An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Coghleasanna Nea-dhleathacha.) Ar Aghaidh (CUID V. Cuirteanna Coiriula Speisialta.)

13 1939

ACHT UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT, 1939

CUID IV.

Ilghneitheach.

Fianaise ar scríbhinn tréasúnta no cheannairceach no choiritheach d'fhoillsiú.

26. —Má bhíonn i gceist, in aon imeachta coiriúla, ce'ca d'fhoillsigh an duine cúisithe (ina aonar no in éineacht le daoine eile no tré shocrú idir é féin agus daoine eile) scríbhinn tréasúnta no scríbhinn cheannairceach no scríbhinn choiritheach áirithe no nár fhoillsigh, agus go ndéarfaidh oifigeach den Ghárda Síochána, nach ísle céim ná árd-cheannphort, fé mhionn go gcreideann sé gur foillsíodh an scríbhinn sin ag an duine cúisithe no ag an duine cúisithe in éineacht le daoine eile no tré shocrú idir an duine cúisithe agus daoine eile (do réir mar a bheidh), is fianaise an ráiteas san (no go séanaidh an duine cúisithe, fé mhionn, gur fhoillsigh an scríbhinn sin ina aonar no in éineacht le daoine eile no tré shocrú den tsórt adubhradh) gur fhoillsigh an duine cúisithe an scríbhinn sin mar adubhradh sa ráiteas san fé mhionn ón oifigeach san.

Cruinnithe puiblí áirithe do thoirmeasc.

27. —(1) Ní dleathach cruinniú puiblí do chomóradh comórfar no bhéarfaidh le tuigsint é bheith á chomóradh ag cóghléasadh neadhleathach no thar a gceann no tré shocrú no in éineacht leo no comórfar no bhéarfaidh le tuigsint é bheith á chomóradh chun cuidiú no cabhrú no neartú le cóghléasadh nea-dhleathach no chun a misnithe no chun a mholadh go gcuideofaí leo.

(2) Pé uair is dóich le hoifigeach den Ghárda Síochána nach ísle céim ná árd-cheannphort gur shárú ar an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so cruinniú puiblí áirithe do chomóradh a beifear ar tí no ar aigne a chomóradh, is dleathach don oifigeach san, tré fhógra do thabhairt do dhuine bheidh páirteach i gcomóradh no i gcóghléasadh an chruinnithe sin no d'fhoillsiú ar chuma gur deallrathach do réir réasúin go dtiocfa sé ar eolas na ndaoine bheidh páirteach amhlaidh, comóradh an chruinnithe sin do thoirmeasc agus leis sin tiocfa sé chun bheith agus beidh sé nea-dhleathach an cruinniú san do chomóradh.

(3) Pé uair do bhéarfaidh oifigeach den Ghárda Síochána aon fhógra uaidh den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so féadfaidh duine ar bith adéarfaidh go ngoilleann an fógra san air, féadfaidh, ar fhógra thabhairt don Ard-Aighne, ordú den tsórt a luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh ar an Ard-Chúirt ar shlí achmair, agus ar éisteacht an iarratais sin féadfaidh an Ard-Chúirt, más ceart san dar léi, ordú do dhéanamh ag cur an fhógra san ar nea-mbrí.

(4) Gach duine dhéanfaidh no thriallfaidh cruinniú puiblí do chóghléasadh no do chomóradh gur sárú ar an alt so é chomóradh, no go mbeidh baint no páirt aige le haon chruinniú den tsórt san do chóghléasadh no do chomóradh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(5) San alt so foluíonn an abairt “cruinniú puiblí” próisisín agus foluíonn fós (chó maith le cruinniú comórtar in áit phuiblí no ar thalamh neamh-iadhta) cruinniú comórtar i bhfoirgint no ar thalamh iadhta agus go leigtear an phuiblíocht isteach chuige ar íocaíocht no dá héamais.

Gruinnithe comhgarach don Oireachtas do thoirmeasc.

