Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

34 1938


Uimhir 34 de 1938.


ACHT AN OIREACHTAIS (LIÚNTAISÍ DO CHOMHALTAÍ), 1938.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN LIÚNTAISÍ D'ÍOC LE COMHALTAÍ DE GACH TIGH DEN OIREACHTAS ALOS A nDUALGAISÍ MAR IONADAITHE PUIBLÍ AGUS CHUN SAORÁIDÍ DO DHEONADH DO SNA COMHALTAÍ SIN CHUN TAISTEAL DO DHÉANAMH GAN ÍOC AS MAIDIR LEIS NA DUALGAISÍ SIN. [21adh Mí na Nodlag, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais;

cialluíonn an abairt “saoráidí taistil”—

(a) pé ní no nithe acu so leanas is oiriúnach don chás, sé sin le rá:—

(i) taisteal céad-ghráid ar bhóithre iarainn gan íoc as do chur ar fáil, no

(ii) an táille do híocadh as taisteal in aon tram, omnibus, no char-a-banc puiblí no cóir iompair phuiblí eile dá samhail sin d'aisíoc, no

(iii) costaisí taistil i ngluaisteán an taistealaí féin d'aisíoc sa mhéid a cheadóidh an tAire ach, i gcás inar bhféidir aon chuid de thurus do tugadh sa ghluaisteán san do thabhairt ar bhóthar iarainn, gan an t-aisíoc san do bheith níos mó, alos na coda san den turus san, ná an costas taistil chéad-ghráid ar an mbóthar iarainn in aghaidh na coda san, agus

(b) na costaisí taistil eile sin (más ann dóibh) gur deimhin leis an Aire gur go réasúnta a chuathas fútha d'aisíoc;

cialluíonn an abairt “Baile Atha Cliath” maidir le comhalta den Oireachtas a bheidh ag taisteal go Baile Atha Cliath no uaidh ar an mbóthar iarainn an stáisiún bóthair iarainn i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath ina gcríochnuíonn sé no ina dtosnuíonn sé a thurus.

Liúntas agus saoráidí taistil comhaltaí den Oireachtas.

2. —Fé réir forálacha an Achta so déanfar, amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas, an liúntas a luaidhtear san Acht so d'íoc le gach comhalta den Oireachtas agus na saoráidí taistil a luaidhtear san Acht so do dheonadh dhó.

Méid an liúntais do chomhaltaí den Oireachtas.

3. —(1) Ar dháta an Achta so do rith agus dá éis sin isé liúntas a bheidh le n'íoc le gach comhalta de Dháil Éireann fén Acht so ná liúntas do réir £40 sa mhí.

(2) Isé liúntas a bheidh le n'íoc le gach comhalta de Sheanad Éireann fén Acht so ná liúntas do réir £30 sa mhí.

(3) Tuigfear gur cuid den tuarastal is iníoctha de thurus na huaire le haon chomhalta den Oireachtas de bhuadh é do shealbhú aon oifige ceaptha an liúntas is iníoctha leis an gcomhalta san fén Acht so agus dá réir sin ní bheidh aon chomhalta den Oireachtas, faid a bheidh tuarastal alos aon oifige den tsórt san á fháil aige, i dteideal aon liúntas eile d'fháil fén Acht so.

(4) Beidh na liúntaisí is iníoctha le comhaltaí den Oireachtas fén Acht so saor o cháin ioncuim (le n-a n-áirmhítear for-cháin) agus ní háirmheofar iad nuair a beifear ag áireamh ioncuim chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim.

(5) An tuarastal is iníoctha de thurus na huaire le comhalta den Oireachtas de bhuadh é bheith ag sealbhú aon oifige ceaptha, beidh an méid sin de, is có-ionann leis an liúntas do bheadh iníoctha leis an gcomhalta san fén Acht so dá mba ná beadh sé ag sealbhú na hoifige sin, saor o cháin ioncuim (le n-a n-áirmhítear for-cháin) agus ní háirmheofar é nuair a beifear ag áireamh ioncuim chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim.

