55 1936


Uimhir 55 de 1936.


ACHT NA nÚDARÁS nÁITIÚIL (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE IOMDHA BHAINEAS LE hÚDARÁIS ÁITIÚLA AGUS CHUN LEASUITHE DO DHÉANAMH CHUIGE SIN AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE AR AN PUBLIC HEALTH (IRELAND) ACT, 1878, AGUS AR ACHTACHÁIN EILE BHAINEAS LE RIALTAS ÁITIÚIL AGUS SLÁINTE PHUIBLÍ. [28adh Mí na Samhna, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Minithe.

1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so beidh gach duine agus cólucht (pe'ca corpruithe no neamhionchorpruithe dhó) acu so leanas agus ní bheidh aon duine ná cólucht eile ina údarás áitiúil chun crícheanna an Achta so, sé sin le rá:—

(a) comhairle chontae, chontae-bhuirge, bhuirge, no bhailecheanntair, bord caomhnóirí, coimisinéirí baile, agus údarás sláintíochta puirt, agus

(b) coiste no có-choiste no bord no có-bhord (pe'ca corpruithe no neamh-ionchorpruithe dhó) do cheann no níos mó no ar n-a gceapadh ag ceann no níos mó de sna cóluchtaí agus de sna daoine luaidhtear sna míreanna eile den fho-alt so, agus

(c) aon chomhairle, coiste no cólucht eile do bhí, díreach roimh an Acht so do rith agus de bhuadh aon Achta seachas an t Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , ina údarás áitiúil chun aon chríche de chrícheanna an Achta Rialtais Áitiúla, 1925 , adubhradh, agus

(d) duine ar n-a cheapadh le reacht no fé reacht chun feidhmeanna no aon cheann d'fheidhmeanna aon chóluchta den tsórt san a luaidhtear sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so d'fheidhmiú.

Iasachtaí gheobhaidh údaráis áitiúla i gcásanna áirithe do dhleathú.

2. —(1) Pé uair a dhéanfaidh cólucht daoine, ná beidh bunuithe go dleathach mar údarás áitiúil ach a bheidh ag gníomhú mar údarás áitiúil no á thabhairt le tuisgint gurb iad an t-údarás áitiúil sin iad, airgead d'fháil ar iasacht, i bhfeidhmiú comhachtanna reachtúla an údaráis áitiúla san de dheallramh, o iasachtaí bhéarfaidh an t-airgead san uaidh ar iasacht de mheon mhacánta agus gan a fhios aige nach iad an t-údarás áitiúil sin ar n-a bhunú go dleathach an cólucht daoine sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i bhfábhar an iasachtaí sin no éinne bheidh ag éileamh tríd no fé i gcoinnibh an údaráis áitiúla san, sé sin le rá:—

(a) tuigfear, chun crícheanna an eadarghnótha gurb é an t-airgead san d'fháil agus do thabhairt ar iasacht amhlaidh é, gurbh iad an t-údarás áitiúil sin ar n-a bhunú go dleathach an cólucht daoine sin, agus dá réir sin dlighfidh an t-údarás áitiúil sin an t-airgead do fuarthas agus do tugadh ar iasacht amhlaidh d'aisíoc agus ús d'íoc air do réir na dtéarmaí ar a bhfuarthas agus ar ar tugadh an t-airgead san ar iasacht amhlaidh sa mhéid chéanna (más aon mhéid é) go ndlighfeadh an t-údarás áitiúil sin san do dhéanamh dá mb'iad an t-údarás áitiúil sin ar n-a bhunú go dleathach an cólucht daoine sin;