28. —(1) Ní dleathach aon chruinniú puiblí do chomóradh in aon tsráid phuiblí no áit neamh-iadhta bheidh, no go mbeidh aon chuid de, laistigh de leath-mhíle o aon fhoirgint ina mbeidh an dá Thigh no ceachtar Tigh den Oireachtas ina suidhe no chun suidhe ná aon phróisisín do ghabháil fan aon tsráide no áite den tsórt san no tríthi más rud é—

(a) go ndearna oifigeach den Ghárda Síochána nach ísle céim ná árd-cheannphort, tré fhógra do thabhairt do dhuine bheidh páirteach i gcomóradh no i gcóghléasadh an chruinnithe no an phróisisín sin no d'fhoillsiú ar chuma gur deallrathach do réir réasúin go dtiocfa sé ar eolas na ndaoine bheidh páirteach amhlaidh, a ordú gan an cruinniú san do chomóradh in aon tsráid phuiblí no áit neamh-iadhta den tsórt san roimhráite no gan an próisisín sin do ghabháil fan na sráide no na háite sin no tríthi, no

(b) go n-iarrfaidh ball den Ghárda Síochána ar an muintir a bheidh páirteach sa chruinniú no sa phróisisín sin scaipeadh.

(2) Gach duine—

(a) a dhéanfaidh no thriallfaidh cruinniú puiblí no próisisín do chóghléasadh no do chomóradh, no páirt do thógaint ann, in aon tsráid phuiblí no áit neamh-iadhta den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, tar éis an chruinnithe no an phróisisín sin do bheith toirmiscthe le fógra fé mhír (a) den fho-alt san, no

(b) a dhéanfaidh no thriallfaidh cruinniú puiblí no próisisín do chomóradh, no páirt do thógaint ann, in aon tsráid phuiblí no áit neamh-iadhta den tsórt san roimhráite, tar éis do bhall den Ghárda Síochána a iarraidh, fé mhír (b) den fho-alt san, ar an muintir a bheidh páirteach sa chruinniú no sa phróisisín sin scaipeadh, no

(c) a fhanfaidh no a raghaidh isteach in aon tsráid phuiblí no spás neamh-iadhta den tsórt san tar éis a iarrtha air scaipeadh mar adubhradh,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Barántaisí cuardaigh maidir le ciontaí fén Acht so do dhéanamh no maidir le tréas.

29. —(1) Más deimhin le hoifigeach den Ghárda Síochána nach ísle céim ná árd-cheannphort go bhfuil cúis réasúnta chun a chreidiúint go bhfuil fianaise i scríbhinn, ar chionta no i dtaobh cionta fé aon alt no fo-alt den Acht so do dhéanamh no do bheith le déanamh, no aon scríbhinn a bhaineann, go díreach no go neadhíreach, le tréas do dhéanamh no do bheith le déanamh le fáil in aon fhoirgint áirithe no áit áirithe eile, féadfaidh an t-oifigeach san barántas cuardaigh do thabhairt amach do réir an ailt seo do bhall den Ghárda Síochána nach ísle céim ná cigire.

(2) Déarfaidh agus déanfaidh barántas cuardaigh do bhéarfar amach fén alt so a údarú do bhall den Ghárda Síochána (nach ísle céim ná cigire) a bheidh ainmnithe sa bharántas san maraon leis na daoine eile sin (más ann dóibh) a bheidh ainmnithe ann agus aon bhall den Ghárda Síochána dul isteach, fé cheann seachtaine o dháta an bharántais sin, agus le héigean más gá é, in aon fhoirgint no áit eile bheidh ainmnithe sa bharántas san agus an fhoirgint no an áit eile sin agus aon duine gheobhfar ann do chuardach agus aon scríbhinn no rud do ghabháil do gheobhfar sa bhfoirgint no san áit eile sin no ag an duine sin agus a chreideann an ball san do réir réasúin do bheith ina fhianaise ar chionta fé aon alt no fo-alt den Acht so do dhéanamh no do bheith le déanamh no ar thréas do dhéanamh no do bheith le déanamh, no a chreideann sé amhlaidh do bhaint go díreach no go nea-dhíreach leis an gcéanna.

