|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 1 de 1940. | ||
[EN] |
ACHT COMHACHTA PRÁINNE (LEASÚ), 1940. | |
[An tiontódh oifigeamhail.] |
ACHT CHUN AN ACHTA COMHACHTA PRÁINNE, 1939 , DO LEASÚ D'FHONN SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN SLÁNDÁIL AN PHOBAIL DO CHUR IN ÁIRITHE AGUS AN STÁT DO CHAOMHNA IN AIMSIR CHOGAIDH. [5adh Eanar, 1940.] |
ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An Príomh-Acht. |
1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) . |
[EN] |
Alt 2 den Phríomh-Acht do leasú. |
2. —(1) Leasuítear leis seo mír (k) d'fho-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht tré sna focail agus na lúíbíní “(seachas saoránaigh dúthchais Eireannacha)” atá anois ann do scriosadh amach as. |
[EN] | (2) Leasuítear leis seo mír (l) d'fho-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht tré sna focail agus na lúíbíní “(seachas saoránaigh dúthchais Eireannacha)” atá anois ann do scriosadh amach as. | |
[EN] | (3) Is i dteannta agus fé réir na leasuithe deintear leis an alt so ar mhíreanna (k) agus (l) d'fho-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht a léireofar an tAcht san agus a bheidh éifeacht aige. | |
[EN] |
Ré an Achta so. |
3. —Leanfaidh an tAcht so i bhfeidhm faid a leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm agus ní níos sia ná san. |
[EN] |
Gearr-theideal agus có-luadh. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Comhachta Práinne (Leasú), 1940 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Comhachta Práinne, 1939 agus 1940, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile. |