An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custuim agus Mal.) Ar Aghaidh (CUID IV. Generalta.)

33 1939

ACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1939

CUID III.

Diuitethe Bais.

Méadú ar rátaí áirithe diúité estáit.

8. —(1) I gcás daoine éagfaidh tar éis an 8adh lá de Mhí na Samhna, 1939, déanfar na rátaí diúité estáit atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , do mhéadú fé seach mar leanas sa mhéid go mbainfid le hestáit gur mó a luach colna ná deich míle punt, sé sin le rá:—

(a) sa mhéid go mbaineann na rátaí sin le hestáit gur mó ná deich míle punt agus nach mó ná caoga míle punt a luach colna méadófar gach ráta fé leith acu an deichiú cuid dá mhéid féin, agus

(b) sa mhéid go mbaineann na rátaí sin le hestáit gur mó ná caoga míle punt a luach colna méadófar gach ráta fé leith acu an cúigiú cuid dá mhéid féin.

(2) Má díoladh no má morgáistíodh bona fide roimh an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, ar lán-chomaoin airgid no luacha airgid, leas feitheamhach do réir bhrí Coda I den Finance Act, 1894, in aon mhaoin (seachas maoin is tuigthe do dhul, ar éag do dhuine, chun duine eile de bhuadh ailt 26 den Acht Airgid, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , ar n-a leasú le hailt 29 agus 30 den Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) ), ansan, ar thuitim i seilbh don leas san, ní bheidh aon diúité iníoctha ar an maoin sin, ag an gceannuitheoir no ag an morgáistí, seachas mar do bheadh iníoctha dá mba ná hachtófaí an t-alt so agus, i gcás morgáiste, áirmheofar ina mhuirear i ndiaidh mhuirear an mhorgáistí aon diúité níos aoirde is iníoctha ag an morgáisteoir.