(3) Féadfaidh ball den Ghárda Síochána a bheidh ag gníomhú fé údarás barántais chuardaigh ar n-a thabhairt amach fén alt so—

(a) ainm agus seoladh aon duine gheobhfar sa bhfoirgint no san áit eile bheidh ainmnithe sa bharántas san d'éileamh, agus

(b) aon duine den tsórt san a dhiúltóidh dá ainm agus dá sheoladh do thabhairt uaidh no bhéarfaidh ainm bhréagach no seoladh bréagach uaidh do ghabháil gan barántas.

(4) Féadfar aon scríbhinn a geobhfar fén alt so do bhreith chun siúil agus do choinneáil faid is ceart dar leis an Aire Dlighidh agus Cirt agus féadfar aon rud eile geobhfar amhlaidh do bhreith chun siúil agus do choinneáil go ceann tréimhse de mhí o dháta a ghabhtha no, má tosnuítear imeachta i rith na tréimhse sin i gcionta fé aon alt no fo-alt den Acht so no i dtréas, go dtí go mbeidh na himeachta san críochnuithe, agus as san amach agus fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le maoin áirithe do gheallbhruideadh, bainfidh forálacha an Police (Property) Act, 1897, leis an rud a geobhar amhlaidh fé mar a bhaineann an tAcht san le maoin a thagann ar seilbh an Ghárda Síochána sa tslí luaidhtear san Acht san.

(5) Gach duine dhéanfaidh no thriallfaidh bac do chur le haon bhall den Ghárda Síochána no le haon duine eile bheidh ag gníomhú fé údarás barántais chuardaigh ar n-a thabhairt amach fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Daoine fé amhrus do ghabháil agus do choinneáil.

30. —(1) Féadfaidh ball den Ghárda Síochána (ar a chárta aitheantais do thaisbeáint má hiarrtar san air maran in éide dhó) gan barántas, aon duine do stad, do chuardach, do cheistniú, agus do ghabháil is duine, no aon ní no nithe acu san do dhéanamh le haon duine, go mbeidh amhrus aige é bheith tar éis no ar tí cionta do dhéanamh is cionta fé aon alt no fo-alt den Acht so no is cionta sceidealta de thurus na huaire chun crícheanna Coda V den Acht so no é bheith páirteach no tar éis bheith páirteach ina dhéanamh no go mbeidh amhrus aige é bheith ag iompar scríbhinne i dtaobh aon chionta den tsórt san roimhráite do dhéanamh no do bheith le déanamh no go mbeidh amhrus aige eolas do bheith aige i dtaobh aon chionta den tsórt san roimhráite do dhéanamh no do bheith le déanamh.

(2) Chun aon chomhacht dá mbronntar leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'fheidhmiú féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána (ar a chárta aitheantais do thaisbeáint má hiarrtar san air maran in éide dhó) aon fheithicil no aon long, bád, no árthach eile do stad agus do chuardach (le héigean más gá é) go mbeidh amhrus aige duine bheith inti go dtugtar comhacht dó leis an bhfo-alt san é ghabháil gan barántas.

(3) Pé uair a geobhfar duine fén alt so féadfar é thabhairt go dtí stáisiún leis an nGárda Síochána no go dtí príosún no go dtí áit chaothúil éigin eile agus é choinneáil fé choimeád ann go ceann tréimhse de cheithre huaire fichead a’ chluig o am a ghabhála agus féadfar, má orduíonn oifigeach den Ghárda Síochána nach ísle céim ná Ard-Cheannphort amhlaidh, é choinneáil amhlaidh go ceann tréimhse breise de cheithre huaire fichead a’ chluig.

