21 1937


Uimhir 21 de 1937.


ACHT OIFIGIGH CÚIRTE (LEASÚ), 1937.


ACHT CHUN AILT 47 DEN ACHT OIFIGIGH CÚIRTE, 1926 , DO LEASÚ AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EIRÍONN MAIDIR LEIS AN ALT SAN, AR A nÁIRMHÍTEAR NITHE D'EIRIGH AMHLAIDH ROIMH AN ACHT SO DO RITH. [9adh Meitheamh, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Oifigigh Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926) ;

cialluíonn an abairt “dúthaigh Bhaile Atha Cliath” an dúthaigh d'orduigh an tAire fé alt 68 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), agus gurb é atá ann ná Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “dúthaigh Chorcaighe” an dúthaigh d'orduigh an tAire fén alt san 68 agus ina bhfuil contae-bhuirg Chorcaighe.

Amanna agus áiteanna ina bhféadfar gnó do dhéanamh.

2. —(1) Beidh sé agus tuigfear go raibh sé riamh dleathach do bhreitheamh den Chúirt Dúithche, agus é ina shuidhe in áit agus ar lá agus ar uair ar n-a gceapadh fé alt 47 den Phríomh-Acht chun aon tsaghas áirithe gnótha de chuid na Cúirte Dúithche do dhéanamh, aon tsaghas eile gnótha de chuid na Cúirte Dúithche do dhéanamh ag an suidhe sin.

(2) Beidh sé agus tuigfear go raibh sé riamh dleathach do bhreitheamh den Chúirt Dúithche déanamh aon ghnótha de chuid na Cúirte sin ina bhfuil dlighinse aige d'aistriú no do chur ar athló—

(a) go hócáid eile san áit ina raibh sé ag déanamh an ghnótha san le linn an aistrithe no an churtha ar athló san pe'ca is lá agus uair ar n-a gceapadh fé alt 47 den Phríomh-Acht an ócáid sin no nach eadh, no

(b) go hócáid eile (pe'ca is lá agus uair ar n-a gceapadh fén alt san 47 an ócáid sin no nach eadh) in áit éigin eile ina dhúthaigh is áit ar n-a cheapadh fén alt san 47 chun gnó de chuid na Cúirte Dúithche do dhéanamh, pe'ca is cuid den ghnó san an gnó san do haistríodh no do cuireadh ar athló amhlaidh no nach eadh.

Líomatáistí cúirte dúithche i ndúithchí Bhaile Atha Cliath agus Chorcaighe.

3. —(1) Dearbhuítear agus achtuítear leis seo ná fuil sé agus ná raibh sé riamh, in ainneoin éinní atá in alt 47 den Phríomh-Acht, oblagáideach ar an Aire dúthaigh Bhaile Atha Cliath ná dúthaigh Chorcaighe do roinnt ina líomatáistí cúirte dúithche.

(2) O am an Phríomh-Achta do rith agus mara ndeinidh agus go dtí go ndéanfaidh an tAire dúthaigh Bhaile Atha Cliath do roinnt (fé alt 47 den Phríomh-Acht) ina dhá líomatáiste chúirte dúithche no níos mó, beidh dúthaigh Bhaile Atha Cliath, agus tuigfear é bheith riamh, chun gach críche ina aon líomatáiste cúirte dúithche amháin (dá ngairmtear líomatáiste cúirte dúithche Bhaile Atha Cliath san Acht so) ar n-a bhunú ag an Aire fé fho-alt (1) den alt san 47 chun crícheanna gach saghas gnótha deintear sa Chúirt Dúithche.

(3) O am an Phríomh-Achta do rith agus mara ndeinidh agus go dtí go ndéanfaidh an tAire dúthaigh Chorcaighe do roinnt (fé alt 47 den Phríomh-Acht) ina dhá líomatáiste chúirte dúithche no níos mó, beidh dúthaigh Chorcaighe, agus tuigfear é bheith riamh, chun gach críche ina aon líomatáiste cúirte dúithche amháin (dá ngairmtear líomatáiste cúirte dúithche Chorcaighe san Acht so) ar n-a bhunú ag an Aire fé fho-alt (1) den alt san 47 chun crícheanna gach saghas gnótha deintear sa Chúirt Dúithche.

(4) Bainfidh fo-ailt (2), (3) agus (4) d'alt 47 den Phríomh-Acht agus tuigfear iad do bhaint riamh le líomatáiste cúirte dúithche Bhaile Atha Cliath agus le líomatáiste cúirte dúithche Chorcaighe fé is dá ndeineadh an tAire na líomatáistí cúirte dúithche sin do bhunú go dleathach fé fho-alt (1) den alt san 47, ach beidh baint sin an fho-ailt sin (2) le líomatáiste cúirte dúithche Bhaile Atha Cliath agus tuigfear í bheith riamh fé réir forálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo den Acht so.