(b) gach morgáiste no urrús eile do bhéarfaidh an cólucht daoine sin uatha, agus do bhéarfaidh le tuisgint an t-údarás áitiúil sin á thabhairt, don iasachtaí sin chun aisíoc an airgid sin agus íoc an úis air d'urrú beidh sé, i lámha an iasachtaí sin no éinne bheidh ag éileamh tríd no fé, dleathach agus ion-fhoirfheidhmithe i gcoinnibh an údaráis áitiúla san sa mhéid chéanna (más aon mhéid é) go mbeadh an morgáiste no an t-urrús eile sin dleathach agus ion-fhoirfheidhmithe amhlaidh dá mb'iad an t-údarás áitiúil sin ar n-a bhunú go dleathach an cólucht daoine sin;

(c) ní bheidh aon chuid den eadarghnó gurb é an t-airgead san d'fháil agus do thabhairt ar iasacht amhlaidh é neadhleathach ná ionchonspóide ar an scór nárbh iad an t-údarás áitiúil sin ar n-a bhunú go dleathach an cólucht daoine sin.

(2) Pé uair do gheobhaidh údarás áitiúil airgead ar iasacht no tuigfear do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so iad d'fháil airgid ar iasacht, fé n-a gcomhachta reachtúla no i bhfeidhmiú na gcomhacht san de dheallramh, o iasachtaí bhéarfaidh an t-airgead san uaidh ar iasacht de mheon mhacánta, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i bhfábhar an iasachtaí sin no éinne bheidh ag éileamh tríd no fé i gcoinnibh an údaráis áitiúla san, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh an fháil agus an tabhairt sin, ná aon mhorgáiste no urrús eile do bhéarfaidh an t-údarás áitiúil sin no do bhéarfaidh le tuisgint an t-údarás áitiúil sin á thabhairt don iasachtaí sin chun aisíoc an airgid sin agus íoc an úis air d'urrú, nea-dhleathach ná ionchonspóide mar gheall ar aon nea-dhlíthiúlacht no nea-rialtacht i mbunú an údaráis áitiúla san no i dtoghadh aon bhaill de;

(b) ní bheidh ar an iasachtaí sin a fhiarfaighe, i dtaobh na críche chun a mbeidh an t-údarás áitiúil sin ag fáil an airgid sin ar iasacht, ce'ca críoch í chun a bhfuil údarás dlí ag an údarás áitiúil sin airgead d'fháil ar iasacht no nach eadh, ná a fhiarfaighe ce'ca sháruíonn méid an airgid sin aon teora atá curtha leis an méid airgid is féidir don údarás áitiúil sin d'fháil ar iasacht no ná sáruíonn, agus má bhíonn an chríoch san, i bpáirt no go hiomlán, gan an t-údarás dlí sin léi no má sháruíonn méid an airgid sin aon teora den tsórt san ní dhéanfaidh san dochar ná deifir don iasachtaí sin;

(c) ní bheidh ar an iasachtaí sin a fhiarfaighe ce'ca rinneadh aon chruinniú áirithe den údarás áitiúil sin do ghairm le chéile sa cheart no ná dearnadh no ar chruinniú ceart é no nárbh eadh, ná ce'ca tugadh aon fhógra áirithe go cuibhe do bhaill an údaráis áitiúla san no nár tugadh, ná ce'ca bhí na himeachta ag aon chruinniú áirithe den údarás áitiúil sin dlíthiúil agus rialta no ná rabhadar;

(d) más rud é ná féadfaidh an t-údarás áitiúil sin an t-airgead san d'fháil ar iasacht go dleathach gan ceadú no toiliú an Aire, agus gur thug an tAire an ceadú no an toiliú san (pe'ca aca é) no gur tugadh le tuisgint an tAire á thabhairt, ní bheidh ar an iasachtaí sin a fhiarfaighe ce'ca cólíonadh go cuibhe aon choinníoll reachtúil áirithe do bhí le cólíonadh roimh an gceadú no an toiliú san do thabhairt no nár cólíonadh, agus ní dhéanfa sé dochar ná deifir don iasachtaí sin aon choinníoll den tsórt san do bhí le cólíonadh roimh an tabhairt sin do bheith (má bhí) gan cólíonadh ag an duine (pe'ca an tAire no an t-údarás áitiúil sin no éinne eile é) go raibh de dhualgas air é chólíonadh;

(e) ní bheidh ar an iasachtaí sin féachaint conus úsáidfidh an t-údarás áitiúil sin an t-airgead san ná ní dhéanfa sé dochar ná deifir dó an t-údarás áitiúil sin no éinne dá n-oifigigh do dhéanamh aon mhí-úsáide den airgead san no d'aon chuid de.

