32 1938


Uimhir 32 de 1938.


ACHT CROISE DEIRGE, 1938.


ACHT CHUN A THABHAIRT GO bhFÉADFAR, CHÓ FADA AGUS A BHAINEANN LE hÉIRINN, ÉIFEACHT DO THABHAIRT D'FHORÁLACHA ÁIRITHE AGUS BUNTÁISTE DO BHAINT AS FORÁLACHA ÁIRITHE ATÁ I gCONVENSIÚN EADARNÁISIÚNTA I dTAOBH STAID NA nDAOINE GONTA AGUS NA nDAOINE BREOITE IN AIRM AR AN MACHAIRE D'FHEABHSÚ AGUS I gCONVENSIÚN EADARNÁISIÚNTA I dTAOBH CÓRACH DO CHUR AR PHRÍOSÚNAIGH CHOGAIDH, DHÁ CHONVENSIÚN DO SIGHNÍODH SA GHEINÉIBH AN 27adh LÁ D'IÚL, 1929, AGUS, CHUIGE SIN, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH CUMANN CROISE DEIRGE DO BHUNÚ AGUS D'IONCHORPRÚ IN ÉIRINN AGUS I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE. [14adh Mí na Nodlag, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Cumann Croise Deirge do bhunú.

1. —(1) Féadfaidh an Riaghaltas, le hordú (dá ngairmtear an t-ordú bunúcháin san alt so), a dhearbhú—

(a) cumann (dá ngairmtear an Cumann san Acht so) ar a dtabharfar an ainm a luadhfar san ordú bunúcháin do bheith bunuithe amhail ar dháta áirithe agus o dháta áirithe;

(b) go mbeidh an Cumann, fén ainm sin, ina gcólucht chorpruithe go síor-chomharbas agus có-shéala (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúntais) agus go bhféadfaid dul chun dlí, agus go bhféadfar dul chun dlí leo, fén ainm sin;

(c) gurb iad príomh-chuspóirí an Chumainn ná—

(i) cabhair dheontach do thabhairt do dhaoine breoite agus do dhaoine gonta in airm le linn cogaidh,

(ii) faoiseamh do thabhairt do phríosúnaigh chogaidh,

(iii) bheith ag gabháil d'obair agus ag cabhrú le hobair, le linn síochána no cogaidh, chun sláinte daoine d'fheabhsú, galar do chosc agus fulaing do laigheadú ar fuaid an domhain;

(d) gurb iad a bheidh sa Chumann ná na daoine luadhfar chuige sin san ordú bunúcháin agus na daoine eile go léir a thiocfaidh, do réir rialacha an Chumainn, chun bheith ina mbaill de faid a leanfaidh na daoine sin a céad-luaidhtear no na daoine eile sin (do réir mar a bheidh) de bheith ina mbaill.

(2) Féadfaidh an Riaghaltas, leis an ordú bunúcháin, socrú do dhéanamh maidir le gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) comhachta an Chumainn;

(b) có-ghléasadh an Chumainn;

(c) cólucht rialúcháin do bhainistí agus do riaradh cúrsaí an Chumainn;

(d) an chomhacht chun rialacha do dhéanamh don Chumann do leigint chun an chóluchta rialúcháin sin;

(e) cruinnithe bliantúla agus cruinnithe eile den Chumann do chomóradh;

(f) airgead agus cuntaisí an Chumainn;

(g) aon nithe eile bhaineann leis an gCumann agus go bhfeicfear don Riaghaltas é do bheith inmhianuithe agus ceart socrú do dhéanamh ina dtaobh.

(3) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, féadfaidh an Riaghaltas, le hordú fén bhfo-alt so, leasú do dhéanamh (pe'ca tré chur leis, fágaint ar lár, no atharú é) ar an ordú bunúcháin no ar aon ordú fén bhfo-alt so.

(4) Beidh feidhm dlí, do réir a bhrí, ag gach ordú déanfar fén alt so.

(5) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Deontaisí agus iasachtaí don Chumann.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, congnamh do thabhairt don Chumann i bhfuirm deontais no iasachta ar na téarmaí agus ar na coinníollacha san is dóich leis is ceart.

