24 1938


Uimhir 24 de 1938.


ACHT TEAGHLACHAS AN UACHTARÁIN, 1938.


ACHT CHUN NA SOCHAR AGUS NA nALLÚNTAS DO GHEOBHAIDH AN tUACHTARÁN FÉ AIRTEAGAL 12 DEN BHUNREACHT DO SHOLÁTHAR, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN PINSIN DO DHEONADH DO DHAOINE DO BHÍ I SEILBH OIFIGE MAR UACHTARÁN AGUS DO BHAINTREACHA DAOINE DEN tSÓRT SAN, CHUN PUIST AN RÚNAÍ DON UACHTARÁN DO BHUNÚ AMHAIL Ó THEACHT I nGNÍOMH DON BHUNREACHT, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LE TEAGHLACHAS AN UACHTARÁIN AGUS LE hOIFIG AN RÚNAÍ DON UACHTARÁN.

[28adh Iúl, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Na sochair agus na hallúntais is ionfhálta ag an Uachtarán.

1. —(1) Na sochair agus na hallúntais do gheobhaidh an tUachtarán do bhun ailt 11 d'Airteagal 12 den Bhunreacht is do réir deich míle punt sa bhliain a bheid agus is cúig mhíle punt de sin is luach saothair pearsanta an Uachtaráin.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc na sochar agus na n-allúntas a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus is ina dtráthchoda ráithiúla có-ionanna no sna híocaíochtaí tréimhsiúla eile sin a chinnfidh an tAire Airgeadais o am go ham le toiliú an Uachtaráin a híocfar iad.

Stát-arús agus teaghlachas do chur ar fáil don Uachtarán.

2. —I dteanta na sochar agus na n-allúntas do gheobhaidh an tUachtarán do bhun ailt 11 d'Airteagal 12 den Bhunreacht beidh sé dleathach don Aire Airgeadais stát-árus do chur ar fáil agus do chothabháil don Uachtarán, agus costaisí oifig-theaghlachas an rúnaí don Uachtarán d'íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, agus na saoráidí agus na seirbhísí sin agus na nithe eile sin, a chinnfidh an tAire sin o am go ham do bheith riachtanach no ceart, do chur ar fáil don Uachtarán as airgead a soláthrófar amhlaidh.

Pinsin do dheonadh d'eas-Uachtaráin.

3 —(1) Deonfaidh an Riaghaltas pinsean do réir dhá chéad déag punt sa bhliain do gach duine scuirfidh, tar éis é bheith i seilbh oifige an Uachtaráin, de bheith i seilbh na hoifige sin toise réasúin ar bith seachas a éag no a chur as oifig fé alt 10 d'Airteagal 12 den Bhunreacht.

(2) Duine dá ndeonfar pinsean fén alt so ní deonfar pinsean eile dhó fén alt so i dtaobh aon tseirbhíse ina dhiaidh sin in oifig an Uachtaráin.

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear gach pinsin a deonfar do dhuine fén alt so agus beidh an pinsean san iníoctha as an gcéanna leis an duine sin le n-a shaol o dháta an scurtha d'oifig gur ina thaobh a deonfar an pinsean san.

Pinsin do dheonadh do bhaintreacha eas-Uachtarán.

4. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo deonfaidh an Riaghaltas pinsean do réir chúig chéad punt sa bhliain do bhaintrigh aon duine—

(a) d'éag agus é i seilbh oifige an Uachtaráin, no

(b) d'éag agus é ag fáil pinsin do deonadh fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so, no

(c) do bhí, díreach roimh éag dó, i dteideal pinsean fén alt deiridh sin roimhe seo do dheonadh dhó ach ná raibh an pinsean san deonta dhó.

(2) Ní deonfar aon phinsean fén alt so do dhuine do phós arís tar éis éaga an fhir chéile gur i dtaobh é éag d'fhéadfaí (mara mbeadh an fo-alt so) an pinsean san do dheonadh.

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear gach pinsin a deonfar do dhuine fén alt so agus beidh an pinsean san iníoctha as an gcéanna leis an duine sin o dháta éaga a fir chéile go dtí go bpósfa sí arís, má phósann sí arís, no go dtí go n-éagfa sí, mara bpósaidh sí arís.

Forálacha generálta i dtaobh pinsean a deonfar fén Acht so.

5. —(1) Tuigfear gach pinsean a deonfar fén Acht so d'fhás o lá go lá, ach íocfar é leis an duine dá ndeonfar é no le hionadaí pearsanta an duine sin i ndiaidh láimhe ina thráthchoda ráithiúla có-ionanna no sna tráthchoda tréimhsiúla eile sin a chinnfidh an tAire Airgeadais o am go ham.

