An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cain Ioncuim.) Ar Aghaidh (CUID III. Ilghneitheach agus Generalta.)

18 1937

ACHT AIRGID, 1937

CUID II.

Custuim agus Mal.

Na diúitéthe sa Chéad Sceideal d'fhorchur.

5. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 15adh lá d'Abrán, 1937, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Chéad Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san.

(2) I gcás ina bhfuil percentáiste curtha síos sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh aon earra sa dara colún den Sceideal san, léireofar san mar ní a chialluíonn ráta diúité is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san.

(3) Pé áit ina ndeirtear sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so go mbaineann an fhoráil cheadúnúcháin le diúité áirithe luaidhtear sa Sceideal san, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhforáil seo leanas maidir leis an diúité sin, sé sin le rá—pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cóilíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité sin d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

(4) Na forálacha (más ann dóibh) atá leagtha amach sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so ag aon uimhir thagartha sa Sceideal san, beidh éifeacht acu, fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, maidir leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san.

Na diúitéthe ar shiúicre d'atharú.

6. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum, na n-ais-tarraicí custum agus an liúntais chustum atá anois ann alos siúicre, moláis, glúcóis agus sacairín, déanfar na diúitéthe custum a luaidhtear sa dara colún de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc alos an tsiúicre, an mholáis, an ghlúcóis agus an tsacairín go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá de Mheitheamh, 1937, no dá éis sin, agus déanfar na hais-tarraicí agus an liúntas atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal san d'íoc agus do lomháil alos an tsiúicre, an mholáis, an ghlúcóis agus an tsacairín go léir a hiomportálfar amhlaidh.

(2) In ionad na ndiúitéthe máil, na n-ais-tarraicí máil agus na liúntaisí máil atá anois ann alos siúicre, moláis, glúcóis agus sacairín, déanfar, an 1adh lá de Mheitheamh, 1937, agus dá éis sin, na diúitéthe máil a luaidhtear sa tríú colún agus sa cheathrú colún de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc alos an tsiúicre, an mholáis, an ghlúcóis agus an tascairín go léir a déanfar i Saorstát Éireann. agus déanfar na hais-tarraicí agus na liúntaisí atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal san do lomháil agus d'íoc alos an tsiúicre, an mholáis, an ghlúcóis agus an tsacairín go léir a déanfar amhlaidh.

(3) Beidh feidhm ag alt 40 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), maidir leis na diúitéthe custum a forchuirtear leis an alt so fé mar atá feidhm ag an alt san maidir leis na diúitéthe luaidhtear ann.

(4) Beidh feidhm ag na forálacha atá i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , maidir leis na diúitéthe, na hais-tarraicí, agus na liúntaisí forchuirtear no lomháltar leis an alt so fé mar atá feidhm ag na forálacha san maidir leis na diúitéthe, na hais-tarraicí, agus na liúntaisí luaidhtear sa Chéad Sceideal san, ach san gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) i gclás 5, cuirfear an 1adh lá de Mheitheamh, 1937, in ionad an 6adh lá de Bhealtaine, 1925;

(b) i gclás 7, déanfar an tagairt d'ailt 26 agus 27 den Acht Airgid, 1925 , adubhradh, do léiriú mar thagairt don alt so.

(5) Beidh feidhm ag alt 25 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), maidir leis na diúitéthe, na hais-tarraicí, agus na liúntaisí forchuirtear no lomháltar leis an alt so fé mar atá feidhm aige maidir leis na diúitéthe, na hais-tarraicí, agus na liúntaisí luaidhtear san alt san.

Diúité ar bhaill éadaigh agus cóir ghléasta phearsanta.

