17 1938


Uimhir 17 de 1938.


ACHT UM GHALAIR AINMHITHE, 1938.


ACHT CHUN NA nACHTANNA UM GHALAIR AINMHITHE (ÉIRINN), 1894 GO 1935, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ.

[16adh Bealtaine, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Diseases of Animals Act, 1894, agus, i ngach cás ina gceaduíonn no ina n-éilíonn an có-théacs é, foluíonn sé na hAchtanna uile (ar a n-áirmhítear an tAcht so) le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an Diseases of Animals Act, 1894;

cialluíonn an abairt “Acht 1934” an t Acht Eanlaithe Clóis (Galair), 1934 (Uimh. 25 de 1934) ;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta.

Acht 1934 do léasú.

2. —(1) Deintear leis seo an míniú atá ar an abairt “éanlaithe clóis” in alt 1 d'Acht 1934 do leasú tré sna focail “lachain, géana” do chur isteach i ndiaidh an fhocáil “turcaithe”, agus is dá réir sin a léireofar an abairt “éanlaithe clóis” in Acht 1934 (le n-a n-áirmhítear Acht 1934 mar a leasuítear é leis an alt so) agus san Acht so.

(2) Cialluíonn an abairt “uibhe éanlaithe clóis” in Acht 1934 (le n-a n-áirmhítear Acht 1934 mar a leasuítear é leis an alt so) agus san Acht so uibhe bheireann éanlaithe clóis.

(3) Leasuítear leis seo alt 2 d'Acht 1934 sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “a bheidh beartuithe a úsáid mar uibhe guir” do scriosadh amach as mír (c) den alt san agus tré sna focail “i gcoitinne no gus na heisceachtaí sin is oiriúnach leis an Aire Talmhaidheachta” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh;

(b) tríd an mír seo leanas do chur in ionad míre (d) den alt san, sé sin le rá:—

“(d) chun toirmeasc no srianadh agus rialáil do dhéanamh maidir le huibhe éanlaithe clóis, pe'ca laistigh no lasmuich den Stát a táirgfear iad, d'aistriú agus d'úsáid laistigh den Stát”.

Oibriú orduithe fén bPríomh-Acht do chur ar fiunraoi.

3. —(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú fiunraíochta san alt so), a dhearbhú go scuirfidh, aon ordú áirithe bheidh déanta fén bPríomh-Acht de bheith i ngníomh faid a bheidh an t-ordú fiunraíochta san i bhfeidhm, agus pé uair a déanfar ordú fiunraíochta, ansan, ar dháta an orduithe fhiunraíochta san do theacht i bhfeidhm agus ón dáta san amach, scuirfidh an tOrdú fén bPríomh-Acht le n-a mbainfidh an tordú fiunraíochta san de bheith i ngníomh faid a bheidh an t-ordú fiunraíochta san i bhfeidhm.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú fén bhfo-alt so ordú fiunraíochta do cheiliúradh, agus leis sin tiocfaidh an tOrdú fén bPríomh-Acht le n-a mbainfidh an t-ordú fiunraíochta san i ngníomh arís ar dháta an orduithe sin a céad-luaidhtear do theacht i bhfeidhm agus beidh sé i ngníomh ón dáta san amach.

Earraí a hiomportálfar contrárdha d'ordú fén bPríomh-Acht d'easportáil.

4. —(1) Pé uair a hiomportálfar aon ainmhithe, éanlaithe clóis, uibhe éanlaithe clóis no earraí eile de shaghas ar bith contrárdha d'ordú ar n-a dhéanamh fén bPríomh-Acht, féadfaidh oifigeach Custum agus Máil a cheangal ar dhuine ar bith (eadhon, an t-iomportálaí no an t-iompróir a bheidh i gceist) na hainmhithe, na héanlaithe clóis, na huibhe éanlaithe clóis no na hearraí eile sin d'easportáil laistigh d'am áirithe, agus má theipeann ar an duine sin déanamh do réir an cheangail sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil chaoga punt do chur air.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim cionta fén alt so do chúiseamh.

Gearr-theideal agus có-luadh.

5. —Féadfar an tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1938 , do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna um Ghalair Ainmhithe (Éirinn), 1894 go 1938, do ghairm de sna hAchtanna um Ghalair Ainmhithe (Éirinn), 1894 go 1935, agus den Acht go le chéile,