An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cain Ioncuim.) Ar Aghaidh (CUID III. Diuitethe Bais.)

33 1939

ACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1939

CUID II.

Custuim agus Mal.

Na diúitéthe ar shiúicre d'atharú.

2. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum, na n-ais-tarraicí, agus an liúntais atá anois ann i leith siúicre, moláis, glúcóis, agus sacairín, éileofar, gearrfar agus íocfar, ar an siúicre, an molás, an glúcós, agus an sacairín uile a hiomportálfar an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, no dá éis sin, na diúitéthe custum a luaidhtear sa dara colún de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus íocfar agus lomhálfar i leith an tsiúicre, an mholáis, an ghlúcóis, agus an tsacairín uile a hiomportálfar amhlaidh na haistarraicí agus an liúntas atá leagtha amach i gCuid II den Chéad Sceideal san.

(2) In ionad na ndiúitéthe máil, na n-ais-tarraicí agus na liúntas atá anois ann i leith siúicre, moláis, glúcóis agus sacairín, éileofar, agus íocfar, amhail ar an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, agus as san amach, ar an siúicre, an molás, an glúcós, agus an sacairín uile do rinneadh sa Stát, na diúitéthe máil a luaidhtear sa tríú colún agus sa cheathrú colún de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus lomhálfar agus íocfar i leith an tsiúicre, an mholáis, an ghlúcóis agus an tsacairín uile do rinneadh amhlaidh na hais-tarraicí agus na liúntaisí atá leagtha amach i gCuid II den Chéad Sceideal san.

(3) Bainfidh alt 40 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), leis na diúitéthe custum a forchuirtear leis an alt so fé mar a bhaineann an t-alt san leis na diúitéthe luaidhtear ann.

(4) Na forálacha atá i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , bainfid leis na diúitéthe, na hais-tarraicí agus na liúntaisí forchuirtear no lomháltar leis an alt so fé mar a bhaineann na forálacha san leis na diúitéthe, na hais-tarraicí agus na liúntaisí luaidhtear sa Chéad Sceideal san ach san i dteanta agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) i gclás 5 cuirfear an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, in ionad an 6adh lá de Bhealtaine, 1925;

(b) i gclás 7 léireofar an tagairt d'ailt 26 agus 27 den Acht Airgid sin 1925 mar thagairt don alt so.

(5) Bainfidh alt 25 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), leis na diúitéthe, na hais-tarraicí agus na liúntaisí forchuirtear no lomháltar leis an alt so fé mar a bhaineann sé leis na diúitéthe, na hais-tarraicí agus na liúntaisí luaidhtear ann.

(6) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), maidir leis na diúitéthe custum a forchuirtear leis an alt so.

Atharú ar na diúitéthe ar earraí do rinneadh de shiúicre no ina mbíonn siúicre, etc.

3. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum is inéilithe fé alt 9 den Acht Airgid, 1936 ( Uimh. 31 de 1936 ), éileofar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir na rátaí seo leanas ar na hearraí uile (ach na cinn a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) a hiomportálfar an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, no dá éis sin, agus do rinneadh de shiúicre no d'abhar eile mhilsithe no ina mbeidh a leithéid, sé sin le rá:—

(a) do réir dhá phingin go leith an punt más do réir mheáchainte a horduítear sa liost iomportála oifigiúil an earra d'iontráil ar í d'iomportáil, agus

(b) do réir dhá scilling agus pingin an galún más do réir tomhais a horduítear sa liost iomportála oifigiúil an earra d'iontráil ar í d'iomportáil.