(3) Tuigfear an t-alt so do theacht i ngníomh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, agus é bheith fé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach, agus dá réir sin bainfidh agus tuigfear gur bhain riamh le headarghnóthaí do tosnuíodh tar éis an dáta san agus roimh an Acht so do rith (pe'ca críochnuithe dhóibh roimh am an rithte sin no ar feitheamh dóibh le n-a linn sin) chó maith le headarghnóthaí tosnófar tar éis an Achta so do rith.

Connartha le húdaráis áitiúla i gcásanna áirithe do dhleathú.

3. —(1) Pé uair a dhéanfaidh cólucht daoine, ná beidh bunuithe go dleathach mar údarás áitiúil ach a bheidh ag gníomhú mar údarás áitiúil no á thabhairt le tuisgint gurb iad an t-údarás áitiúil sin iad, connradh do shnadhmadh, i bhfeidhmiú comachtanna reachtúla an údaráis áitiúla san de dheallramh, le duine eile (dá ngairmtear an connarthóir sa bhfo-alt so), chun an chonnarthóra do dhéanamh oibreacha no chun é do dhíol tailimh no áirnéise no maoine eile (go toilteanach no go héigeanta) no chun é do dhéanamh éinní eile, don chólucht daoine sin no leo, agus a chólíonfaidh an connarthóir a thaobh féin den chonnradh san de mheon mhacánta agus gan a fhios aige nach iad an t-údarás áitiúil sin ar n-a bhunú go dleathach an cólucht daoine sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear, chun crícheanna an chonnartha san, gurbh iad an t-údarás áitiúil sin ar n-a bhunú go dleathach an cólucht daoine sin, agus dá réir sin beidh an t-údarás áitiúil sin chó freagarthach fén gconnradh san agus a bheadh (dá mbeadh) an t-údarás áitiúil sin freagarthach amhlaidh dá mb'iad an t-údarás áitiúil sin ar n-a bhunú go dleathach an cólucht daoine sin;

(b) beidh an connradh san ion-fhoirfheidhmithe i gcoinnibh an údaráis áitiúla san, ag an gconnarthóir agus ag daoine bheidh ag éileamh tríd no fé, sa mhéid chéanna (más aon mhéid é) go mbeadh an connradh san ion-fhoirfheidhmithe amhlaidh dá mb'iad an t-údarás áitiúil sin ar n-a bhunú go dleathach an cólucht daoine sin;

(c) ní bheidh an connradh san nea-dhleathach ná ionchonspóide ar an scór nárbh iad an t-údarás áitiúil sin ar n-a bhunú go dleathach an cólucht daoine sin,

(2) Pé uair a dhéanfaidh údarás áitiúil no tuigfear do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so go ndearnadar, i bhfeidhmiú a gcomhacht reachtúil de dheallramh, connradh do shnadhmadh le duine eile (dá ngairmtear an connarthóir sa bhfo-alt so) chun an chonnarthóra do dhéanamh oibreacha no chun é do dhíol tailimh no áirnéise no maoin eile (go toilteanach no go héigeanta) no chun é do dhéanamh éinní eile, don údarás áitiúil sin no leo, agus a chólíonfaidh an connarthóir a thaobh féin den chonnradh san de mheon mhacánta, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh an connradh san nea-dhleathach ná ionchonspóide mar gheall ar aon nea-dhlíthiúlacht no nea-rialtacht i mbunú an údaráis áitiúla san no i dtoghadh aon bhaill de;

