An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Bri agus Leiriu Focla agus Abairti Airithe.) Ar Aghaidh (CUID V. Eifeacht Athghairmeanna agus Ceiliurtha.)

38 1937

ACHT LÉIRIÚCHÁIN, 1937

CUID IV.

Comhachta agus Dualgaisi Reachtula.

Comhachta reachtúla do léiriú agus d'fheidhmiú.

15. —(1) Gach comhacht a bronnfar le hAcht den Oireachtas no le hionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé aon Acht den tsórt san féadfar feidhmiú o am go ham fé mar is gá, maran léir san Acht no san ionstruim sin a mhalairt do bheith beartuithe.

(2) Gach comhacht a bronnfar le hAcht den Oireachtas, no le hionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé aon Acht den tsórt san, ar shealbhóir oifige, mar shealbhóir den tsórt san, tuigfear, maran léir san Acht no san ionstruim sin a mhalairt do bheith beartuithe, go mbronntar í ar an té is sealbhóir de thurus na huaire ar an oifig sin agus dá réir sin féadfaidh seisean í fheidhmiú.

(3) Gach comhacht a bronnfar le hAcht den Oireachtas chun aon rialacháin, rialacha, no fo-dhlithe do dhéanamh, déanfar, maran léir san Acht san a mhalairt do bheith beartuithe, í léiriú mar ní a fholuíonn comhacht, is infheidhmithe sa tslí chéanna agus fé réir an toilithe chéanna agus na gcoinníollacha céanna (más ann dóibh), chun ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon rialacháin, rialacha, no fo-dhlithe a déanfar fén gcomhacht san agus (más gá é) chun rialacháin, rialacha, no fo-dhlithe eile do dhéanamh in ionad na gceann a ceiliúrfar amhlaidh.

Dualgaisí reachtúla do léiriú agus do chólíonadh.

16. —(1) Gach dualgas a forchuirfear le hAcht den Oireachtas no le hionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé aon Acht den tsórt san cólíonfar é o am go ham fé mar is gá, maran léir san Acht no san ionstruim sin a mhalairt do bheith beartuithe.

(2) Gach dualgas a forchuirfear, le hAcht den Oireachtas no le hionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé Acht den tsórt san, ar shealbhóir oifige, mar shealbhóir den tsórt san, tuigfear, maran léir san Acht no san ionstruim sin a mhalairt do bheith beartuithe, go bhforchuirtear é ar an té is sealbhóir de thurus na huaire ar an oifig sin agus dá réir sin cólíonfaidh seisean é.

Rialacha Cúirte.

17. —Pé uair a bhronnfaidh Acht den Oireachtas aon dlighinse nua ar chúirt bhreithiúnais no a dhéanfaidh leathnú no atharú ar dhlighinse bheidh ag cúirt bhreithiúnais cheana, ansan, an t-údarás go mbeidh comhacht aige de thurus na huaire chun rialacha no orduithe do dhéanamh chun cleachtadh agus nós imeachta na cúirte sin do rialáil, beidh comhacht aige chun rialacha no orduithe do dhéanamh chun cleachtadh agus nós imeachta na cúirte sin, agus í ag feidhmiú na dlighinse bronntar no leathnuítear no a hatharuítear amhlaidh, do rialáil agus féadfaidh an chomhacht san d'fheidhmiú tráth ar bith.

Seirbheáil tríd an bpost

18. —Má údaruíonn no má cheanglann Acht den Oireachtas, no ionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé aon Acht den tsórt san, scríbhinn do sheirbheáil tríd an bpost, pe'ca an focal “seirbheáil” a húsáidfear no an focal “tabhairt” no “seachadadh” no “cur” no aon fhocal eile, ansan, féadfar, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, an scríbhinn sin do sheirbheáil tré leitir ina mbeidh an scríbhinn sin do dhíriú sa cheart agus roimh-íoc aisti (más gá é) agus í phostáil mar is ceart agus sa chás san tuigfear, mara gcruthuítear a mhalairt, gur seirbheáladh an scríbhinn sin an uair a seachadfaí an leitir sin i ngáthchúrsa an phuist.