(2) An diúité forchuirtear leis an alt so ní héileofar ná ní gearrfar é ar aon earra acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) beoir,

(b) lionn ubhall,

(c) ullamhóidí cócó,

(d) bainne tiughtha lán-uachtair,

(e) torthaí i sioróip agus iad i gcannaí no i stáin séaluithe,

(f) glúcós,

(g) luibh-bheoir,

(h) mil, le n-a n-áirmhítear mil shaordha,

(i) molás (le n-a n-áirmhítear siúicre iompála agus gach siúicre eile agus gach eastóscán as siúicre nach féidir a lántástáil leis an bpólariscóip),

(j) lionn pioraí,

(k) ullamhóidí chun snasuithe,

(l) annlainn no tarsainn ullamhuithe ina bhfliucháin no ina quasi-fhliucháin,

(m) sacairín (le n-a n-áirmhítear substaintí den tsaghas no chun na húsáide céanna),

(n) galúnach agus púdair ghalúnaighe agus gach saghas galúnaighe tacair,

(o) súpanna,

(p) biotáille,

(q) siúicre,

(r) earraí is ionchurtha fé dhiúité mar mhilseoga siúicre,

(s) uiscí búird,

(t) tobac,

(u) ullamhóidí maiseacháin,

(v) fíon,

(w) bainne tiormuithe no púdaruithe,

(x) earraí déanta ar fad no go leathrannach de bhainne thiormuithe no phúdaruithe.

(3) An diúité forchuirtear leis an alt so is breis é ar aon diúité is inéilithe ar aon bhiotáille do húsáideadh chun na hearra do dhéanamh no d'ullamhú ach beidh sé in ionad aon diúité dob inéilithe, mara mbeadh so, ar aon táthchuid eile do húsáideadh chun na hearra do dhéanamh no d'ullamhú.

(4) Bainfidh alt 40 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), leis an diúité forchuirtear leis an alt so fé mar a bhaineann an t-alt san leis na diúitéthe luaidhtear ann.

Atharú ar rátaí an diúité ar thobac.

4. —(1) An diúité custum ar thobac a forchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), éileofar, gearrfar, agus íocfar é, maidir le tobac a hiomportálfar an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, no dá éis sin, do réir na rátaí fé seach a luaidhtear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so in ionad na rátaí gur dá réir atá an diúité sin inéilithe anois de bhuadh ailt 9 den Acht Airgeadais, 1939 (Uimh. 18 de 1939) .

(2) An diúité máil ar thobac a forchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), éileofar, gearrfar, agus íocfar é, amhail ar an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, agus as san amach, do réir na rátaí fé seach a luaidhtear i gCuid II agus i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so in ionad na rátaí gur dá réir atá an diúité sin inéilithe anois de bhuadh ailt 9 den Acht Airgeadais, 1939 (Uimh. 18 de 1939) .

(3) Bainfidh fo-ailt (2) go (5) den alt san 19 den Acht Airgid, 1934 , le tobac is ionchurta fén diúité máil a forchuirtear le fo-alt (1) den alt san do réir ráta luaidhtear i gCuid II no i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus, chun na críche sin, déanfar tagairtí sna fo-ailt sin (2) go (5) den alt san 19 do Choda I agus II fé seach den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 , do léiriú agus beidh éifeacht acu mar thagairtí do Choda II agus III fé seach den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Atharú ar rátaí na ndiúitéthe custum ar bheoir.

5. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum a forchuirtear le fo-alt (1) d'alt 5 den Finance Act, 1920, éileofar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir na rátaí seo leanas ar gach mum, beoir dhubh no spriúis, fionn-bheoir Bherlíneach agus ullamhóidí eile (brachuithe no nea-mbrachuithe) den chinéal chéanna a hiomportálfar an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, no dá éis, sé sin le rá:—

(a) dhá phunt fhichead agus deich scillinge ar gach sé galúin tríochad de bheoir go mbeidh a foirt, no go rabhadar roimh an mbrachú, ar sandlús nach mó ná míle, dhá chéad, agus cúig grádanna déag;

(b) sé púint fhichead agus ocht scillinge ar gach sé galúin tríochad de bheoir go mbeidh a foirt, no go rabhadar roimh an mbrachú, ar sandlús is mó ná míle, dhá chéad, agus cúig grádanna déag.

