|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT, 1939) | Ar Aghaidh (CUID II. Ciontai in Aghaidh an Stait.) |
ACHT UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT, 1939
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhraiteach agus Generalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
1. —Féadfar an tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 , do ghairm den Acht so. |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht so— |
[EN] | foluíonn an focal “cóghléasadh” comhlachaisí, cumainn, agus. cóghléasanna no comhluadair eile daoine de chineál no de shaghas ar bith, pe'ca bheirtear aon ainm fé leith ortha no ná tugtar; | |
[EN] | foluíonn an focal “scríbhinn” leabhar agus fós páipéar nuachta, meaigisín, no foillseachán tréimhsiúil eile, agus fós paimfléid, duilleoigín, cearcalán, no fógrán; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “scríbhinn choiritheach” scríbhinn fé dháta ar bith, no gan dáta, ar n-a tabhairt amach no ar n-a teacht o chóghléasadh nea-dhleathach no dheallruíonn bheith ar n-a tabhairt amach no ar n-a teacht amhlaidh no bheireann le tuigsint í bheith no dheallruíonn bheith ag cabhrú no ag neartú le haon chóghléasadh den tsórt san no dá dtiocfadh go gcabhrófaí le cóghléasadh nea-dhleathach do bhunú; | |
[EN] | foluíonn an abairt “scríbhinn tréasúnta” scríbhinn a bhaineann go díreach no go nea-dhíreach le tréas do dhéanamh; foluíonn an abairt “scríbhinn cheannairceach”— | |
[EN] | (a) scríbhinn gurb é atá inti ná abhar dá dtiocfadh no do bhéarfadh an t-ord puiblí no údarás an Stáit do bhonnbhriseadh no ina bhfuil abhar den tsórt san, agus | |
[EN] | (b) scríbhinn adeir, a chialluíonn, no thraosluíonn no is deallrathach a thraoslódh nach é riaghaltas dleathach an Stáit an riaghaltas atá ag feidhmiú fén mBunreacht no go bhfuil sa Stát cólucht no cóghléasadh ar bith ná fuil ag feidhmiú fén mBunreacht agus atá i dteideal go n-aithneofaí é mar riaghaltas ar an tír, agus | |
[EN] | (c) scríbhinn adeir, a chialluíonn, no thraosluíonn no is deallrathach a thraoslódh nach iad fórsaí míleata dleathacha an Stáit na fórsaí míleata atá á gcothabháil fén mBunreacht, no go bhfuil sa Stát cólucht no cóghléasadh nach de bhuadh an Bhunreachta do bunuíodh é agus atá sé á chothabháil atá i dteideal go n-aithneofaí é mar fhórsa mhíleata, agus | |
[EN] | (d) scríbhinn ina ndeintear focail, giorracháin no comharthaí is ionluaidhte le cólucht míleata d'úsáid agus tagairt á dhéanamh do chóghléasadh neadhleathach; | |
[EN] | foluíonn an focal “cionta” tréas, feleontachtaí, mí-iompair, agus ciontaí reachtúla agus ciontaí eile; | |
[EN] | foluíonn tagairtí do chlóbhualadh gach slí chun focail do thaisbeáint no do thabhairt amach i bhfuirm sho-fheicse, agus déanfar an focal “clóbhualadh” agus gach focal atá gaolmhar dó do léiriú dá réir sin. | |
[EN] |
Ceannphuirt den Ghárda Síochána d'fheidhmiú comhacht. |
3. —Aon chomhacht do bheirtear leis an Acht so d'oifigeach den Ghárda Síochána nach ísle céim ná árd-cheannphort féadfaidh aon cheannphort den Ghárda Síochána í d'fheidhmiú bheidh údaruithe (alos aon chomhachta áirithe no aon cháis áirithe) chuige sin i scríbhinn ag Coimisinéir an Ghárda Síochána. |
[EN] |
Costaisí. |
4. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh aon Aire Stáit chun an Achta so do riaradh. |
[EN] |
Athghairm. |
5. —Athghairmtear leis seo an tAcht um Chiontaí Tréasúnta, 1925 (Uimh. 18 de 1925) , agus an tAcht chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha), 1926 (Uimh. 42 de 1926) . |