An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT ARM-PHINSEAN, 1937) Ar Aghaidh (CUID II. Liuntaisi do ghaolta Sighniuiri an Fhurogra do foillsiodh Luan Casca, 1916.)

15 1937

ACHT ARM-PHINSEAN, 1937

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus luadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1937 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1937, do ghairm de sna hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1932, agus den Acht so le chéile.

Mínithe.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “Acht 1923” an t Acht Arm-Phinsean, 1923 (Uimh. 26 de 1923) , agus, i gcás ina gceaduíonn an có-théacs é, léireofar í mar abairt a chialluíonn an tAcht san mar a leasuítear é le hAcht 1927 agus le Cuid III d'Acht 1932;

cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Arm-Phinsean, 1927 (Uimh. 12 de 1927) , agus, i gcás ina gceaduíonn an có-théacs é, léireofar í mar abairt a chialluíonn an tAcht san mar a leasuítear é le Cuid III d'Acht 1932;

cialluíonn an abairt “Achtanna 1923 agus 1927” Acht 1923 agus Acht 1927;

cialluíonn an abairt “Acht 1932” an t Acht Arm-Phinsean, 1932 (Uimh. 24 de 1932) ;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1932.

(2) Gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so agus dá dtugtar brí áirithe leis na hAchtanna chun crícheanna na nAchtanna tá leis san Acht so an bhrí tugtar dó amhlaidh.