Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

31 1937


Uimhir 31 de 1937.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH (ORDUITHE DO DHAINGNIÚ) (Uimh. 2), 1937.


ACHT CHUN DAINGNITHE DO DHÉANAMH AR ORDUITHE ÁIRITHE DO RINNE AN ARD-CHOMHAIRLE FÉN ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH GO PRÁINNEACH, 1932 .

[19adh Mí na Samhna, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Orduithe do dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do rinne an Ard-Chomhairle fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

(2) Na mion-innste luaidhtear sa dara colún agus sa cheathrú colún fé seach den Sceideal a ghabhann leis an Acht so maidir leis na hOrduithe luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san is chun gurbh usa-de tagairt do sna hOrduithe sin agus iad d'aithint agus chuige sin amháin a cuirtear sa Sceideal san iad, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa dara colún san na sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo agus an tríú colúin den Sceideal san ná ní dhéanfaidh teorannú ná rialú ar oibriú an chéanna.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht chun Diúitéthe do Ghearradh (Orduithe do Dhaingniú) (Uimh. 2), 1937 , do ghairm den Acht so.