An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (DARA SCEIDEAL. Siuicre, Molas, Glucos, Sacairin—Ratai Diuitethe, Ais-Tarraici agus Liuntaisi.) Ar Aghaidh (CEATHRU SCEIDEAL. Achtanna Airgid Airithe do Leasu.)

18 1937

ACHT AIRGID, 1937

TRIU SCEIDEAL.

An Diuite ar Bhaill Eadaigh agus Coir Ghleasta Phearsanta.

Cuid I.

Ni Bhaineann an Chuid seo den Sceideal so le hAon Earra is Ionchurtha fe Dhiuite fe Chuid II den Sceideal so.

Uimh. Thag.

An saghas earraí is ionchurtha fé dhiúité

Rátaí an diúité

1

Léinte

40%

2

Bónaí agus cufaí

40%

3

Fáscadáin, brassieres, agus baill éadaigh dá samhail sin.

40%

4

Lámhainní

40%

5

Ciarsúirí

60%

6

Fo-éadaighe bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de shíoda no de shíoda shaordha agus ná luaidhtear go sonnrách ag aon uimhir thagartha eile sa Chuid seo den Sceideal so.

60%

7

Foscadáin

40%

8

Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is gárdaí no cosantóirí agus do bheith ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid i gcluichí no i spórt.

10%

9

Hataí agus caipíní bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de leathar no d'abhar a húsáidtear in ionad leathair no do rinneadh díonach.

60%

10

Hataí agus caipíní is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith oiriúnach d'fhir no oiriúnach do bhuachaillí agus (i gceachtar cás) is hataí árda no is hataí no caipíní bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'earra fhighte d'olainn no d'olainn snáthdhúbalta.

60%

11

Hataí agus caipíní nach ionchurtha fé dhiúité fé cheachtar den dá uimhir thagartha dheiridh sin roimhe seo.

25%

12

Seálanna

30%

13

Earraí is baill éadaigh no cóir ghléasta phearsanta agus a bheidh, ar fad no nach mór ar fad, cniotálta no déanta de dhéantús chniotálta agus nach ionchurtha fé dhiúité fé aon cheann de sna huimhreacha tagartha san roimhe seo sa Chuid seo den Sceideal so.

40%

14

Earraí is baill éadaigh no cóir ghléasta phearsanta agus nach ionchurtha fé dhiúité fé aon uimhir thagartha eile sa Chuid seo den Sceideal so.

60%

15

Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is gabhálaisí do bhaill éadaigh no do chóir ghléasta phearsanta.

60%

Cuid II.

Uimh. Thag.

An saghas earraí is ionchurtha fé dhiúité

Ráta an diúité

16

Gach ball éadaigh (pe'ca iomlán no neamh-iomlán dó) gur dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim go ndearna duine seachas an t-iomportálaí agus baill dá líntighe no dá theaghlach roinnt mhaith caithimh do thabhairt dó, no roinnt mhaith úsáide do bhaint as ar shlí eile, lasmuich de Shaorstát Éireann sarar hiomportáladh é.

25%

Cuid III.

Ni Bhaineann an Chuid seo den Sceideal so le hAon Earra is Ionchurtha fe Dhiuite fe Chuid II den Sceideal so.

Uimh. Thag.

An saghas Earraí is ionchurtha fé Dhiúité

Rátaí an Diúité Mhinimum

17

Cótaí móra do rinneadh díonach agus cótaí eile do rinneadh díonach.

5/- an earra.

18

Cótaí móra agus culaitheanna is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no nach mór ar fad d'earra fhighte agus ná dearnadh díonach, agus do bheith oiriúnach d'fhir no oiriúnach do bhuachaillí.

10/- an cóta mór no an chulaith, do réir mar bheidh.

19

Cótaí, seaicéidí, agus brístí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no nach mór ar fad d'earra fhighte agus ná dearnadh díonach, agus do bheith oiriúnach d'fhir no oiriúnach do bhuachaillí.

4/- an earra.

20

Bheisteanna is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no nach mór ar fad d'earra fhighte, agus ná dearnadh díonach, agus do bheith oiriúnach d'fhir no oiriúnach do bhuachaillí.

2/- an earra.

21

Stocaí, gearra-stocaí, agus compáirteanna de stocaí no de ghearra-stocaí.

3d. an earra.

22

Fo-éadaighe (gan léinte ná bónaí léine d'áireamh) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith cniotálta, no déanta de dhéantús chniotálta, ar fad no nach mór ar fad.

10d. an earra.

23

Cairdiogain, for-ionair, gersithe, blúsanna, agus earraí dá samhail a bheidh cniotálta, no déanta de dhéantús chniotálta, ar fad no nach mór ar fad.

1/3 an earra.

24

Cairdiogain, for-ionair, gersithe, blúsanna, agus earraí dá samhail ná baineann an uimhir thagartha dheiridh sin roimhe seo leo.

3/- an earra.

25

Léinte,

1/3 an earra.

26

Bónaí léine.

3d. an earra.

27

Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is dungaraíthe, rabhlaerí, aprúin, bibeanna, no baill éadaigh dá samhail agus ná dearnadh díonach.

1/6 an earra.

28

Lámhainní agus lámhainní fada bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de leathar no de chroiceann no de leathar agus de chroiceann agus ná beidh cúluithe le fionnadh, agus fós compáirteanna (bheidh déanta de leathar no de chroiceann no de leathar agus de chroiceann) d'aon lámhainní den tsórt san, gan aon lámhainní ná lámhainní fada den tsórt san d'áireamh is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith oiriúnach agus do bheith beartuithe chun a gcaithte ag buachaillí no chun a gcaithte ag cailíní no chun a gcaithte ag naoidhneáin, ná fós gan compáirteanna d'áireamh de sna lámhainní agus de sna lámhainní fada san ná háirmhítear amhlaidh.

8d. an earra.

29

Culaitheanna, cótaí, agus gúnaí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta i bpáirt no go hiomlán d'earra fhighte agus do bheith oiriúnach do mhná no oiriúnach do chailíní.

15/- an chulaith, an cóta, no an gúna, do réir mar bheidh.

30

Sciortaí nach cuid de chulaith ná de chulaithirt le linn iad d'iomportáil agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta i bpáirt no go hiomlán d'earra fhighte.

7/6 an earra.

31

Ciarsúirí.

1d. an earra.

Cuid IV.

Ni Bhaineann an Chuid seo den Sceideal so ach le hEarrai is Ionchurtha fe Dhiuite fe Chuid II den Sceideal so agus na cuirfear ina luighe ar na Coimisineiri Ioncuim iad do bheith a nIomportail ar shli seachas chun a nDiolta.

Uimh. Thag.

An saghas Earraí is ionchurtha fé Dhiúité

Rátaí an Diúité Mhinimum

32

Cótaí móra, culaitheanna, agus culaithirtí,

3/- an cóta mór, an chulaith, no an chulaithirt, do réir mar bheidh.

33

Cótaí, seaicéidí, rabhlaeirí, gúnaí, fillteoga, sciortaí agus brístí ná hiomportálfar i dteanta culaithe no culaithirte, ná ina bpáirt de chulaith no do chulaithirt.

1/6 an earra.

34

Gach earra is ball éadaigh no cóir ghléasta phearsanta agus nach ionchurtha fé dhiúité fé cheachtar de sna huimbreacha tagartha san roimhe seo sa Chuid seo den Sceideal so.

6d. an earra.