(4) Duine bheidh á choinneáil fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so féadfar, tráth ar bith le linn na coinneála san, é chúiseamh i gcionta i láthair na Cúirte Dúithche no Cúirte Coiriúla Speisialta no é scaoileadh le hordú o oifigeach den Ghárda Síochána agus, mara ndeintear é chúiseamh i gcionta no é scaoileadh amhlaidh, scaoilfear é i gcionn na tréimhse coinneála a húdaruítear leis an bhfo-alt san.

(5) Féadfaidh ball den Ghárda Síochána gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh i dtaobh duine bheidh á choinneáil fén alt so, sé sin le rá:—

(a) a ainm agus a sheoladh d'éileamh ar an duine sin;

(b) an duine sin do chuardach no do chur á chuardach;

(c) an duine sin do ghrianghrafadh no do chur á ghrianghrafadh;

(d) méir-rianta an duine sin do thógaint no do chur á dtógaint.

(6) Gach duine chuirfidh bac no cosc le ball den Ghárda Síochána do dhéanamh feidhmithe ina thaobh ar aon chomhacht dá mbronntar leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so no ná déanfaidh no dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh do thabhairt uaidh no bhéarfaidh uaidh, mar fhreagra ar aon éileamh den tsórt san, ainm no seoladh bheidh bréagach no míthreorach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí do chur air.

Ciontaí cóluchtaí corpruithe.

31. —Má dheineann cólucht corpruithe cionta fé aon alt no fo-alt den Acht so agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú no le ceadú éinne no gur cuireadh a dhéanamh in usacht le haon fhaillí i bpáirt éinne is stiúrthóir no bainisteoir ar an gcólucht chorpruithe sin no is rúnaí no oifigeach eile dhó, tuigfear an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí, no an t-oifigeach eile sin do bheith ciontach sa chionta san agus dlighfear imeachta do bhunú ina choinnibh agus é phionósú dá réir sin, pe'ca rinneadh imeachta do bhunú i gcoinnibh an chóluchta chorpruithe sin maidir leis an gcionta san no ná dearnadh.

Príosúnaigh éalóidh d'athghabháil.

32. —(1) Pé uair a dhéanfaidh aon duine bheidh á choinneáil fén Acht so éalódh as an gcoinneáil sin féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána an duine sin do ghabháil gan barántas agus leis sin cuirfear é thar n-ais fé choimeád chun na háite o n-ar éaluigh amhlaidh.

(2) Gach duine chabhróidh no neartóidh le duine bheidh á choinneáil fén Acht so chun éalódh as an gcoinneáil sin no chun ath-ghabháil do sheachaint tar éis éalódh dhó amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí do chur air.

Loghadh, etc., maidir le ciontuithe dhéanfaidh Cúirt Choiriúil Speisialta.

33. —(1) Lasmuich de chásanna breithe báis féadfaidh an Riaghaltas uair ar bith, as a gcomhairle féin, aon phionós a bheidh gearrtha ag Cúirt Choiriúil Speisialta do loghadh i bpáirt no go hiomlán no d'atharú (tré n-a mhaolú amháin) no do mhoilliú.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an Riaghaltas pionós a bheidh gearrtha ag Cúirt Choiriúil Speisialta do loghadh i bpáirt no go hiomlán no do mhoilliú, féadfaidh an Riaghaltas na coinníollacha san (más ann dóibh) is dóich leo is ceart do chur ag gabháil leis an loghadh no leis an moilliú san.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an Riaghaltas fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so an t-iomlán no aon pháirt de bhreith phríosúntachta do mhoilliú, beidh sé de cheangal ar an té ar ar tugadh an bhreith sin an bhreith phríosúntachta mhoillithe sin no an pháirt mhoillithe sin de bhreith phríosúntachta d'fhulang nuair a thiocfaidh i ngníomh agus féadfar chun na críche sin é ghabháil gan barántas.

Geallbhruideadh agus dí-cháiliú ar Chúirt Choiriúil Speisialta do dhéanamh ciontuithe áirithe.