Aiteanna, laetheanta agus uaire do cheapadh i ndúthaigh Bhaile Atha Cliath.

4. —(1) Chun na gcrícheanna ghabhann le fo-alt (2) d'alt 47 den Phríomh-Acht do chur i mbaint le líomatáiste cúirte dúithche Bhaile Atha Cliath, oibreoidh an fo-alt san agus tuigfear é d'oibriú riamh chun comhacht do bhronnadh ar an Aire chun áiteanna deifriúla agus laetheanta agus uaire deifriúla do cheapadh chun saghsanna deifriúla gnótha do dhéanamh.

(2) Tuigfear go ndearna an tAire an tigh cúirte i bPlás Uí Mhuireagáin i gCathair Bhaile Atha Cliath do cheapadh roimh an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1931, fé fho-alt (2) d'alt 47 den Phríomh-Acht, chun bheith ina áit ina gcomórfaí an Chúirt Dúithche chun gach saghas gnótha de chuid na Cúirte Dúithche do líomatáiste cúirte dúithche Bhaile Atha Cliath do dhéanamh, agus tuigfear na huaire 10.30 a.m. gach lá seachtaine do bheith ceaptha ar an gcuma gcéanna ina laetheanta agus ina n-uaire ar a gcomórfaí an Chúirt Dúithche sa tigh cúirte sin chun na saghsanna san gnótha do dhéanamh.

(3) Ní bheidh aon ghnó de chuid na Cúirte Dúithche do rinneadh i líomatáiste cúirte dúithche Bhaile Atha Cliath roimh an Acht so do rith, ná ní tuigfear é bheith riamh, nea-dhleathach ná neamhéifeachtúil de dhruim an ghnótha san do dhéanamh in áit no ar lá no ar uair seachas an áit no an lá no an uair do ceapadh chuige sin fé alt 47 den Phríomh-Acht agus dá dhruim sin amháin.

An breitheamh sinsearach den Chúirt Dúithche do dháiliú gnótha i mBaile Atha Cliath.

5. —(1) In ainneoin éinní atá in alt 47 den Phríomh-Acht no in ainneoin aon áit no lá no uair do bheith ceaptha no do bheith tuigthe leis an Acht so do bheith ceaptha fén alt san roimh an Acht so do rith, beidh sé dleathach don bhreitheamh sinsearach de bhreithiúin na Cúirte Dúithche bheidh ceaptha de thurus na huaire do dhúthaigh Bhaile Atha Cliath (dá ngairmtear an breitheamh sinsearach san alt so) a chinneadh o am go ham cadé an saghas no cadiad na saghsanna gnótha de chuid na Cúirte Dúithche a déanfar i ngach áit fé leith de sna háiteanna uile agus fé seach i líomatáiste cúirte dúithche Bhaile Atha Cliath bheidh ceaptha de thurus na huaire fén alt san 47 chun aon tsaghas gnótha de chuid na Cúirte Dúithche do dhéanamh, agus beidh sé dleathach freisin don bhreitheamh sinsearach a chinneadh o am go ham cadiad na laetheanta agus na huaire déanfar gach saghas fé leith de sna saghsanna uile agus fé seach den ghnó san sna háiteanna uile agus fé seach a cinnfear amhlaidh.

(2) Pé uair, tar éis an Achta so do rith, a dhéanfaidh an tAire, fé alt 47 den Phríomh-Acht, áit i líomatáiste cúirte dúithche Bhaile Atha Cliath do cheapadh chun gach saghas no aon tsaghas gnótha de chuid na Cúirte Dúithche do dhéanamh no aon lá no aon uair do cheapadh chun aon tsaghas no saghsanna den ghnó san do dhéanamh in áit ar bith den tsórt san, déanfar an ceapadh san in ionad na gcomhacht agus mar shárú ar na comhachta bronntar ar an mbreitheamh sinsearach leis an alt so no fé réir na gcomhacht san agus gan dochar dóibh agus fé réir aon fheidhmithe ortha ag an mbreitheamh sinsearach san agus gan dochar don fheidhmiú san, do réir mar ordóidh an tAire agus an ceapadh san á dhéanamh aige.

Gearr-theideal agus có-luadh.

6. —(1) Féadfar an tAcht Oifigigh Cúirte (Leasú), 1937 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Oifigigh Cúirte, 1926 agus 1937, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.