Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Cion-laigheaduithe ar Luachail.)

25 1939


Uimhir 25 de 1939.


ACHT BAINISTÍ CHATHAIR PHORTLÁIRGE, 1939.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH MAIDIR LE RIALTAS ÁITIÚIL CHONTAE-BHUIRG PHORTLÁIRGE AGUS MAIDIR LE N-A CÚRSAÍ GNÓTHA AGUS AIRGEADAIS DO RIARADH AGUS DO BHAINISTÍ, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN NA CONTAE-BHUIRGE SIN DO LEATHNÚ DÁ ÉIS SEO AGUS I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE.

[8adh Lúnasa, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;

cialluíonn rud do bheith orduithe no le hordú é bheith orduithe no le hordú le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so;

cialluíonn an abairt “an Chathair” contae-bhuirg Phortláirge;

cialluíonn an abairt “an Bárdas” Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Phortláirge;

cialluíonn an abairt “an Chomhairle” Comhairle Chathair Phortláirge a bunuítear leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “an Bainisteoir” Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Phortláirge a ceapfar fén Acht so;

cialluíonn an abairt “an Méara” Méara Phortláirge;

cialluíonn an abairt “an ciste cathardha” an ciste as a bhfuil costaisí agus caiteachaisí an Bhárdais le n'íoc fén Acht so;

cialluíonn an abairt “an ráta cathardha” an ráta atá le cruinniú ag an mBárdas fén Acht so chun slánuithe aon easnaimh sa chiste chathardha;

cialluíonn an abairt “toghachán cathrach” toghachán do bhaill den Chomhairle comórfar de bhun an Acht so;

cialluíonn an abairt “lá an toghacháin” an lá ceapfar fén Acht so ina lá toghacháin chun crícheanna an Achta so;

cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar fén Acht so ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

Comhachta agus maoin do dhílsiú sa Bhárdas.

2. —(1) Ar an lá ceaptha aistreofar feidhmeanna, comhachta, agus dualgaisí comhairle contae-bhuirge Phortláirge chun an Bhárdais de bhuadh an ailt seo agus tiocfaid chun bheith agus beid ina bhfeidhmeanna, ina gcomhachta, agus ina ndualgaisí de chuid an Bhárdais.

(2) An mhaoin uile, réalta agus pearsanta (agus rudaí ar fiunraoi d'áireamh) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe i gcomhairle chontae-bhuirge Phortláirge, aistreofar í chun an Bhárdais de bhuadh an ailt seo an lá ceaptha agus tiocfa sí chun bheith agus beidh sí dílsithe ionta san an lá san.

(3) An dlí atá i bhfeidhm i dtaobh comhairlí contae-bhuirgí le linn an Achta so do rith bainfidh leis an mBárdas sa mhéid ná fuil sí buiniscionn leis an Acht so, agus chuige sin is tuigthe gur comhairle chontae-bhuirge an Bárdas.

(4) Gach comhacht, feidhm, agus dualgas a bronnfar no a forchuirfear ar chomhairle chontae-bhuirge Phortláirge le haon Acht no fé aon Acht a rithfear tar éis an Achta so do rith tiocfaid chun bheith agus beid ina gcomhachta., ina bhfeidhmeanna agus ina ndualgaisí de chuid an Bhárdais ar an dáta agus ón dáta ar a ndéanfar na comhachta, na feidhmeanna, agus na dualgaisí sin do bhronnadh no d'fhorchur amhlaidh.

(5) Pé uair a déanfar comhachta, feidhmeanna, no dualgaisí ar bith do bhronnadh no d'fhorchur ar chomhairle bhuirge, chontaebhuirge no bhailecheanntair le haon Acht no fé aon Acht a rithfear tar éis an Achta so do rith, ansan, sa mhéid go mbainfidh na comhachta, na feidhmeanna, agus na dualgaisí sin le comhairle chontaebhuirge Phortláirge, tiocfaid chun bheith agus beid ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna, agus ina ndualgaisí de chuid an Bhárdais ar an dáta agus ón dáta ar a ndéanfar iad do bhronnadh no d'fhorchur amhlaidh.

(6) Gach comhacht, feidhm, agus dualgas atá dílsithe do réir reachta sa Mhéara maidir le margadh ar bith, pé aca mar chléireach margaí no ar aon tslí eile é, tiocfaid chun bheith agus beid ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna, agus ina ndualgaisí de chuid an Bhárdais an lá ceaptha agus as san amach.

(7) Feidhmeoidh agus cólíonfaidh an Chomhairle no an Bainisteoir (pé aca é) comhachta, feidhmeanna, agus dualgaisí uile an Bhárdais ar son agus thar ceann an Bhárdais fé réir agus do réir forálacha an Achta so.

An Coiste um Eitinn do dhíochur.

3. —An coiste bainistí do cheap Comhairle chontae-bhuirge Phortláirge fé sna Tuberculosis Prevention (Ireland) Acts, 1908 and 1913, tiocfaidh chun bheith agus beidh díochurtha de bhuadh an ailt seo an lá ceaptha agus tiocfaidh feidhmeanna, comhachta, agus dualgaisí an choiste sin chun bheith agus beid aistrithe chun an Bhárdais an lá san.

An Comhairle do bhunú.

4. —(1) Beidh Comhairle do Chathair Phortláirge ann chun na bhfeidhmeanna ceaptar di leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Beidh cúig baill déag ar an gComhairle.

(3) Seachtar ball den Chomhairle is quorum di.

Toghacháin chathrach.

5. —(1) Déanfar toghachán cathrach fé cheann trí mhí tar éis an Achta so do rith.

(2) Tar éis dhá bhlian o lá an toghacháin déanfar toghachán cathrach gach bliain ina ndéanfar toghachán cinn trí mblian do bhaill chomhairlí contae.

(3) Ceapfaidh an tAire duine chun gníomhú mar cheann chóimhrimh sa chéad toghachán cathrach tar éis an Achta so do rith.

(4) Ní bhainfidh fo-alt (5) d'alt 2 den Local Government (Ireland) Act, 1898, le toghacháin chathrach.

(5) Is ar lá an toghacháin a déanfar an chéad toghachán cathrach tar éis an Achta so do rith agus isé lá ar a ndéanfar gach toghachán cathrach ina dhiaidh sin pé lá ceapfar chuige sin do réir no fé réim an dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le toghacháin bhall comhairlí contae-bhuirgí.

(6) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le toghadh, cáiliú, dí-cháiliú, agus sealbhaíocht oifige ball comhairle chontae-bhuirge, bainfidh, fé réir forálacha an Achta so, le toghadh, cailiú, dí-cháiliú, agus sealbhaíocht oifige ball den Chomhairle.

(7) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le cáiliú agus dí-cháiliú daoine chun bheith ina mbaill de choiste ar bith a ceaptar i bpáirt no go hiomlán ag comhairle chontae-bhuirge, bainfidh, ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, leis an gComhairle do cheapadh daoine chun bheith ina mbaill d'aon choiste den tsórt san agus leis na daoine sin nuair a bheid ceaptha amhlaidh.

(8) Chun crícheanna an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo is tuigthe connradh leis an mBárdas do bheith ina chonnradh leis an gComhairle agus le gach coiste agus có-choiste ceapfar i bpáirt no go hiomlán ag an gComhairle, agus is tuigthe connradh le haon choiste den tsórt san do bheith ina chonnradh leis an gComhairle freisin.

Líomatáiste toghacháin.

6. —(1) Mara dtagaidh agus go dtí go dtiocfaidh ordú fén alt so i bhfeidhm, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le toghacháin chathrach, sé sin le rá:—

(a) beidh líomatáiste toghacháin amháin ann is ionann agus líomatáiste na cathrach agus beidh an líomatáiste toghacháin sin ina líomatáiste toghacháin buirge chun crícheanna an Local Government (Ireland) Act, 1919, agus

(b) seanóirí an chéad chúig baill den Chomhairle toghfar agus comhairleoirí na baill eile go léir den Chomhairle.

(2) Féadfaidh an Chomhairle, de bhun rúin a rithfidh an chomhairle le vótanna dhá dtrian ar a laighead de bhaill na Comhairle, ordú d'iarraidh ar an Aire chun na cathrach do roinnt ina dhá líomatáiste toghacháin no níos mó.

(3) Nuair a hiarrfar ordú fén alt so ar an Aire féadfa sé diúltú don iarratas san no an t-ordú san do dhéanamh mar is dóich leis is ceart.

(4) Le hordú fén alt so—

(a) ceapfar sa tslí is mó áiritheoidh go mbeidh an ionadaíocht cothrom do réir na daonraidhe—

(i) cé méid ball den Chomhairle bheidh le togha i dtoghachán cathrach do gach líomatáiste toghacháin fé leith dá mbunófar leis an ordú san, agus

(ii) cé méid, de sna baill den Chomhairle toghfar i dtoghachán cathrach i ngach líomatáiste fé leith acu san, a bheidh ina seanóirí, agus

(b) dearbhófar gur comhairleoir gach ball den Chomhairle nach seanóir do réir an orduithe sin.

(5) Beidh gach líomatáiste toghacháin a ceapfar le hordú fén alt so ina líomatáiste toghacháin buirge chun crícheanna an Local Government (Ireland) Act, 1919.

(6) Beidh feidhm dlí ag ordú fén alt so do réir téarmaí an orduithe sin.

Foth-fholúntaisí sa Chomhairle.

