An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Eifeacht Athghairmeanna agus Ceiliurtha.)

38 1937

ACHT LÉIRIÚCHÁIN, 1937

SCEIDEAL.

Abairti agus Focail Airithe do Mhiniu.

Dearbhóid.

1.—I gcás daoine dar ceaduithe do réir dlí de thurus na huaire dearbhú do dhéanamh in ionad mionn do thabhairt, foluíonn an focal “dearbhóid” dearbhú.

Banc na hÉireann.

2.—Cialluíonn an abairt “Banc na hÉireann” Gobharnóir agus Cuideachta Bhanc na hÉireann no Banc an Ghobharnóra agus na Cuideachtan san, do réir mar éileoidh an có-théacs.

Reacht Briotáineach.

3.—Cialluíonn an abairt “Reacht Briotáineach” Acht de Pháirlimint Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann do bhí ann le déanaí.

Cúirt Chuarda.

4.—Cialluíonn an abairt “an Chúirt Chuarda” an Chúirt Bhreithiúnais Chuarda mar a bheidh sí bunuithe agus, de thurus na huaire, á cothabháil do réir dlí.

Tosach feidhme.

5.—Nuair a húsáidtear an abairt “tosach feidhme” maidir le reacht no le hionstruim reachtúil no le páirt de reacht no d'ionstruim reachtúil, cialluíonn sí an t-am a thiocfaidh an reacht no an ionstruim reachtúil sin no an pháirt sin de reacht no d'ionstruim reachtúil i bhfeidhm.

Oifigeach Consalta.

6.—Cialluíonn an abairt “oifigeach consalta” duine i Stát-Sheirbhís na hÉireann is árd-chonsal no consal no leas-chonsal.

Bunreacht.

7.—Cialluíonn an abairt “an Bunreacht” Bunreacht na hÉireann d'achtuigh an pobal an 1adh lá d'Iúl, 1937.

Dáil Éireann.

8.—Cialluíonn an abairt “Dáil Éireann” an Tigh den Oireachtas ar a dtugtar an ainm sin le halt 1 d'Airteagal 15 den Bhunreacht.

Cúirt Dúithche.

9.—Cialluíonn an abairt “an Chúirt Dúithche” an Chúirt Bhreithiúnais Dúithche mar a bheidh sí bunuithe agus, de thurus na huaire, á cothabháil do réir dlí.

Bliain airgeadais.

10.—Cialluíonn an abairt “bliain airgeadais” tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 31adh lá de mhí na Márta in aon bhliain áirithe.

Riaghaltas.

11.—Cialluíonn an abairt “an Riaghaltas” an Riaghaltas a luaidhtear in Airteagal 28 den Bhunreacht.

An Bhreatain Mhór.

12.—Ní fholuíonn an abairt “an Bhreatain Mhór” Inse Mara nIocht ná Oileán Mhanainn.

An Ard-Chúirt.

13.—Cialluíonn an abairt “an Ard-Chúirt” an Ard-Chúirt Bhreithiúnais a bheidh bunuithe agus, de thurus na huaire, á cothabháil do réir dlí do réir Airteagail 34 den Bhunreacht.

Talamh.

14.—Foluíonn an focal “talamh” measáistí, tionóntacháin, agus ionoighreachtaí, tithe agus foirgintí, d'aon tsórt sealbhaíochta.

Achtanna na gClásanna Talmhan.

15.—Cialluíonn an abairt “Achtanna na gClásanna Talmhan” an Lands Clauses Consolidation Act, 1845, an Lands Clauses Consolidation Acts Amendment Act, 1860, an Railways Act (Ireland), 1851, an Railways Act (Ireland), 1860, an Railways Act (Ireland), 1864, an Railways Traverse Act, an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus gach reacht le n-a leasuítear na hAchtanna san no aon cheann acu agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

Bliain airgeadais áitiúil.

16.—Cialluíonn an abairt “bliain airgeadais áitiúil” tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 31adh lá de mhí na Márta in aon bhliain áirithe.

Meán oíche.

17.—Cialluíonn an abairt “meán oíche” maidir le haon lá áirithe an ponc ama is críoch don lá san.

Aire Stáit.

18.—Cialluíonn an abairt “Aire Stáit” comhalta den Riaghaltas go gcúram Roinne Stáit air.

