An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III Congnamh Puibli.)

27 1939

ACHT UM CHONGNAMH PHUIBLÍ, 1939

CUID II.

Riaradh Ard-Udarais agus Riaradh Áitiúil.

An t-árd-údarás.

5. —(1) Beidh stiúradh agus urlámhas generálta ag an Aire ar chongnamh puiblí do riaradh de bhun an dlí (agus an tAcht so d'áireamh) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh an riartha san.

(2) Ní déanfar éinní san Acht so ná in aon ordú, rialachán no ionstruim a déanfar fén Acht so no a buanchoimeádtar leis do léiriú, ná ní oibreoidh, chun a chur ar chumas an Aire a ordú congnamh puiblí do thabhairt d'aon duine áirithe.

Congnamh puiblí do riaradh.

6. —(1) Chun na gcrícheanna bhaineann le congnamh puiblí do riaradh roinnfear an Stát ina cheanntair chonganta phuiblí.

(2) I ngach ceanntar conganta phuiblí riarfar congnamh puiblí ag an údarás conganta phuiblí luaidhtear chuige sin san Acht so i leith an cheanntair sin.

Ceanntair chonganta phuiblí.

7. —(1) I líomatáiste Bhaile Atha Cliath—

(a) is ceanntar conganta phuiblí líomatáiste Aontas Bhaile Atha Cliath mar a bheidh sé có-dhéanta díreach roimh thosach feidhme an Achta so agus bhéarfar Ceanntar Conganta Phuiblí Bhaile Atha Cliath mar ainm agus mar theideal air,

(b) is ceanntar conganta phuiblí líomatáiste Aontas Ráth Dúin mar a bheidh sé có-dhéanta díreach roimh thosach feidhme an Achta so agus bhéarfar Ceanntar Conganta Phuiblí Ráth Dúin mar ainm agus mar theideal air, agus

(c) is ceanntar conganta phuiblí líomatáiste Aontas Bhaile an Ridire mar a bheidh sé có-dhéanta díreach roimh thosach feidhme an Achta so agus bhéarfar Ceanntar Conganta Phuiblí Bhaile an Ridire mar ainm agus mar theideal air.

(2) Lasmuich de líomatáiste Bhaile Atha Cliath—

(a) i gcás contae-bhuirg agus có-cheanntar i gcontae ar theorainn na contae-bhuirge sin do bheith á riaradh mar aon líomatáiste amháin ag an aon údarás amháin chun crícheanna fóirithin na mbocht díreach roimh thosach feidhme an Achta so, is ceanntar conganta phuiblí an líomatáiste bheidh có-dhéanta den chontaebhuirg sin agus den chó-cheanntar san,

(b) is ceanntar conganta phuiblí gach contae-bhuirg ná baineann mír (a) den fho-alt so léi, agus

(c) is ceanntar conganta phuiblí gach có-cheanntar ná baineann mír (a) den fho-alt so leis.

(3) Ordóidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so, na hainmneacha fé seach do bhéarfar ar na ceanntair uile agus fé seach is ceanntair chonganta phuiblí fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, agus an ainm a hordófar amhlaidh i dtaobh gach ceanntair chonganta phuiblí fé leith acu san isí is ainm agus is teideal dó.

Údaráis chonganta phuiblí.

8. —(1) Isiad Bord Conganta Bhaile Atha Cliath is údarás conganta phuiblí do Cheanntar Conganta Phuiblí Bhaile Atha Cliath.

(2) Isiad Bord Conganta Ráth Dúin is údarás conganta phuiblí do Cheanntar Conganta Phuiblí Ráth Dúin.

(3) Isiad Bord Conganta Bhaile an Ridire is údarás conganta phuiblí do Cheanntar Conganta Phuiblí Bhaile an Ridire.

(4) Isiad is údarás conganta phuiblí do cheanntar chonganta phuiblí is contae-bhuirg ná bárdas na contae-bhuirge sin.

(5) Isiad is údarás conganta phuiblí do cheanntar chonganta phuiblí ná beidh ann ach iomlán có-cheanntair ná comhairle na contae gurb ionann teora dhi agus don chó-cheanntar san no ina mbeidh an có-cheanntar san.