(b) ní bheidh ar an gconnarthóir a fhiarfaighe ce'ca tá comhacht reachtúil ag an údarás áitiúil sin chun an chonnartha san do dhéanamh no ná fuil;

(c) mara raibh a fhios ag an gconnarthóir ná raibh comhacht reachtúil ag an údarás áitiúil sin chun an chonnartha san do dhéanamh, ní bheidh cosc ar an gconnarthóir ná ar dhaoine bheidh ag éileamh tríd no fé an connradh san d'fhoirfheidhmiú i gcoinnibh an údaráis áitiúla san de bhíthin gan comhacht reachtúil do bheith ag an údarás áitiúil sin chun an chonnartha san do dhéanamh (más amhlaidh a bhí) agus dá bhíthin sin amháin;

(d) ní bheidh ar an gconnarthóir a fhiarfaighe ce'ca rinneadh aon chruinniú áirithe den údarás áitiúil sin do ghairm le chéile sa cheart no ná dearnadh no ar chruinniú ceart é no nárbh eadh, ná ce'ca tugadh aon fhógra áirithe go cuibhe do bhaill an údaráis áitiúla san no nár tugadh, ná ce'ca bhí na himeachta ag aon chruinniú áirithe den údarás áitiúil sin dlíthiúil agus rialta no ná rabhadar;

(e) más rud é ná féadfadh an t-údarás áitiúil sin an connradh san do dhéanamh go dleathach gan ceadú no toiliú an Aire, agus gur thug an tAire an ceadú no an toiliú san (pe'ca aca é) no gur tugadh le tuisgint an tAire á thabhairt, ní bheidh ar an gconnarthóir a fhiarfaighe ce'ca cólíonadh go cuibhe aon choinníoll reachtúil áirithe do bhí le cólíonadh roimh an gceadú no an toiliú san do thabhairt no nár cólíonadh, agus ní dhéanfa sé dochar ná deifir don chonnarthóir aon choinníoll den tsórt san do bhí le cólíonadh roimh an tabhairt sin do bheith (má bhí) gan cólíonadh ag an duine (pe'ca an tAire no an t-údarás áitiúil sin no éinne eile é) go raibh de dhualgas air é chólíonadh.

(3) Tuigfear an t-alt so do theacht i ngníomh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, agus é bheith fé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach, agus dá réir sin bainfidh agus tuigfear gur bhain riamh le connartha do rinneadh tar éis an dáta san agus roimh an Acht so do rith (pe'ca lán-chólíonta dhóibh roimh am an rithte sin no á gcólíonadh le n-a linn sin) chó maith le connartha déanfar tar éis an Achta so do rith.

Dleathacht toghacháin bhail áirithe d'údarás áitiúil.

4. —(1) Más rud é, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, gur dhearbhuigh an ceann cóimhrimh i dtoghachán do bhaill d'údarás áitiúil (pe'ca roimh am an rithte sin no dá éis sin do comóradh é) gur toghadh duine áirithe sa toghachán san mar bhall den údarás áitiúil sin agus ná dearnadh, fé cheann bliana ón lá do dearbhuíodh amhlaidh gur toghadh an duine sin, aon imeachta do bhunú, i bhfuirm achuinge toghacháin no de chineál no in ionad quo warranto, chun dleathacht an toghacháin sin an duine sin do chonspóid, ansan agus i ngach cás den tsórt san beidh éifeacht ag ná forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má tháinig deireadh na bliana san roimh an Acht so do rith tuigfear chun gach críche, ar an Acht so do rith agus dá éis sin, gur toghadh an duine sin go dleathach sa toghachán san mar bhall den údarás áitiúil sin agus dá réir sin ní bheidh sé dleathach, tar éis an Achta so do rith, dleathacht an toghacháin sin an duine sin do chonspóid in imeachta ar bith in aon chúirt;

(b) má thagann deireadh na bliana san tar éis an Achta so do rith tuigfear chun gach críche, i ndeireadh na bliana san agus dá éis sin, gur toghadh an duine sin go dleathach sa toghachán san mar bhall den údarás áitiúil sin agus dá réir sin ní bheidh sé dleathach imeachta ar bith do bhunú in aon chúirt, tar éis deireadh na bliana san, chun dleathacht an toghacháin sin an duine sin do chonspóid.

