|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT LÉIRIÚCHÁIN, 1937) | Ar Aghaidh (CUID II. Fuirm, Luadh, agus Oibriu Achtanna den Oireachtas.) |
ACHT LÉIRIÚCHÁIN, 1937
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhraiteach agus Generalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
1. —Féadfar an tAcht Léiriúcháin, 1937 , do ghairm den Acht so. |
[EN] |
Tosach feidhme. |
2. —Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh do Bhunreacht na hÉireann d'achtuigh an Pobal le déanaí. |
[EN] |
Mínithe. |
3. —San Acht so— |
[EN] | foluíonn an focal “reacht” (i dteanta Achtanna den Oireachtas) Achtanna d'Oireachtas Shaorstáit Éireann, Achtanna de Pháirlimint Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann do bhí ann tráth, agus Achtanna de Pháirlimint do bhí ina suidhe in Éirinn aon uair roimh theacht i bhfeidhm don Union with Ireland Act, 1800; | |
[EN] | cialluíonn an focal “ionstruim” ordú, rialachán, riail, fo-dhlí, barántas, ceadúnas, deimhniú, no scríbhinn eile den tsórt san; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “ionstruim reachtúil” ionstruim ar n-a déanamh, ar n-a tabhairt amach, no ar n-a deonadh fé chomhacht no údarás a bronntar no bronnfar le reacht; léireofar tagairtí d'ionstruimí déanfar i bpáirt no go hiomlán fé Acht den Oireachtas mar thagairtí d'ionstruimí déanfar, do bhéarfar amach, no deonfar fé chomhacht no údarás a bronnfar le hAcht den Oireachtas no bronnfar tré chó-oibriú Achta den Oireachtas agus reachta éigin eile. | |
[EN] |
Feidhm maidir le Achtanna áirithe 'Oireachtas haorstáit Éireann. |
4. —Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so beidh ag gach foráil den Acht so bhaineann le hAchtanna den Oireachtas feidhm agus éifeacht maidir leis an Acht so agus le gach Acht eile d'Oireachtas Shaorstáit Éireann (pe'ca ritheadh roimh an Acht so no rithfear dá éis sin é) go n-abartar no go ndéarfar ann é theacht i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht agus dá réir sin tuigfear, chun críche na feidhme sin agus chun na críche sin amháin, gur Acht den Oireachtas an tAcht so agus gach Acht eile den tsórt adubhradh agus (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so) léireofar an abairt “Acht den Oireachtas” agus beidh éifeacht aici, san Acht so, mar abairt fholuíonn an tAcht so agus gach Acht eile d'Oireachtas Shaorstáit Éireann den tsórt adubhradh. |
[EN] |
An tAcht Léiriúcháin, 1923 , do bheith gan Feidhm maidir le nithe áirithe. |
5. —(1) Ní bhainfidh an tAcht Léiriúcháin, 1923 (Uimh. 46 de 1923) , le haon Acht den Oireachtas ná le haon ionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé aon Acht den tsórt san. |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh an fo-alt san roimhe seo den alt so an méid den Acht Léiriúcháin, 1923 (Uimh. 46 de 1923) , a bhaineann le nithe thárlóidh no le nithe bheidh le déanamh i ndáil le hAcht roimh theacht i ngníomh dó do chosc ar fheidhm do bheith aige, ná ní dhéanfaidh dochar d'fheidhm do bheith aige, maidir leis an Acht so agus le hAchtanna eile d'Oireachtas Shaorstáit Éireann go n-abartar no go ndéarfar ionta iad do theacht i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht. |