An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939) Ar Aghaidh (CUID II. Bord Cuartaiochta na hÉireann do Bhunu agus a gComhachta Generalta.)

24 1939

ACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “an Bord” Bord Cuartaíochta na hÉireann a bunófar de bhun an Achta so;

cialluíonn rud do bheith orduithe no le hordú é bheith orduithe no le hordú le rialacháin a dhéanfaidh an Bord fén Acht so.

Costaisí.

3. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.