7. —(1) Pé uair a thárlóidh folúntas (dá ngairmtear fothfholúntas san Acht so) i mballraíocht na Comhairle tré bhall di d'éag, d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht no tré gan é do ghlacadh oifige, líonfaidh an Chomhairle an folúntas san, tar éis fógra chuibhe, ag an gcéad chruinniú den Chomhairle tar éis mí do bheith caithte ón am do thárla an folúntas san no chó luath i ndiaidh an chruinnithe sin agus is féidir é sa chás.

(2) Marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó, no mara ndiúltuighidh d'oifig do ghlacadh, beidh gach duine thoghfaidh an Chomhairle chun foth-fholúntais i seilbh oifige mar bhall den Chomhairle ar feadh a mbeidh gan caitheamh an uair sin den téarma do bheadh an ball, 'na dtáinig an folúntas tré éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht dó no tré gan é do ghlacadh oifige, i seilbh oifige mara mbeadh a éag, a eirghe as, a theacht fé dhí-cháilíocht no é do dhiúltadh d'oifig do ghlacadh.

Cruinnithe na Comhairle.

8. —(1) Beidh céad chruinniú na Comhairle ina chruinniú chinn ráithe agus comórfar é um meán lae an lá ceaptha i Halla an Bhaile, Portláirge, agus más rud é, ar réasún ar bith, ná comórfar an cruinniú san amhlaidh comórfar an cruinniú san pé uair agus lá (chó luath agus bheidh san caothúil tar éis an lae cheaptha) agus pé áit a cheapfaidh an tAire chuige.

(2) Go dtí go mbeidh an Méara toghtha agus an dearbhú glactha oifige is gá do réir dlí déanta aige, isé an Bainisteoir a bheidh ina chathaoirleach ar chéad chruinniú na Comhairle ach ní bheidh sé dá dhruim sin i dteideal vótáil ar aon cheist a bheidh le socrú ag an gcruinniú san le vóta o sna baill.

(3) Ag céad chruinniú na Comhairle isé gnó déanfar pé gnó is gá don Chomhairle, do réir an Achta so no fé no ar aon tslí eile do réir dlí, do dhéanamh ag an gcruinniú san, agus fós aon ghnó eile bheidh le déanamh fén Acht so agus gurb é tuairim na Comhairle gur gá no gur inmhianuithe é do dhéanamh ag an gcruinniú san agus ní bheidh fógra ar bith, i bhfuirm fógra tairisginte ná ar aon tslí eile, riachtanach chun aon ghnótha den tsórt san do dhéanamh.

(4) Gach gníomh is féidir, de bhuadh achtacháin a bheidh i bhfeidhm an lá ceaptha, a dhéanamh ag cruinniú den Chomhairle le móráireamh de sna baill a bheidh i láthair ag an gcruinniú san, féadfar é dhéanamh le móráireamh de sna baill sin a bheidh i láthair ag an gcruinniú san agus a vótálfaidh ar thaobh no i gcoinnibh an ghníomha san do dhéanamh.

(5) Gach ceist is féidir a shocrú go dleathach ag cruinniú den chomhairle féadfar í shocrú le móráireamh de sna baill a bheidh i láthair ag an gcruinniú san agus a vótálfaidh ar an gceist sin.

(6) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le cruinnithe cinn ráithe agus cruinnithe eile de chomhairle chontaebhuirge do chomóradh agus leis na cruinnithe comórtar amhlaidh agus le nithe deintear agus a bhíonn le déanamh, agus leis an nós imeachta i gcoitinne, ag na cruinnithe sin, bainfe sí, fé réir forálacha an ailt seo, le cruinnithe cinn ráithe agus cruinnithe eile den Chomhairle do chomóradh agus leis na cruinnithe comórfar amhlaidh agus le nithe déanfar agus a bheidh le déanamh, agus leis an nós imeachta i gcoitinne, ag na cruinnithe sin.

Togha agus sealbhaíocht oifige an Mhéara.

9. —(1) Déanfaidh an Chomhairle, ag á gcéad chruinniú agus ag an gcéad chruinniú cinn ráithe comórfar tar éis gach 22adh lá de Mheitheamh, duine dá mbaill do thoghadh mar Mhéara.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i dtoghachán mhéara, sé sin le rá:—

(a) isé céad ní déanfar an t-iarrthóir no na hiarrthóirí do thairgsint agus cuidiú leis an tairgsint sin agus éinne ná déanfar tairgsint agus cuidiú mar sin ina thaobh ansan ní bheidh sé i dteideal bheith ina iarrthóir:

(b) má tairgtear níos mó ná dhá iarrthóir agus go gcuideofar leis an tairgsint sin go cuibhe déanfar vótaíocht;

(c) má thárlann sa vótaíocht san go vótálfaidh móráireamh de sna baill den Chomhairle bheidh i láthair d'aon iarrthóir áirithe, beidh an t-iarrthóir sin toghtha ina mhéara;

(d) má thárlann sa vótaíocht san ná faighidh aon iarrthóir vótanna móráirimh de sna baill den chomhairle bheidh i láthair, leigfear ar lár an t-iarrthóir is lugha gheobhaidh de vótanna agus, fé réir forálacha na céad mhíre eile den fho-alt so, déanfar vótaíocht eile ar na hiarrthóirí bheidh fanta;

(e) mara mbeidh ann ach dhá iarrthóir no má thárlann, de thoradh vótaíochta no vótaíochtaí déanfar fé sna míreanna sin roimhe seo den fho-alt so, go mbeidh na hiarrthóirí uile ach amháin beirt leigthe ar lár, cuirfear chun na Comhairle an cheist cé aca den bheirt sin a toghfar ina mhéara agus pé duine den bheirt sin is mó gheobhaidh de vótanna de thoradh na ceiste sin beidh sé toghtha ina mhéara;

(f) má thárlann, de dhruim an méid céanna vótanna do thabhairt do dhá iarrthóir no níos mó, go n-eireoidh aon cheist fén bhfo-alt so i dtaobh cé acu de sna hiarrthóirí sin a bheidh le leigint ar lár no cé acu de sna hiarrthóirí sin a bheidh le togha, socrófar an cheist sin le crannchur agus dá réir sin, na forálacha d'alt 83 den Municipal Corporations (Ireland) Act, 1840, a bhaineann le có-ionnanas vótanna i dtoghachán méara, ní bhainfid le haon chás den tsórt san.

(3) Leanfaidh an Méara in oifig (marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht dó) go dtoghfar a chomharba ag an gcéad chruinniú cinn ráithe eile den Chomhairle ag á mbeidh Méara le togha ag an gComhairle agus go ndéanfaidh an comharba san an dearbhú glactha oifige is gá do réir dlí.

(4) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le togha, sealbhaíocht oifige, comhachta, dualgaisí, príbhléidí, agus luach saothair méara chontae-bhuirge, bainfe se, fé réir forálacha an Achta so, le togha, sealbhaíocht oifige, comhachta, dualgaisí príbhléidí, agus luach saothair an Mhéara.

An Bárdas do cheapadh ball de chóluchtaí puiblí áirithe

10. —(1) An méid sin d'aon reacht, no d'aon ionstruim do rinneadh fé aon reacht, nach foláir dá réir do chomhairle chontaebhuirge agus go sonnrách do chomhairle chontae-bhuirge Phortláirge gan duine do thogha ná d'ainmniú chun bheith ina bhall d'aon chólucht maran seanóir no comhairleoir é den chomhairle thoghfaidh no ainmneoidh é, ní bhainfe sé le haon duine thoghfaidh no ainmneoidh an Chomhairle an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall den chólucht san, agus ina ionad san achtuítear leis seo, maidir le héinne thoghfaidh no ainmneoidh an Chomhairle an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall den chólucht san agus gur ghá dhó, mara mbeadh an t-alt so, bheith ina bhall den Chomhairle no de chomhairle chontae-bhuirge Phortláirge, gurb é bheidh ann ná pé duine, pé acu ball den Chomhairle é no nach eadh, a bheidh toilteannach gníomhú agus is dóich leis an gComhairle is oiriúnaighe chun bheith ina bhall den chólucht san mar gheall ar colas speisialta no taithí do bheith aige ar na nithte bhíonn á riaradh ag an gcólucht san.

(2) Ní oibreoidh éinní sa bhfo-alt san roimhe seo chun é dhéanamh nea-riachtanach—

(a) do dhuine ar bith a thoghfaidh no a ainmneoidh an Chomhairle an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall de chólucht ar bith aon cháilíocht speisialta do bheith aige (seachas bheith ina bhall den Chomhairle no de chomhairle chontae-bhuirge Phortláirge) gur gá don duine sin do réir dlí í bheith aige, ná

(b) a n-éilítear le fo-alt (2) d'alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, do chólíonadh sa mhéid go mbaineann an fo-alt san (2), agus é oiriúnuithe no leasuithe no tairmshínte le haon achtacháin ina dhiaidh sin no fé n-a leithéidí, le ballraíocht chó-choiste bhainistí Ospidéil Mheabhar-Ghalar Cheanntair Phortláirge, ná

(c) a n-éilítear le fo-alt (1) d'alt 8 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 ( Uimh. 29 de 1930 ), do chólíonadh sa mhéid go mbaineann an fo-alt san (1) le ballraíocht Choiste Oideachais Ghairme Beatha Chathair Phortláirge.