(2) In ionad an diúité chustum a forchuirtear le fo-alt (3) d'alt 5 den Finance Act, 1920, éileofar, gearrfar, agus íocfar, ar an mbeoir uile de shaghas ar bith (seachas beoir is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so) a hiomportálfar an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, no dá éis sin, diúité custum do réir chúig púint, dhá scilling déag, agus reul ar gach sé galúin tríochad de bheoir go mbeidh a foirt, no go rabhadar roimh an mbrachú, ar sandlús de mhíle agus cúig grádanna caogad.

(3) Nuair a déanfar beoir iomportálta d'easportáil no í loingsiú chun úsáide mar stóranna agus a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur híocadh an diúité forchuirtear le ceachtar de sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, lomhálfar agus íocfar, in ionad an ais-tarraic is iníoctha fé fho-alt (3) d'alt 5 den Finance Act, 1920, ais-tarrac a háirmheofar do réir sandlúis bhunaidh na beorach san, eadhon, ais-tarrac de chúig púint, dhá scilling déag agus leath-reul ar gach sé galúin tríochad de bheoir gur míle agus cúig grádanna caogad ba shandlús bunaidh di.

(4) I gcás beorach is ionchurtha fén diúité forchuirtear le fo-alt (2) den alt so no i gcás beorach ar a mbeidh ais-tarrac fé fho-alt (3) den alt so iníoctha, má bhíonn sandlús na beorach san deifriúil leis an sandlús a luaidhtear sa bhfo-alt san (2) no sa bhfo-alt san (3) (pé acu bhaineann leis an gcás) atharófar go cothromúil an diúité sin no an t-aistarrac san (pé acu é).

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), maidir le ceachtar de sna diúitéthe custum a forchuirtear leis an alt so.

Atharú ar rátaí na ndiúitéthe máil ar bheoir.

6. —(1) In ionad an diúité mháil a forchuirtear le halt 6 den Finance Act, 1920, éileofar, gearrfar, agus íocfar ar an mbeoir uile grúdófar sa Stát an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, no dá éis sin, diúité máil do réir chúig púint agus dhá scilling déag ar gach sé galúin tríochad d'fhoirt de shandlús míle agus cúig grádanna caogad.

(2) Nuair a heasportálfar beoir mar earra cheannaíochta no chun úsáide mar stóranna luinge agus a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur híocadh an diúité máil a forchuirtear leis an alt so, lomhálfar agus íocfar, in ionad an ais-tarraic is iníoctha fé alt 6 den Finance Act, 1920, ais-tarrac a háirmheofar do réir sandlúis bhunaidh na beoradh san, eadhon, ais-tarrac de chúig púint dhá scilling déag agus leath-reul ar gach sé galúin tríochad gur míle agus cúig grádanna caogad ba shandlús bunaidh di.

(3) Maidir le beoir go mbeidh a sandlús deifriúil leis an sandlús a luaidhtear sa bhfo-alt san den alt so bhaineann leis an gcás, atharófar go cothromúil an diúité is inéilithe no an t-ais-tarrac is iníoctha (pé acu é) de bhun an ailt seo.

Atharú ar rátaí na ndiúitéthe ar bhiotáille.

7. —(1) Leasófar mar leanas an Finance Act, 1920, maidir le hearraí a hiomportálfar an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, no dá éis sin, agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so cuirfear é sa Finance Act, 1920, sin in ionad Coda I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san;

(b) déanfar na tagairtí i bhfo-alt (1) d'alt 3 den Finance Act, 1920, sin do Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san do léiriú, agus beidh éifeacht acu, mar thagairtí don Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) An diúité máil a forchuirtear le fo-alt (2) d'alt 3 den Finance Act, 1920, éileofar, gearrfar, agus íocfar é, amhail ar an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, agus as san amach, do réir cheithre púint, dhá scilling agus reul an galún (ar n-a áireamh do réir phromhtha) in ionad an ráta luaidhtear sa bhfo-alt san (2).

(3) Ní oibreoidh éinní san alt so chun biotáille neamh-aibidh do shaoradh o sna diúitéthe custum breise no ón diúité máil breise forchuirtear uirthi le halt 9 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), ná chun dochar ná deifir do dhéanamh do sna diúitéthe sin.