An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Diuitethe Bais.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. SIUICRE, MOLAS, GLUCOS, SACAIRIN—RATAI DIUITETHE, AIS-TARRAICI AGUS LIUNTAISI.)

33 1939

ACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1939

CUID IV.

Generalta.

Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe.

9. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo gach cáin agus diúité forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal agus léiriú.

10. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1939 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, léireofar í i dteanta na reacht a bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.