(3) D'ainneoin nach ball den Chomhairle an Bainisteoir beidh sé cáilithe, agus féadfaidh an chomhairle le toiliú uaidh é do cheapadh, chun bheith ina bhall de chó-choiste bhainistí Ospidéil Mheabhar-Ghalar Cheanntair Phortláirge no den chólucht phuiblí ar a mbeidh sé mar chúram de thurus na huaire fóirithint ar na boicht sa Chathair no chun bheith ina bhall den choiste sin agus den chólucht san, díreach fé is dá mba bhall den Chomhairle é, agus chun críche a cheaptha amhlaidh is tuigthe nach oifig shochair oifig an Bhainisteora do réir bhrí Airteagail 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, ná do réir bhrí ailt 70 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) .

(4) Má deintear agus nuair a déanfar an Bainisteoir do cheapadh fén alt so chun bheith ina bhall de chó-choiste bhainistí Ospidéil Mheabhar-Ghalar Cheanntair Phortláirge, laigheadófar d'éinne amháin líon na mball den choiste sin nach foláir dóibh do réir dlí bheith ina mbaill den Chomhairle.

Feidhmeanna forcoimeádtha.

11. —(1) Feidhmeoidh agus cólíonfaidh an Chomhairle féin gach aon cheann riamh de chomhachta, d'fheidhmeanna agus de dhualgaisí an Bhárdais i dtaobh na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) aon ráta do bhualadh no aon airgead d'fháil ar iasacht;

(b) aon fho-dhlí do dhéanamh, do leasú, no do cheiliúradh;

(c) aon ordú do dhéanamh agus aon rún do rith a ndéanfar dá mbuadh aon achtachán do chur i ngníomh sa Chathair no do thairmshíneadh chúichi agus aon ordú den tsórt san do cheiliúradh agus aon rún den tsórt san do chur ar neamh-ní;

(d) an t-iarratas a bheidh le déanamh chun aon údaráis maidir le haon ordú den tsórt san roimhráite do dhéanamh no do cheiliúradh;

(e) duine d'ainmniú chun bheith ina iarrthóir i dtoghachán chun duine do thoghadh ina Uachtarán ar Éirinn;

(f) na comhachta a bronntar le halt 3 den Borough Funds (Ireland) Act, 1888, maidir le habhar reachtúcháin do bhunú no cur ina choinnibh, aon imeachta dlí den tsórt a luaidhtear san alt san do chur ar aghaidh agus cosaint do dhéanamh ionta, agus na cistí agus na rátaí puiblí fé chúram an Bhárdais do chur chun na gcrícheanna san;

(g) éinne do cheapadh no do thoghadh ina bhall d'aon chólucht phuiblí;

(h) toghacháin pháirliminte agus toghacháin áitiúla;

(i) saoirse na Cathrach do bhronnadh ar dhaoine;

(j) fé réir forálacha an Achta so, an bainisteoir do cheapadh, do chur ar fiunraoi agus do chur as oifig agus liúntas no aisce do dheonadh don bhainisteoir ar scur dó de bheith ina bhainisteoir;

(k) tuarastal agus luach saothair an Mhéara do shocrú;

(l) ordú sealadach fén Acht so ag leathnú teorann na Cathrach d'iarraidh ar an Aire;

(m) tailte, tionóntacháin, agus ionoighreachtaí is leis an mBárdas do chur de láimh (seachas tré aistriú ar feadh téarma nach sia ná bliain) fé sna Municipal Corporations (Ireland) Acts, 1840 to 1888;

(n) ionadaithe don Bhárdas do cheapadh chun bheith ar aon chódháil no cruinniú den tsórt a luaidhtear in alt 2 den Public Health and Local Government Conferences Act, 1885, agus an chomhacht a bronntar leis an alt san d'fheidhmiú maidir leis na costaisí d'íoc a bhainfidh leis na hionadaithe sin do bheith ar na códhála agus na cruinnithe sin;

(o) éinní do dhéanamh fé Acht do ritheadh roimh an Acht so a dearbhuítear leis an Acht san do bheith, i gcás contaebhuirge Bhaile Atha Cliath, ina fheidhm fhorcoimeádtha do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) .

(2) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an tAire, le hordú, a cheangal gurb í an Chomhairle féin a fheidhmeoidh agus a chólíonfaidh comhachta, feidhmeanna agus dualgaisí an Bhárdais i dtaobh éinní ná fuil ar na nithe dá dtagartar sa bhfo-alt san roimhe seo agus ar bheith déanta don ordú san isí an Chomhairle féin a fheidhmeoidh agus a chólíonfaidh na comhachta, na feidhmeanna agus na dualgaisí sin ar an dáta agus ón dáta a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san agus leanfar d'iad d'fheidhmiú agus do chólíonadh amhlaidh faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm.

(3) Féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an ailt seo, ordú bheidh déanta aige fén alt so do cheiliúradh.

(4) Ní dhéanfaidh ná ní cheiliúrfaidh an tAire ordú fén alt so ach ar a iarraidh sin ar an Aire don Chomhairle de bhun rúin do rith an Chomhairle agus le n-ar vótáil breis agus leath ball na Comhairle agus do ritheadh amhlaidh tar éis don bhainisteoir fógra míosa ar a laighead do thabhairt i scríbhinn do gach ball den Chomhairle go rabhthas ar intinn an rún san do thairisgint.

(5) Ar fháil aon iarratais den tsórt san roimhráite don Aire féadfaidh, roimh ordú do dhéanamh no do cheiliúradh (do réir mar a bheidh) fén alt so, fiosrúchán áitiúil do dhéanamh, más oiriúnach leis é, i dtaobh aon nithe a chífear dó do bhaint le déanamh no ceiliúradh an orduithe sin (do réir mar a bheidh).

(6) Ní bhainfidh ordú ar bith a dhéanfaidh an tAire fén alt so le haon chomhacht, feidhm, ná dualgas a deintear no a déanfar do bhronnadh no d'fhorchur ar an mbainisteoir leis an Acht so no fé maidir le hoifigigh agus seirbhísigh an Bhárdais no le rialú, maoirsiú, seirbhís, luach saothair, príbhléidí no aois-liúntas na n-oifigeach agus na seirbhíseach san no éinne acu.

(7) San Acht so cialluíonn an abairt “feidhmeanna forcoimeádtha” na comhachta, na feidhmeanna agus na dualgaisí de chuid an Bhárdais gur gá de thurus na huaire, do réir an ailt seo no do réir ordú ar n-a dhéanamh fén alt so, don Chomhairle féin iad d'fheidhmiú agus do chólíonadh.

Bainisteoir Cathrach Phortláirge.

12. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis déanfaidh duine bheidh ceaptha chuige sin leis an Acht so no fé, agus ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Phortláirge, feidhmiú agus cólíonadh, ar son agus thar ceann an Bhárdais, ar na comhachta, na feidhmeanna agus na dualgaisí de chuid an Bhárdais a bhaineann le hoifigigh agus seirbhísigh don Bhárdas (seachas an bainisteoir) do cheapadh agus do chur as oifig, agus fós déanfaidh feidhmiú agus cólíonadh ar gach comhacht, feidhm, agus dualgas eile de chuid an Bhárdais seachas na feidhmeanna forcoimeádtha.

(2) Chun crícheanna gach achtacháin (agus achtacháin d'áireamh a rithfear no a déanfar tar éis an Achta so do rith) a bhaineann le baile-chléirigh chontae-bhuirgí i gcoitinne no le baile-chléireach na cathrach go sonnrách beidh an bainisteoir, an lá ceaptha agus dá éis, ina bhaile-chléireach don chathair agus beidh aige agus feidh meoidh agus cólíonfa sé gach comhacht, feidhm, agus dualgas a bheidh de thurus na huaire bronnta no forchurtha ar bhailechléireach na cathrach le haon achtachán den tsórt san no ar aon tslí eile do réir dlí.

(3) Gach táille agus sochar oifige is iníoctha do réir aon reachta no fé aon reacht (pe'ca roimh an Acht so no dá éis sin do ritheadh é) le baile-chléirigh chontae-bhuirgí no go sonnrách le bailechléireach na cathrach agus do gheobhaidh an bainisteoir de bhuadh é bheith ina Bhaile-Chléireach don Chathair, íocfaidh an bainisteoir isteach sa chiste chathardha iad agus bhéarfar cuntas ortha dá réir sin.

(4) Gach duine ceapfar ina bhainisteoir leis an Acht so no fé beidh sé ina oifigeach don Bhárdas de bhuadh an cheaptha san.

An bainisteoir do cheapadh.

13. —(1) Isí an Chomhairle cheapfaidh duine chun bheith ina bhainisteoir agus beidh oifig an bhainisteora ina hoifig le n-a mbaineann Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe) 1926 ( Uimh. 39 de 1926 ).

(2) Tráth ar bith tar éis an Achta so do rith agus sara gceaptar an chéad bhainisteoir fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, féadfaidh an tAire, más dóich leis é bheith oiriúnach chun an Achta so do chur in éifeacht, duine d'ainmniú, le hordú, chun gníomhú ina bhainisteoir go dtí an chéad cheapadh san, agus má deintear agus nuair a déanfar an t-ainmniú san beidh an té a hainmneofar amhlaidh, go dtí an chéad cheapadh san, ina bhainisteoir chun crícheanna uile an Achta so ach an méid sin den alt so bhaineann leis an mbainisteoir do cheapadh, le n-a shealbhaíocht oifige, agus le n-a chur as oifig.

(3) Beidh an bainisteoir i seilbh oifige go héag no go heirghe as dó no go dtí n-a chur as oifig.

