|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1939) | Ar Aghaidh (CUID II. Custuim agus Mal.) |
ACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1939
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Cain Ioncuim. | |
[EN] |
Asbhaintí cánach ioncuim tar éis an 5adh Abrán, 1940. |
1. —(1) Gach suim a híocfar no a hasbhainfear i leith cánach ioncuim fé cheann dhá mhí tar éis an 5adh lá d'Abrán, 1940, agus gan inti ach íoc no asbhaint a déanfar de bhuadh ailt 6 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 (Uimh. 7 de 1927) , i leith cánach ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1940, is do réir sé scillinge agus reul sa phunt a háirmheofar í agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt san 6 maidir léi amhail is gurbh é an ráta san an ráta caighdeánach cánach ioncuim don bhliain dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1939. |
[EN] | (2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach suim a híocfar no a hasbhainfear i leith cánach ioncuim fé cheann dhá mhí tar éis an 5adh lá d'Abrán, 1940, agus cuid di ina híoc no ina hasbhaint a déanfar i leith cánach ioncuim in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1939, agus an chuid eile dhi ina híoc no ina hasbhaint a déanfar, de bhuadh ailt 6 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 (Uimh. 7 de 1927) , i leith cánach ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1940, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) an chuid den tsuim sin is íoc no ashbhaint i leith cánach ioncuim in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1939, is do réir chúig scillinge agus reul sa phunt, eadhon, an ráta caighdeánach cánach ioncuim don bhliain sin, a háirmheofar í; | |
[EN] | (b) an chuid den tsuim sin is íoc no asbhaint a déanfar, de bhuadh an ailt sin 6, i leith cánach ioncuim don bhliain dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1940, is do réir sé scillinge agus reul sa phunt a háirmheofar í agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt san 6 maidir léi amhail is gurbh é an ráta san an ráta caighdeánach cánach ioncuim don bhliain dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1939. |