(2) Má thagann duine dá mbeidh pinsean deonta fén Acht so chun bheith ina chomhalta den Oireachtas déanfar, d'ainneoin éinní contrárdha dhó san a bheidh in aon Acht eile, méid an phinsin sin do laigheadú, faid a leanfaidh an duine sin de bheith ina chomhalta den Oireachtas, méid aon allúntais chun a mbeidh teideal ag an duine sin fé údarás reachtúil de bhuadh an chomhaltais sin.

(3) Má bhíonn duine dá mbeidh pinsean deonta fén Acht so ag fáil aon luach saothair, pinsin, sochair, no allúntais is iníoctha as cistí puiblí no as cistí údaráis áitiúil, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) pé uair agus faid a bheidh an méid iomlán is iníoctha leis an duine sin as na cistí sin có-ionann le méid no níos mó ná méid an phinsin a bheidh deonta don duine sin fén Acht so, ní bheidh an pinsean san iníoctha;

(b) pé uair agus faid a bheidh an méid iomlán roimhráite níos lugha ná méid an phinsin sin a bheidh deonta fén Acht so ní bheidh iníoctha den phinsean san ach an oiread agus a bheidh, i dteanta an mhéide iomláin sin, có-ionann le lán-mhéid an phinsin sin.

(4) Beidh sé dleathach don Riaghaltas a dhearbhú, le hordú, go dtuigfear aon chiste no airgead áirithe do bheith ina chiste phuiblí chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, agus pé uair a déanfar aon dearbhú den tsórt san amhlaidh déanfar an abairt “cistí puiblí” do léiriú agus beidh éifeacht aici, sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, mar abairt a fholuíonn an ciste no an t-airgead le n-a mbainfidh an dearbhú san.

An rúnaí don Uachtarán.

6. —(1) Bunuítear leis seo, amhail o theacht i ngníomh don Bhunreacht, post an rúnaí don Uachtarán agus beidh an post san ina bhuan-phost i stát-sheirbhís an Stáit agus beidh na dualgaisí agus na feidhmeanna san, maidir leis an Uachtarán agus leis na Coimisiúin a bunuítear le hAirteagail 57 agus 14 fé seach den Bhunreacht, ag gabháil leis ordóidh an Riaghaltas o am go ham.

(2) Ní thabharfaidh an Riaghaltas aon ordú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so uatha, faid a bheidh Uachtarán toghtha in oifig, gan dul i gcomhairle leis an Uachtarán san.

(3) Isé an Riaghaltas a dhéanfaidh gach ceapachán ag ceapadh duine chun puist an rúnaí don Uachtarán ach ní déanfar aon cheapachán den tsórt san, faid a bheidh Uachtarán toghtha in oifig, gan dul i gcomhairle leis an Uachtarán san.

(4) Beidh gach rúnaí don Uachtarán i seilbh a oifige ar na téarmaí agus na coinníollacha san agus gheobhaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, an luach saothair sin ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham.

(5) Beidh sé ar cheann de dhualgaisí an rúnaí don Uachtarán é do ghníomhú mar chléireach don Chomhairle Stáit.

(6) Gach ceapachán do rinne an Riaghaltas, roimh an Acht so do rith, ag ceapadh duine chun oifige an rúnaí don Uachtarán, tuigfear gur fén alt so do rinneadh é agus beidh éifeacht aige, agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige, dá réir sin, agus beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (4) agus (5) den alt so, agus tuigfear go raibh éifeacht riamh acu, maidir le gach duine do ceapadh amhlaidh.

An fhuireann in oifig an rúnaí don Uachtarán.

7. —(1) Beidh ag gabháil le hoifig an rúnaí don Uachtarán pé oifigigh agus daoine agus pé méid oifigeach agus daoine mheasfaidh an Taoiseach o am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, do bheith riachtanach.

(2) Isé an Taoiseach, le haontú an Aire Airgeadais, a cheapfaidh gach oifigeach agus duine bheidh ag gabháil le hoifig an rúnaí don Uachtarán.

(3) Gach oifigeach agus duine bheidh ag gabháil le hoifig an rúnaí don Uachtarán beidh sé i seilbh a phuist san oifig sin ar na téarmaí agus na coinníollacha san agus gheobhaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, an luach saothair sin ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham.

(4) Beidh éifeacht ag an alt so, agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige, amhail o theacht i ngníomh don Bhunreacht.

Feidhm Achtanna Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926.

8. —Bainfidh Achtanna Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, agus gach Acht le n-a leathnuítear no le n-a leasuítear na hAchtanna san, agus tuigfear gur bhaineadar riamh, le gach post chun ar ceapadh no chun a gceapfar duine ar bith fén Acht so (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) seachas aon phost den tsórt san a bheidh luaidhte de thurus na huaire sa Sceideal a ghabhann le h Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 (Uimh. 5 de 1924) , ar n-a oiriúnú de dhruim an Bhunreachta d'achtú.

Gearr-theideal.

9. —Féadfar Acht Teaghlachas an Uachtaráin, 1938 , do ghairm den Acht so.