(4) Pé uair a scuirfidh an bainisteoir ar chúis ar bith de bheith in oifig féadfaidh an tAire, le hordú, duine d'ainmniú chun gníomhú ina bhainisteoir go líontar an folúntas in oifig an bhainisteora thiocfaidh den scur san, agus má deintear agus nuair a déanfar an t-ainmniú san beidh an té a hainmneofar amhlaidh, go líonadh an fholúntais sin, ina bhainisteoir chun crícheanna uile an Achta so ach an méid sin den alt so bhaineann leis an mbainisteoir do cheapadh, le n-a shealbhaíocht oifige, agus le n-a chur as oifig.

(5) Ní cuirfear an bainisteoir as oifig gan cead ón Aire agus ní dhéanfaidh an Chomhairle é chur ar fiunraoi ná é chur as oifig ach le rún ón gComhairle, dá chur ar fiunraoi no as oifig (pé aca é), le n-ar vótáil dhá dtrian ar a laighead de bhaill na Comhairle agus do ritheadh tar éis fógra seacht lá ar a laighead do thabhairt do gach ball den Chomhairle go rabhthas ar intinn an rún san do thairisgint.

(6) Íocfaidh an Bárdas leis an mbainisteoir an luach saothair a cheapfaidh an tAire o am go ham.

(7) Féadfaidh an bainisteoir na nithe sin uile do dhéanamh, ar a n-áirmhítear connartha do dhéanamh ar son agus thar ceann an Bhárdais agus séala oifigiúil an Bhárdais do chur ar scríbhinní, is gá chun feidhmithe no chun cólíonta no a bhaineann le feidhmiú no le cólíonadh aon cheann de chomhactha, d'fheidhmeanna, agus de dhualgaisí an Bhárdais gur gá don bhainisteoir do réir an Achta so iad d'fheidhmiú no do chólíonadh.

(8) Ní chuirfidh an bainisteoir séala oifigiúil an Bhárdais ar aon scríbhinní ach amháin i bhfianaise an Mhéara no, i gcás folúntas in oifig an Mhéara no i gcás é sin do bheith breoite no as láthair, i bhfianaise baill den chomhairle cheapfaidh an Chomhairle chun gníomhú chuige sin.

Tairgsintí do ghlacadh agus do scrúdú.

14. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach léi é, rialacháin do dhéanamh á ordú cadé an nós imeachta leanfar maidir le glacadh agus le scrúdú gach saghas no aon tsaghas no saghsanna áirithe tairgsintí i dtaobh earraí do sholáthar, i dtaobh oibreacha do dhéanamh, no i dtaobh éinní eile go mbeidh an Bárdas tar éis a iarraidh go dleathach go gcuirfí tairgsintí isteach ina thaobh.

(2) Ní mór aontú an Aire d'fháil le gach rialachán a déanfar fén alt so agus ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith ag aon rialachán den tsórt san mara n-aontuítear ná go dtí go n-aontófar leis amhlaidh.

(3) Pé uair agus faid a bheidh rialacháin ar bith i bhfeidhm do rinneadh fén alt so, déanfar gach tairgsint le n-a mbainfidh na rialacháin sin do ghlacadh agus do scrúdú do réir an nós imeachta bheidh orduithe leis na rialacháin sin.

Eolas do thabhairt don Mhéara agus don Chomhairle.

15. —(1) Pé uair iarrfaidh an Méara no an Chomhairle air é, cuirfidh an bainisteoir ar fáil don Mhéara no don Chomhairle (mar is gá sa chás) gach eolas a bheidh ar seilbh no ar fáil ag an mbainisteoir ar aon ghníomh no ní a bhaineann le haon ghnó no idirbheart de chuid an Bhárdais a bheidh luaidhte san iarratas san.

(2) I dtosach gach mí cuirfidh an bainisteoir dá ullamhú agus bhéarfaidh do gach ball den Chomhairle cuntas a bheidh chó cruinn agus is féidir é ar fhíor-shuidheamh airgeadais an Bhárdais mar do bhí i ndeireadh an mhí roimhe sin.

An Bainisteoir do chomhairliú na Comhairle.

16. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an mbainisteoir comhairle agus congnamh do thabhairt don Chomhairle go generálta maidir le hiad-san d'fheidhmiú no do chólíonadh na bhfeidhmeanna forcoimeádtha agus go sonnrách maidir le héinní bhainfidh leis an gComhairle d'fheidhmiú no do chólíonadh na bhfeidhmeanna forchoimeádtha agus a n-iarrfaidh an Chomhairle comhairle no congnamh ar an mbainisteoir ina thaobh.

(2) Beidh sé de dhualgas ar an mbainisteoir gach ordú dleathach do chur in éifeacht do bhéarfaidh an Chomhairle uatha maidir leis na feidhmeanna forcoimeádtha d'fheidhmiú agus do chólíonadh.

An Bainisteoir d'ullamhú pleananna, etc., don Chomhairle.

17. —Féadfaidh an Chomhairle uair ar bith, le rún, a cheangal ar an mbainisteoir pleananna agus áireamhachtaí d'ullamhú agus do chur fé bhráid na Comhairle maidir le haon obair áirithe do dhéanamh a luadhfar sa rún san agus is féidir don Bhárdas go dleathach do dhéanamh, maraon le meastachán ar an gcostas is dócha bhainfidh leis an obair sin do dhéanamh, agus pé uair a rithfidh an Chomhairle aon rún den tsórt san déanfaidh an bainisteoir, chó luath is a bheidh caothúil, pleananna agus áireamhachtaí agus meastachán do réir an rúin sin d'ullamhú agus do chur fé bhráid na Comhairle.

An bainisteoir do bheith i láthair, etc., ar chruinnithe den Chomhairle.

18. —(1) Beidh sé de cheart ag an mbainisteoir bheith ar chruinnithe den Chomhairle agus páirt do ghlacadh i ndíospóireachtaí ag na cruinnithe sin amhail is gur bhall den Chomhairle é, ach ní bheidh sé i dteideal vótáil ar aon cheist a bheidh le socrú le vóta o bhaill na Comhairle.

(2) Beidh an bainisteoir ar aon chruinniú den Chomhairle no d'aon choiste den Chomhairle go n-iarrfaidh an Chomhairle air bheith air agus bhéarfaidh don Chomhairle no don choiste sin (pé aca é), ag an gcruinniú san, pé comhairle agus congnamh a cheanglóidh an Chomhairle no an coiste sin air go réasúnta do thabhairt uaidh, agus chuige sin socróidh an bainisteoir go mbeidh ar an gcruinniú san pé oifigigh don Bhárdas is gá ag féachaint don ghnó bheidh le déanamh ag an gcruinniú san.

Eileamh ón gComhairle go ndéanfaí rud áirithe.

19. —(1) Ag cruinniú gairmfear go speisialta chuige sin fén alt so féadfaidh an Chomhairle, tré rún do thairgsint agus do rith do réir an ailt seo, a éileamh go ndéanfaí, maidir le haon chuid de chomhachta, d'fheidhmeanna, agus de dhualgaisí an Bhárdais ná beidh de thurus na huaire ina bhfeidhmeanna forcoimeádtha, aon ghníomh no ní, a luadhfar go sonnrách sa rún san agus is féidir don Bhárdas no don bhainisteoir go dleathach do dhéanamh.

(2) Déanfar fógra, go bhfuiltear ar intinn aon rún den tsórt a húdaruítear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so do thairgsint, do thabhairt don bhainisteoir i scríbhinn fé láimh seacht mball ar a laighead den Chomhairle agus cóip den rún san ann agus luadhfar ann lá (nach luaithe ná seacht lá agus nach déanaí ná ceithre lá déag tar éis an lae ar a bhfuighidh an bainisteoir an fógra san) chun an chruinnithe den Chomhairle do chomóradh ag á mbeidh an rún san le tairgsint agus le breithniú.

(3) Pé uair do gheobhaidh an bainisteoir aon fhógra den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so cuirfidh cóip den fhógra san go dtí gach ball den Chomhairle chó luath agus is féidir é agus gairmfidh cruinniú speisialta den Chomhairle chun teacht le chéile ar an dáta bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san ar an ngnáth-uair do chruinnithe den Chomhairle.

(4) Nuair a déanfar rún gur tugadh fógra ina thaobh fén alt so do thairgsint ag an gcruinniú den Chomhairle gairmfear chuige sin fén alt so breithneoidh an Chomhairle agus an bainisteoir an rún san agus más rud é, tar éis an bhreithnithe sin, go rithfidh an Chomhairle an rún san agus go vótálfaidh níos mó ná leath ballra iomlán na Comhairle leis an rún san no níos mó ná dhá dtrian na mball a bheidh i láthair agus a vótálfaidh, ansan, i gcás agus san am agus sa mhéid go mbeidh airgead curtha ar fáil chuige sin, déanfaidh an bainisteoir do réir an rúin sin an gníomh no an ní is gá do réir an rúin sin do dhéanamh.

(5) Ní cuirfear i rún a rithfear fén alt so éinní do bhéarfadh go mbainfeadh sé—

(a) le haon chomhacht, feidhm, no dualgas de chuid an Bhárdais d'fheidhmiú no do chólíonadh go generálta, no le gach cás no ócáid ina ndeintear aon chomhacht, feidhm, no dualgas den tsórt san d'fheidhmiú no do chólíonadh, no le huimhir no le haicme de sna cásanna no de sna hócáidí sin do bheadh chó hiomadúil sin gurbh ionann, le ceart, no gur beag ná gurbh ionann an uimhir no an aicme sin agus iomlán na gcás no na n-ócáidí ina ndeintear an chomhacht, an fheidhm, no an dualgas san d'fheidhmiú no do chólíonadh, ná

(b) le haon chomhacht no dualgas d'fheidhmiú no do chólíonadh deintear no déanfar do bhronnadh no d'fhorchur ar an mbainisteoir leis an Acht so no fé maidir le hoifigigh no seirbhísigh an Bhárdais no le rialú, maoirsiú, seirbhís, luach saothair, príbhléidí, no aois-liúntas na n-oifigeach no na seirbhíseach san no éinne acu.