7. —(1) In ionad an diúité forchuirtear le halt 10 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), éileofar, gearrfar agus íocfar diúité custum—

(a) ar gach earra (pe'ca déanta go hiomlán no go leithrannach di) dá luaidhtear sa dara colún i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so (seachas earraí go ndeirtear ag ceann Coda san I ná baineann sí leo) agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 15adh lá d'Abrán, 1937, no dá éis sin, do réir an ráta (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) a luaidhtear sa tríú colún den Chuid sin I den Tríú Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san, agus

(b) ar gach compáirt, d'aon earra (seachas gabhálas d'aon bhaill éadaigh no cóir ghléasta phearsanta) a luaidhtear sa dara colún i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 15adh lá d'Abrán, 1937, no dá éis sin, do réir an ráta (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) gur dá réir adeirtear sa tríú colún sa Chuid sin I diúité do bheith inéilithe ar an earra gur compáirt di an chompáirt sin, agus

(c) ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 15adh lá d'Abrán, 1937, no dá éis sin, do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Chuid sin II os coinne luadh na hearra sa dara colún san.

(2) I gcás na n-earraí uile agus fé seach a luaidhtear sa dara colún i gCoda III agus IV den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus go ndeirtear ag ceann gach Coda fé seach acu san í do bhaint leo (ar a n-áirmhítear, i gcás earraí luaidhtear sa Chuid sin III, earraí bheidh déanta go leathrannach agus, i gcás earraí luaidhtear sa Chuid sin IV, earraí neamh-iomlána) isé an diúité do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún sa Chuid sin III no sa Chuid sin IV (pe'ca aca bhaineann leis an gcás) os coinne luadh na hearra sa dara colún san an diúité minimum is inéilithe de bhuadh an ailt seo alos gach earra fé leith acu san agus, dá réir sin déanfar, maidir le gach earra den tsórt san, an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh do réir pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar, i ngach cás fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá, an ráta is inéilithe alos na hearra san fé Chuid I no fé Chuid II (do réir mar a bheidh) den Tríú Sceideal san no an ráta is inéilithe fé pé ceann de Choda III agus IV den Tríú Sceideal san a bhaineann leis an earra san.

(3) An luadh deintear ar phercentáiste sa tríú colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh earra ar bith sa dara colún den Sceideal san tuigfear go gcialluíonn sé agus léireofar é mar ní chialluíonn ráta diúité is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san.

(4) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun í úsáid i gcluiche stáitse no i dtaisbeáint no taibhdhirc eile dhramaíochta no cheoil, agus chuige sin amháin, atá aon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so á hiomportáil, féadfaid, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha uirthi.

(5) I gcás léine no bóna no cufa d'easportáil amach as Saorstát Éireann agus é do dhul, lasmuich de Shaorstát Éireann, fén gcéad chóiriú agus é d'ath-iomportáil ansan isteach i Saorstát Éireann déanfar, in ainneoin éinní atá in alt 25 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar an léine no ar an mbóna no ar an gcufa san ar é d'ath-iomportáil amhlaidh agus déanfar é d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc amhlaidh do réir an ráta bheadh infheidhmithe dá mba ná déanfaí an léine no an bóna no an cufa san d'easportáil roimhe sin amach as Saorstát Éireann.

(6) D'ainneoin éinní atá san alt so no sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ní déanfar an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearradh—

(a) ar bhróga, ar bhróga ísle, ar gholaisí, ar asa, ar phaitíní ná ar choisbheart imeachtrach eile ná ar chompáirteanna dhíobh san ná ar ghabhálaisí dhóibh, ná

(b) ar aon ghabhálas do bhall éadaigh no do chóir ghléasta phearsanta a hiomportálfar ar leithligh ón mball éadaigh no ón gcóir ghléasta agus a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'abhair neamh-fhighteacha, ná

(c) ar aon earra is compáirt de bhall éadaigh no de chóir ghléasta phearsanta ar bith (seachas foscadán) agus a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'aon abhar neamh-fhighteach seachas leathar no fionnadh, ná

(d) ar aon earra is compáirt de bhall éadaigh no de chóir ghléasta phearsanta ar bith agus a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de leathar agus 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh í bheith oiriúnach agus beartuithe chun í d'úsáid chun hataí no caipíní do dhéanamh, ná

(e) ar aon bhall éadaigh no cóir ghléasta phearsanta bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de pháipéar, ná

(f) ar aon chompáirteanna nea-chó-ghabhtha d'fhoscadán, ná

(g) ar aon chuid de sna có-ghabhála leathrannacha so leanas de chompáirteanna d'fhoscadán, sé sin le rá:—

