An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT MUC AGUS BAGÚIN (LEASÚ), 1939) Ar Aghaidh (CUID II. An Coimisiun Muc agus Baguin.)

35 1939

ACHT MUC AGUS BAGÚIN (LEASÚ), 1939

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus có-luadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Muc agus Bagúin (Leasú), 1939 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1939, do ghairm de sna hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 agus 1937, agus den Acht so le chéile.

Léiriú.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta;

cialluíonn an abairt “Acht 1935” an t Acht Muc agus Bagúin, 1935 (Uimh. 24 de 1935) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1937” an t Acht Muc agus Bagúin, 1937 (Uimh. 23 de 1937) ;

cialluíonn an abairt “Achtanna 1935 agus 1937” Acht 1935 agus Acht 1937 le chéile;

cialluíonn an abairt “an Bord Marguithe Bagúin” an Bord Marguithe Bagúin atá bunuithe fé Chuid III d'Acht 1935;

cialluíonn an abairt “an Bord Marguithe Muc” an Bord Marguithe Muc atá bunuithe fé Chuid IV d'Acht 1935;

cialluíonn an abairt “an Coimisiún” an Coimisiún Muc agus Bagúin atá le bunú fén Acht so;

cialluíonn an abairt “oifigeach údaruithe don Choimisiún” duine go n-údarás i scríbhinn ón gCoimisiún chun na gcomhacht do bheirtear d'oifigeach údaruithe don Choimisiún leis an Acht so d'fheidhmiú;

cialluíonn an abairt “dáta an aistrithe” an 1adh lá d'Eanar, 1940;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an gCoimisiún fén Acht so.

(2) Déanfar an tAcht so agus Achtanna 1935 agus 1937 do léiriú mar éinní amháin agus, dá réir sin, gach focal agus abairt dá dtugann Achtanna 1935 agus 1937 brí áirithe chun crícheanna Achtanna 1935 agus 1937, beidh aige san Acht so, agus chun crícheanna an Achta so, an bhrí bheirtear dó amhlaidh.

(3) Déanfar na tagairtí atá san Acht so d'Acht 1935 do léiriú mar thagairtí d'Acht 1935 ar n-a leasú le hAcht 1937.

Athghairm.

3. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm, amhail ar dháta an aistrithe agus ón dáta san amach, sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.