Rún ar bith do bheireann le tuisgint é bheith rithte ag an gComhairle fén alt so agus is sárú ar an bhfo-alt so beidh sé gan brí gan éifeacht.

(6) Má eiríonn aon aighneas idir an Chomhairle agus an bainisteoir i dtaobh aon rúin áirithe do rith an Chomhairle fén alt so do bheith ina shárú ar fhorálacha fo-ailt (5) de seo no gan a bheith, cuirfear an scéal fé bhreith an Aire.

Sinaght, etc., ar oifigigh agus seirbhísigh an Bhárdais.

20. —(1) Déanfaidh oifigigh agus seirbhísigh an Bhárdais na dualgaisí bheidh ortha mar oifigigh agus mar sheirbhísigh den tsórt san do chólíonadh do réir pé orduithe do bhéarfaidh an bainisteoir o am go ham go generálta no maidir le cólíonadh aon dualgais áirithe no aon aicme no aicmí áirithe dualgaisí no maidir le haon oifigeach no seirbhíseach áirithe don Bhárdas do chólíonadh aon dualgais den tsórt san, agus beidh ag an mbainisteoir agus feidhmeoidh sé smacht agus lán-mhaoirseacht ar na hoifigigh agus ar na seirbhísigh sin agus ar gach gníomh no rud ar bith a dhéanfaid no a bheidh le déanamh acu go hoifigiúil mar oifigigh agus mar sheirbhísigh don Bhárdas.

(2) Fé réir aon rialachán a bheidh déanta ag an Aire fé aon Acht agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh seirbhís, luach saothair, príbhléidí, no aois-liúntas (do réir mar a bheidh) oifigeacha agus seirbhíseacha údaráis áitiúil, breithneoidh agus socróidh an bainisteoir gach ceist eireoidh o am go ham i dtaobh seirbhís, luach saothair, príbhléidí agus aois-liúntas oifigeacha agus seirbhíseacha an Bhárdais.

An bainisteoir do ghníomhú tré ordú shighnithe.

21. —(1) Gach gníomh no rud no socrú dhéanfaidh an bainisteoir agus, dá mba chomhairle chontae-bhuirge do dhéanfadh é, go mbeadh sé riachtanach, do réir dlí, é do dhéanamh tre rún ón gcomhairle sin, is tré ordú i scríbhinn fé n-a láimh a dhéanfaidh an bainisteoir é agus luadhfar san ordú san an t-am do chuir sé a lámh leis amhlaidh.

(2) I gcás inar ghá do chomhairle chontae-bhuirge, do réir no fé réim aon Achta, fógra puiblí do thabhairt i dtaobh an rúin do rith le n-a ndeineann an chomhairle sin aon ghníomh no rud no socrú áirithe no fógra puiblí do thabhairt roimh chomóradh an chruinnithe, d'aon chomhairle den tsórt san, ag á mbeidh an rún le rith le n-a ndéanfaidh an chomhairle sin aon ghníomh no rud no socrú áirithe, bhéarfaidh an bainisteoir fógra puiblí den tsórt chéanna sara ndéanaidh an t-ordú le n-a ndéanfa sé an gníomh no an rud no an socrú áirithe sin.

(3) Gach ordú dhéanfaidh an bainisteoir fén alt so is tuigthe chun gach críche go ndearnadh é an t-am do chuir an bainisteoir a lámh leis agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, is tuigthe gur shighnigh an bainisteoir gach ordú den tsórt san an t-am adeirtear san ordú san do shighnigh sé é.

(4) Coimeádfaidh an bainisteoir clár ina gcuirfear cóip de gach ordú dhéanfa sé fén alt so agus ag gach cruinniú den Chomhairle déanfaidh an bainisteoir an méid den chlár san ina mbeidh aon orduithe den tsórt san do rinneadh o am an chruinnithe dheiridh roimhe sin den Chomhairle do thaisbeáint chun go bhféadfaidh baill na Comhairle é d'iniúchadh.

(5) Gach scríbhinn do bhéarfaidh le tuigsint gur ordú í do rinne an bainisteoir fé n-a láimh, glacfar i bhfianaise í gan cruthú ar shigniú an té tuigtear uaithi do shighnigh an scríbhinn sin agus gan a chruthú gurb é an té sin an bainisteoir agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, is tuigthe gur ordú í do rinne agus do shighnigh an bainisteoir go cuibhe fén alt so agus gur shighnigh sé amhlaidh é an t-am adeirtear inti do shighnigh sé é.

(6) Gach scríbhinn do bheárfaidh le tuigsint bheith deimhnithe i scríbhinn ag an mbainisteoir mar chóip dhílis d'ordú do rinne an bainisteoir fén ált so, glacfar i bhfianaise í gan cruthú ar shighniú an té tuigtear uaithi do dheimhnigh amhlaidh í agus gan a cruthú gurb é an té sin an bainisteoir agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, is tuigthe gur fianaise í ar a bhfuil san ordú áirithe go dtuigtear uaithi gur cóip de í agus ar an mbainisteoir do dhéanamh agus do shighniú an orduithe sin go cuibhe fén alt so an t-am adeirtear inti do rinne sé amhlaidh.

Iocaíochta d'údarú.

22. —(1) Féadfaidh an bainisteoir, le hordú fé n-a láimh féin agus fós fé láimh chisteoir na buirge, a údarú go ndéanfar aon iocaíocht áirithe as cistí an Bhárdais in aghaidh aon chostais no ar scór aon fhiachais fé n-a ndeachaidh an Chomhairle no an bainisteoir thar ceann an Bhárdais agus an Chomhairle no an bainisteoir (pé aca é) ag feidhmiú no ag cólíonadh aon choda de chomhachta, d'fheidhmeanna no de dhualgaisí an Bhárdais is infheidhmithe no is ionchólíonta acu-san no aige-sean fé seach fén Acht so.

(2) Féadfaidh an Chomhairle tráth ar bith, lé rún, a dhíriú maidir le gach ordú déanfar fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so go ndéanfar, i rith pé tréimhse luadhfar sa rún san, iad do chur fé bhráid an Mhéara, no fé bhráid bhaill éigin eile den Chomhairle ainmneoidh an Chomhairle chuige sin o am go ham, chun go sighneoidh an Méara no an ball san iad.

(3) Féadfaidh an Chomhairle uair ar bith, le rún, díriú tugadh fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do cheiliúradh.

(4) Má bheireann agus pé uair a bhéarfaidh an Chomhairle aon díriú den tsórt a luaidhtear anso roimhe seo, ansan, faid a bheidh an díriú san i bhfeidhm beidh sé riachtanach gach ordú den tsórt a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so do bheith sighnithe ag an Méara no ag an mball den Chomhairle a bheidh ainmnithe chuige sin (mar is gá sa chás) i dteanta bheith sighnithe agus contrashighnithe mar a luaidhtear sa bhfo-alt san, ach ní bheidh ar an Méara ná ar an mball san den Chomhairle (pé aca é), de dheascaibh aon ordú den tsórt san do bheith sighnithe aige, aon fhreagarthacht ná beadh air dá mba ná tabharfaí an díriú san roimhráite.

An ciste cathardha

23. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis is as ciste bhunóidh an Bárdas agus dá ngairmfear “an ciste cathardha” a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an Bárdas agus iad ag feidhmiú agus ag cólíonadh a gcomhacht agus a ndualgas (agus costaisí glanta na bhfiachas a bheidh ann an lá ceaptha d'áireamh).

(2) Gach ciste do bhí, díreach roimh an Acht so do rith, á chothabháil as toradh aon ráta de sna rátaí a gcuireann an tAcht so deireadh leo, scuirfidh ar an lá ceaptha de bheith á chothabháil amhlaidh agus má bhíonn aon airgead i gcreidiúint d'aon chiste den tsórt san an lá san cuirfear sa chiste chathardha é, agus íocfar as an gciste cathardha gach fiachas a bheidh dlite ar aon chiste den tsórt san.

(3) Ar an lá ceaptha agus dá éis íocfar le cisteoir buirge an Bhárdais gach suim do gheobhaidh an Bárdas as rátaí no as éinní eile, agus, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo, beidh admháil an chisteora ina glanadh mhaith, gan a thuilleadh, don té íocfaidh an tsuim sin agus cuirfidh an cisteoir gach suim den tsórt san sa chiste chathardha.

(4) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, beidh admháil, o bhailitheoir rátaí no o dhuine go n-údarás cuibhe ón mBárdas chun íocaíochta d'aon tsaghas áirithe eile do ghlacadh, ina glanadh mhaith do dhuine íocfaidh rátaí leis an mbailitheoir sin no dhéanfaidh íocaíocht den tsaghas áirithe eile sin leis an duine sin (do réir mar a bheidh), ach i ngach cás den tsórt san beidh sé de dhualgas ar an mbailitheoir no ar an duine sin méid na híocaíochta san d'íoc le cisteoir na buirge láithreach.

(5) Ní déanfar aon íocaíochta as an gciste cathardha ach amháin pé íocaíochta bheidh údaruithe go cuibhe do réir an Achta so, agus íocfaidh cisteoir na buirge gach íocaíocht a bheidh údaruithe amhlaidh.

