárathóir na gcara-chumann i Saorstát Éireann ina abhcóide go seasamh deich mblian ar a laighead agus déanfar an t-alt san 1 (mar a hoiriúnuítear agus a hatharuítear é amhlaidh) do léiriú agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Gearr-theideal agus luadh.

5. —(1) Féadfar an tAcht um Chlárlann na gCara-Chumann, 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na gCumann s, 1874 go 1936, do ghairm de sna Building Societies Acts, 1874 to 1894, agus den Acht so le chéile.

(3) Féadfar Achtanna na gCumann Tionnscail agus Soláthair, 1893 go 1936, do ghairm de sna Industrial and Provident Societies Acts, 1893 to 1913, agus den Acht so le chéile.

(4) Féadfar Achtanna na gCara-Chumann, 1896 go 1936, do ghairm de sna Friendly Societies Acts, 1896 and 1908, agus den Acht so le chéile.