(6) Isiad is údarás conganta phuiblí do cheanntar chonganta phuiblí bheidh có-dhéanta de chontae-bhuirg agus d'iomlán cócheanntair i gcontae ar theorainn na contae-bhuirge sin ná an bord conganta phuiblí bunófar don cheanntar chonganta phuiblí sin de bhun an chéad ailt eile den Acht so.

Ballraíocht, imeachta, etc.,údarás conganta phuiblí i líomatáiste Bhaile Atha Cliath.

9. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach údarás conganta phuiblí go mbeidh a gceanntar conganta phuiblí i líomatáiste Bhaile Atha Cliath, sé sin le rá:—

(a) d'ainneoin éinní atá san Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath) (Leasú), 1931 (Uimh. 25 de 1931) , beidh an t-údarás san có-dhéanta den uimhir sin daoine cheapfaidh an tAire o am go ham agus, i gcás Bhord Conganta Bhaile Atha Cliath, toghfar na daoine sin ag Tiarna Méara Ró-onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath agus ag comhairle chontae Bhaile Atha Cliath do réir na gcionúireacht san a cheapfaidh an tAire amhlaidh agus, i ngach cás eile, isí comhairle na contae sin a thoghfaidh na daoine sin;

(b) na baill sin (más ann dóibh) den údarás san a toghfar ag Tiarna Méara Ró-onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath, is gá gur bhaill iad de chomhairle chathrach Bhaile Atha Cliath;

(c) na baill sin den údarás san a toghfar ag comhairle chontae Bhaile Atha Cliath is gá gur bhaill iad den chomhairle sin;

(d) na Rialacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh feidhm agus éifeacht acu maidir leis an údarás san ach san gus an atharú go ndéanfar, chun crícheanna Rialach 2 de sna Rialacha san, na baill sin den údarás san a bheidh le togha ag comhairle chontae Bhaile Atha Cliath do thogha díreach amhail is gur bhaill bhreise iad uile do réir bhrí na Rialach san agus go ndéanfar na tagairtí i Rialacha 11 agus 12 don chéad chruinniú do léiriú mar thagairtí don chéad chruinniú den údarás san tar éis tosach feidhme an Achta so;

(e) fé réir na Rialacha agus gan dochar do sna Rialacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so mar a bheirtear feidhm dóibh leis an mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh stiúradh an ghnótha agus ord na n-imeacht ag cruinnithe den údarás san agus beidh éifeacht ag gach rialachán den tsórt san do réir a bhrí;

(f) pé uair eireoidh aon deacracht i dtaobh toghacháin do bhaill den údarás san no i dtaobh céad chruinniú an údaráis sin tar éis toghacháin (seachas toghachán chun foth-fholúntas do líonadh) do bhaill uile no d'aon chuid de bhaill an údaráis sin, no de bhíthin lochta i gcódhéanamh an údaráis sin de dheascaibh toghachán do bhaill uile no do chuid de bhaill an údaráis sin do bheith gan comóradh no do bheith lochtach no de dheascaibh éinní no aon ruda eile, féadfaidh an tAire, le hordú, éinní do dhéanamh a chífear dó do bheith riachtanach no ceart chun na deacrachta san do réiteach no do chur ar neamh-ní agus, go sonnrách, féadfaidh leis an ordú san, más dóich leis san do bheith ceart, socrú do dhéanamh chun toghachán do chomóradh do bhaill uile no do chuid de bhaill an údaráis sin no chun cruinniú den údarás san do chomóradh.

(2) An méid den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath) (Leasú), 1931 (Uimh. 25 de 1931) atá buiniscionn leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus, go sonnrách, an méid den Acht san le n-a socruítear i dtaobh ball có-thoghtha de Bhord Chonganta Bhaile Atha Cliath, scuirfidh d'éifeacht do bheith aige.

Búird chonganta phuiblí.