(6) Ní cuirfear aon chuid den chiste chathardha ná d'aon airgead a bheidh fé chúram an Bhárdais chun aon chríche ná húdaruítear leis an Acht so no le hAcht éigin eile no, i gcás airgid a thagann as cistí iontaobhais, ná húdaruítear leis an hiontaobhaisí bhaineann leis na cistí sin.

(7) Is as an gciste cathardha cothabhálfar gach ciste fiachlaigheaduithe no ciste eile chun fiachas a bheidh le teacht no le n-a mbeidh coinne do ghlanadh, eadhon, ciste is gá don Bhárdas, do réir no fé réim aon reachta do bhí i bhfeidhm díreach roimh rith an Achta so, do chothabháil agus ní dhéanfaidh éinní san alt so an Bárdas do shaoradh o n-a bheith d'oblagáid ortha gach ciste den tsórt san do chothabháil amhlaidh.

An ráta cathardha.

24. —(1) Na rátaí uile (dá ngairmtear san Acht so rátaí díochuirtear leis an Acht so) a bheidh inghearrtha sa chathair díreach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1940, scuirfid, an 1adh lá san d'Abrán, 1940, de bheith inghearrtha ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt san Acht so, ach ní choiscfidh an scur san aon chuid d'aon ráta den tsórt san a bheidh, díreach roimh an dáta san, dlite agus gan íoc do bhailiú no do bhaint amach ar an dáta san no dá éis ná ní dhéanfaidh dochar ná deifir dá bailiú ná dá baint amach.

(2) Buailfidh agus measfaidh agus gearrfaidh an Bárdas o am go ham, do réir an Achta so, pé ráta (ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear san Acht so, “an ráta cathardha”) is gá chun aon easnamh ar an gciste cathardha (pé aca easnamh a bheidh ann no le n-a mbeidh coinne é) do shlánú.

(3) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh an ráta dealbhais do bhualadh, do mheas, do ghearradh, do bhailiú, agus do bhaint amach, bainfidh, fé réir forálacha an Achta so, leis an mBárdas do bhualadh, do mheas, do ghearradh, do bhailiú agus do bhaint amach an ráta chathardha.

(4) D'ainneoin éinní atá in alt 3 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 ( Uimh. 18 de 1926 ), isé dhéanfaidh orduithe feidhmiúcháin do réir bhrí an Achta san d'fheidhmiú, in imeachta se Chúirt Dúithche chun airgid a bheith dlite ar scór an ráta chathardha do bhaint amach, ná an té bhunóidh na himeachta san má orduíonn an Chúirt amhlaidh ar iarratas an duine sin.

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag fo-alt (7) d'alt 51 den Local Government (Ireland) Act, 1898, maidir le haon fhiacha no éileamh is iníoctha, go díreach no go nea-dhíreach, as an ráta cathardha.

(6) Taisbeánfar ar leithligh ar aghaidh no ar chúl gach nóta éilithe ráta chathardha an chuid den chion fén bpunt den ráta san a bheidh á cruinniú chun aon chríche go n-ordóidh an tAire no an Chomhairle ina taobh í do thaisbeáint ar leithligh.

Cíos do choigeartú i gcásanna áirithe.

25. —(1) I gcás tionóntachán no ionoighreacht sa Chathair do bheith ar seilbh (i dteanta no d'éamais áitreibh eile) fé léas a cheanglann ar an léasóir lascaine no cothromú d'íoc no do lomháil in aghaidh aon rátaí (seachas ráta dealbhais) is iníoctha ar an tionóntachán no ar an ionoighreacht san no an léasaí do shlánú o sna rátaí sin no do shaoradh uatha ar aon tslí eile, déanfar gach cíos is iníoctha fén léas san in aghaidh tréimhse thosnóidh an 1adh lá d'Abrán, 1940, no dá éis, do laigheadú—

(a) más cíos bliantúil é, oiread agus is có-ionann le méid na rátaí (seachas ráta dealbhais), ar an tionóntachán no ar an ionoighreacht san in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1939, le n-ar bhain go dleathach an faoiseamh do tugadh don léasaí leis an léas san, agus

(b) más aon chíos é seachas cíos bliantúil, oiread go mbeidh idir é agus na rátaí (seachas ráta dealbhais), ar an tionóntachán no ar an ionoighreacht san in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1939, le n-ar bhain go dleathach an faoiseamh do tugadh don léasaí leis an léas san, an cothrom céanna bheidh idir an tréimhse gur dá réir a déanfar amach an cíos san agus bliain.

(2) San alt so foluíonn an focal “léas” aon chonnradh toinóntachta, i scríbhinn no de bhréithre béil, le n-a mbunuítear ord mar a bhíonn idir tiarna talmhan agus tionónta, agus foluíonn na focail “léasóir” agus “léasaí” fé seach tiarna talmhan na tionóntachta san agus an tionónta fén tionóntacht san.

Ráta uisce fé chonnradh.

26. —Na forálacha den Acht so dhíochuireann rátaí áirithe, ní bhainfid le héilithe (dá ngairmtear do ghnáth rátaí uisce fé chonnradh) a héileofar ar uisce do chur ar fáil d'ionoighreachtaí no do thionóntacháin áirithe chun crícheanna nach crícheanna tighis ná le huisce do chur ar fáil fé chonnradh speisialta do dhuine ar bith ná beidh aon teideal eile aige chun an uisce sin d'fháil, agus le linn an Achta so do léiriú ní fholóidh an abairt “rátaí díochuirtear leis an Acht so” éilithe den tsórt san.

Aicmí áirithe maoine do rátú.

27. —(1) Chun an ráta chathardha do mheas agus do ghearradh ar aon ionoighreacht no tionóntachán a luaidhtear no is d'aicme luaidhtear sa dara colún de Sceideal an Achta so, is tuigthe luacháil na hionoighreachta no an tionóntacháin sin do bheith laigheaduithe go dtí an cion, de luacháil na hionoighreachta no an tionóntacháin sin fé sna hAchtanna Luachála, a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal san maidir leis an ionoighreacht no an tionóntachán san no leis an aicme sin (pé aca é).

(2) Gach ionoighreacht no tionóntachán a luaidhtear no is d'aicme a luaidhtear sa dara colún de Sceideal an Achta so, is tuigthe ina thaobh, maidir leis an ráta cathardha do mheas agus do bheith ina fhiachas air, é bheith gan ceart ná teideal ar bith chun aon tsaoirse no faoisimh, ón ráta dealbhais, do bheirtear do réir dlí ar shlí seachas tré laigheadú no rialú na luachála ar a meastar an ráta dealbhais, ach ní thiocfaidh de sin aon leath-chíos, do bheadh ionrátuithe i leith an ráta dhealbhais mara rithfí an tAcht so, do shaoradh o n-a bheith ionrátuithe i leith an ráta chathardha.

(3) Ní bhainfidh éinní san alt so leis an luach bliantúil a mbeidh an cháin le déanamh amach dá réir ar aon ionoighreacht no tionóntachán fé Sceidil A agus B den Income Tax Act, 1918, ná ní oibreoidh chun an luacha san-do laigheadú.

Rátaí aráitreabhacha folmha.

28. —(1) I gcás ionoighreacht no tionóntachán nach tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928) , do bheith folamh agus an ráta cathardha á bhualadh, buailfear an ráta san ar an té (dé ngairmtear an t-únaer anso feasta) a bheidh i dteideal, de thurus na huaire, bheith i seilbh na hionoighreachta no an tionóntacháin sin, agus ar íoc an ráta san don únaer sin, beidh an t-únaer sin i dteideal an dara cuid déag den ráta san d'éileamh agus d'fháil thar n-ais ón mBárdas in aghaidh gach mí iomláin (ar n-a áireamh o lá ar bith de mhí go dtí cothrom an lae sin sa chéad mhí eile) a bheidh an ionoighreacht no an tionóntachán san folamh chun é dheisiú no é d'atharú no chun cur leis no toisc an t-únaer sin do bheith bona fide éagcumasach ar thionónta oiriúnach d'fháil dó ar an gcíos maximum is ceaduithe de thurus na huaire fé sna hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930, más ionoighreacht no tionóntachán é le n-a mbaineann na hAchtanna san de thurus na huaire no ar chíos réasúnta más ionoighreacht no tionóntachán d'aon tsaghas eile é.

(2) Nuair a buailfear ráta de bhuadh an ailt seo ar únaer ionoighreachta no tionóntacháin fholaimh agus a dhéanfaidh an t-únaer sin no a déanfar thar a cheann an ionoighreacht no an tionóntachán san do chur ar cíos ina dhiaidh sin agus a bheidh an ráta san no aon chuid de i riaráiste agus gan íoc, ansan, an ráta-bhailitheoir go mbeidh an ráta san ionbhailithe aige féadfaidh, i dteanta aon tslí eile agus gan dochar d'aon tslí eile chun méid an ráta san a bheidh i riaráiste agus gan íoc amhlaidh do bhaint amach, fógra do sheirbheáil i bpearsain no tríd an bpost ar shealbhaire na hionoighreachta no an tionóntacháin sin ag luadh an mhéide sin a bheidh i riaráiste agus gan íoc amhlaidh agus á cheangal ar an sealbhaire sin an cíos go léir a bheidh dlite air an uair sin no a thiocfaidh chun bheith dlite air ina dhiaidh sin ar an ionoighreacht no an tionóntachán san d'íoc leis an ráta-bhailitheoir sin no le n-a chomharba oifige go dtí go mbeidh an méid sin glanta tríd an íoc san no ar aon tslí eile agus, ar sheirbheáil an fhógra san amhlaidh, is ag an ráta-bhailitheoir sin no ag á chomharba oifige a bheidh an t-aon-cheart chun an cíos go léir, a cheangail sé tríd an bhfógra san d'íoc leis féin, do bhaint amach agus do ghlacadh agus chun cúiteántas maith do thabhairt ann.