(2) Sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so—

(a) déanfar tagairtí, don cheann chóimhrimh á dhearbhú gur toghadh duine, do léiriú mar nithe thagrann freisin don cheann chóimhrimh do thabhairt fógra go ndearbhófar go dtuigfear gur hath-thoghadh duine agus freisin don cheann chóimhrimh do thabhairt fógra go dtuigfear gur hath-thoghadh duine, agus

(b) léireofar gach páirt den bhriathar “dearbhuím” mar ní fholuíonn dearbhú tré fhógra do thabhairt, agus

(c) léireofar na focail “gur toghadh” mar ní fholuíonn “go dtuigfear gur hath-thoghadh” agus déanfar, i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é, an focal “toghachán” do léiriú dá réir sin.

Dleathacht toghacháin bhall d'údarás áitiúil.

5. —(1) Más rud é, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, gur dhearbhuigh an ceann cóimhrimh i dtoghachán do sna baill, no do chionúireacht reachtúil de sna baill, d'údarás áitiúil (pe'ca roimh am an rithte sin no dá éis sin do comóradh é) gur toghadh uimhir daoine (pe'ca ba chó-ionann í leis an uimhir de bhaill den údarás áitiúil sin ba ghá do réir dlí do thoghadh sa toghachán san no ba lugha ná san í) sa toghachán san mar bhaill den údarás áitiúil sin agus ná dearnadh, fé cheann bliana ón lá do dearbhuíodh amhlaidh gur toghadh na daoine sin, aon imeachta do bhunú, i bhfuirm achuinge toghacháin no de chineál no in ionad quo warranto, chun dleathacht an toghacháin sin do chonspóid, ansan agus i ngach cás den tsórt san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má tháinig deireadh na bliana san roimh an Acht so do rith, tuigfear chun gach críche, ar an Acht so do rith agus dá éis sin, an toghachán san do bheith ina thoghachán dleathach éifeachtúil, ar n-a chomóradh go dleathach, do sna baill, no don chionúireacht reachtúil sin de sna baill, den údarás áitiúil sin, agus dá réir sin ní bheidh sé dleathach, tar éis an Achta so do rith, dleathacht an toghacháin sin do chonspóid in imeachta ar bith in aon chúirt;

(b) má thagann deireadh na bliana san tar éis an Achta so do rith, tuigfear chun gach críche, i ndeireadh na bliana san agus dá éis sin, an toghachán san do bheith ina thoghachán dleathach éifeachtúil, ar n-a chomóradh go dleathach, do sna baill, no don chionúireacht reachtúil sin de sna baill, den údarás áitiúil sin, agus dá réir sin ní bheidh sé dleathach imeachta ar bith do bhunú in aon chúirt, tar éis deireadh na bliana san, chun dleathacht an toghacháin sin do chonspóid;

(c) más rud é, i gcás toghacháin do bhaill uile an údaráis áitiúla san, gur lugha an uimhir daoine gur dearbhuíodh amhlaidh gur toghadh iad ná lán-uimhir bhall an údaráis áitiúla san ach nach lugha í ná an uimhir de bhaill is gá chun quorum do dhéanamh ag cruinniú den údarás áitiúil sin, tuigfear, ar an Acht so do rith no i ndeireadh na bliana san (pe'ca aca is déanaí) agus dá éis sin, an t-údarás áitiúil sin do bheith bunuithe go dleathach ar dháta agus o dháta na mball den údarás áitiúil sin do toghadh sa toghachán san do theacht in oifig;