10. —(1) I ngach ceanntar conganta phuiblí bheidh có-dhéanta de chontae-bhuirg agus de chó-cheanntar i gcontae ar theorainn na contae-bhuirge sin bunófar bord conganta phuiblí chun bheith ina n-údarás chonganta phuiblí don cheanntar chonganta phuiblí sin.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach bord conganta phuiblí bunófar de bhun an ailt seo, sé sin le rá:—

(a) isé gairmfear den bhord agus a bheidh mar theideal air ná “an Bord Conganta Phuiblí do” go n-ainm an cheanntair chonganta phuiblí darb údarás conganta phuiblí an bord san;

(b) beidh an bord ina chólucht chorparuithe go síor-chomharbas agus cuirfid có-shéala ar fáil dóibh féin agus beidh sé acu;

(c) beidh an bord có-dhéanta den uimhir sin daoine cheapfaidh an tAire o am go ham agus toghfar na daoine sin, do réir na gcionúireacht san a cheapfaidh an tAire amhlaidh, ag bárdas na contae-bhuirge is cuid den cheanntar chonganta phuiblí sin agus ag comhairle na contae ina bhfuil an có-cheanntar is cuid den cheanntar chonganta phuiblí sin;

(d) na baill sin den bhord a toghfar ag bárdas contae-bhuirge is gá gur bhaill iad de chomhairle chathrach na contaebhuirge sin;

(e) na baill sin den bhord a toghfar ag comhairle chontae is gá gur bhaill iad den chomhairle sin;

(f) na Rialacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh feidhm agus éifeacht acu maidir leis an mbord;

(g) fé réir na Rialacha agus gan dochar do sna Rialacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh stiúradh an ghnótha agus ord na n-imeacht ag cruinnithe den bhord, agus beidh éifeacht ag gach rialachán den tsórt san do réir a bhrí;

(h) pé uair eireoidh aon deacracht i dtaobh toghacháin do bhaill den bhord no i dtaobh céad chruinniú an bhúird tar éis toghacháin (seachas toghachán chun foth-fholúntas do líonadh) do bhaill uile no d'aon chuid de bhaill an bhúird, no de bhíthin lochta i gcó-dhéanamh an bhúird de dheascaibh toghachán do bhaill uile no do chuid de bhaill an bhúird do bheith gan comóradh no do bheith lochtach no de dheascaibh éinní no aon ruda eile, féadfaidh an tAire, le hordú, éinní do dhéanamh a chífear dó do bheith riachtanach no ceart chun na deacrachta san do réiteach no do chur ar neamhní agus, go sonnrách, féadfaidh leis an ordú san, más dóich leis san do bheith ceart, socrú do dhéanamh chun toghachán do chomóradh do bhaill uile no do chuid de bhaill an bhúird no chun cruinniú den bhord do chomóradh.

Coistí d'údaráis chonganta phuiblí.

11. —(1) Féadfaidh údarás conganta phuiblí pé coistí agus pé méid coistí is oiriúnach leo do cheapadh o am go ham chun crícheanna bhaineann le haon chuid dá gcomhachta, dá ndualgaisí, agus dá bhfeidhmeanna fén Acht so d'fheidhmiú no do chólíonadh is dóich leis an údarás san is fearr no is caothúla a rialálfaí no a bainisteofaí ag coiste no tré choiste.

(2) Féadfaidh coiste ceapfar fén alt so bheith ina gcoiste generálta go gcomhacht acu chun comhachta, dualgaisí, agus feidhmeanna d'fheidhmiú no do chólíonadh maidir le hiomlán ceanntair chonganta phuiblí an údaráis chonganta phuiblí do cheap iad no ina gcoiste áitiúil go gcomhacht acu chun comhachta, dualgaisí, agus feidhmeanna d'fheidhmiú no do chólíonadh maidir le cuid teoranta agus leis an gcuid sin amháin den cheanntar chonganta phuiblí sin.

(3) Beidh trí baill ar a laighead ar gach coiste ceapfar fén alt so agus féadfa sé bheith có-dhéanta ar fad de bhaill den údarás chonganta phuiblí a cheapfaidh é no go leathrannach de bhaill den údarás san agus go leathrannach de dhaoine eile.