(3) Ráta buailfear de bhuadh an ailt seo ar únaer ionoighreachta no tionóntacháin fholaimh ní bheidh sí nea-mbailidhe de dhruim aon earráide no lochta i luadh ainm an únaera san ná de dhruim an tuairisc “an t-únaer” do thabhairt gan aon ainm ná eile do chur leis, agus féadfar gach ráta den tsórt san do bhaint den únaer sin d'ainneoin na hearráide no an lochta san no d'ainneoin na tuairisce sin do thabhairt.

An ráta cathardha do leasú.

29. —(1) Féadfaidh an bainisteoir o am go ham aon ráta no cáinmheas i leabhar an ráta chathardha do leasú tré ainm éinne ba cheart do rátú do chur isteach ann no tré ainm éinne nár cheart do rátú do bhualadh amach as no tríd an suim do rátuíodh ar dhuine do mhéadú no do laigheadú no tré pé leasú eile do dhéanamh ann do bhéarfaidh go mbeidh an ráta no an cáinmheas san do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann leis an ráta cathardha do bhualadh.

(2) Gach duine bheidh mí-shásta le haon atharú den tsórt san beidh an ceart céanna aige chun athchomharc ina choinnibh do bheadh aige dá gcuirtí a ainm isteach sa ráta no sa cháinmheas san i gcéadóir agus ná déanfaí aon atharú den tsórt san ann, agus maidir leis an duine sin is tuigthe gur buaileadh an ráta nuair do fuair sé fógra i dtaobh an leasuithe sin.

Sean-iasachtaí d'íoc.

30. —Gach iasacht a bheidh dlite ar an mBárdas agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, ina muirear ar aon cheann de sna rátaí díochuirtear leis an Acht so no ar aon chiste bheidh á chothabháil as toradh aon ráta den tsórt san tiocfa sí chun bheith agus beidh sí ina muirear ar an ráta cathardha no ar an gciste cathardha fé seach an lá ceaptha agus dá éis.

Fostaithe do chur ar aoisliúntas.

31. —(1) Faid a bheidh an t-alt so i bhfeidhm beidh an Bárdas ina chólucht áitiúil go gcomhacht do réir reachta liúntas do dheonadh d'éinne dá fhostaithe, seachas oifigigh, mar gheall ar a fhostaíocht do chailliúint do réir bhrí ailt 53 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , agus bainfidh an t-alt san 53 leis an gCathair dá réir sin ach ar a shon san ní dheonfaidh an Bárdas liúntas fén alt san d'fhostaí ar bith gur giorra ná fiche bliain tréimhse a sheirbhíse leis an mBárdas.

(2) Leanfaidh an t-alt so i bhfeidhm go ceann dhá bhlian ón lá ceaptha agus scuirfidh de bheith i bhfeidhm i ndeireadh an dá bhlian san no, má faidítear an tréimhse sin fén gcéad fho-alt eile den alt so, i gceann an fhaidithe dheiridh a déanfar amhlaidh.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú, ar an mBárdas dá iarraidh sin air, an dá bhliain sin a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'fhaidiú tré pé tréimhse bhreise do chur leo is dóich leis is ceart.

An Chathair do mhaisiú.

32. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, le rún fén alt so le n-a vótálfaidh dhá dtrian ar a laighead de bhaill na Comhairle, a údarú don Bhárdas airgead do chaitheamh ar mhaisiú na Cathrach i gcóir ócáidí gáirdeachais phuiblí no ócáidí oiriúnacha eile.

(2) Luadhfar i ngach rún a rithfear fén alt so an ócáid gur ina cóir a bheidh maisiú na Cathrach, ar chostas an Bhárdais i bpáirt no go hiomlán, le húdarú leis an rún san agus fós an méid a bheidh le caitheamh ag an mBárdas ar an maisiú san.

(3) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile féadfaidh an Bárdas airgead as an gciste cathardha do chaitheamh do réir rúin agus sa mhéid a bheidh údaruithe le rún do ritheadh fén alt so ach ní har aon tslí eile.

(4) An méid iomlán a chaithfidh an Bárdas chun crícheanna an ailt seo aon bhliain airgeadais áitiúil áirithe, ní raghaidh thar suim is có-ionann le ráta pingne fén bpunt de luacháil ionrátuithe na Cathrach.

Meastachán ar chostaisí agus ráta-chruinniú.

33. —(1) Cuirfidh an bainisteoir dá ullamhú gach bliain airgeadais áitiúil san am orduithe agus sa bhfuirm orduithe meastachán (dá ngairmtear an meastachán costaisí san alt so) ar na méideanna is dóich leis is gá chun costaisí an Bhárdais d'íoc, agus chun soláthar do dhéanamh in aghaidh riachtanaisí an Bhárdais, i rith na bliana airgeadais áitiúla dar gcionn.

(2) An meastachán costaisí a hullamhófar gach bliain fén alt so breithneoidh an Chomhairle é ag cruinniú den Chomhairle (dá ngairmtear an ráta-chruinniú san alt so) ar a mbeidh an bainisteoir agus a bheidh ann an t-am a bheidh orduithe, go generálta no maidir le haon bhliain áirithe, ag an Aire agus a mbeidh fógra lá is fiche ar a laighead sa bhfuirm orduithe tugtha ina thaobh do gach ball den Chomhairle.

(3) Lá is fiche ar a laighead roimh an lá bheidh ráta-chruinniú le bheith ann, cuirfidh an bainisteoir chun gach baill den Chomhairle agus lóisteálfaidh in oifigí an Bhárdais cóip den mheastachán chostaisí is gá don Chomhairle, do réir an ailt seo, do bhreithniú ag an gcruinniú san agus san am gcéanna bhéarfaidh an bainisteoir fógra sa tslí agus sa bhfuirm orduithe go bhfuiltear tar éis an mheastacháin chostaisí sin do dhéanamh agus cóip de do lóisteáil amhlaidh.

(4) Féadfaidh éinne den phuiblíocht an chóip den mheastachán chostaisí a bheidh lóisteálta fén alt so in oifigí an Bhárdais d'iniúchadh in aisce aon uair a bheidh na hoifigí sin ar oscailt chun gnó oifigiúil do dhéanamh, agus bhéarfaidh an bainisteóir cóip den mheastachán chostaisí sin, ar scilling an chóip, do gach duine iarrfaidh air í.

(5) Ag ráta-chruinniú no ag aon ath-chomóradh air fén alt so féadfaidh an Chomhairle (fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so) leasú do dhéanamh, tré chur leis no leigint ar lár no atharú, ar an meastachán costaisí is gá dhóibh, do réir an ailt seo, do bhreithniú ag an gcruinniú san, agus déanfaidh an Chomhairle, le rún a rithfear ag an gcruinniú san no ag aon ath-chomóradh den tsórt san air, glacadh leis an meastachán costaisí sin go leasú no gan leasú air agus, leis an rún gcéanna no le haon rún ina dhiaidh sin a rithfid ag an gcruinniú san no ag an ath-chomóradh san air, cinnfid do réir an mheastacháin sin, mar a bheidh glactha acu leis amhlaidh, ar na rátaí fén bpunt a gearrfar chun na gcrícheanna uile agus fé seach a bheidh luaidhte sa mheastachán san.

(6) Pé uair a tairgfear ag ráta-chruinniú leasú ar an meastachán costaisí a bheidh á bhreithniú ag an gcruinniú san agus is dóich leis an mbainisteoir, dá ndeintí an leasú san, go ndéanfadh sé dochar mór maidir le dualgaisí na Comhairle do chólíonadh go héifeachtúil no go heacnamúil luadhfaidh an bainisteoir ag an gcruinniú san an agóid atá aige i gcoinnibh an leasuithe sin maraon leis na réasúin atá aige leis an agóid sin, agus leis sin breithneoidh an Chomhairle an agóid sin agus cinnfid ag an gcruinniú san gan an leasú san do dhéanamh no cuirfid ar athló an leasú san do bhreithniú tuilleadh.

(7) Nuair a cuirfear ar athló fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so leasú ar mheastachán chostaisí do bhreithniú tuilleadh, ansan, tar éis gach gnó do dhéanamh is féidir do dhéanamh ag an rátachruinniú go dleathach agus go caothúil gan an ráta-chruinniú do chur ar athló, cuirfear an ráta-chruinniú ar athló go ceann ceithre lá déag ar a laighead, agus ag an ath-chomóradh ar an gcruinniú san breithneofar an leasú no na leasuithe ba chúis leis an gcur-arathló (go n-atharú no gan atharú ortha) agus bhéarfar breith ortha ach ní déanfar aon leasú eile ar an meastachán costaisí sin do bhreithniú ná breith do thabhairt air agus críochnófar gnó an ráta-chruinnithe.

Leas-bhainisteoir.

34. —(1) Má bhíonn agus pé uair a bheidh an bainisteoir ar saoire no a bheidh sé, toisc é bheith breoite no as láthair ón gCathair no curtha ar fiunraoi o chólíonadh a dhualgas, éagcumasach go sealadach ar na comhachta agus na feidhmeanna a bronntar air leis an Acht so d'fheidhmiú agus ar na dualgaisí a cuirtear air leis an Acht so do chólíonadh, féadfar leas-bhainisteoir do cheapadh fén alt so go dtí go mbeidh deire leis an saoire no leis an éagcumas san ach féadfar, le haontú an Aire, é do chur as oifig fén alt so aon uair le linn na saoire no an éagcumais sin.

