An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM RÉAMHCHÚRAM IN AGHAIDH AER-RUATHAR, 1939) Ar Aghaidh (CUID II. Comhachta agus Dualgaisi Udaras Áitiúil.)

21 1939

ACHT UM RÉAMHCHÚRAM IN AGHAIDH AER-RUATHAR, 1939

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1939 , do ghairm den Acht so.

Mínithe i gcoitinne.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Cosanta;

cialluíonn an abairt “díonadh ar aer-ruathar” cosaint, seachas le córacha cogúla no le haon bhall éadaigh, ar ionnsaighe ón aer;

cialluíonn an abairt “díon-airm aer-ruathair” aon áitreabh, déanmhas, no tochaltán a húsáidtear no atá beartuithe d'úsáid mar dhíonadh ar aer-ruathar;

cialluíonn an abairt “fearas réamhchúraim in aghaidh aerruathar” aon fhearas, gléas no abhar ar n-a dhéanamh no ar n-a cheapadh chun daoine no maoin do chosaint i gcás ionnsaighe ón aer no aon choda d'fhearas, de ghléas no d'abhar den tsórt san;

cialluíonn an abairt “cigire monarchan” duine is cigire, de thurus na huaire, chun crícheanna na Factory and Workshops Acts, 1901 to 1920;

cialluíonn an abairt “cigire mianach” duine is cigire, de thurus na huaire, chun crícheanna an Coals Mines Act, 1911;

cialluíonn an focal “sealbhaire”—

(a) maidir le haon talamh sealbhuithe, an duine atá i dteideal an talamh san do shealbhú,

(b) maidir le haon talamh is tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 ( Uimh. 4 de 1928 ), an duine do bheadh rátuithe mar shealbhaire ar an talamh san mara mbeadh an tAcht san,

(c) maidir le haon talamh eile, an duine atá rátuithe mar shealbhaire ar an talamh san;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so.

“Údaráis áitiúla”.

3. —Is údarás áitiúil chun crícheanna an Achta so gach duine agus cólucht acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) comhairle chontae, chontae-bhuirge, bhuirge no bhailecheanntair, agus

(b) bord sláinte, agus

(c) údarás sláintíochta puirt,

agus is dá réir sin a léireofar an abairt “údarás áitiúil” nuair a húsáidtear í gan choinníoll san Acht so.

“Gnóthairí riachtanacha”.

4. —(1) Is gnóthaire riachtanach chun crícheanna an Achta so gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) duine (seachas Aire Stáit, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn no Coimisiún Talmhan na hÉireann) ar n-a údarú, le Reacht Briotáineach no le Reacht de chuid Shaorstáit Éireann no le hAcht den Oireachtas no le hordú go n-éifeacht reachtúil, chun bóthar iarainn, canáil, slí loingseoireachta intíre, duga, cuan, trambhealach, gnó uisce, gnó gáis, gnó leictreachais no aon ghnó puiblí eile do dhéanamh, d'oibriú no do choimeád ar siúl;

(b) duine ar bith a dearbhófar le hordú ar n-a dhéanamh fé fho-alt (2) den alt so do bheith ina ghnóthaire riachtanach chun crícheanna an Achta so.

(2) Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Tionnscail agus Trachtála, a dhearbhú, le hordú fén bhfo-alt so, gur gnóthaire riachtanach chun crícheanna an Achta so duine ar bith go mbíonn aon ghnó áirithe ar siúl aige.

(3) Nuair a húsáidtear an abairt “an gnó” san Acht so maidir le gnóthaire riachtanach cialluíonn sí an gnó bhíonn ar siúl ag an ngnóthaire riachtanach san.

Ciontaí cóluchtaí corparuithe.

5. —Má dheineann cólucht corparuithe cionta fé aon alt no fo-alt den Acht so agus go gcruthófar, maidir le duine ar bith is stiúrthóir no is oifigeach (agus rúnaí no bainisteoir d'áireamh) don chólucht chorparuithe sin no, i gcás gur údarás áitiúil an cólucht corparuithe sin, is ball den údarás áitiúil sin no is oifigeach dóibh, gur thoiligh no gur scaoil an duine sin leis an gcionta san do dhéanamh amhlaidh is tuigthe an duine sin freisin do bheith ciontach sa chionta san agus dlighfear imeachta do bhunú ina choinnibh agus é phionósú dá réir sin.

Ciontaí do chúiseamh.

6. —Féadfaidh an tAire no ball den Ghárda Síochána cionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh.

Scríbhinní do sheirbheáil.

7. —Aon scríbhinn, go ndeintear leis an Acht so no go ndéanfar fé a cheangal no a údarú í thabhairt do dhuine ar bith no í sheirbheáil air, féadfar í thabhairt dó no í sheirbheáil air—

(a) tré n-a seachadadh don duine sin; no

(b) tré n-a fágaint ag an áit chomhnaithe, no ag an áit ghnótha, is déanaí is eol do bheith aige no tré n-a cur ar aghaidh i leitir roimh-íoctha ar n-a díriú chuige fé sheoladh ceachtar áite acu san; no

(c) i gcás scríbhinne bheidh le tabhairt do shealbhaire aon áitreibh no le seirbheáil air, tré n-a díriú chun an duine le n-a mbainfidh fén tuairisc, “sealbhaire” an áitreibh le n-a mbainfidh agus tré n-a seachadadh do dhuine éigin san áitreabh no, mara mbeidh éinne san áitreabh dar féidir í sheachadadh, tré í féin no cóip di do ghreamú de chuid sho-fheicse éigin den áitreabh.

Chun crícheanna an fho-ailt seo, is tuigthe gur ag á n-oifig chláruithe bhíonn gnó ar siúl ag cuideachtain ar n-a clárú laistigh den Stát fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus is tuigthe gur ag á bpríomh-oifig no ag á bpríomh-áit ghnótha laistigh den Stát a bhíonn gnó ar siúl ag gach cólucht corparuithe eile agus ag gach cólucht nea-chorparuithe.

Rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

8. —Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Costaisí an Aire.

9. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.