34. —(1) Pé uair a thárlóidh duine chiontóidh Cúirt Choiriúil Speisialta i gcionta is cionta sceidealta chun crícheanna Coda V den Acht so le linn an chiontuithe sin do bheith, le linn an chiontuithe sin, i seilbh oifige no fostaíochta gur as an bPrímh-Chiste no as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas no as airgead ar n-a chruinniú tré chánachas áitiúil a híoctar an luach saothair a ghabhann léi, no i seilbh oifige no fostaíochta i mbord no i gcólucht no fé bhord no fé chólucht no mar bhall íoctha de bhord no de chólucht ar n-a bhunú le húdarás reachtúil no fé, geallbhruidfidh an duine sin an oifig, an fhostaíocht, an áit, no an sochar oifige sin láithreach ar n-a chiontú amhlaidh agus tiocfaidh an céanna chun bheith agus beidh sé folamh láithreach.

(2) Pé uair a thárlóidh duine chiontóidh Cúirt Choiriúil Speisialta i gcionta is cionta sceidealta chun crícheanna Coda V den Acht so le linn an chiontuithe sin do bheith, le linn an chiontuithe sin, ag fáil pinsin no aois-liúntais is iníoctha as an bPrímh-Chiste no as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas no as airgead ar n-a chruinniú tré chánachas áitiúil, no as cistí búird no cóluchta ar n-a bhunú le húdarás reachtúil no fé, geallbhruidfidh an duine sin an pinsean no an t-aois-liúntas san láithreach ar n-a chiontú amhlaidh agus scuirfidh an pinsean no an t-aois-liúntas san láithreach de bheith iníoctha.

(3) Gach duine chiontóidh Cúirt Choiriúil Speisialta i gcionta is cionta sceidealta chun crícheanna Coda V den Acht so le linn an chiontuithe sin, beidh sé dí-cháilithe—

(a) chun aon oifig no fostaíocht gur as an bPrímh-Chiste no as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas no as airgead ar n-a chruinniú tré chánachas áitiúil a híoctar an luach saothair a ghabhann léi, no aon oifig no fostaíocht i mbord no i gcólucht no fé bhord no fé chólucht no mar bhall íoctha de bhord no de chólucht ar n-a bhunú le húdarás reachtúil no fé, do shealbhú, fé cheann seacht mblian tar éis dáta an chiontuithe sin, agus

(b) chun aon phinsean no aois-liúntas no aisce, as ucht aon tseirbhíse no ruda do rinne roimh dháta an chiontuithe sin no go leathrannach as a ucht san, do dheonadh dhó, as an bPrímh-Chiste no as aon airgead den tsórt san no as cistí aon bhúird no cóluchta den tsórt san, tráth ar bith tar éis dáta an chiontuithe sin, agus

(c) chun aon phinsean no aois-liúntas no aisce den tsórt a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so, do deonadh ach nár híocadh ar dháta an chiontuithe sin no roimhe sin, d'fháil tráth ar bith tar éis an chiontuithe sin.

(4) Pé uair a déanfar ciontú, dá dtiocfaidh aon gheallbhruideadh no dí-cháiliú de bhuadh an ailt seo, do chur ar neamhní no ar nea-mbrí no saor-mhaithiúnas do thabhairt don duine ciontuithe déanfar an geallbhruideadh no an dí-cháiliú san do chur ar neambrí amhail o dháta an chiontuithe i gcás ciontú do chur ar neamhní no ar nea-mbrí agus, i gcás saor-mhaithiúnais, amhail o dháta an mhaithiúnais sin.

(5) Féadfaidh an Riaghaltas, as a gcomhairle féin, aon gheallbhruideadh no dí-chailiú fé n-a ndeachthas fén alt so do loghadh i bpáirt no go hiomlán agus abhar an gheallbhruidte sin do thabhairt thar n-ais no d'aithbheochaint i bpáirt no go hiomlán amhail o dháta an loghtha san.