(6) Aon fhoráil atá in aon reacht Briotáineach no in aon reacht de reachtanna Shaorstáit Éireann no atá no bheidh in aon Acht den Oireachtas (ar n-a rith roimh an Acht so do rith no dá éis sin) agus le n-a bhforáltar go ndéanfar aon phinsean is iníoctha amach as an bPrímh-Chiste no amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas do chur ar fiunraoi no do laigheadú, i bpáirt no go hiomlán, i gcás an pinsinéir do bheith ag fáil íocaíochtaí (pé ainm do bheirtear no bhéarfar ortha sa reacht no san Acht san) amach as airgead ar n-a sholáthar no bheidh le soláthar ag an Oireachtas, ní bhainfe sí, mara n-achtuítear a mhalairt go soiléir inti—

(a) leis na liúntaisí is iníoctha le comhaltaí den Oireachtas fén Acht so, ná

(b) leis an méid sin, den tuarastal is iníoctha de thurus na huaire le comhalta den Oireachtas de bhuadh é bheith ag sealbhú aon oifige ceaptha, is có-ionann leis an liúntas do bheadh iníoctha leis an gcomhalta san fén Acht so dá mba ná beadh sé ag sealbhú na hoifige sin,

ná ní déanfar aon phinsean den tsórt san do chur ar fiunraoi ná do laigheadú ar scór ná alos an liúntais sin no an mhéide sin den tuarastal san.

(7) Is oifig cheaptha chun crícheanna an ailt seo gach oifig acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) oifig chomhalta den Riaghaltas;

(b) oifig Rúnaí Páirliminte;

(c) oifig an Ard-Aighne;

(d) oifig Chathaoirligh Dháil Éireann;

(e) oifig Leas-Chathaoirligh Dháil Éireann;

(f) oifig Chathaoirligh Sheanad Éireann;

(g) oifig Leas-Chathaoirligh Sheanad Éireann.

Mion-innste i dtaobh saoráidí taistil do chomhaltaí den Oireachtas.

4. —(1) Isiad saoráidí taistil a bheidh le deonadh do gach comhalta den Oireachtas fén Acht so ná—

(a) i gcás comhalta de Dháil Éireann ná comhnuíonn ina dháilcheanntar—

(i) saoráidí taistil idir Bhaile Atha Cliath agus áit ar bith ina dháilcheanntar,

(ii) saoráidí taistil idir Bhaile Atha Cliath agus a ghnáth-áit chomhnaithe de thurus na huaire,

(iii) ar aon ócáid ar a dtaistealóidh sé díreach o Bhaile Atha Cliath go dtí áit ar bith ina dháilcheanntar, saoráidí taistil o áit ar bith ina dháilcheanntar go dtí an ghnáth-áit chomhnaithe sin,

(iv) ar aon ócáid ar a dtaistealóidh sé díreach ón ngnátháit chomhnaithe sin go dtí n-a dháilcheanntar, saoráidí taistil idir an ghnáth-áit chomhnaithe sin agus, más de bhóthar iarainn a chuaidh sé isteach ina dháilcheanntar ar an ócáid sin, an stáisiún bóthair iarainn ina dháilcheanntar is giorra don phuinte ag á ndeacha sé isteach no, más de bhóthar a chuaidh sé isteach ina dháilcheanntar ar an ócáid sin, an puinte ag á ndeacha sé isteach;

(b) i gcás comhalta de Dháil Éireann a chomhnuíonn ina dháilcheanntar, saoráidí taistil idir Bhaile Atha Cliath agus áit ar bith ina dháilcheanntar;

(c) i gcás comhalta de Sheanad Éireann, saoráidí taistil idir Bhaile Atha Cliath agus a ghnáth-áit chomhnaithe de thurus na huaire;

(d) i gcás aon chomhalta den Oireachtas, saoráidí taistil ón áit agus go dtí an áit is gnáth-áit chomhnaithe dhó de thurus na huaire no o Bhaile Atha Cliath agus go dtí Baile Atha Cliath no, i gcás aon chomhalta de Dháil Éireann, o aon áit agus go dtí aon áit ina dháilcheanntar ar é bheith ag dul ar turuis—

(i) chun bheith i láthair, ar chuireadh o chomhalta den Riaghaltas, ar ócáidí Stáit, no

(ii) ar chuireadh o chomhalta den Riaghaltas, chun oibreacha puiblí táchtacha d'iniúchadh no chun cuairt a thabhairt ar fhundúireachtaí, no ar áiteanna, no ar cheanntair.

