Míreanna (b) agus (c) do scriosadh amach agus an mhír seo leanas do chur isteach ina n-ionad:—
“(b) an t-ioncum uile, in airgead, nach miste don duine sin súil do bheith aige le n-a fháil i rith na bliana i ndiaidh dáta an áirimh agus luach glan, in airgead, aon ioncuim as saothar an duine sin féin nach miste dhó bheith ag súil le n-a fháil amhlaidh, ach gan áireamh do dhéanamh—
(i) ar aon ioncum do gheobhaidh i bhfuirm fóirithine o Údarás Chonganta Phuiblí;
(ii) ar aon ioncum do gheobhaidh i bhfuirm bónus fé scéim, ar n-a riaradh ag an Aire Oideachais, chun deontais speisialta do thabhairt do thuismitheoirí no do chaomhnóirí (chomhnuíonn sa Ghaeltacht no sa Bhreac-Ghaeltacht) leanbhaí bhíonn ag freastal ar bhun-scoileanna;
(iii) ar aon ioncum is íocaíocht i bhfuirm tabhartais no aisce, sa mhéid ná ragha sé thar £6 1os. od. sa bhliain do gheobhaidh ar shlí ar bith seachas mar íocaíocht a déanfar leis an duine sin mar cheann an teaghlaigh ag daoine chomhnuíonn in éintigheas leis an duine sin;
(iv) ar aon ioncum ná airgead a thagann fé aon mhír eile den Riail seo;
(v) ar aon airgead do gheobhaidh i bhfuirm pinsin fén Acht so.”
|