(i) easnaíocha ar leithligh agus taca ag gabháil le gach easna acu,

(ii) biannaí có-ghabhtha,

(iii) snonga sleamhnáin có-ghabhtha,

(iv) hannlaí có-ghabhtha, ná

(h) ar aon earra mháinliaghachta no liaghachta bheidh beartuithe chun í chaitheamh toisc aon éalainge no éislinne cuirp no mar chosaint no mar leigheas uirthi sin, ná

(i) ar chleití órnáideacha ná ar bhláthanna saordha 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh iad do bheith á n-iomportáil chun iad d'úsáid chun baill éadaigh no cóir ghléasta phearsanta do dhéanamh no do mhaisiú agus gur ar leithligh o sna baill éadaigh no ón gcóir ghléasta san a bheid á n-iomportáil, ná

(j) ar húdaí ná ar mhúnlaí chun hataí do dhéanamh agus is gá, i gcóir na déantóireachta san, do bhlocú, do mhúnlú no do ghearradh agus 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur cuid shubstainteach den déantóireacht an blocú, an múnlú no an gearradh, ná

(k) ar aon chompáirt de bhaill éadaigh no de chóir ghléasta phearsanta ná ar aon ghabhálas don chéanna is struic, suaitheantas no sighin, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ná

(l) ar aon earra bheidh, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, déanta, ceaptha, agus beartuithe chun daoine dá húsáid i gcúrsaí a bhfostaíochta mar chosaint ar dhíobháil no ar ghalar, ná

(m) ar aon pheiribhic, toupet ná earra dá samhail.

(7) Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

(8) San alt so agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so foluíonn an abairt “cóir ghléasta” ciarsúirí póca agus foscadáin, ní fholuíonn an focal “buachaillí” ná an focal “cailíní” naoidheanáin, agus léireofar an focal “bríste” mar fhocal a chialluíonn earra amháin pe'ca “bríste” no “péire bríste” gairmtear di, agus léireofar é freisin mar fhocal fholuíonn treabhsar fada, treabhsar gairid, bríste glúnach, agus earraí eile den tsamhail sin.

Alt 25 den Acht Airgid, 1924 , do leasú.

8. —I gcás consighneacht no beart le n-a mbaineann alt 25 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), d'iomportáil an 15adh lá d'Abrán, 1937, no dá éis sin, agus dhá shaghas no níos mó d'earraí is ionchurtha fé dhiúité chustum do bheith ann agus na Coimisinéirí Ioncuim do bheith sásta go bhfuil an chonsighneacht no an beart san á hiomportáil mar bhronntanas do dhuine i Saorstát Éireann, isé méid iomlán na ndiúitéthe custum a bheidh inéilithe ar an gconsighneacht no ar an mbeart san, d'ainneoin éinní atá san alt san 25, ná pé méid acu so leanas is mó, sé sin le rá, suim dhá scilling agus reul no iomlán méideanna uile agus fé seach na ndiúitéthe custum is inéilithe ar na saghsanna fé seach d'earraí indiúité sa chonsighneacht no sa bheart san.

Deireadh leis an diúité ar chruithneachtain.

9. —Ní déanfar an diúité custum ar chruithneachtain, do forchuireadh le halt 19 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), d'éileamh ná do ghearradh ar aon chruithneachtain a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 15adh lá d'Abrán, 1937, no dá éis sin.

An diúité ar thé d'atharú.

10. —(1) In ionad an diúité chustum a forchuirtear le halt 18 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), éileofar, gearrfar agus íocfar diúité custum do réir dhá phingin an punt ar an té go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 14adh lá de Mheitheamh, 1937, no dá éis sin.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, liost d'earraí do bhí, ar scáth ráta thosaíochta, le leigint isteach saor o dhiúité, agus fé is dá ndeintí té, go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh ná dearnadh aon tsaghas measctha uirthi lasmuich de thír a tionnscnaimh, do chur sa liost san agus go ndéanfaí té d'fhágaint ar lár sa liost d'earraí, sa Dara Sceideal san, go gcuirtear cúig shéú den lán-ráta i mbaint leo mar ráta thosaíochta.

