5 1940


Uimhir 5 de 1940.


ACHT PRÍMH-CHISTE, 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍCHEANNA AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD A CEATHRACHA AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A hAON CEATHRACHAD.

[21adh Márta, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

£1,149,459 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1940.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Milleon Céad agus Naoi Míle Ceathrachad Ceithre Chéad agus Naoi bPúint Chaogad do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a ceathracha.

£10,630,000 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1941.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Deich Milleon Sé Chéad agus Tríocha Míle Punt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle naoi gcéad a haon ceathrachad.

Comhacht don Aire Airgeadais chun suim ná raghaidh thar £11,779,459 d'fháil ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim no suimeanna nach mó san iomlán ná Aon Mhilleon Déag Seacht gCéad agus Naoi Míle Seachtód Ceithre Chéad agus Naoi bPúint Chaogad d'fháil ar iasacht o dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an tsuim no na suimeanna san do thabhairt amhlaidh don Aire Airgeadais agus, chun críche na fála san, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith do bhunú agus do thabhairt amach a mheasfaidh, agus iad fén ráta úis sin agus ar n-a mbunú agus ar n-a dtabhairt amach fé réir na gcoinníollacha san i dtaobh aisíoca no fuascailte no eile mheasfaidh, do bheith oiriúnach.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrús do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.

(3) Aon airgead a cruinneofar de bharr urrús ar n-a dtabhairt amach fén Acht so cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbíonn an Ciste sin ar fáil.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Prímh-Chiste, 1940 , do ghairm den Acht so.