Comhacht chun a údarú do chumainn um chabhair dheontach congnamh do thabhairt do Sheirbhís Liaghachta an Airm.

3. —Chun crícheanna Airteagail 10 den Chonvensiún Eadarnáisiúnta, i dtaobh staid na ndaoine gonta agus na ndaoine breoite in airm ar an machaire d'fheabhsú, do sighníodh sa Gheinéibh an 27adh lá d'Iúl, 1929, féadfaidh an Riaghaltas o am go ham, le hordú, a údarú d'aon chumann um chabhair dheontach (le n-a n-áirmhítear an Cumann) a bheidh ag obair sa Stát congnamh do thabhairt do Sheirbhís Liaghachta an Airm agus féadfaid o am go ham, le hordú, aon údarás den tsórt san do tharrac siar.

Srian le Cros Dearg, etc., d'úsáid.

4. —(1) Ar dháta an Chumainn do bhunú agus dá éis sin, ní dleathach do dhuine ar bith, gan toiliú an Aire Cosanta, úsáid do dhéanamh, chun críche trádála no gnótha no chun aon chríche eile ar bith, de shuaitheantas armaidhe na croise deirge ar urlár bhán a deintear tré dhathanna Chó-Chomhairle na hEilbhéise do chur in ionad a chéile, ná d'aon tsuaitheantas a bheidh ana-chosúil leis an suaitheantas armaidhe sin, ná de sna focail “Cros Dearg”, “Cros na Geinéibhe”, “Red Cross”, no “Geneva Cross” ná d'aon fhocail a bheidh ana-cosúil leis na focail ‘Cros Dearg”, “Cros na Geinéibhe”, “Red Cross” no “Geneva Cross”.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so.

Srian le harmas Chó-Chomhairle na hEilbhéise d'úsáid.

5. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith—

(a) aon dearadh gurb é bheidh ann ná cros bhán no cros airgid ar urlár dhearg gan aon ghéag di do shroichint go himeall an urláir, eadhon, an chros atá in Armas Chó-Chomhairle na hEilbhéise, ná

(b) aon dearadh bheidh ina aithris dheallrathach ar an dearadh san a céad-luaidhtear,

d'úsáid ná do thaisbeáint chun crícheanna a thrádála no a ghnótha ná chun aon chríche eile ar bith gan údarás ón Aire Tionnscail agus Tráchtála.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Ní dhéanfaidh éinní atá i bhfo-alt (1) den alt so dochar do cheart (más ann dó) dhílseánaigh mhairc thrádála, do cláruíodh roimh an 19adh lá de Mheitheamh, 1931, agus ar a bhfuil armas Chó-Chomhairle na hEilbhéise no aithris air sin, chun leanúint den mharc trádála san d'úsáid.

Pionóis mar gheall ar chiontaí agus earraí geallbhruidte do chur de láimh.

6. —(1) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fé alt ar bith den Acht so, dlighfear ar a chiontú ann ar an slí achmair fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air agus féadfaidh an Chúirt freisin a ordú aon earraí gur mar gheall ortha do rinneadh an cionta do gheallbhruideadh.

(2) Má deintear aon earraí do gheallbhruideadh fén alt so cuirfear na hearraí sin de láimh do réir orduithe an Aire Cosanta agus déanfar aon airgead do gheobhfar as aon chur-de-láimh den tsórt san d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

Ciontaí cóluchtaí corpruithe.

7. —Má dheineann cólucht corpruithe cionta fé alt ar bith den Acht so agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú no le ceadú éinne, no gur cuireadh a dhéanamh in usacht le haon fhaillí i bpáirt éinne, is stiúrthóir no bainisteoir ar an gcólucht chorpruithe sin no is rúnaí no oifigeach eile dhó, tuigfear an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí no an t-oifigeach eile sin freisin do bheith ciontach sa chionta san agus féadfar imeachta do bhunú ina choinnibh agus é phionósú dá réir sin.

An Geneva Convention Act, 1911, d'athghairm.

8. —Deintear leis seo an Geneva Convention Act, 1911, d'athghairm amhail ar dháta agus o dháta an Chumainn do bhunú.

Gearr-theideal.

9. —Féadfar an tAcht Croise Deirge, 1938 , do ghairm den Acht so.