Achtanna Airgid áirithe do leasú.

11. —(1) Déanfar gach Acht a luaidhtear ag ceann Coda den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú mar leanas, sé sin le rá, déanfar gach alt, sceideal, no uimhir thagartha den Acht san no san Acht san a luaidhtear sa dara colún den Chuid sin den Cheathrú Sceideal san do leasú sa tslí luaidhtear sa tríú colún den Chuid sin den Cheathrú Sceideal san os coinne luadh an ailt, an sceidil, no na huimhreach tagartha san (do réir mar a bheidh) sa dara colún san.

(2) Gach leasú a luaidhtear amhlaidh mar adubhradh sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh éifeacht aige an 15adh lá d'Abrán, 1937, agus ón lá san amach.

(3) Na mion-innste luaidhtear sa cheathrú colún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chun a chur in usacht na diúitéthe, dá ndeintear deifir fé seach leis na leasuithe uile agus fé seach a luaidhtear sa Cheathrú Sceideal san, d'aithint agus chuige sin amháin a cuirtear isteach sa Cheathrú Sceideal san iad, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo ná an Cheathrú Sceidil sin ná ní oibreoidh chun réime ná éifeachta aon leasuithe luaidhtear sa Cheathrú Sceideal san do leathnú, do theorannú, no do rialú.

Deireadh le diúitéthe áirithe custum.

12. —(1) Na diúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a forchuirtear fé seach leis na hachtacháin a luaidhtear sa dara colún den Chúigiú Sceideal san ní héileofar ná ní gcarrfar iad ar aon earraí a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 15adh lá d'Abrán, 1937, no dá éis sin.

(2) Na mion-innste luaidhtear sa cheathrú colún den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chun a chur in usacht na diúitéthe uile agus fé seach, a luaidhtear sa tríú colún den Chúigiú Sceideal san, d'aithint agus chuige sin amháin a cuirtear isteach sa Chúigiú Sceideal san iad, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo ná do léiriú an dara colúin ná an tríú colúin den Chúigiú Sceideal san ná ní dhéanfaidh oibriú an ailt sin ná na gcolún san do theorannú ná do rialú.

Cuid de tháille cheadúnais fén Acht Stroighne, 1933 , d'aisíoc.

13. —Pé uair a bheidh an méid stroighne a hiomportálfar fé cheadúnas iomportála do deonadh fé Chuid V den Acht Stroighne, 1933 (Uimh. 17 de 1933) , níos lugha ná an méid stroighne a húdaruítear leis an gceadúnas san d'iomportáil, aisíocfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála leis an gceadúnaí fén gceadúnas san an méid sin den táille do híocadh do réir ailt 36 den Acht san alos an cheadúnais sin a bheidh cothromúil leis an deifríocht a bheidh idir an méid stroighne do hiomportáladh fén gceadúnas san agus an méid stroighne a húdaruítear leis an gceadúnas san d'iomportáil.

Deimhnithe tionnscnaimh do thabhairt i láthair i ndúbláid.

14. —Pé uair a dhéanfaidh oifigeach custum, fé alt 65 den Customs Consolidation Act, 1876, mar a leasuítear san le halt 4 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935 ( Uimh. 7 de 1935 ), no fé alt 1 den Revenue Act, 1909, mar a leasuítear san amhlaidh, a chur mar cheangal ar iomportálaí aon earraí no ar a ghníomhaire deimhniú do thabhairt i láthair á thaisbeáint cár tionnscnadh na hearraí sin, féadfaidh an t-oifigeach san a chur mar cheangal ar an iomportálaí sin no ar a ghníomhaire an deimhniú san do thabhairt i láthair i ndúbláid agus, más i dtír 'na mbeidh có-aontú trádála idir í féin agus Saorstát Éireann i bhfeidhm do tionnscnadh na hearraí sin mar a luaidhtear sa deimhniú san, féadfaidh an t-oifigeach san dúbláid amháin den deimhniú san do chur ar an slí oiriúnach go dtí ionadaí diplomáideach no oifigeach consulta no eile do rialtas na tíre sin.