(d) más rud é, i gcás toghacháin do chionúireacht reachtúil de bhaill an údaráis áitiúla san, gur lugha ná an chionúireacht reachtúil sin an uimhir daoine gur dearbhuíodh amhlaidh gur toghadh iad tuigfear, ar an Acht so do rith no i ndeireadh na bliana san (pe'ca aca is déanaí) agus dá éis sin, an t-údarás áitiúil sin do bheith bunuithe go dleathach ar dháta agus o dháta na mball den údarás áitiúil sin do toghadh sa toghachán san do theacht in oifig;

(e) in aon chás tuigfear, ar an Acht so do rith no i ndeireadh na bliana san (pe'ca aca is déanaí) agus dá éis sin, gur toghadh sa toghachán san mar bhaill den údarás áitiúil sin na daoine gur dearbhuíodh amhlaidh gur toghadh iad agus ní haon daoine eile.

(2) Sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so—

(a) déanfar tagairtí, don cheann chóimhrimh á dhearbhú gur toghadh uimhir daoine, do léiriú mar nithe thagrann freisin don cheann chóimhrimh do thabhairt fógra go ndearbhófar go dtuigfear gur hath-thoghadh uimhir daoine agus freisin don cheann chóimhrimh do thabhairt fógra go dtuigtear gur hath-thoghadh uimhir daoine, agus

(b) léireofar gach páirt den bhriathar “dearbhuím” mar ní fholuíonn dearbhú tré fhógra do thabhairt, agus

(c) léireofar na focail “gur toghadh” mar ní fholuíonn “go dtuigfear gur hath-thoghadh” agus déanfar, i ugach áit ina gceaduíonn an có-théacs é, an focal “toghachán” do léiriú dá réir sin.

Comhairle bhuirge no bhailecheanntair do chur halla bhaile ar fáil.

6. —(1) Beidh sé dleathach do chomhairle bhuirge no bhailecheanntair foirgint oiriúnach chaothúil do chur ar fáil agus do chothabháil chun í úsáid mar halla bhaile (pe'ca bheidh oifigí ann freisin chun gnó na comhairle sin do dhéanamh no ná beidh) agus an troscán agus na feistisí uile is gá agus is ceart do chur ar fáil agus do chothabháil sa bhfoirgint sin.

(2) Beidh sé ina chrích chun a bhféadfaidh comhairle bhuirge no bhailecheanntair airgead d'fháil ar iasacht fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, an chomhairle sin do chur foirgintí, troscáin agus feistisí den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so ar fáil.

(3) Na costaisí uile fé n-a raghaidh comhairle bhuirge no bhailecheanntair fén alt so cruinneofar agus íocfar iad mar chuid de chostaisí na comhairle sin fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931.

Alt 60 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, do leasú.

7. —(1) An chéad phrovíso (dár tosach na focail “Provided that such assessment” agus dar críoch na focail “have not been adopted”) a ghabhann le halt 60 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, ní bheidh feidhm ná éifeacht aige in aon bhailecheanntar maidir le haon cháinmheas ar n-a dhéanamh fén alt san aon bhliain a chríochnóidh tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1936.

(2) I mbailte nach bailecheanntair ach ina bhfuil an Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an gcéad phrovíso san a ghabhann le halt 60 den Acht san ná ag alt 228 den Public Health (Ireland) Act, 1878, ná ag alt 75 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), maidir le haon cháinmheas ar n-a dhéanamh fén alt san 60 aon bhliain a chríochnóidh tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1936, agus ina ionad san achtuítear leis seo go léireofar an t-alt san 60 agus go mbeidh éifeacht aige i ngach baile den tsórt san, maidir le cáinmheasa ar n-a ndéanamh fén alt san aon bhliain den tsórt san, fé is dá bhforáltaí leis ná raghadh aon cháinmheas den tsórt san (seachas cáinmheas príobháideach no ceanntair) thar ráta dhá scilling agus reul fén bpúnt.

Alt 203 den Public Health (Ireland) Act, 1878, do leasú.