(2) Déanfar tagairtí i bhfo-alt (1) den alt so do ghnáth-áit chomhnaithe do léiriú mar thagairtí chialluíonn gnáth-áit chomhnaithe laistigh de sna críocha náisiúnta.

(3) Na saoráidí taistil a bheidh le deonadh do gach comhalta den Oireachtas, cuirfear ar fáil iad agus íocfar asta sa tslí sin agus fé réir na gcoinníollacha san a hordófar o am go ham le rialacháin a dhéanfaidh an tAire (agus údaruítear dó leis seo na rialacháin sin do dhéanamh) tar éis dó dul i gcomhairle le Cathaoirleach Dháil Éireann agus le Cathaoirleach Sheanad Éireann.

(4) Má bhíonn comhalta de cheachtar Tigh den Oireachtas i dteideal, fé sna forálacha san roimhe seo den Acht so, go ndéanfaí, i bhfuirm saoráidí taistil, costaisí taistil d'aisíoc leis ní déanfar aon íocaíocht alos na gcostaisí taistil sin mara ndeintear, laistigh de chéad lá tar éis dul fé sna costaisí taistil sin, an t-éileamh ortha do lóisteáil, másé Dáil Éireann an Tigh sin, le Cléireach Dháil Éireann no, másé Seanad Éireann an Tigh sin, le Cléireach Sheanad Éireann.

(5) Aon rialacháin do rinneadh fé fho-alt (2) d'alt 3 d'Acht an Oireachtais (Baill d'Ioc), 1923 ( Uimh. 18 de 1923 ), agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta so do rith tuigfear gur fé fho-alt (3) den alt so do rinneadh iad agus féadfar iad do leasú no do cheiliúradh le rialacháin fén bhfo-alt deiridh sin a luaidhtear agus go dtí go gceiliúrfar amhlaidh iad agus fé réir aon leasuithe den tsórt san leanfaid de bheith i bhfeidhm.

An liúntas agus na saoráidí taistil do thosnú.

5. —(1) Isé tráth a thosnóidh an liúntas agus na saoráidí taistil atá le n'íoc agus le deonadh fén Acht so le comhalta agus do chomhalta den Oireachtas is comhalta ar dháta an Achta so do rith ná—

(a) i gcás an comhalta san do bheith ar an dáta san i dteideal, tré Bhuan-Orduithe an Tighe dar comhalta é do chólíonadh, suidhe sa Tigh sin mar chomhalta dhe, amhail ar an dáta san agus ón dáta san amach, agus

(b) in aon chás eile, amhail ar an dáta agus ón dáta ar a dtiocfaidh an comhalta san den chéad uair, tré Bhuan-Orduithe an Tighe dar comhalta é do chólíonadh, chun bheith i dteideal fé sna Buan-Orduithe sin suidhe sa Tigh sin mar chomhalta dhe.

(2) Fé réir forálacha an Achta so isé tráth a thosnóidh an liúntas agus na saoráidí taistil atá le n'íoc agus le deonadh fén Acht so le comhalta agus do chomhalta den Oireachtas a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta den Oireachtas tar éis dáta an Achta so do rith ná—

(a) i gcás an comhalta san do theacht, laistigh de thríocha lá tar éis dáta a thoghtha den uair is uair dheiridh aige an tráth san no (más comhalta ainmnithe de Sheanad Éireann é) tar éis dáta a ainmnithe den uair is uair dheiridh aige an tráth san, chun bheith i dteideal, tré Bhuan-Orduithe an Tighe dar comhalta é do chólíonadh, suidhe sa Tigh sin mar chomhalta dhe, amhail ar an dáta san agus ón dáta san amach, agus

(b) in aon chás eile, amhail ar an lá agus ón lá ar a dtiocfaidh an comhalta san den chéad uair, tré Bhuan-Orduithe an Tighe dar comhalta é do chólíonadh, chun bheith i dteideal fé Bhuan-Orduithe an Tighe sin suidhe sa Tigh sin mar chomhalta dhe.

