5 1938


Uimhir 5 de 1938.


ACHT UM CHROICNE CAORACH (EASPORTÁIL DO RIALÚ) (LEASÚ), 1938.


ACHT CHUN SOCRUITHE NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN ORDUITHE AR N-A nDÉANAMH FÉN ACHT UM CHROICNE CAORACH (EASPORTÁIL DO RIALÚ), 1934 , D'FHOIRFHEIDHMIÚ. [25adh Feabhra, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Chroicne Caorach (Easportáil do Rialú) 1934 ( Uimh. 13 de 1934 );

tá leis an abairt “croicne caorach” an bhrí chéanna tugtar di leis an bPríomh-Acht chun crícheanna an Phríomh-Achta.

Ciontaí maidir le horduithe ar n-a ndéanamh fén bPríomh-Acht.

2. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith croicne caorach d'easportáil, ná tabhairt fé n-a n-easportáil, contrárdha d'ordú ar n-a dhéanamh, pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é, fén bPríomh-Acht.

(2) Féadfaidh aon oifigeach Custum agus Máil earraí ar bith, a bheidh á n-easportáil no go mbeifear ag tabhairt fé n-a n'easportáil contrárdha don alt so, do choinneáil agus do ghabháil agus chuige sin féadfaidh pacáid ar bith d'oscailt ina mbeidh earra ar bith den tsórt san no 'na mbeidh amhras aige a leithéid do bheith inti, agus na forálacha den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí gheobhfar fén Acht san d'ordú bheith geallbhruidthe agus do chur de láimh bainfid le gach earra gheobhfar fén alt so fé is dá mba fén Acht san do gheobhfaí í.

(3) Na forálacha den alt so i dtaobh toirmeasc do chur le hearraí d'easportáil no le tabhairt fé n-a n-easportáil beidh éifeacht acu fé is dá mbeadh na forálacha san san Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag an Acht san agus ag aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san, agus má easportálann duine ar bith aon earra no má bheireann fé aon earra d'easportáil contrárdha don alt so no má bheireann sé aon earra no má bhíonn sé ag tabhairt aon earra go dtí aon ché, bóthar no áit eile ar bith chun críche na heasportála san no na hiarrachta san ar easportáil, no má chabhruíonn no má neartuíonn sé leis an easportáil sin no leis an iarracht san ar easportáil dlighfear na pionóisí céanna agus an choinneáil chéanna do chur ar an duine sin agus fós na himeachta céanna do bhunú ina choinnibh a dlightear a chur ar dhuine agus a bhunú ina choinnibh fé alt 186 den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí toirmiscithe d'iomportáil go nea-dhleathach.

Alt 3 den Phríomh-Acht d'athghairm.

3. —Athghairmtear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht.

Gearr-theideal agus luadh.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Chroicne Caorach (Easportáil do Rialú) (Leasú), 1938 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chroicne Caorach (Easportáil do Rialú), 1934 agus 1938, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.