8. —Deintear leis seo alt 203 (alt a bhaineann le húdarás sláintíochta do cheannach tailimh), den Public Health (Ireland) Act, 1878, do leasú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) na fógráin is gá do réir mhíre (2) den alt san d'fhoillsiú i Mí na Samhna féadfar iad d'fhoillsiú i mí ar bith;

(b) na fógraí is gá do réir na míre sin (2) do sheirbheáil i Mí na Nodlag seirbheálfar iad an mí tar éis mí fhoillsithe na bhfógrán san.

Alt 238 den Public Health (Ireland) Act, 1878, do mhíniú.

9. —D'ainneoin aon mhínithe bhreithiúnaigh contrárdha dhó san dearbhuítear leis seo go gcialluíonn an abairt “the net annual value of the premises assessable within the district” mar a bhfuil sí i mír (2) d'alt 238 den Public Health (Ireland) Act, 1878, agus gur chialluigh sí riamh suim na luachálanna fé sna hAchtanna Luachála ar na háitreabhacha uile sa cheanntar is ionchurtha de thurus na huaire fé rátaí ghearrann an t-údarás sláintíochta agus ná baineann an abairt sin agus nár bhain sí riamh leis an gcuid no leis an gcionúireacht de sna luachálanna san ar a meastar na rátaí sin ná la haon chuid ná cionúireacht eile de sna luachálanna san is lugha ná a suim iomlán, agus d'ainneoin aon mhínithe den tsórt san roimhráite achtuítear leis seo go léireofar an mhír sin (2) agus go mbeidh éifeacht aici agus go dtuigfear go raibh éifeacht riamh aici do réir na ndearbhuithe roimhráite.

Teora bhailecheanntair nach buirg d'atharú.

10. —(1) Féadfaidh comhairle bhailecheanntair nach buirg a iarraidh aon uair ar chomhairle na contae ina bhfuil an bailecheanntar san ordú do dhéanamh fén alt so ag atharú teorann an bhailecheanntair sin sa tslí luadhfar san iarratas san.

(2) Pé uair is deimhin le comhairle chontae cás prima facie do bheith ann chun teora bhailecheanntair (seachas buirg) sa chontae sin d'atharú, déanfaidh an chomhairle sin, pe'ca de dhruim iarratais fén alt so o chomhairle an bhailecheanntair sin no de dhruim aon teagmhais eile is deimhin leo an méid sin, a chur fé ndeár an fiosrú san do dhéanamh sa chomhursanacht agus an fógra san do thabhairt don Aire agus sa chomhursanacht a bheidh orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire, agus féadfaid, fé mar is dóich leo is ceart, ordú do dhéanamh ag atharú teorann an bhailecheanntair sin i pé slí is oiriúnach leo no diúltú d'aon ordú den tsórt san do dhéanamh.

(3) I gcás comhairle bhailecheanntair á iarraidh fén alt so ar chomhairle na contae ina bhfuil an bailecheanntar san ordú do dhéanamh fén alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas sé sin le rá:—

(a) má dhiúltann an chomhairle chontae sin d'aon ordú den tsórt san do dhéanamh féadfaidh an chomhairle bhailecheanntair sin, fé cheann mí tar éis an diúltuithe sin, athchomharc do dhéanamh chun an Aire i gcoinnibh an diúltuithe sin;

(b) más rud é, fé cheann trí mhí tar éis an iarratais sin d'fháil, ná déanfaidh an chomhairle chontae sin ordú ag atharú teorann an bhailecheanntair sin ná ná diúltaid d'aon ordú den tsórt san do dhéanamh, féadfaidh an chomhairle bhailecheanntair sin, fé cheann mí tar éis deireadh an trí mhí sin, athchomharc do dhéanamh chun an Aire i gcoinnibh é do theip ar an gcomhairle chontae sin an t-ordú san do dhéanamh no diúltadh d'é dhéanamh;