(4) Na gníomhartha dhéanfaidh gach coiste ceapfar fén alt so beid fé réir a ndaingnithe ag an údarás conganta phuiblí cheapfaidh an coiste, ach amháin go bhféadfaidh an t-údarás san, le ceadú an Aire, comhacht do thabhairt d'aon choiste airithe chun aon ghníomh do dhéanamh (le n-a n-áirmhítear imeachta dlí do bhunú), laistigh den údarás a bhronnfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin ar an gcoiste, d'fhéadfadh an t-údarás conganta phuiblí sin féin do dhéanamh go dleathach.

(5) An quorum, an nós imeachta agus an áit chruinnithe bheidh ag coiste ceapfar fén alt so, agus fós an líomatáiste (más aon cheann é) ina mbeidh a bhfeidhmeanna le feidhmiú ag an gcoiste sin, beid fé mar a ceapfar le rialacháin a dhéanfaidh an t-údarás conganta phuiblí cheapfaidh an coiste sin.

Ceanntair chonganta phuiblí do bheith fe chó-riaradh.

12. —(1) Má chítear don Aire, tar éis dó dul i gcomhairle le húdaráis chonganta phuiblí dhá cheanntar chonganta phuiblí no níos mó, go raghadh sé chun costas do laigheadú no go ndéanfadh sé tairbhe phuiblí no áitiúil ar shlí eile na ceanntair chonganta phuiblí sin do bheith á gcó-bhainistí agus á gcó-riaradh chun gach ceann no chun aon cheann no cinn áirithe de chrícheanna riartha chonganta phuiblí no de sna crícheanna bhaineann leis an riaradh san, féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú go ndéanfar, chun na gcrícheanna luadhfar san ordú san, an riaradh ar chongnamh phuiblí sna ceanntair chonganta phuiblí sin do bhainistí agus do stiúradh ag údaráis chonganta phuiblí fé seach na gceanntar conganta phuiblí sin i gcomhar le chéile tré chó-choiste bunófar fé réim agus do réir an orduithe sin.

(2) Le gach ordú dhéanfaidh an tAire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so—

(a) déanfar socrú chun có-choiste do bhunú chun crícheanna an orduithe sin agus maidir le có-dhéanamh, ballraíocht, nós imeachta, airgeadas, agus oifigigh an choiste sin, agus

(b) míneofar feidhmeanna an chó-choiste sin agus, i ngach cás ina mbeidh san oiriúnach, leagfar amach feidhmeanna fé seach an chó-choiste sin agus na n-údarás conganta phuiblí do sna ceanntair chonganta phuiblí is líomatáiste feidhme don chó-choiste sin, agus

(c) déanfar an socrú san is dóich leis an Aire is ceart chun coda oiriúnacha de shócmhainní agus de mhaoin na n-údarás conganta phuiblí sin do dháiliú ar an gcóchoiste sin agus chun na n-údarás conganta phuiblí sin d'íoc fiachaisí an chó-choiste sin agus, i gcoitinne, chun maoin agus fiachaisí, láithreach agus todhachaí, do choigeartú idir na húdaráis chonganta phuiblí sin fé seach agus an có-choiste sin, agus

(d) déanfar socrú chun na maoine uile thógfaidh an cóchoiste sin do dhílsiú sna húdaráis chonganta phuiblí sin sna cionúireachtaí sin agus sa tslí sin is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfaidh san ordú san, agus

(e) déanfar i gcoitinne na socruithe sin a chífear don Aire do bheith riachtanach no ceart chun a chur in áirithe go bhfeidhmeoidh an có-choiste sin go cuibhe na crícheanna chun a mbunófar é.

(3) Nuair a bunófar có-choiste le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén alt so scuirfidh údaráis chonganta phuiblí fé seach na gceanntar conganta phuiblí uile agus fé seach is líomatáiste feidhme don chó-choiste sin de sna cinn sin dá gcomhachta agus dá ndualgaisí fé seach d'fheidhmiú no do chólíonadh a háirmheofar, leis an ordú san, ar fheidhmeanna an chó-choiste sin agus feidhmeoidh agus cólíonfaidh an có-choiste sin na comhachta agus na dualgaisí sin.