Mí.

19.—Cialluíonn an focal “mí” mí caileandair.

Mionn.

20. I gcás daoine dar ceaduithe do réir dlí de thurus na huaire dearbhú do dhéanamh in ionad mionn do thabhairt, foluíonn an focal “mionn” dearbhú.

An tOireachtas.

21.—Cialluíonn an abairt “an tOireachtas” an Pháirlimint Náisiúnta dá bhforáltar le hAirteagal 15 den Bhunreacht.

Mapa Ordonáis.

22.—Cialluíonn an abairt “mapa ordonáis” mapa ar n-a dhéanamh fé sna comhachta bronntar leis na Survey (Ireland) Acts, 1825 to 1870, agus leis na reachta le n-a leasuítear na hAchtanna san no aon cheann acu agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

An tUachtarán.

23.—Cialluíonn an abairt “an tUachtarán” Uachtarán na hÉireann agus foluíonn aon choimisiún no cólucht no údarás eile bheidh de thurus na huaire ag oibriú comhacht agus ag cólíonadh dualgas an Uachtaráin go dleathach.

Reacht Éireannach roimh-aondachta.

24.—Cialluíonn an abairt “reacht Éireannach roimh-aondachta” Acht do ritheadh ag Páirlimint do bhí ina suidhe in Éirinn aon uair roimh an Union with Ireland Act, 1800, do theacht i bhfeidhm.

Luacháil ionrátuithe.

25.—Cialluíonn an abairt “luacháil ionrátuithe” an luacháil a bheidh, fé sna hAchtanna Luachála, ar an maoin gur ina taobh a húsáidfear an abairt.

Rialacha cúirte.

26.—Cialluíonn an abairt “rialacha cúirte” rialacha ar n-a ndéanamh ag an údarás ag á mbeidh comhacht de thurus na huaire chun rialacha do dhéanamh chun cleachtadh agus nós imeachta na cúirte gur ina taobh a húsáidfear an abairt do rialáil.

Reacht de chuid Shaorstáit Éireann.

27.—Cialluíonn an abairt “reacht de chuid Shaorstáit Éireann” Acht d'Oireachtas Shaorstáit Éireann.

Seanad Éireann.

28.—Cialluíonn an abairt “Seanad Éireann” an Tigh den Oireachtas ar a dtugtar an ainm sin le halt 1 d'Airteagal 15 den Bhunreacht.

Dearbhú reachtúil.

29. Cialluíonn an abairt “dearbhú reachtúil” dearbhú ar n-a dhéanamh de bhuadh an Statutory Declarations Act, 1835.

An Chúirt Uachtarach.

30.—Cialluíonn an abairt “an Chúirt Uachtarach” an Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach mar a bheidh sí bunuithe agus, de thurus na huaire, á cothabháil do réir dlí do réir Airteagail 34 den Bhunreacht.

Mionnú.

31.—I gcás daoine dar ceaduithe do réir dlí de thurus na huaire dearbhú do dhéanamh in ionad mionn do thabhairt, foluíonn an focal “mionnú” dearbhú.

Baile.

32.—Cialluíonn an focal “baile” líomatáiste baile (nach bailecheanntar) ina bhfuil an Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, i ngníomh.

Achtanna Luachála.

33.—Cialluíonn an abairt “Achtanna Luachála” na hAchtanna bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh maoine ionrátuithe do luacháil.

Seachtain.

34.—Nuair a húsáidtear an focal “seachtain” gan coinníoll, cialluíonn sé an tréimhse idir meán oíche aon tSathairn agus meán oíche an chéad Shathairn ina dhiaidh sin.

Lá seachtaine.

35.—Cialluíonn an abairt “lá seachtaine” lá nach Domhnach.

Scríobhadh.

36.—Foluíonn an focal “scríobhadh” clóbhualadh, clóscríobhadh, liaghrafacht, grianghrafacht agus slite eile chun focail do chur síos no do mhacsamhlú i riocht so-fheicse agus déanfar focail ghaolmhara do léiriú dá réir sin.

Bliain.

37.—Nuair a húsáidtear an focal “bliain” gan coinníoll. cialluíonn sé tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach an 1adh lá de mhí Eanair in aon bhliain áirithe.