(c) pé uair a dhéanfaidh comhairle bhailecheanntair athchomharc chun an Aire fé cheachtar de sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so, féadfaidh an tAire, tar éis an fiosrú san do dhéanamh agus na fógraí sin d'fhoillsiú is dóich leis is ceart, féadfaidh, fé mar is oiriúnach leis, ordú do dhéanamh ag atharú teorann an bhailecheanntair sin mar is dóich leis is ceart no diúltadh d'aon ordú den tsórt san do dhéanamh;

(d) ordú dhéanfaidh an tAire fé san forálacha san roimhe seo den fho-alt so, oibreoidh agus beidh éifeacht aige ar gach slí fé is dá mba ordú é do dhéanfadh comhairle chontae fé Airtiogal 26 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, agus do dhaingneodh an tAire fén Airtiogal san;

(e) bainfidh mír (6) den Airtiogal san 26 le gach ordú den tsórt san a dhéanfaidh an tAire fé mar a bhaineann sé le horduithe deintear agus a daingnítear fén Airtiogal san;

(f) beidh feidhm agus éifeacht ag Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir leis an údarás chun fiosrú do dhéanamh a bronntar leis an bhfo-alt so ar an Aire, chó hiomlán agus do bheadh feidhm agus éifeacht aige amhlaidh dá mbronntaí an t-údarás san leis an Local Government (Ireland) Act, 1898.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht ag míreanna (2) go (6) den Airtiogal san 26 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le hordú dhéanfaidh comhairle chontae fén alt so, ar gach slí díreach mar a bhíonn feidhm acu maidir le hordú ar n-a dhéanamh ag comhairle chontae fén Airtiogal san, ach amháin go bhféadfaidh an tAire, sara ndaingneoidh aon Ordú den tsórt san, an t-ordú san d'atharú i pé slí is dóich leis is ceart (le n-a n-áirmhítear an t-atharú teorann do rinneadh leis an ordú san d'atharú sa tslí agus sa mhéid is oiriúnach leis) agus go bhféadfaidh an t-ordú san, agus é atharuithe amhlaidh, do dhaingniú.

(5) Lasmuich den fheidhm do bheirtear dó go soiléir leis an alt so ní bheidh éifeacht feasta ag an méid sin den Airtiogal san 26, den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, a bhaineann le teora bhailecheanntair d'atharú.

Alt 3 den Local Authorities (Financial) Provisions) Act, 1921, do mhíniú.

11. —(1) D'ainneoin éinní atá in aon alt eile den Acht so, tá an bhrí chéanna leis an abairt “údarás áitiúil” san alt so atá leis an abairt “local authority” sa Local Authorities (Financial Provisions) Act, 1921.

(2) Na tráthchoda bliantúla no na tráthchoda tréimhsiúla eile de cholainn agus d'ús no de cholainn amháin no d'ús amháin íocann údarás áitiúil alos airgid do fuair an t-údarás áitiúil sin ar iasacht agus an riaráiste d'aon tráthchoda den tsórt san íocann an t-údarás áitiúil sin beid agus tuigfear go rabhadar riamh ina gcuid de chostaisí reatha an údaráis áitiúla san do réir bhrí ailt 3 den Local Authorities (Financial Provisions) Act, 1921, mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus dá réir sin beidh sé agus tuigfear go raibh sé riamh dleathach d'údarás áitiúil airgead d'fháil no d'ath-fháil ar iasacht fén alt san chun aon tráthchuid den tsórt san d'íoc.

(3) Gach tagairt atá in alt 3 den Local Authorities (Financial Provisions) Act, 1921, d'údarás áitiúil d'fháil iasachta léireofar í agus beidh éifeacht aici agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aici mar ní a fholuíonn ath-fháil ar iasacht.

Costaisí.

12. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so d'fheidhmiú.

Gearr-theideal.

13. —Féadfar Acht na nUdarás nAitiúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1936 , do ghairm den Acht so.