(4) Féadfaidh an tAire tráth ar bith aon ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so do cheiliúradh no do leasú ar a chomhairle féin agus, go sonnrách, féadfaidh tráth ar bith, le hordú, có-choiste do bunuíodh fén alt so do scur agus gach socrú do dhéanamh a chífear dó do bheith riachtanach no ceart chun feidhmeanna an chó-choiste sin do thabhairt thar n-ais do sna húdaráis chonganta phuiblí uile agus fé seach gur leo na feidhmeanna san ar dtúis no chun aon chríche eile leanfaidh as an gcó-choiste sin do scur.

Údaráis scéime contae do dhíochur.

13. —(1) Gach údarás scéime contae bheidh ann díreach roimh thosach feidhme an Achta so agus nach bárdas contae-bhuirge beidh sé, ar thosnú na feidhme sin, ar scur agus gan bheith ann.

(2) Ar údarás scéime contae do scur fén alt so, tiocfaidh an t-údarás conganta phuiblí gurb ionann teora dá cheanntar conganta phuiblí agus do líomtáiste feidhme an údaráis scéime contae sin chun bheith, agus beid, ina gcomharba don údarás scéime contae sin do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta so.

Maoin, etc., d'aistriú o údaráis scéime contae go dtí údaráis chonganta phuiblí.

14. —Má scuirtear údarás scéime contae leis an Acht so beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an údarás scéime contae sin agus leis an údarás conganta phuiblí is comharba don údarás scéime contae sin, sé sin le rá:—

(a) an mhaoin agus na sócmhainní uile (agus rudaí-ar-fiunraoi d'áireamh) a bheidh dílsithe san údarás scéime contae sin no dá gcuid féin acu díreach roimh thosach feidhme an Achta so tiocfaid chun bheith agus beid, ar thosnú na feidhme sin, ina maoin agus ina sócmhainní is leis an údarás conganta phuiblí sin de bhuadh an ailt seo gan aon leithliú ná sannadh ná gníomh do dhéanamh seachas iad d'aistriú (i gcás san do bheith oiriúnach) i leabhair bhainc no chuideachtan no chóluchta eile;

(b) na fiacha agus na fiachaisí uile fé n-a ndeachaidh no fé n-a rachaidh an t-údarás scéime contae sin agus a bheidh gan íoc díreach roimh thosach feidhme an Achta so (pe'ca bheid dlite an uair sin no le teacht chun bheith dlite go cinnte no go teagmhaiseach ina dhiaidh sin) tiocfaid chun bheith agus beid, ar thosnú na feidhme sin, ina bhfiacha agus ina bhfiachaisí ar an údarás conganta phuiblí sin agus glanfaidh an t-údarás san iad i dtráth;

(c) gach banna no urraíocht no urrús eile de chineál leanúnach a bheidh tugtha ag an údarás scéime contae sin do dhuine eile no ag duine ar bith don údarás scéime contae sin agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta so, agus gach connradh no có-aontú i scríbhinn a bheidh déanta idir an t-údarás scéime contae sin agus duine eile agus ná beidh feidhmithe agus críochnuithe ar fad roimh thosach feidhme an Achta so, leanfaidh i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an t-údarás conganta phuiblí sin ann in ionad an údaráis scéime contae sin, agus beidh an t-urrús no an connradh no an có-aontú san ion-fhoirfheidhmithe ag an údarás conganta phuiblí sin no ina gcoinnibh dá réir sin;

(d) i ngach aicsean, agra, cúiseamh no imeacht eile bheidh ar fiunraoi i dtosach feidhme an Achta so agus inar páirtí an t-údarás scéime contae sin, tiocfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin chun bheith agus beid, ar thosach feidhme an Achta so, ina bpáirtí in ionad an údaráis scéime contae sin agus leanfar den imeacht san idir an t-údarás conganta phuiblí sin agus na páirtithe eile ann dá réir sin;