(2) I gcás an bainisteoir do bheith ar saoire, agus fós i gcás an bainisteoir do bheith éagcumasach mar adubhradh agus gurb é a bheith as láthair ón gCathair is cúis leis an éagcumas san, féadfaidh an bainisteoir comhacht ceaptha an leas-bhainisteora fén alt so d'fheidhmiú ach dul i gcomhairle leis an Méara roimh an saoire no an éagcumas san (pé aca é) agus ag coinne leis dó, ach i ngach cás eile, sé sin le rá, más breoiteacht no cur-ar-fiunraoi fé ndeár an bainisteoir do bheith éagcumasach mar adubhradh, agus fós má bhíonn an bainisteoir ar saoire no gurb é a bheith as láthair ón gCathair fé ndeár é bheith éagcumasach mar adubhradh agus ná ceapfar leas-bhainisteoir fén alt so roimh an saoire no an éagcumas san no, i gcás é bheith ceaptha amhlaidh, go gcuirfear as oifig fén alt so é le linn na saoire no an éagcumais sin, féadfaidh an Méara ach ní fhéadfaidh éinne eile comhacht ceaptha an leas-bhainisteora fén alt so d'fheidhmiú aon uair le linn na saoire no an éagcumais sin.

(3) An chomhacht chun an leas-bhainisteora do chur as oifig fén alt so is ag an Méara amháin a bheidh sí infheidhmithe i ngach cás.

(4) Beidh comhachta uile an bhainisteora ag an leas-bhainisteoir go deireadh na saoire no an éagcumais dá dtáinig gur ceapadh é no go dtí go gcuirfear as oifig roimhe sin fén alt so é, agus feidhmeoidh agus cólíonfa sé feidhmeanna agus dualgaisí uile an bhainisteora agus chuige sin déanfar gach tagairt san Acht so don bhainisteoir (ach amháin na tagairtí don bhainisteoir san alt so agus na tagairtí san Acht so do cheapadh, do shealbhaíocht oifige agus do luach saothair an bhainisteora) do léiriú mar ní a fholuíonn tagairt don leas-bhainisteoir.

(5) Íocfaidh an Bárdas leis an leas-bhainisteoir aon luach saothair ar a gcinnfidh an Chomhairle le haontú an Aire.

Có-dhéanamh Có-Choiste an Ospidéil Mheabhar-Ghalar.

35. —D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (7) d'alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, ar n-a leasú le halt 77 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), isé ionadaíocht a bheidh ag an mBárdas ar Chó-Choiste Bainistí Ospidéil Mheabhar-Ghalar Cheanntair Phortláirge, go dtí tar éis comórtha an dara toghacháin chathrach tar éis an Achta so do rith, ná an ionad aíocht is déanaí do cinneadh fén bhfo-alt san (7), ar n-a leasú amhlaidh, roimh an Acht so do rith.

An Chathair do leathnú san am le teacht.

36. —(1) Féadfaidh an Bárdas, tráth ar bith tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1940, a iarraidh ar an Aire ordú sealadach do dhéanamh fén alt so ag leathnú na cathrach i slí go gcuirfear leis an gcathair aon chuid áirithe de Chontae Phortláirge no de Chontae Chill Chainnigh.

(2) Pé uair do gheobhaidh an tAire iarratas ón mBárdas fén alt so, féadfaidh, tar éis fiosrúchán áitiúil do dhéanamh i dtaobh an leathnuithe le n-a mbaineann an t-iarratas san agus tar éis aon chúis do bhreithniú a pléifear leis ag comhairle na contae no comhairle cheachtair de sna contaethe go mbaineann an t-iarratas san le haon chuid di, féadfaidh ordú sealadach do dhéanamh ag tabhairt éifeachta don leathnú le n-a mbaineann an t-iarratas san gan atharú no go pé atharuithe (i bhfuirm méaduithe no laigheaduithe) is dóich leis is ceart, no féadfaidh diúltú don iarratas san.

(3) Ní bheidh éifeacht ar bith ag ordú sealadach fén alt so mara ndaingnítear ná go dtí go ndaingneofar é le hAcht den Oireachtas ach má daingnítear agus nuair a daingneofar amhlaidh é beidh éifeacht aige do réir a théarmaí.

(4) Féadfaidh na forálacha so leanas bheith in ordú sealadach fén alt so—

(a) forálacha a bhaineann leis an aistriú deintear tríd ar aon líomatáiste o Chontae Phortláirge no o Chontae Chill Chainnigh chun na cathrach agus is cosúil no is ionann éifeacht leis na forálacha atá san Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) , agus a bhaineann leis an aistriú no ba ghá mar gheall ar an aistriú deintear tríd an Acht san chun contae-bhuirge Bhaile Atha Cliath ar an líomatáiste dá ngairmtear ann an tuath-líomatáiste có-cheangailte, agus

(b) pé forálacha is dóich leis an Aire is ceart maidir le maoin agus cirt agus fiachaisí do choigeartú, agus le cúrsaí airgeadais agus cúrsaí eile do shocrú, idir an Bárdas agus comhairle aon chontae agus maidir le toghalíomatáistí d'atharú agus maidir le haon chúrsa eile eireoidh de dhruim an leathnuithe ar an gcathair a deintear leis an ordú san.

Forálacha dtaobh tailte is féidir a dhréineáil.

37. —(1) Más dóich leis an mBárdas tráth ar bith gur féidir aon tailte laistigh den Chathair d'fheabhsú le dréineáil agus go méadódh an feabhas san taithneamhachtaí na Cathrach, féadfaidh an Bárdas na tailte sin do thógaint chun na dtailte sin do chur dá bhfeabhsú mar adubhradh.

(2) Má thógann an Bárdas aon tailte fén alt so, cuirfidh an Bárdas na tailte sin dá ndréineáil, chó luath agus a bheidh caothúil, sa tslí agus sa mhéid sin a chífear don Bhárdas do bheith oiriúnach agus féadfaid freisin aon obair fheabhsúcháin eile do chur dá dhéanamh ar na tailte sin is dóich leo is gá chun go bhféadfar lántairbhe do bhaint as an dréineáil sin.

(3) Má thógann an Bárdas aon tailte fén alt so, féadfaidh an Bárdas le toiliú an Aire—

(a) na tailte sin uile d'úsáid chun críche bhainfidh le comhachta agus le dualgaisí an Bhárdais, no

(b) na tailte sin uile do dhíol no do chur ar cíos, no

(c) aon chuid de sna tailte sin d'úsáid chun críche bhainfidh le comhachta agus le dualgaisí an Bhárdais agus an chuid eile de sna tailte sin do dhíol no do chur ar cíos.

(4) Chun an Bhárdais do thógaint tailte fén alt so, beidh feidhm ag ailt 203, 209, 210, 212, 213, 214 agus 215 den Public Health (Ireland) Act, 1878, ar n-a leasú le halt 8 den Public Health (Ireland) Act, 1896, agus ag alt 68 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), agus ag alt 8 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1936 ( Uimh. 55 de 1936 ), amhail is go ndéanfaí na hailt sin, ar n-a leasú amhlaidh, d'ath-achtú anso agus feidhm do thabhairt dóibh maidir le gach tógaint den tsórt san.

(5) Féadfaidh an Bárdas airgead d'fháil ar iasacht chun aon chostaisí fé n-a ndeachadar no fé n-a mbeid chun dul fén alt so d'íoc amhail is gur chostaisí iad-san fé n-a ndeachthas no fé n-a mbeifear chun dul fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931.

Imeachta dlí.

38. —I ngach aicsean no imeacht eile dlí, síbhialta no coiriúil, a bhunóidh an Bárdas no a bunófar ina gcoinnibh in aon chúirt dlí no chothruim gníomhóidh an bainisteoir ar son agus thar ceann an Bhárdais agus féadfaidh gach gníomh no ní do dhéanamh is gá dar leis chun an t-aicsean no an imeacht eile sin d'ullamhú agus do chur ar aghaidh no do chosaint, agus san ar gach slí díreach amhail is gurbh é féin an gearánaí no an cúisitheoir no an cosantóir (do réir mar a bheidh) agus má bhaineann aon aicsean no imeacht eile den tsórt san leis an gComhairle d'fheidhmiú no do chólíonadh aon choda de sna feidhmeanna forcoimeádtha gníomhóidh an bainisteoir le húdarás soiléir na Comhairle agus é ag déanamh aon ghnímh no ní den tsórt san roimhráite, agus is tuigthe gur tugadh an t-údarás san dó mara gcruthuítear agus go dtí go gcruthófar a mhalairt.

Fiosrúcháin áitiúla.

39. —Pé uair a chomórfaidh an tAire fiosrúchán áitiúil de bhun dírithe no fé údarás do bheirtear leis an Acht so, bainfidh Airtiogal 32 de Sceideal an Application of Enactments Order, 1898, leis an bhfiosrúchán san fé mar a bhaineann sé leis na fiosrúcháin a luaidhtear san Airtiogal san.

Rialacháin.

40. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní dá dtagartar san Acht so mar ní atá orduithe no le hordú.

Lá an toghacháin agus an lá ceaptha.

41. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh nach déanaí ná trí mhí o dháta an Achta so do rith chun bheith ina lá toghacháin chun crícheanna an Achta so.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá tar éis lá an toghacháin, agus nach déanaí ná sé mhí o dháta an Achta so do rith, do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

Gearr-theideal.

42. —Féadfar Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 , do ghairm den Acht so.