(3) Más rud é—

(a) go dtárlóidh do chomhalta den Oireachtas a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta den tsórt san tar éis dáta an Achta so do rith ná féadfa sé, toisc breoiteachta no toisc cúise éigin eile nach é a thoil ná a ghníomh féin ba bhun léi, Buan-Orduithe an Tighe dar comhalta é do chólíonadh i slí go dtiocfadh i dteideal fé sna Buan-Orduithe sin suidhe mar chomhalta den Tigh sin laistigh de thríocha lá tar éis dáta a thoghtha no a ainmnithe chun an Tighe sin den uair is uair dheiridh aige an tráth san, agus

(b) go gcólíonfaidh an comhalta san na Buan-Orduithe sin i slí go mbeidh sé i dteideal fútha suidhe mar chomhalta den Tigh sin an chéad lá shuidhfidh an Tigh sin tar éis deireadh do bheith leis an mbreoiteacht no leis an gcúis eile sin,

ansan agus sa chás san tuigfear, chun crícheanna fo-ailt (2) den alt so, gur chólíon an comhalta san na Buan-Orduithe sin i slí go raibh sé i dteideal fútha suidhe sa Tigh sin mar chomhalta dhe laistigh de thríocha lá tar éis dáta a thoghtha no a ainmnithe chun an Tighe sin den uair is uair dheiridh aige an tráth san.

(4) Beidh comhalta den Oireachtas i dteideal saoráidí taistil fén Acht so alos taistil uair amháin go Baile Atha Cliath chun Buan-Orduithe an Tighe dar comhalta é do chólíonadh i slí go dtiocfaidh chun bheith i dteideal fé sna Buan-Orduithe sin suidhe mar chomhalta den Tigh sin, agus beidh sé i dteideal na saoráidí taistil sin ar gach slí díreach fé is dá mba tar éis tosnú dá cheart chun saoráidí taistil fén Acht so a déanfaí an taisteal san.

(5) Pé uair a scuirfear Dáil Éireann beidh duine ar bith ba chomhalta de Dháil Éireann díreach roimh an scur san agus do bhí i mBaile Atha Cliath ar dháta an scurtha san, beidh sé, go ceann trí lá tar éis an scurtha san, i dteideal saoráidí taistil fén Acht so alos taistil uair amháin idir Bhaile Atha Cliath agus aon áit ina sheana-dháilcheanntar no a ghnáth-áit chomhnaithe de thurus na huaire ar gach slí díreach fé is dá mba le linn dó bheith ina chomhalta de Dháil Éireann a déanfaí an taisteal san.

(6) Má eiríonn aon cheist no aighneas i dtaobh ce'ca atá comhalta den Oireachtas i dteideal, no i dtaobh a mhéide atá sé i dteideal, sochair aon cheann de sna trí fo-ailt deiridh sin roimhe seo isé bhéarfaidh breith ar an gceist no ar an aighneas san ná—

(a) i gcás comhalta de Dháil Éireann, Cathaoirleach Dháil Éireann, agus

(b) i gcás comhalta de Sheanad Éireann, Cathaoirleach Sheanad Éireann,

agus beidh gach breith den tsórt san ina breith dheiridh.

Saoráidí taistil comhaltaí de Sheanad Éireann a bheidh i láthair ar a chéad tionól.

6. —D'ainneoin éinní atá in alt 2 d'Acht an Oireachtais (Baill d'Ioc), 1933 ( Uimh. 50 de 1933 ), mar a deintear é d'athbheochaint agus do chur i mbaint le comhaltaí de Sheanad Éireann tré fho-alt (3) d'alt 10 den Acht Bunreachta (Forálacha Iarmartacha), 1937 ( Uimh. 40 de 1937 ), agus d'ainneoin na hathghairme deintear ar an Acht san a céad-luaidhtear leis an Acht so, beidh comhalta de Sheanad Éireann a bhí i láthair ag an gcéad tionól i dteideal saoráidí taistil fé Achtanna an Oireachtais (Baill d'Ioc), 1923 go 1933, d'fháil agus d'íoc leis alos taistil go Baile Atha Cliath lá roimh an gcéad tionól san chun bheith i láthair i Seanad Éireann ar a chéad tionól agus beidh sé i dteideal na saoráidí taistil sin d'fháil agus d'íoc leis amhlaidh ar gach slí díreach fé is dá mba ar lá an chéad tionóil sin a déanfaí an taisteal san.

Athghairm.

7. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal.

8. —Féadfar Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938 , do ghairm den Acht so.