(e) gach duine is oifigeach no seirbhíseach don údarás scéime contae sin díreach roimh thosach feidhme an Achta so, tiocfaidh chun bheith agus beidh, ar thosnú na feidhme sin, ina oifigeach no ina sheirbhíseach (fé mar is gá sa chás) don údarás chonganta phuiblí sin ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar a raibh sé i seilbh oifige fén údarás scéime contae sin no ar fostú acu díreach roimh an tosach feidhme sin agus beidh gach duine den tsórt san i dteideal, chun crícheanna aon achtacháin i dtaobh aois-liúntais no cúitimh i gcailliúint oifige no fostaíochta bhaineann leis maidir le n-a sheirbhís fén údarás conganta phuiblí sin, a thréimhse sheirbhíse fén údarás scéime contae sin d'áireamh mar sheirbhís fén údarás conganta phuiblí sin agus a thréimhse sheirbhíse fén údarás scéime contae sin agus a thréimhse sheirbhíse fén údarás conganta phuiblí sin d'áireamh mar aon tréimhse sheirbhíse leanúnach amháin fén údarás conganta phuiblí sin;

(f) aon airgead a bheidh le cruinniú chun crícheanna an údaráis scéime contae sin roimh thosach feidhme an Achta so féadfar é ghearradh tar éis an tosach feidhme sin fé is dá mba ná rithfí an tAcht so agus íocfar leis an údarás conganta pbuiblí sin é chun crícheanna a bhfeidhmeanna fén Acht so.

Rúnaí agus cisteoir do bhord chonganta phuiblí.

15. —(1) Ceapfaidh gach bord conganta phuiblí oifigeach chun bheith ina rúnaí don bhord san.

(2) Ceapfaidh gach bord conganta phuiblí banc no cuideachta bhancaerachta chun bheith ina gcisteoir don bhord san.

Rúnaí d'údarás chonganta phuiblí i líomatáiste Bhaile Atha Cliath.

16. —(1) Gach údarás conganta phuiblí go mbeidh a gceanntar conganta phuiblí i líomatáiste Bhaile Atha Cliath ceapfaid oifigeach chun bheith ina rúnaí don údarás san agus banc no cuideachta bhancaerachta chun bheith ina gcisteoir don údarás san.

(2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, má bhíonn duine, díreach roimh thosach feidhme an Achta so, mar an cléireach, buan no sealadach, d'aontas fé dhlí na mbocht i líomatáiste Bhaile Atha Cliath tiocfaidh an duine sin chun bheith agus beidh sé, ar thosnú na feidhme sin, ina rúnaí, buan no sealadach (do réir mar a bheidh), d'údarás chonganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí gurb é an t-aontas san fé dhlí na mbocht a bheidh ann.

Connartha údarás conganta phuiblí.

17. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh údarásanna conganta phuiblí do dhéanamh connartha.

(2) Is do réir rialachán ar n-a ndéanamh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire déanfar gach connradh dhéanfaidh údarás conganta phuiblí, agus gach connradh dhéanfaidh údarás conganta phuiblí ar shlí seachas do réir na rialachán san beidh sé gan bhrí ar bith má orduíonn an tAire amhlaidh agus, mara dtugaidh no go dtí go dtabharfaidh an tAire an t-ordú san, beidh an connradh san ion-churtha ar nea-mbrí más rogha san le haon pháirtí ann.

(3) Má deintear connradh ar n-a dhéanamh ag údarás conganta phuiblí do chur ar nea-mbrí fén alt so, pe'ca an tAire no páirtí ann a chuirfidh ar nea-mbrí é, ansan, gach íocaíocht a íocfaidh an t-údarás san no aon oifigeach dóibh tar éis an chonnartha san do bheith curtha ar nea-mbrí amhlaidh agus a bhéarfaidh le tuisgint gur de bhun an chonnartha san a híoctar í, dí-lomhálfar í i gcuntaisí an údaráis no an oifigigh sin (do réir mar a bheidh) mar ní atá contrárdha don dlí.

(4) Ní dhéanfaidh éinní atá san alt so, no bheidh in aon rialachán a déanfar fé, dochar ná deifir d'Acht na nUdarás nAitiúil (Có-Cheannach), 1939 (Uimh. 14 de 1939) , do bhaint le húdaráis chonganta phuiblí ná d'oibriú an Achta san maidir leis na húdaráis sin.